Dáil debates

Thursday, 9 March 2023

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

3:05 pm

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source

Aontaím leis an méid atá ráite ag an gCeann Comhairle. Gabhaim mo bhuíochas leis na Teachtaí a chuir a gcuid tuairimí ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i láthair. Baineann roinnt de na tuairimí leis an Aire Oideachais agus roinnt eile leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta, ach seolfaidh mé na pointí sin chuig mo chomhghleacaithe. Cuirfidh mé féin agus mo Roinn na pointí éagsúla sin san áireamh sa phleanáil don tréimhse romhainn. Labhróidh mé ar feadh cúpla nóiméad ar ghnéithe tábhachtacha eile d'obair mo Roinne ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil ina cuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun go mbeidh an teanga in úsáid ag na glúnta amach anseo. Toisc go bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil iomlán in institiúid an Aontais Eorpaigh anois ó dheireadh na bliana 2020, tá lán-chead ag saoránaigh na tíre seo úsáid a bhaint as an nGaeilge agus iad ag plé le hinstitiúid an Aontais Eorpaigh. Molaim go láidir dúinn ar fad, idir pholaiteoir, oifigigh agus shaoránaigh, an oiread úsáide agus is féidir a bhaint as ár dteanga féin agus sinn ag obair i réimse na hEorpa, díreach mar a dhéanann na ballstáit eile.

Tá tionscnaimh éagsúla curtha ar bun ag mo Roinn i gcomhar leis na hinstitiúidí Eorpacha le tamall chun cur leis na hacmhainní Ghaeilge atá ar fáil mar thacaíocht do na seirbhísí teanga san Aontas. Go deimhin, rinneadh éacht le tamall ó thaobh daoine a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu a earcú sna haonaid teanga sna hinstitiúidí Eorpacha. Tá os cionn 200 duine oilte ag obair sna hinstitiúidí anois, agus bíonn an Ghaeilge le cloisteáil go rialta ar shráideanna na Bruiséile agus Lucsamburg agus i gcathracha eile ar an mór-roinn toisc go bhfuil pobal bisiúil cainteoirí Gaeilge ag cur fúthu sna háiteanna sin anois.

D'fhoilsigh mo Roinn an Plean Digiteach don Ghaeilge ag deireadh na bliana seo caite. Leagtar amach sa phlean sin na réimsí is tábhachtaí ar gá díriú orthu as seo go ceann cúig bliana ionas go mbeidh an Ghaeilge ar comhchéim le mór-theangacha na hEorpa ó thaobh áiseanna agus acmhainní digiteacha de agus chun go mbeidh pobal na teanga sa Ghaeltacht, ar fud na tíre agus thar timpeall an domhain in ann tairbhe iomlán a bhaint as an saol digiteach ina dteanga féin. Beidh taighde agus forbairt shuntasach bhreise de dhíth i réimse na nua-theicneolaíochta feasta chun an teanga a thabhairt isteach go hiomlán i saol digiteach na linne seo. Tá rún daingean ag an Rialtas an cuspóir sin a thabhairt i gcrích.

Cheal ama, ní raibh ar mo chumas ach roinnt bheag de na gníomhaiochtaí éagsúla atá ar siúl ag mo Roinn agus ag an Rialtas trí chéile ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur i láthair. Tá léargas iomlán ar an méid atá ar siúl le fáil i bplean gníomhaíochta cúig bliana mo Roinne agus molaim do gach duine an cháipéis sin a léamh.

Is féidir liom a rá go bhfuil a lán bainte amach ag an Rialtas seo ó thaobh neartú agus buanú na Gaeilge mar theanga phobail. Leanfaimid ag obair agus ag tacú leis an bpobal chun ár spriocanna i leith na teanga a bhaint amach. Spreagann an Gaeilge agus na traidisiúin a ghabhann léi comhoibiú agus spiorad na meithle i measc daoine i ngach gné dár saol. Tá rún daingean agam, ag an Aire, an Teachta Martin, agus ag an Rialtas trí chéile na geallúintí atá déanta againn i leith fhorbairt agus neartú na Gaeilge a chur i gcrích agus leanfaimid orainn á dhéanamh le linn na bliana atá amach romhainn. Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle agus le gach Teachta a ghlac páirt sa díospóireacht um thráthnóna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.