Dáil debates

Thursday, 9 March 2023

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

2:25 pm

Photo of Dessie EllisDessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Táim an-bhuíoch labhairt mar gheall ar ár dteanga. Mar a deirtear, tír gan teanga, tír gan anam. Nuair a bhí mé ag fás aníos i bhFionnghlas, ní raibh aon Ghaelscoil ann. Sa scoil, bhí mé ábalta Gaeilge a scríobh agus a léamh ach ní raibh béim ar an nGaeilge a labhairt, rud a bhí scannalach. Anois tá níos mó béime ar an teanga labhartha agus is í sin an tslí is fearr. Ní raibh aon Ghaelscoil nó naíonra i mo cheantar go dtí 2005, nuair a bunaíodh Naíonra Uí Earcáin i Halla WFTRA i bhFionnghlas. Blianta i ndiaidh sin, thosaigh Gaelscoil Uí Earcáin ar bhóthar Ghlas Naíon sa seanscoil De la Salle, a raibh folamh ag an am. Tá beagnach 300 dalta sa scoil sin agus tá liosta feithimh fada chun dul ann. Is gá an scoil a nuachóiriú agus seomraí breise a thógáil. Tá an t-éileamh sin leis an Roinn Oideachais agus tá sé práinneach.

I mBaile Munna tá dhá Ghaelscoil ann, Scoil an tSeachtar Laoch agus Gaelscoil Bhaile Munna. Chomh maith leis sin, tá naíonra cúram leanaí Glór na nGael ann. Bunaíodh Scoil an tSeachtar Laoch i 1973 agus bunaíodh Gaelscoil Bhaile Munna i 1994. Tá an dhá scoil sin ag dul ó neart go neart agus tá na mílte dalta ag dul tríothu i rith na blianta. Idir na scoileanna i bhFionnghlas agus i mBaile Munna, ní raibh aon scoil dara leibhéal ann, in ainneoin an méid dalta sa cheantar. Ní raibh deis ag na daltaí sin a n-oideachas a leanúint trí Ghaeilge agus bhí orthu leanúint ar aghaidh trí Bhéarla. Tá níos mó scoileanna de dhíth timpeall Bhaile Átha Cliath Thiar-Thuaidh, go háirithe scoileanna dara leibhéal.

Tá Cumann Báire Setanta, in aice le Scoil an tSeachtar Laoch ar bhóthar Baile Munna agus bíonn sé ag reáchtáil ranganna damhsa, ceoil agus comhrá Gaeilge an t-am uilig. Tá níos mó Gaeilge á labhairt i mBaile Munna i dtaca leis an daonra ná aon áit eile i mBaile Átha Cliath. Tá spás ann le haghaidh aonad Gaeltachta ar bhóthar Baile Munna agus tá seanscoil cuimsitheach folamh á úsáid le haghaidh oideachas dara leibhéal a chur ar fáil idir Scoil an tSeachtar Laoch agus Cumann Báire Setanta.

Nílimid uaillmhian go leor nuair a fheictear an méid scoileanna Béarla atá á dtógail i comparáid le scoileanna Gaeilge. Ar a aonar, ní leor Seachtain na Gaeilge. Is fiú é ach caithimid a bheith níos samhlaíoch agus dul i dteagmháil le gnáthdhaoine chun a gcuid Ghaeilge a úsáid. Mar a deirtear, is fearr Gaeilge briste ná Béarla cliste. Caithimid a bheith foighneach le daoine atá ag foghlaim Gaeilge agus atá ag déanamh iarracht Gaeilge a labhairt gan a bheith ardnósach nuair a chloistear focail Bhéarla le linn an comhrá. Le foghlaimeoirí, is fearr Gaeilge simplí a úsáid in ionad Gaeilge chliste.

Tá níos mó dreasachtaí chun cuairt a thabhairt ar cheantair Ghaeltachta de dhíth. Caithimid daoine a choimeád sa Ghaeltacht agus tithíocht a thógáil le haghaidh na daoine ann. Tá líon na gcainteoir laethúil Gaeilge sa Ghaeltacht ag titim. Caithimid stad a chur leis an treocht seo. Tá plean de dhíth chun stad a chur leis an meath seo; is géarchéim é anois. Tá sé thar ama dul i dteagmháil leis an ngéarchéim seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.