Dáil debates

Thursday, 9 March 2023

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

2:15 pm

Photo of Brian LeddinBrian Leddin (Limerick City, Green Party) | Oireachtas source

Cosúil leis an Teachta Gannon, I find it very difficult to make my contribution as Gaeilge but we will persist. Gach bliain, bím ag tnúth le labhairt ar Sheachtain na Gaeilge nó, mar a thabharfaimid air i Luimneach i mbliana, Sneachta na Gaeilge. Gach bliain, bím ag déanamh cainte faoin nGaeilge le haghaidh Seachtain na Gaeilge. I mbliana, in ionad an Ghaeilge a úsáid chun labhairt faoin nGaeilge, labhróidh faoi mo chuid oibre.

Is orgánaigh bheo iad teangacha. Athraíonn siad agus athraíonn siad arís. Ní mór iad a chothú chun go mairfidís. Leanann teangacha patrún an tsaoil agus an dul chun cinn agus na forbartha atá ann. Tagann roinnt focal nua chun cinn agus imíonn roinnt focal go mall. Is ar éigean a bheidh a fhios ag na páistí inniu cad is diosca flapach ann. Ar an drochuair, tá focail cosúil le "cogadh", "bochtaineacht" agus "ocras" fós ann. Ba mhaith liom go bhféadfaimis iad sin a fhágáil go daingean san am a chuaigh thart leis an diosca flapach. Faraor, is buanseasmhach iad. Is é an rud is féidir linn a dhéanamh ná gealltanas a thabhairt don chéad ghlúin eile go ndéanfaimid gach rud is féidir linn chun go n-éireoidh na focail seo agus na bunfhírinní ar a gcuireann siad síos as feidhm sula dtiocfaidh an ghlúin sin i gceannas. Ní mór dúinn a mheabhrú i gcónaí go bhfuil an domhan á fháil againn ar iasacht ónár bpáistí.

Tá an t-ádh orainn go bhfoghlaimeoidh leanaí na hÉireann inniu níos mó agus níos mó faoi thraenacha, rothair leictreacha, tuirbíní gaoithe, painéil ghréine, bithéagsúlacht agus inbhuanaitheacht. Ní focail nua iad sin agus is cinnte nach smaointe nua iad. Is é an rud atá nua ná an tábhacht a thugaimid dóibh, mar is ceart a dhéanamh, faoin teideal “gníomh ar son na haeráide”. Saineoidh na focail agus na smaointe sin saol na nglún amach anseo in Éirinn agus is é seo an áit ar a bhfuil an chuid is mó de mo chuid oibre dírithe.

Is é ceann de na príomhthascanna atá leagtha amach agam dom féin ná úsáid iompair phoiblí ar nós busanna agus traenacha a dhéanamh níos tarraingtí agus níos fusa do dhaoine. Anuraidh, thugamar isteach táillí laghdaithe do dhaoine fásta óga agus ba cheart go rachadh sé sin go mór chun nósanna a fhorbairt. Is féidir le hiompar poiblí a roghnú cabhrú linn ár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an brú tráchta a laghdú. Má roghnaíonn níos mó daoine iompar poiblí, beidh bailte agus cathracha ina n-áiteanna níos fearr chun cónaí iontu. Beidh caighdeán an aeir níos fearr agus beidh sráideanna níos sábháilte chun go bhféadfaidh teaghlaigh agus leanaí siúl, rothaíocht agus súgradh orthu.

Tá Luimneach uathúil ó thaobh an bonneagar iarnróid atá aici. Tá cuid de na línte a ndeachaigh as úsáid á gcur ar ais de réir mar a labhraímid. Tá súil againn go mbeidh lasta iarnróid ag feidhmiú ar an iarnród idir Luimneach agus Faing faoi 2025. Ní mór dúinn breathnú freisin ar an líne sin a fhorbairt le haghaidh seirbhís paisinéara a nascfadh bailte agus sráidbhailte ar an líne Fhainge le háiteanna fostaíochta i gcathair Luimnigh agus níos faide i gcéin a chur ar fáil.

Tá Luimneach agus réigiún an mheániarthair suite go han-mhaith freisin don réabhlóid fhuinnimh inathnuaite amach ón gcósta. Ó toghadh mé trí bliana ó shin, táim ag rá sa Teach seo gur féidir le hÉirinn fuinneamh glan a sholáthar ní hamháin dá riachtanais féin ach do riachtanais na hEorpa freisin. Táimid ag dul sa treo ceart le tamall anuas agus tá dul chun cinn suntasach déanta againn. Gan dabht, tá níos mó dul chun cinn déanta againn ar ár mbealach chuig neodracht carbóin san earnáil fuinnimh ná mar a rinne aon Rialtas roimhe seo ach is dóigh liom gur ceart dúinn níos mó uaillmhéine agus níos mó muiníne a léiriú.

I gceann cúpla bliain, beidh imscaradh amach ón gcósta againn. Ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil dóthain acmhainní ag ár n-údaráis phleanála, go bhfuil na scileanna cearta ag ár bhfórsa saothair agus go bhfuil an bonneagar tacaíochta i bhfeidhm in am. Teastaíonn infreastruchtúr calafoirt uainn chun an earnáil fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt. Níl ach calafort amháin in Éirinn ina bhfuil an cumas faoi láthair infreastruchtúr a imscaradh amach ón gcósta. Ní mór dúinn calafoirt na hÉireann a fhorbairt chun tacú leis an uaillmhian atá againn i leith infreastruchtúr amach ón gcósta nó caillfimid amach do chalafoirt in áiteanna eile de réir mar a rachaidh an fhorbairt ar aghaidh agus í á éascú ag calafoirt na Fraince, na hAlban agus eile.

Ní hé earnáil an fhuinnimh ghaoithe an t-aon earnáil ina bhfeicfear athruithe suntasacha sa chúpla bliain amach romhainn. Sa Mheán Fómhair seo caite, d'fhógair an tAire, an Teachta Ryan, go bhfaighidh gach scoil sa tír maoiniú chun painéil ghréine a shuiteáil ar an díon.

Athróidh sé seo do scoileanna atá ag tabhairt a gcuid aghaidh ar an ngéarchéim fuinnimh reatha agus atá ag iarraidh buiséid theann a bhainistiú. Déanann sé ciall iomlán gur chóir painéil ghréine a chur isteach i ngach scoil in Éirinn. Beidh siad chun tosaigh i réabhlóid na hÉireann ar an díon. Ní mór dúinn gníomhú anois chun todhchaí ár bpáistí a chosaint agus a chinntiú go gcuirtear oideachas ar ár nglúin óg faoi acmhainní fuinnimh atá neodrach ó thaobh na haeráide de.

Teastaíonn athrú mór ó ghníomh na haeráide sa chaoi ina mairimid ár saol. I gcás go leor, is éard a bheidh i gceist leis ná athruithe san obair, san oideachas, sa tslí a théimid thart, ar a n-ithimid agus ar an gcaoi a dtaistealaímid. Breathnaítear i gcónaí ar athrú a bheith deacair. Nuair nach ndéantar é a bhainistiú nó a phleanáil, is féidir leis a bheith tubaisteach do shlite beatha agus do phobail daoine. Má dhéantar bainistiú maith air, ciallóidh sé poist níos fearr, pobail níos athléimní, timpeallacht níos glaine agus éiceachóras níos sláintiúla.

Tá focal sa Ghearmáinis atá níos lú ná deich mbliana d'aois: dunkelflaute. Téarma a úsáidtear san earnáil fuinnimh is ea dunkelflautechun cur síos a dhéanamh ar thréimhse ama inar féidir beagán fuinnimh nó fuinneamh ar bith a ghiniúint le húsáid na gaoithe agus cumhacht na gréine. D'fhéadfainn a bheith mícheart ach ní chreidim go bhfuil focal Gaeilge againn faoi sin; ar a laghad níl go fóill. Agus muid ag forbairt ár n-earnáil fuinnimh in-athnuaite glan, mar atá sa Ghearmáinis, tiocfaidh focail nua chun cinn i nGaeilge freisin. Léireoidh sé sin an t-athrú dearfach agus an deis is féidir le gníomhaíocht aeráide a sheachadadh nuair a dhéantar é go tuisceanach agus go híogair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.