Dáil debates
Thursday, 9 March 2023
Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis
3:05 pm
Seán Ó Fearghaíl (Kildare South, Ceann Comhairle) | Oireachtas source
Déanaim comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt sna ráitis. Ritheann sé liom go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge in úsáid anois sa Dáil ná mar a bhí cheana féin. Feicimid beagnach gach lá go bhfuil an Ghaeilge á húsáid le linn Ceisteanna ó Cheannairí. Tá ardmholadh tuillte ag an Teachta McDonald mar go n-úsáideann sí an Ghaeilge i gcónaí agus as an traidisiún nua atá tosaithe aici sa Teach. Feicimid anois beagnach gach ceannaire páirtí ag úsáid na Gaeilge gach lá. Is dul chun cinn suntasach é. Cloisfimid anois ón Aire Stáit.
No comments