Dáil debates

Thursday, 9 March 2023

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

2:55 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle agus gabhaim mo bhuíochas freisin don Grúpa Neamhspleách Tuaithe a lig dom an t-am seo a úsáid. Is maith an rud go bhfuil deis againn a bheith páirteach sna ráitis seo. Bheinn i bhfad níos sásta dá mba rud é nach raibh gá leo. Is é seo an t-ochtú bliain agus mé i mbun ráitis agus, i ndáiríre, táim bréan de. Rachaidh mé ar ais agus beidh mé dearfach i gceann cúpla nóiméad ach cén uair a dtiocfaimid go dtí an pointe nach mbeidh gá le ráitis, go mbeidh an Ghaeilge ina rud nádúrtha agus normálta, agus go mbeidh sí ina cuid lárnach de ghnó na Dála? Is é sin an sprioc, a Aire Stáit. Níl muid ag an bpointe sin fós.

Sa chomhthéacs sin, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil don Cheann Comhairle freisin as an togra a chuir sé tús leis, is é sin leis an dá choiste. Bhí sé de phribhléid agam a bheith i mo Chathaoirleach ar choiste amháin maidir le gnó na Dála agus an chaoi is féidir linn céatadán na n-úsáideoirí Gaeilge sa Dáil agus taobh amuigh de a ardú. Mar is eol, in ainneoin na dea-thola, tá céatadán na n-úsáideoirí sin thar a bheith íseal. Tá an plean críochnaithe anois, a Chinn Comhairle, agus beidh sé os a chomhair i gceann tamaillín. Tá sé ina dhréacht faoi láthair agus tá moltaí praiticiúla ann chun líon na gcainteoirí agus na n-úsáideoirí sa Dáil agus taobh amuigh de san fhoireann uilig, i measc na maor agus na ndaoine a bhíonn ag obair in éindí linn sna hoifigí, a mhéadú trí thogra píolótach a chur ar siúl go práinneach. Is rud amháin é sin.

Fáiltím roimh ráiteas tosaigh an Aire Stáit agus tá neart istigh ann atá dearfach amach is amach. Is dea-scéal é sin maidir le Coláiste Lurgan go mbeidh foirgneamh nua ann, go mbeidh sé sin i lár na Gaeltachta do na daoine óga, agus mar áis don cheantar. Is é an rud is tábhachtaí domsa, go háirithe, ná go mbeidh sé i seilbh an Stáit. Tá sé sin go hiontach.

Is dea-scéal freisin go raibh fógra ag an Aire Stáit i lár na seachtaine seo ó thaobh Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta i gCarna. Tá sé sin dearfach amach is amach freisin. Bhí mise i gCarna Dé hAoine seo caite agus tá obair na gcapall á déanamh ag an gcoiste ar an talamh. Is iad na fadhbanna is mó atá ann, ámh, agus atá luaite ag gach Teachta Dála ná an easpa tithíochta. Tá €1 milliún nó mar sin i gceist d’Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta agus ní dóigh liom go bhfuil sé ceart rudaí a bheith á gcur i gcomórtas a chéile ach tá gá le scéim tithíochta agus tithe ionas go mbeidh daoine in ann maireachtáil agus saol a bheith acu sa Ghaeltacht.

Tá an fhadhb seo ar fud na nGaeltachtaí. Tá mé i mo bhall de choiste Gaeilge na Dála ó 2016 agus thaistil muid timpeall na tíre, agus arís faoi stiúir an Chathaoirligh, an Teachta Ó Snodaigh. Bhí na téarmaí ceannann céanna ag teacht suas arís is arís eile. Is iad siúd easpa tithíochta, deacrachtaí le pleanáil, easpa seirbhísí i nGaeilge agus easpa tacaíochta praiticiúla do na daoine ar an talamh, mar shampla, do thuismitheoirí na Gaeltachta, chun a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge ag dul ó ghlúin go glúin ann.

Díreoidh mé anois ar na rudaí ba mhaith liom a fheiceáil. I dtús báire, ba chóir dúinn a bheith dearfach go bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 againn faoi dheireadh. Ní mór dúinn é a chur i bhfeidhm agus monatóireacht ghéar a dhéanamh air. Díríonn an tAcht ar chúrsaí earcaíochta, ar chúrsaí seirbhíse agus ar ábhar eile a bhfuil dearmad déanta agam air faoi láthair - tiocfaidh mé ar ais chuige sin. Is maith an rud é go bhfuil éileamh mór ar choláistí Gaeilge agus nach bhfuil an córas in ann coinneáil suas leis an éileamh sin. Is rudaí dearfacha iad seo. Ach, cá bhfuilimid ó thaobh polasaithe oideachais don Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht? Tá neart ceisteanna agus freagraí ann ach fós níl polasaí againn. Sa mholadh sin, cloisimid rudaí maidir leis an nGaeilge a bheith ina míbhuntáiste, mar a dúirt an Teachta Ó Ríordáin, seachas a bheith ag díriú ar na rudaí dearfacha. Tá polasaí cuimsitheach ag taisteal go géar uainn do na scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht. Baineann sé sin le formhór na ndaltaí sa tír seo.

Maidir leis an bpolasaí oideachais don Ghaeltacht - an rud ab fhearr a léigh mé riamh - is rud tharr a bheith dearfach é. Bhí an córas sin ann ó 2017 go 2022 agus mar gheall ar Covid, bhí síneadh ama i gceist. Ach, cén sórt athbhreithniú atá ar siúl ó thaobh ciall cheannaithe a bheith againn? Cad atá foghlamtha againn agus an mbeidh córas nua agus polasaí nua i gceist? Níl aon fhreagra ar na ceisteanna sin. Chomh maith leis sin, ó thaobh tuismitheoirí na Gaeltachta de, tá moltaí thar a bheith praiticiúla curtha os comhair an Rialtais chun an Ghaeilge a fheabhsú agus chun a chinntiú go gcuirtear ar aghaidh í ó ghlúin go glúin, go háirithe an córas feighlí linbh. Níl aon rud déanta faoi sin fós.

Níor chuala mé drochfhocal i dtaobh na Gaeilge de, taobh amuigh den Teachta Ó Ríordáin. Ar bhealach amháin tá muid marbh ó thaobh na dea-thola don Ghaeilge agus gan aon dul chun cinn déanta. Táimid ag an bpointe go bhfuil orainn dul i ngleic leis an dúshlán agus na deiseanna a thapú, an Ghaeilge a tharraingt isteach ón imeall agus í a chur i lár an aonaigh. Cén fáth? Uimhir a haon, mar gurb í teanga oifigiúil na tíre seo í; uimhir a dó, is cuid lárnach dár bhféiniúlacht í; agus, uimhir a trí, is bronntanas amach is amach é dúinn a bheith dátheangach nó teanga bhreise a bheith againn.

Táim thar am. Críochnóidh mé leis seo. Mar Leas-Cheann Comhairle, rinne mé comhghairdeas leis an Aire Stáit. Tá sé sin á rá agam anois mar Theachta Dála. Tá an-iarracht déanta aige leis an nGaeilge agus iarraim air leanúint ar aghaidh. Ní mór dúinn go léir a bheith mar eiseamláir don tír ar conas an Ghaeilge a úsáid, a bheith ag streachailt léi ag an tús agus, de réir a chéile, í a fheabhsú agus a húsáid a normalú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.