Dáil debates

Thursday, 9 March 2023

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

2:45 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Aontú) | Oireachtas source

Cúpla bliain ó shin, bhí fear ó na Stáit Aontaithe ar an raidió ar chlár Marian Finucane. Fear a bhí ann a bhí ina chónaí i Nua-Eabhrac nach raibh in Éirinn riamh. B’as na hOileáin Fhilipíneacha dá mháthair ach b’as Rann na Feirste i dTír Chonaill dá athair. Sula ndéarna sé an t-agallamh, ní raibh sé riamh in Éirinn. Fuair a athair bás agus bhí sé ag iarraidh cuimhne a athair a choimeád beo. Ar son a athair, shocraigh sé an Ghaeilge a fhoghlaim. D’fhoghlaim sé an Ghaeilge agus bhí sé dochreidte. Bhí sé in ann í a labhairt go líofa sular tháinig sé go dtí an tír seo. Bhain sé amach líofacht gan labhairt le duine ar bith eile i nGaeilge riamh. An dara rud a bhí as an ghnách ná gur bhain sé amach líofacht taobh istigh de sé mhí. An cheist a chur Marion Finucane ar an bhfear seo ón na Stáit Aontaithe ná conas ar bhain sé líofacht amach i sé mhí, gan labhairt le duine ar bith eile sa domhan i nGaeilge. Sa tír seo, tugaimid suas go 13 bliain oiliúint do pháistí agus ní bhíonn an chuid is mó acu líofa nuair a fhágann siad an scoil. An focal a d’úsáid an fear seo ná motivation: spreagadh. Dúirt sé nuair a bhíonn spreagadh ag duine gur féidir leo beagnach aon rud a dhéanamh. Is féidir le duine an Ghaeilge a fhoghlaim mar theanga. An fhadhb atá agam leis an tír seo ná nach dtugann an Rialtas spreagadh do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim. I ndáiríre, tá an Ghaeilge mar saghas hobby ag lucht an Rialtais. Tá siad sásta teacht go dtí an Teach agus díospóireacht a bheith acu mar gheall ar an nGaeilge. Tá siad sásta airgead a chaitheamh anseo agus ansiúd uaireanta chun cabhrú le grúpa ach níl siad uaillmhianach maidir le níos mó daoine a chur ag caint Gaeilge sa tír.

Tabharfaidh mé cúpla sampla den easpa uaillmhéine atá ag an Rialtas. Tá 25% de pháistí na tíre seo - agus a gcuid tuismitheoirí - ag iarraidh freastal ar Ghaelscoil ach níl ach 8% do na páistí ag freastal ar Ghaelscoil. Tá taithí againn ó na meáin chumarsáide de bheith ag féachaint ar dhaoine ag rá go bhfuil "Irish being forced down people's throats". Ach, i ndáiríre, tá an Béarla éigeantach.

Níl daoine ag iarraidh a bpáistí a sheoladh chuig scoileanna lán-Bhéarla ach níl an dara rogha acu mar níl an Rialtas sásta scoileanna lán-Ghaeilge a chur ar fáil dóibh. Cuirfimid é sin i gcodarsnacht leis an mBreatain Bheag. Tá cuspóir de 40% de pháistí a bheith ag freastal ar scoileanna lán-Bhreatnais sa tír sin ach níl aon chuspóir againn ar chor ar bith mar sin anseo agus tá sé sin dochreidte. Tá na páistí agus na tuismitheoirí ag impí ar an Rialtas scoileanna lán-Ghaeilge a chur ar fáil agus tá an Rialtas ag cur bac ar an deis sin. Ba cheart go mbeadh náire ar an Rialtas faoi sin.

Is é an dara rud ar mhaith liom a lua ná go raibh an Rialtas ag caint ó 2016 - b'fhéidir go bhfuil sé seo i gcuimhne an Chinn Comhairle - faoi sprioc 250,000 duine sa tír seo a bheith ag labhairt i nGaeilge go laethúil, agus go mbeimid ag baint na sprice sin amach in 2030. Sa daonáireamh is déanaí, in 2016, fuaireamar amach go raibh 73,000 duine ag labhairt na Gaeilge go laethúil. Is titim a bhí i gceist ón daonáireamh roimhe sin in 2011. Taispeánann sé sin go bhfuil muid ag dul sa treo mícheart mar gheall ar an sprioc 250,000 a bheith ag labhairt na Gaeilge a bhaint amach. Níl an Rialtas dáiríre faoi ar chor ar bith.

Caithfidh mé a rá freisin nuair a phiocann Fine Gael Aire Gaeltachta, de ghnáth, piocann siad Aire nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil nó nach bhfuil líofacht acu. Bíonn ar an Aire sin líofacht a bhaint amach agus é nó í in oifig. Bíonn ar an Aire eolas faoin nGaeltacht a fhoghlaim nuair atá sé nó sí sa phost sin. Níl sé sin maith go leor ar chor ar bith.

Mar gheall ar na gnáthscoileanna, smaoinigh ar an méid seo. Tá ísliú caighdeáin Gaeilge bliain i ndiaidh bliana ag na múinteoirí atá ag teacht amach as na scoileanna oiliúna. Ciallaíonn sé sin go bhfuil fáinne fí ann. Nuair atá ísliú ar an gcaighdeán Gaeilge atá acu, ní féidir leo oiliúint láidir Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile. Tagann an ghlúin sin isteach ansin sna hollscoileanna tríú leibhéal agus bíonn ísliú caighdeáin ann arís.

Ní féidir teacht ar mhúinteoirí le Gaeilge sna scoileanna lán-Ghaeilge ach an oiread. Nuair a bhíonn múinteoir tinn i scoil lán-Ghaeilge, tá sé uafásach deacair teacht ar sub agus tá go leor múinteoirí istigh sna Gaelcholáistí ag múineadh ábhair go hiomlán i mBéarla mar níl an cumas acu é a dhéanamh i nGaeilge. Fiú amháin, sna Gaelcholáistí atá againne, ní féidir linn soláthar múinteoirí Gaeilge a thabhairt dóibh.

Mar aon leis sin, níl an deis ag go leor mac léinn céim tríú leibhéal a bhaint amach go hiomlán i nGaeilge mar níl na spásanna ann. Tá cúpla dosaen spásanna ann ar an tríú leibhéal dó seo.

Tá easpa uaillmhéine ag an Rialtas. Tá an chuid is mó de na páistí sa Ghaeltacht ag freastal ar réamhscolaíocht lán-Bhéarla, is é sin an móramh de na páistí atá istigh ansin. Arís, tá an Aire Stáit ag féachaint ar an nguthán gan a bheith ag éisteacht le haon duine sa Seomra seo. Tá sé sin ina phraiseach ceart agus is easpa measa agus béasa atá i gceist leis sin, insím don Aire Stáit.

Nuair a bhítear ag caint maidir le cúrsaí a bhaineann le tithíocht, ní féidir teach a fháil anois sa Ghaeltacht más Gaeilgeoir tú ach tá na tógálaithe ag iarraidh eastáit tithíochta a thógáil sna Gaeltachtaí. Níl an comhréir cuí, áfach, mar gheall ar an méid daoine le Gaeilge a bheadh ina gcónaí istigh sna heastáit tithíochta sin. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil aon bhac ar mhóramh Béarlóirí a bheith sna heastáit tithíochta sin. Má táthar chun daoine a iompar isteach go dtí an Ghaeltacht nach bhfuil aon Ghaeilge acu, diaidh ar ndiaidh, ní bheidh an Ghaeilge le labhairt istigh sa Ghaeltacht.

Ba cheart, i mo thuairim, go mbeadh an próiseas tithíochta i lámha Údarás na Gaeltachta, go mbeadh an comhlacht sin i gceannas air sin agus gan an t-údarás áitiúil a bheith i gceannas air, mar, de ghnáth, níl suim ag na húdaráis áitiúla nó taithí acu ar an ábhar seo. Tá go leor daoine ina gcónaí ar an taobh seo den tír agus tá siad ag dul isteach agus ag teacht amach go Baile Átha Cliath ó Dhroichead Átha, ón Uaimh, ó Nás na Rí agus ó na bailte cosúil leo siúd. Bheadh go leor dóibh siúd sásta a gcuid clann a thógáil i nGaeilge sa Ghaeltacht. Dá mbeadh an tAire Stáit ina dhúiseacht, b'fhéidir go mbeadh sé sásta tithíocht a thógáil in áiteanna cosúil le Ráth Chairn, áit a bheadh clann in ann a bheith ina gcónaí ann, ag cur leis an nGaeltacht sin, agus go mbeadh siad in ann dul isteach is amach go Baile Átha Cliath.

Tá easpa airgeadais ag TG4. Tá TG4 ag fáil leath an mhéid airgid is atá á fhail ag S4C sa Bhreatain Bheag.

Níl airgead Údarás na Gaeltachta ag fás ar an leibhéal céanna is atá ag an Industrial Development Authority, IDA, nó Enterprise Ireland.

Tá Raidió na Gaeltachta mar a bheadh an col ceathrar bocht sa chóras craoltóireachta.

Níl ceadúnas fós ag Raidió Rí Rá a bheith ag craoladh thart timpeall na tíre.

Cén fáth nach bhfuil an Rialtas dáiríre faoin nGaeilge?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.