Dáil debates

Thursday, 9 March 2023

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

1:15 pm

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, fáiltím roimh an deis labhairt sa Dáil le linn Seachtain na Gaeilge faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is pribhléid dúinn é sa tír seo go bhfuil ár dteanga dhúchais againn. Is cuid dhílis iad ár dteanga, ár dtraidisiúin agus ár gcultúr dár bhféiniúlacht mar Éireannaigh.

Ni mór dúinn infheistíocht leanúnach a dhéanamh sa Ghaeilge chun a chinntiú go mbeidh sí á labhairt ag na glúnta atá le teacht. Tá an Rialtas ag tacú go láidir leis an obair atá ar bun maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Léiríonn an cistiú méadaithe atá curtha ar fáil ag an Rialtas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mbliana, agus ar fiú €94.2 milliún é, go bhfuil rún daingean ag an Rialtas an teanga agus pobal na Gaeltachta - tobar na teanga - a chur chun tosaigh. Is ardú €8.5 milliún nó 10% é sin ar chiste na bliana seo caite. Is linne go léir an Ghaeilge - idir óg agus aosta - agus tugann an t-allúntas breise seo deis dúinn ár ndílseacht don teanga a roinnt ar níos mó de phobal na tíre. Bhí áthas orainn sa Roinn chomh maith gur tugadh ardú €7.3 milliún do bhuiséad TG4 le haghaidh 2023. Is é sin an méadú is mó riamh ar mhaoiniú an stáisiúin agus, dar ndóigh, beidh tionchar ag an ardú sin freisin ar rathúlacht na straitéise 20 bliain don Ghaeilge. Leis an maoiniú breise sin, beidh ar chumas TG4 cainéal nua do leanaí - Cúla4 - a bhunú agus a sheoladh. Bíonn comhoibriú leanúnach idir TG4 agus rannóga éagsúla de chuid mo Roinne agus iad i mbun tionscadail éagsúla a fhorbairt agus a chur chun cinn mar a bhaineann leis an nGaeilge.

Labhróidh mé ar feadh nóiméid faoi na coláistí Gaeilge sa Ghaeltacht. Dúnadh na coláistí ar feadh dhá bhliain - 2020 agus 2021 - de dheasca Covid. Is mór an difríocht idir sin agus inniu. D'oscail na coláistí anuraidh le tacaíocht na Roinne agus tá ríméad orm a rá gur fhreastail níos mó ná 25,000 scoláire ar na coláistí samhraidh in 2022. Táim ag súil go leanfaidh an earnáil lena téarnamh i mbliana. Táim ag súil go mbeidh teacht níos fearr ar an nGaeltacht ag muintir na hÉireann ar fad. Beidh obair ar siúl ar bhonn leanúnach le feachtas turasóireachta a bhunú i gcomhar leis na coláistí agus le hÚdarás na Gaeltachta atá mar chuid den phlean gníomhaíochta don Ghaeilge. Chomh maith leis sin, beidh scéimeanna ar nós DEIS Gaeltachta, a thugann suas le 400 scoláireacht do scoláirí ó níos mó ná 200 scoil DEIS timpeall na tíre. Freisin, beidh an scéim Árainn Gaeltachta ann, a thugann seans do 30 scoláire bliain a chaitheamh agus iad tumtha go hiomlán i gcultúr na Gaeltachta agus na n-oileán ar na hOileáin Árann. Tá tacaíocht bhreise ar fáil do theaghlaigh a chuireann lóistin ar fáil chomh maith. Le bliain anuas chuir mo Roinn méadú 300% ar an deontas tosaithe atá ar fáil dóibh. Bíonn an Roinn i gcónaí sásta éisteacht agus glacadh le moltaí agus féachaint i dtreo na todhchaí ó thaobh earnáil na gcoláiste Gaeilge, leis an teachtaireacht go bhfuil na coláistí Gaeltachta oscailte arís do chách.

Agus sinn ag caint ar an nGaeltacht, is ceart aitheantas a thabhairt do ról Údarás na Gaeltachta. Níl aon amhras orm ach go bhfuil obair thábhachtach déanta agus idir lámha ag an údarás le cúnamh mo Roinne ar mhaithe le saol phobal na Gaeltachta a fheabhsú agus ar mhaithe leis an nGaeltacht a chosaint agus a fhorbairt tuilleadh. Is ábhar sásaimh é gur éirigh leis an údarás 945 post a chruthú sa Ghaeltacht anuraidh agus go raibh 151 duine breise fostaithe i ngnólachtaí an údaráis sa Ghaeltacht ag deireadh na bliana seo caite. Bhí 8,235 post i gcliant-ghnólachtaí an údaráis ag deireadh na bliana 2022. Tá roinnt tionscadail mhóra chaipitil á mbeartú ag an údarás i gcomhar leis an Roinn i réimse an oideachais agus sa turasóireacht chultúrtha. Luafainn, mar shampla, an athfhorbairt atá le déanamh ar Choláiste Lurgan in Indreabhán i gceantar Gaeltachta na Gaillimhe, agus Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna.

Le forbairt na dtionscadal sin agus cinn eile atá ar na bacáin, cuirfear tuilleadh le bonneagar na Gaeltachta ar bhonn comhpháirtíochta.

Ba mhaith liom labhairt anois ar feadh tamaillín ar chuid thábhachtach d'obair mo Roinne sa Ghaeltacht agus in áiteanna eile sa Stát, is é sin, an próiseas pleanála teanga. Tugann Acht na Gaeltachta, 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbíonn pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail i gceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh faoin Acht mar limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, mar bhailte seirbhíse Gaeltachta nó mar líonraí Gaeilge. Tugtar tréimhse ama don phobal chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú. Faoin reachtaíocht, is faoin Roinn atá sé measúnú a dhéanamh ar phleananna teanga sula ndéantar iad a cheadú. Tá an Roinn freagrach freisin as athbhreithniú a dhéanamh ar bhonn tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm na bpleananna teanga. Ní miste a lua go bhfuil an próiseas pleanála teanga dírithe ar an nGaeilge a chur chun cinn i gceantair Ghaeltachta, iad siúd atá faoi mhíbhuntáiste san áireamh.

Faoin bpróiseas pleanála teanga, tá 26 limistéar pleanála teanga aitheanta agus pleananna teanga faofa agus ag feidhmiú i leith gach aon cheann acu. Is trí phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú ag leibhéal an phobail a thugtar tacaíocht don Ghaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh i gceantair Ghaeltachta agus i gceantair eile lasmuigh den Ghaeltacht. Tá Údarás na Gaeltachta freagrach faoin Acht as tacaíocht a thabhairt d'eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna limistéir pleanála teanga Ghaeltachta. Is é an cuspóir atá ag na pleananna teanga ná cur le húsáid na Gaeilge sna ceantair lena mbaineann siad chomh fada is a bhaineann sé le cúrsaí teaghlaigh, pobail, oideachais, sóisialta agus gnó.

Tugtar bailte seirbhíse Gaeltachta ar na bailte sin atá suite i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta nó taobh leo agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí agus saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do na limistéir sin, ar mhaithe leis an nGaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht a chothú agus a threisiú. Go dtí seo, tá pleananna teanga faofa agus ag feidhmiú i leith seacht mbaile seirbhíse Gaeltachta, cúig cinn acu faoi stiúir Foras na Gaeilge agus péire faoi stiúir Údarás na Gaeltachta.

Is éard atá i gceist leis na líonraí Gaeilge ná ceantair a bhfuil bun-mhais chriticiúil bainte amach acu maidir le tacaíocht phobail agus Stáit don Ghaeilge. Tá Foras na Gaeilge freagrach faoin Acht as tacaíocht a thabhairt d'eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna líonraí Gaeilge. Tá pleananna teanga faofa agus ag feidhmiú i leith trí líonra Gaeilge: Baile Loch Riach, Contae na Gaillimhe; Inis, Contae an Chláir; agus Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath.

Maidir leis na healaíona, tá Ealaín na Gaeltachta Teo., comhfhiontar idir Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon, freagrach as forbairt na n-ealaíon comhaimseartha agus traidisiúnta a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Tugann Ealaín na Gaeltachta maoiniú go díreach d’ealaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon agus grúpaí pobail sa Ghaeltacht tríd ocht scéim maoinithe agus tugann sé tacaíocht ar bhealaí eile don earnáil chomh maith. Chun na healaíona teanga-bhunaithe a chur chun cinn agus a fhorbairt tuilleadh sa Ghaeltacht, agus chun tacú go sonrach leis an bpróiseas pleanála teanga agus leis an bpolasaí don oideachas Gaeltachta, d'fhógair an tAire agus mé féin maoiniú suas le €3.720 milliún d'Ealaín na Gaeltachta ionas go mbeidh an eagraíocht sin ábalta tuilleadh tacaíochta agus deiseanna a chruthú don phobal ealaíne, go háirithe i measc aos óg na Gaeltachta.

Is cuid dhílis é cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 den obair atá ar bun ag mo Roinn chun soláthar seirbhísí poiblí do phobal na Gaeilge a fheabhsú agus a mhéadú, chomh maith le deiseanna suntasacha fostaíochta a chruthú dóibh siúd a bhfuil an teanga acu. Shínigh Uachtarán na hÉireann an tAcht ina dhlí ar an 22 Nollaig 2021, agus ó shin i leith tá foireann mo Roinne ag obair go dian dícheallach chun forálacha uile an Achta a chur i bhfeidhm de réir a chéile.

Tá plean náisiúnta do sheirbhísí Gaeilge á ullmhú ag mo Roinn agus tá an obair sin le cur i gcrích faoi lár na bliana seo chugainn, 2024. Is é aidhm an phlean ná deimhin a dhéanamh de go n-earcófar a dhóthain daoine a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu chun seirbhísí poiblí a sholáthar agus go mbainfear mór-sprioc na reachtaíochta amach, is é sin, go mbeidh 20% d’earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil sa Ghaeilge faoi 2030.

Cuireann foráil eile den Acht, ar cuireadh tús léi anuraidh freisin, dualgas ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht bhliantúil, ar a laghad, a dhéanamh trí Ghaeilge agus 5% dá mbuiséad bliantúil fógraíochta a chaitheamh ar fhógraíocht trí Ghaeilge sna meáin Ghaeilge. Is foráil thar a bheith dearfach í seo, agus cheana féin tá méadú suntasach tagtha ar an méid Gaeilge atá le feiceáil agus le cloisteáil ar na meáin chumarsáide atá in úsáid ag comhlachtaí poiblí. Tugann an fhoráil seo teachtaireacht shoiléir shuntasach do phobal na Gaeilge, ní hamháin go bhfuil meas ag an Stát ar an teanga mar chuid lárnach dár n-oidhreacht chultúrtha agus mar theanga bheo chumarsáide, ach go bhfuil luach agus tairbhe eacnamaíoch ag baint léi dá lucht labhartha. Is é mo thuairim láidir go neartófar iarrachtaí an Stáit úsáid na teanga a chur chun cinn dá bharr, rud a thagann ar ndóigh leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030.

Agus acmhainní foirne breise faighte ag mo Roinn anuas ar €1 milliún de mhaoiniú reatha i mbuiséad 2023, tá tionscnaimh nuálacha eile á bhfiosrú agus á meas againn chun ár n-iarrachtaí sa spás seo a láidriú. Tríd an obair seo ar fad, níl amhras orm ach go ndéanfar dul chun cinn ollmhór chun leibhéal agus caighdeán na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil do phobal na Gaeilge a fheabhsú agus a mhéadú sna blianta beaga amach romhainn.

Níl sna nithe atá luaite agam ach blaiseadh beag den mhéid iomlán atá ar siúl ag an Rialtas agus ag mo Roinn i gcomhar lenár gcomhpháirtithe ar mhaithe leis an teanga. B'fhéidir go mbeadh seans agam cúpla rud eile a lua roimh dheireadh na díospóireachta seo ar ball. Bhí moltaí spéisiúla ag cuid de na Seanadóirí sa díospóireacht a bhí againn faoin nGaeilge sa Seanad tráthnóna inné agus chuirfinn fáilte roimh thuairimí na dTeachtaí Dála atá i láthair anseo tráthnóna freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.