Dáil debates

Thursday, 9 March 2023

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

3:05 pm

Photo of Thomas PringleThomas Pringle (Donegal, Independent) | Oireachtas source

Tá áthas orm cur leis an díospóireacht. Gabhaim buíochas le Conradh na Gaeilge as na pointí cainte a chur ar fáil dúinn inniu. Táim sásta ceist na pleanála i gceantair Ghaeltachta a ardú. Tá sé ag éirí níos deacra i gcónaí do mhuintir na Gaeltachta cead pleanála a fháil ina gceantar féin. Caithfear an fhadhb seo a réiteach mar ábhar práinneach go háirithe d’aos óg na Gaeltachta atá ag iarraidh cur fúthu sa bhaile. Chuige sin, tá polasaí náisiúnta tithíochta don Ghaeltacht, le tacaíocht ó deich gcomharchumann Gaeltachta agus naoi gcoiste pleanála teanga, le moltaí ar conas is féidir linn na fadhbanna pleanála tithíochta a réiteach.

Is mian liom cúpla moladh eile a chur leis. Ba cheart ionadaíocht a thabhairt do phobal na Gaeltachta ar an gcomhchoiste a bhunófar idir an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán go práinneach, oiread agus atá déanta againn le dhá bhliain anuas. Ba chóir polasaí náisiúnta do phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht a chur ar bun, na rudaí seo a leanas san áireamh. Ba cheart glacadh leis go bhfuil riachtanas áitiúil ag an té atá in ann Gaeilge a labhairt aige nó aici chun cónaí ina cheantar féin. Ba cheart go mbeadh gá le measúnú neamhspleách teanga le cur isteach ar aon iarratas ar chead pleanála. Ba cheart go mbeadh coinníoll teanga ar aon fhorbairt tithíochta nó ar aon chineál forbartha eile sa Ghaeltacht.

Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle as an deis labhairt ar an ábhar seo le linn Sheachtain na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.