Seanad debates

Wednesday, 25 October 2017

10:30 am

Photo of Paul CoghlanPaul Coghlan (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Iarraim air tús a chur leis an díospóireacht.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Seanad fá choinne an cuireadh seo a thabhairt dom. Mar Aire Stáit le freagracht don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoiléain, fáiltím roimh an deis seo labhairt leis an Seanad faoi chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain agus nithe gaolmhara.

Mar is eol don Teach, foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 i mí na Nollag 2010 tar éis tacaíocht traspháirtí a fháil i dTithe an Oireachtais agus próiseas comhairliúcháin agus taighde. Ón uair gur foilsíodh an straitéis, tá dul chun cinn suntasach déanta ar chur i bhfeidhm na réimsí gnímh éagsúla atá luaite inti. Mar chuid de phlean athnuachana na Státseirbhíse, eagraíodh díospóireacht oscailte ar an bpolasaí faoin straitéis i mí na Nollag 2015 ar mhaithe le breathnú siar ar an méid a bhí déanta go dtí sin maidir lena cur i bhfeidhm, chomh maith le breathnú chun cinn ar na tosaíochtaí ina leith don chúig bliana amach romhainn. Mar chuid den phróiseas sin, reáchtáladh sraith cruinnithe poiblí agus lorgaíodh aighneachtaí scríofa ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara araon. Ceapadh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le tuairisc maidir leis an díospóireacht oscailte agus na príomhthosaíochtaí straitéiseacha don tréimhse amach romhainn a chur i dtoll a chéile. Cuireadh an tuairisc seo faoi bhráid an choiste chomhairligh a bunaíodh chun tacú le cur i bhfeidhm na straitéise. Fuarthas tuairimí agus moltaí an choiste ina leith agus tá plean gníomhaíochta don tréimhse 2017 go 2022, ina bhfuil spriocanna sonracha agus amscálaí ina leith, á chur i dtoll a chéile ag mo Roinn faoi láthair.

Ós rud é go bhfuil freagracht thras-rannach i gceist maidir le cur i bhfeidhm na straitéise, tá plé ar bun ag mo Roinn leis na páirtithe leasmhara éagsúla maidir le spriocanna sonracha agus tráthchlár ina leith a aontú. Is é nádúr na hoibre seo go dtógann sé am le nithe a aontú. Cé go n-aithnítear go bhfuil moill áirithe ar an sprioc ama a bhí luaite roimhe seo, leanfar ag obair i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha i dtreo a bheith in ann an plean a fhoilsiú chomh luath agus is féidir. Táim ar an airdeall chomh maith faoin gá atá ann a chinntiú oiread agus is féidir go bhfuil fiúntas leis an gclár bearta a mbeifear ag súil leis a chur san áireamh mar chuid den phlean críochnúil. Tá gá dá réir a chinntiú go bhfuil téagar agus fiúntas le pé beart a bheidh sa phlean i ndeireadh thiar thall.

Fáiltím roimh an maoiniú breise do mo Roinn i gcáinaisnéis 2018 a fógraíodh coicís ó shin. Ciallaíonn an €2.5 milliún breise atá á chur ar fáil go mbeidh maoiniú breise de níos mó ná €5 mhilliún ar fáil thar dhá bhliain. Tá an Rialtas seo dírithe ar theacht leis an tiomantas dár gcultúr atá le feiceáil i mórán de na heagraíochtaí díograiseacha atá ar fud an Stáit, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. San áireamh sa bhuiséad don bhliain seo chugainn tá €1.4 milliún breise chun tacú leis an phróiseas pleanála teanga faoin straitéis 20 bliain, agus €400,000 de mhaoiniú breise d'Údarás na Gaeltachta chun infheistiú ina chláir caipitil agus chun tacaí a mhéadú do chomharchumainn agus d’eagraíochtaí forbartha pobail na Gaeltachta, rud a fhágann go bhfuil an maoiniú caipitil don údarás méadaithe go €7 milliún. Chomh maith leis sin, tá leithdháileadh breise de €687,000 le cur ar fáil do scéimeanna tacaíochta teanga na Roinne lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá €2.65 milliún á chur ar fáil faoi bhuiséad 2018 do chur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga an bhliain seo chugainn. Is ionann sin agus ardú €1.8 milliún thar an allúntas atá ar fáil don phróiseas sa bhliain reatha. Ina theannta sin, ar ndóigh, tá ardú ar an gcistíocht atá ar fáil do na gnáthchláir reatha ar thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta, a bhfuil dlúthbhaint acu chomh maith le cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain. Leis an allúntas méadaithe atá curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht trí chéile, tá ag éirí le mo Roinn tacú tuilleadh le cur i bhfeidhm na straitéise agus an phróisis pleanála teanga mar a bhaineann sé leis an nGaeltacht, leis na bailte seirbhíse Gaeltachta agus leis na líonraí Gaeilge. Mar is iondúil ag an tráth seo den bhliain, tá an phleanáil chuí idir lámha ag mo Roinn i gcomhar leis an údarás, leis an bhforas agus go deimhin le páirtithe leasmhara eile chun cúram cuí a dhéanamh den chistíocht shuntasach seo sa chaoi is go mbainfear an leas is fearr as ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.Ní call dom a rá go n-aithníonn mo Roinn an ról lárnach atá ag an teaghlach mar a bhaineann sé le cur chun cinn na Gaeilge go bisiúil chuig an chéad ghlúin eile. Sa chomhthéacs sin, ba mhaith liom an deis a thapú chun cúpla focal a rá faoin gclár tacaíochta teaghlaigh. Is í aidhm an chláir seo, a ceapadh mar bheart faoi leith le cúram a dhéanamh de réimsí na Gaeltachta agus an teaghlaigh de chuid na straitéise, tacú ar bhealach ilghnéitheach le treisiú na Gaeilge i dteaghlaigh Gaeltachta. Faoin gclár seo, cuirtear cúnamh ar fáil trí scéimeanna agus tionscnaimh faoi leith de chuid mo Roinn ar leasa theaghlaigh na Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh. Tá mo Roinn i mbun forbartha faoi láthair ar fheachtas nua feasachta i dtaca leis an bpacáiste teanga i gcomhar le haltraí poiblí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus fógrófar tuilleadh eolais faoi sin sna seachtainí atá romhainn.

Mar is eol don Teach, tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail i gceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh faoin Acht mar limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, mar bhailte seirbhíse Gaeltachta nó mar líonraí Gaeilge. Ag an bpointe seo, tá an próiseas chun pleananna teanga a ullmhú ag leibhéal an phobail tosaithe sna limistéir pleanála teanga Ghaeltachta ar fad atá leagtha amach faoin bpróiseas. I mí Aibreáin na bliana seo, d'fhógair mé allúntas suas le €100,000 thar thréimhse 12 mhí i leith gach limistéar pleanála teanga faoi leith ina mbeidh feidhmiú plean teanga aontaithe ag tosú sa bhliain reatha. An mhí seo a chuaigh thart, d'fhógair mé go bhfuil an chéad trí phlean teanga Gaeltachta ceadaithe. Táthar ag dréim go mbeidh pleananna i leith suas le ocht limistéar eile réitithe ag Údarás na Gaeltachta le cur faoi bhráid mo Roinne roimh dheireadh na bliana seo. Beidh an maoiniú breise atá ceadaithe chun tacú leis an phróiseas pleanála teanga in 2018 rí-thábhachtach de réir mar a bheidh breis pleananna teanga á gceadú. Anuas air sin, tá forbairt déanta ag mo Roinn ar an chóras faisnéise geografaí, GIS, chun tacú leis an phobal agus pleananna teanga á n-ullmhú acu. Is forbairt shuntasach, cheannródaíoch atá i gceist leis seo. Den chéad uair riamh, beidh staitisticí agus sonraí faoi leith ar fáil i dtaca le gach limistéar pleanála teanga mar aonaid astu féin. Ní amháin go mbeidh sé níos fusa ag lucht pleanála teanga an córas a úsáid, ach cuirfear an t-eolas i láthair ar bhealach atá tarraingteach don phobal trí chéile.

Ag an bpointe seo, ba mhaith liom an deis a thapú chun tréaslú leis na ceanneagraíochtaí ar fud na Gaeltachta atá i mbun ullmhú agus feidhmiú pleananna teanga. Tá obair mhór déanta agus idir lámha ag na heagraíochtaí sin ar son na Gaeilge, ar son na Gaeltachta agus ar son an phobail ina bhfuil siad ag maireachtáil. Is é an spiorad sin, spiorad na meithle, atá ag croílár an phróisis agus is cóir agus is ceart é sin a aithint.

Ina theannta sin, ar ndóigh, tá obair idir lámha chun an próiseas a bhrú ar aghaidh mar a bhaineann sé leis na bailte seirbhíse Gaeltachta. Chuige sin, tá an t-údarás agus Foras na Gaeilge i mbun oibre le páirtithe leasmhara i Leitir Ceanainn, cathair na Gaillimhe agus Daingean Uí Chúis chun an próiseas pleanála teanga sna bailte sin a bhrú chun cinn. Chomh maith leis sin, tá tús curtha leis an phróiseas pleanála teanga i gCluain Dolcáin, in Inis agus i mBaile Locha Riach i dtreo a bheith in ann aitheantas mar líonraí Gaeilge a bhronnadh ar na ceantair sin. Ní call dom a rá ar ndóigh go leanfaidh mé orm, mar Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as gnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta, le gach iarracht gur féidir agus gur gá a dhéanamh chun an oiread agus is féidir cistíochta a fháil chun tacú leis an phróiseas tábhachtach seo atá, agus a bheidh, ag croílár chlár oibre mo Roinne mar a bhaineann sé leis an Ghaeltacht sna blianta atá romhainn.

Ba mhaith liom anois cúpla focal a rá faoi Údarás na Gaeltachta. Níl aon amhras ach go bhfuil obair thábhachtach déanta ag an údarás anuas tríd na blianta ar mhaithe le saol eacnamaíochta, cultúrtha agus sóisialta phobal na Gaeltachta a chur chun cinn. De thoradh na hoibre atá ar bun ag foireann dhíograiseach an údaráis ar son na Gaeltachta ar bhonn leanúnach, tá deiseanna fostaíochta agus fiontraíochta cothaithe agus cruthaithe i gceantair nach bhfaigheadh na deiseanna sin murach gur ann don eagraíocht. Ní gá a rá go bhfuil an obair atá déanta agus idir lámha ag an eagraíocht thar a bheith tábhachtach chun pobal bisiúil na Gaeltachta a chaomhnú agus a chothú.

Is ábhar sásaimh é mar gur éirigh leis an údarás 559 post a chruthú anuraidh agus gur cuireadh €300,000 breise ar fáil don eagraíocht do 2018. Fágann sé sin gurb é €7 milliún an bunlíne nua caipitil i mbuiséad 2018 don údarás. Ní miste dom a lua freisin go bhfuil allúntas breise de €1.5 milliún in airgead caipitil curtha ar fáil don údarás i mbliana, chomh maith le €2.4 milliún anuraidh. Fágann sé sin go bhfuil €3.9 milliún sa bhreis ar an bhunlíne curtha ar fáil don údarás le dhá bhliain anuas, idir 2016 agus 2017. Táim sásta go dtabharfaidh an t-allúntas breise seo deis don údarás roinnt tograí caipitil tábhachtacha a bhrú chun cinn in 2018 agus tuilleadh fostaíochta a chruthú sa Ghaeltacht dá bharr.

Tuigfidh an Teach gur ar an Roinn Oideachais agus Scileanna a thiteann an fhreagracht an polasaí don oideachas Gaeltachta 2017-2022 a chur i bhfeidhm. D'fhéadfaí á rá gur aisfhreagra suntasach is ea an polasaí seo ar a bhfuil ráite agus molta sa straitéis 20 bliain mar a bhaineann sé le cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht. Mar léiriú breise ar dháiríreacht leanúnach an Rialtais seo chun cúram a dhéanamh do chur i bhfeidhm na straitéise, is díol suntais é go bhfuil aonad pholasaí oideachais Gaeltachta faoi leith bunaithe cheana féin ag mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta Bruton, chun cur i bhfeidhm an pholasaí a bhrú chun cinn. Léiríonn sé seo uile go bhfuil céim thábhachtach eile chun cinn glactha ag an Rialtas ar son na Gaeilge agus cur i bhfeidhm córasach na straitéise.

Foilsíodh torthaí an athbhreithnithe ar Bhille na dteangacha oifigiúla (leasú) 2014 i mí Aibreán 2014. De bharr mhíshástacht le cuid de na leasuithe a bhí molta, níor foilsíodh an Bille agus tógadh cinneadh athbhreithniú eile a dhéanamh ar an mBille ag an am sin. Tar éis tréimhse fada comhairliúcháin, foilsíodh ceannteidil an Bhille úr i mí Meitheamh na bliana seo. Tá iarracht déanta sna ceannteidil seo dul i ngleic le dhá mhórcheist - na scéimeanna teanga agus an earcaíocht sa tseirbhís phoiblí. Mar sin, mar chuid den Bhille nua, tá sé i gceist córas na gcaighdeán a thabhairt isteach in áit na scéimeanna teanga. Faoin gcóras seo, bheadh rangú le déanamh ar chomhlachtaí poiblí, ag baint úsáide as rialacháin chun caighdeáin a leagan síos do na comhlachtaí sin. Ar an mbealach seo, beidh muid in ann a chinntiú go mbeidh na caighdeáin is airde ó thaobh úsáid na Gaeilge de bainteach leis na heagraíochtaí a mbíonn ag soláthar seirbhísí don phobal, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh.

Má tá an chórais nua seo chun a bheith éifeachtach, beidh orainn díriú isteach ar chúrsaí earcaíochta. Is é ceann de na príomhfhadhbanna a chuireann bac ar sheirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge ná nach bhfuil na daoine leis na scileanna cuí fostaithe sna hoifigí cuí. Má tá muid chun feabhas a chur air seo, caithfidh an Stáit líon na bhfostaithe Stáit atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge a mhéadú agus a chinntiú go bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh Stáit atá ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta. Chuige sin, beidh sé mar chuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh na comhlachtaí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Ní tharlóidh sé seo thar oíche. Creidim gurb í an earcaíocht croílár na ceiste, agus táim dóchasach gur féidir tógáíl, ar bhonn chéimiúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge agus, ag eascairt as sin, go mbeimid in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge mar is cóir.

Faoi láthair, tá mo Roinn ag obair i gcomhréir le hOifig an Ard-Aighne chun an Bille a dhréachtú. Ag an am céanna, agus ó foilsíodh na ceannteidil, táthar i mbun comhairliúcháin leis na Ranna Stáit ábhartha, eagrais Gaeilge agus Gaeltachta, an Coimisinéir Teanga, agus páirtithe leasmhara eile le cinntiú go mbeidh an Bille is fearr agus is éifeachtaí agam le tabhairt os comhair an Oireachtais. Tá na ceannteidil curtha faoi bhráid Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán chun scrúdú réamhreachtach a dhéanamh orthu, agus táthar ag súil go mbeidh an Bille réidh le foilsiú sa chéad ráithe de 2018.

Díreoidh mé anois ar an Ghaeilge san Aontas Eorpach. Tá síneadh cúig bliana eile go 31 Nollaig 2021 curtha leis an mhaolú atá i bhfeidhm maidir le húsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Chomhaontaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh ar 3 Nollaig 2015 rialacháin a dhéanamh lena leagtar amach méadú incriminteach ar na catagóirí de reachtaíocht an AE atá le haistriú go Gaeilge agus leanúint lena gcur chuige réamhghníomhach i dtaobh eolas a chuirtear ar fáil i nGaeilge faoi ghníomhaíochtaí an AE a mhéadú. Tá roinnt céimeanna tógtha anseo in Éirinn agus sa Bhruiséil chun tabhairt faoi dheireadh a chur leis an maolú in 2021. Tá ionad náisiúnta barr feabhais bunaithe ag mo Roinn chun oiliúint chuí a chur ar chéimithe le Gaeilge agus chun feidhmiú mar phointe teagmhála d'institiúidí an Aontais Eorpaigh más mian leo daoine a fhostú ar chonarthaí sealadacha.Tá obair ar siúl ag an gCoimisiún Eorpach agus ag institiúidí an Aontais chun a chinntiú go n-earcófar líon dhóthanach pearsanra le Gaeilge chun deireadh céimiúil an mhaolaithe a bhainistiú. Chuige seo, reáchtáil mo Roinn, i gcomhar leis an Aontas Eorpach, comhdháil coicís ó shin i mBaile Átha Cliath a bhí dírithe ar líonra saineolaithe a fhorbairt in Éirinn chun cur le caighdeán oibre na dteangeolaithe agus dlítheangeolaithe sna hinstitiúidí Eorpacha. An tseachtain chéanna, reáchtáil an Roinn, i gcomhar leis an ionad taighde ADAPT, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, seimineár lae ar chomhordú acmhainní na dteangacha Eorpacha in Éirinn. Faoin togra seo, tá an Coimisiún Eorpach ag tacú leis an Roinn agus le ADAPT chun ardán aistriúcháin uathoibreach a fhorbairt don Ghaeilge. Beidh an t-ardán seo tairbheach d'aistritheoirí in institiúidí an Aontais chun dul i ngleic leis an tromualach aistriúcháin.

Ag tús na míosa seo d’eagraigh an Roinn, i gcomhar le Cúirt Bhreithiúnais an Aontas Eorpaigh, seisiún eolais maidir le deiseanna fostaíochta do chéimithe le dlí agus an Ghaeilge i Lucsamburg. Rinne ard-stiúrthóir aistriúcháin an Chúirt Bhreithiúnais san Aontas Eorpach cur i láthair do chéimithe, do mhic léinn, d'abhcóidí agus d'aturnaetha faoi na deiseanna earcaiochta sa chúirt. Tá an Roinn ag obair faoi láthair ar scéim úr socrúcháin oibre a réiteach chun intéirnigh a chur chuig na hinstitiúidí Eorpacha ar feadh tréimhse cúig mhí. Beidh na hintéirnigh seo i mbun obair aistriúcháin le linn na tréimhse seo. Cuideoidh an scéim le hintéirnigh oiliúint a fháil ó na hinstitiúidí. Leis na forbairtí seo uile, táim lán-mhuiníneach go mbeidh ar ár gcumas deireadh a chur leis an maolú in 2021.

Bunaíodh an ciste tríú leibhéal thar lear in 2006 chun teagasc na Gaeilge a chur chun cinn in institiúidí tríú leibhéal i dtíortha eile. Is iad aidhmeanna an chiste dea-thoil i leith na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh i gcoitinne a spreagadh agus a chothú trasna na hEorpa, i Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada agus níos faide i gcéin. Tríd an tionscnamh seo, cruthaítear ardán don Ghaeilge trínar féidir eolas a chur uirthi ar bhonn idirnáisiúnta. Cuireann sé go mór le scoláireacht na Gaeilge i measc an phobail acadúil idirnáisiúnta agus méadaítear stádas na teanga dá réir. Tá ag éirí go han-mhaith leis an tionscnamh seo agus tá méadú leanúnach tagtha ar na hiarratais faoin scéim ó bhliain go bliain. Mar léiriú ar sin, ceadaíodh deontais de €1.8 milliún san iomlán don tréimhse 2016-2017 go 2018-2019 le os cionn 40 ollscoil agus coláistí tríú leibhéal timpeall an domhain. Tugann an cúnamh seo deis chomh maith d'ollscoileanna Eorpacha, don Choimisiún Fulbright agus don Fhondúireacht Ollscoile Éireann Cheanada scoláireachtaí a bhronnadh ar mhic léinn chun cuairt a thabhairt ar Éirinn agus freastal ar chúrsaí Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta i rith an tsamhraidh.

Tá sár-obair ar bun ag na heagraíochtaí taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, ag obair go díograiseach chun úsáid na teanga a chaomhnú agus a fhorbairt ar fud na tíre, agus is deas liom gur tugadh aitheantas dóibh sa bhuiséad. Tá ceannáras nua anois ag Foras na Gaeilge, agus iad anois lonnaithe ar Shráid Amiens i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, agus guím gach rath orthu san ionad nua seo. Bíonn Foras na Gaeilge ag gníomhú ar bhonn leanúnach i gcomhréir leis an sé cheanneagraíocht atá faoina chúram, is iad sin Gaelscoileanna Teoranta, Gael Linn, Glór na nGael, Oireachtas na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Cumann na bhFiann. Tionólfar Oireachtas na Samhna na bliana seo idir 1 Samhain agus 5 Samhain i gCill Airne, agus ba mhaith liom moladh go láidir do Chomhaltaí freastal ar an bhféile seo más féidir. Beidh mise ansin.

Tá Foras na Gaeilge freagrach as oibriú le pobail i mbailte seirbhíse Gaeltachta, de réir mar is cuí, agus i líonraí Gaeilge chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna ceantair sin, agus cuidíonn siad le pobal na Gaeilge agus lucht spéise na Gaeilge ar fud an domhain trí bhéim a chur ar sheirbhísí agus áiseanna ar líne. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil do réimse leathan tionscadal trí scéimeanna éagsúla a chuidíonn leis an aos óg. Tá an scéim Gaelbhratach dírithe ar scoileanna agus ag feidhmiú i 70 scoil. Tá deiseanna foghlamtha á gcur ar fáil chomh maith trí scéim na gcampa samhraidh. Tá scéimeanna agus tionscadail ar fáil ón bhforas chun úsáid na teanga sna healaíona, sna meáin agus sna hilmheáin a chur chun cinn, lena n-áirítear scéim na gcomplachtaí drámaíochta, scéim na bhféilte, scéim na foilsitheoireachta agus scéim na dtionscadal litríochta. Tuigtear an ról an-tábhachtach atá ag gnólachtaí maidir le forbairt agus spreagadh na Gaeilge, go háirithe sna limistéir pleanála teanga. Cuirtear tacaíocht ar fáil ón bhforas d'fhorbairt na Gaeilge san earnáil ghnó tríd an bhfeachtas feasachta Gnó Means Business agus trí scéimeanna ar nós scéim na gcomharthaí dátheangacha.

Is cuid luachmhar dár n-oidhreacht logainmneacha na tíre. Tá forbairt leanúnach á dhéanamh ar an suíomh logainm.ieag an mBrainse Logainmneacha, ar cuid den mo Roinn é, i gcomhar le Fiontar agus Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus le tacaíocht airgid ón Rialtas. Sa bhliain 2017, mar shampla, scrúdaigh agus shocraigh an brainse na leaganacha Gaeilge do 400 logainm i gContae Chill Mhantáin, agus do 200 logainm i gContae Chiarraí. I gcaitheamh na bliana freisin, cuireadh na leaganacha Gaeilge do 1,500 logainm i gContae Laoise os comhair an Choiste Logainmneacha le hiniúchadh. Is coiste Stáit neamhspleách é an Coiste Logainmneacha, ceaptha agamsa, agus a oibríonn ar bhonn deonach agus tá moladh mór ag dul do bhaill an choiste sin as a gcuid oibre. Tá an-éileamh ar an suíomh logainm.ie. I gcaitheamh na míosa seo caite, mar shampla, thug 26,000 cuairteoir uathúil cuairt ar an suíomh agus sa bhliain 2016, tháinig fiosrúcháin tríd an suíomh idirlín céanna faoi isteach is amach le 1,000 logainm.

Creidim go láidir go bhfuil féidearthachtaí móra ann cuidiú le cur chun cinn na Gaeilge tríd an teicneolaíocht. Is cúis sásaimh agus dóchais é an chaoi go bhfuil an Ghaeilge le fáil go forleathan cheana ar na meáin dhigiteacha. Tóg mar shampla na hardáin éagsúla ilmheáin atá forbartha ag RTE, TG4 agus RTE Raidió na Gaeltachta. Tá tábhacht ar leith le nuachtáin agus irisí Gaeilge ar nós tuairisc.ie agus an Irish Independent achan dara Céadaoin. Tá forbairtí mhóra déanta agus á ndéanamh ar chorpas na Gaeilge leis an bhfoclóir nua foclóir.ieagus an suíomh téarma.ie. Chomh maith leis sin, tá tacaíocht á tabhairt ag mo Roinn d'Acadamh Ríoga na hÉireann chun foclóir stairiúil na Gaeilge a chur i gcrích. Bhí mé ar ócáid stairiúil aréir in oifigí Acadamh Ríoga na hÉireann. Anuas ar na forbairtí seo go léir, tá córais ríomhaistriúcháin don Ghaeilge forbartha ag DCU agus TCD agus tá an tionscadal taighde abair.iei gColáiste na Tríonóide ag déanamh tuilleadh forbartha ar shintéiseoir Gaeilge, is é sin, córas inar féidir téacs scríofa a aistriú go caint bheo i gcanúintí éagsúla.

Chun na deiseanna teicneolaíochta seo ar fad a threisiú san am amach romhainn, tá plean digiteach don Ghaeilge á ullmhú faoi láthair le tacaíocht na Roinne agus tá súil agam go mbeidh sé réidh le seoladh gan mhoill. Chomh maith leis seo, tá maoiniú cheithre bliana ceadaithe ag mo Roinn don tionscadail Gaeltech chun tuilleadh taighde agus forbairt a dhéanamh ar theicneolaíocht na Gaeilge maidir le próiseáil teanga nádúrtha na Gaeilge atá á chur i gcrích ag an ionad ADAPT in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Mar atá ráite go minic roimhe seo, ní miste dom a threisiú arís gur dóigh liom go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na hacmhainní nádúrtha is luachmhaire atá againn. Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ag baint le pobal labhartha láidir Gaeilge agus Gaeltachta a chothú chun saibhreas oidhreachta na teanga a choinneáil beo amach anseo agus a thabhairt slán don chéad ghlúin eile. Cé go bhfuil an Rialtas tiomanta gach a dhéanamh laistigh dá chumhacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn, tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar an bpobal. Tá a fhios againn go bhfuil dearcadh dearfach ag tromlach an phobail i leith na teanga. Tá orainn timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach as a gcuid Gaeilge a úsáid, is cuma cén leibhéal cumais atá acu inti. Tá sé riachtanach go leanfar ag baint leas as an teanga mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht agus go gcuirfear an teanga chun cinn ar bhonn níos forleithne taobh amuigh den Ghaeltacht.

Ar deireadh, ba mhaith liomsa tiomantas agus dáiríreacht an Rialtais i leith chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain a threisiú uair amháin eile anseo inniu. Táim sásta go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh maidir le raon leathan gníomhaíochtaí faoin straitéis a chur i bhfeidhm de réir a chéile. Tá mé ag súil go mór leis an díospóreacht a tharlóidh amach anseo sa Seanad inniu.

Photo of Catherine ArdaghCatherine Ardagh (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte mór ar ais chuig an Seanad roimh an Aire Stáit. Ní bheidh mé ag úsáid mo chuid ama go léir.Tá sé mar chuspóir ag Fianna Fáil ó thráth a bhunaithe an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo i measc na ndaoine agus cearta na ndaoine a labhraíonn an teanga a chosaint. Tá an teanga náisiúnta mar cheann de seoda cultúrtha na tíre seo. Ní féidir cur síos ar an tábhacht chinniúnach atá léi dá réir. Agus níos mó ná 100 bliain caite ó tharla Éirí Amach 1916, is ríghéar an gá borradh agus brí a chur an athuair sna hiarrachtaí úsáid na Gaeilge a bhuanú agus a fhorbairt.

Seasann Fianna Fáil go daingean leis an straitéis 20 bIiain don Ghaeilge, a thug ár bpáirtí chun cinn agus muid sa Riaitas, agus lena chur i bhfeidhm. Thug an páirtí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 isteach chun bonn reachtaíochta a chur don chéad uair faoi na cearta maidir leis an teanga atá mar dhlúthchuid den Bhunreacht. Bhí Fianna Fáil i mbun feachtais ar son maoiniú breise don Ghaeilge roimh an mbuiséad. Dá bhrí sin, cuirimid fáilte roimh an maoiniú breise de €2.5 milliún le haghaidh an straitéis 20 bliain a chur chun cinn a bheidh ar fáil an bhliain seo chugainn. Is díol trua nach raibh aon dhúthracht maidir leis an teanga, nó le cearta teanga a chosaint, ag rith dáiríre leis an Rialtas roimhe seo, a bhí faoi cheannas Fine Gael. Ní mór ceannródaíocht leanúnach agua cistíocht ionas go mbeadh rath ar an straitéis 20 bliain a thabhairt i bhfeidhm. Anuas air sin, leagadh amach mar ghealltanas i gclár an Riaitais sa bhliain 2011 go ndéanfaí smaoineamh ar deireadh a chur leis an nGaeilge éigeantach san ardteistiméireacht. Is léiriú eile é sin ar mheon Fhine Gael.

Mar is eol dúinn, tá polasaí láidir ag Fianna Fáil i leith na Gaeilge. Bhí cur chun cinn na Gaeilge mar bhunaidhm ariamh ag an bpáirtí ó bunaíodh é sa bhliain 1926. Idir 1997 agus 2011 thóg Fianna Fáil céimeanna móra leis an nGaeilge a chur chun cinn. Mar shampla, tógadh isteach Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga, bunaíodh Foras na Gaeilge, cuireadh cearta teanga san áireamh i ndlíthe éagsúla ar nós Achtanna oideachais agus Achtanna pleanála agus bunaíodh Coimisiún na Gaeltachta. Glacadh leis an straitéis 20 bliain agus tháinig forbairt air. Chinntíomar go ndearnadh mórchuid caiteachais ar bhunstruchtúir Gaeltachta agus Gaeilge. Bunaíodh an Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. I rith ár dtréimhse in oifig, tháinig méadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht.

Nuair a d'fhoilsigh Fianna Fáil a manifesto le haghaidh olltoghchán na bliana 2016, shocraíomar ar fheachtasaíocht a dhéanamh ar son spriocanna éagsúla, ina measc go mbeadh Aire sinsearach ann a bheadh an Ghaeltacht agus an Ghaeilge mar phríomhchúraimí air nó uirthi; go gcuirfear coiste Oireachtais ar bun a bheadh freagrach as gnóthaí na Gaeltachta agus na Gaeilge; go dtabharfaí faoi na deacrachtaí cistíochta atá ag Foras na Gaeilge agus ag Údarás na Gaeltachta trí acmhainní breise a chur ar fáil dóibh; agus go gcinnteofar go mbeadh an Ghaeilge i gcónaí mar chroíchuid den churaclam le haghaidh an teastas sóisearach agus an ardteistiméireacht. Cé nach bhfuil Fianna Fáil sa Riaitas, táimíd ag gníomhú go tairbheach ar bhinsí an Fhreasúra ag féachaint leis na haidhmeanna polasaí seo a bhaint amach. Dírítear ar an nGaeilge faoi thrí chinn de théamaí i gclár an Rialtais: an straitéis 20 bliain, cúrsaí teanga agus eacnamaíochta sa Ghaeltacht agus an Ghaeilge mar theanga iomlán oibre de chuid an Aontais Eorpaigh. Coinneoidh Fianna Fáil an Rialtas dílis do na gealltanais dá réir sin.

Photo of Pádraig Ó CéidighPádraig Ó Céidigh (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit chuig an Teach inniu. Tá a fhios agam go bhfuil sé dáiríre faoin Ghaeilge agus faoin chultúr. Thug sé léargas an-iomlán dúinn faoin méid atá ag tarlú faoina cheannaireacht. Tá cúpla rud le rá agam. Agus mé ag breathnú timpeall an Seomra seo, is léir nach bhfuil mórán dúinn i láthair. Cén suim dáiríre atá againn ó thaobh cúrsaí Gaeilge, cultúrtha agus teanga de? Ba chóir go mbeadh i bhfad níos mó Seanadóirí anseo ach, faraoir, níl.

Ba mhaith liom ceithre phointe a dhéanamh san óráid seo. Tá an-suim sa Ghaeilge i measc an phobail. Léirigh torthaí daonáireamh na bliana seo caite gur bhfuil Gaeilge ag breis agus 1.7 milliún duine sa tír seo, nó idir 40% agus 50% de dhaonra na hÉirinn. Is léir go bhfuil suim acu sa teanga. Ba mhaith liom a chur i leith an Aire Stáit go bhfuil an straitéis 20 bliain don Ghaeilge lochtach. Inseoidh mé cúpla fáth go bhfuil lochtanna móra sa phlean. Ba mhaith liom freisin cúpla tuairim nó moltaí pearsanta a chur in iúl don Aire Stáit maidir leis an gcaoi inar féidir an Ghaeilge a fhorbairt. Ar aon leis an Aire Stáit, beidh mé i láthair ag Oireachtas na Samhna. B'fhéidir go mbeidh damhsa sean-nós againn lena chéile.

Is dóigh liom go bhfuil an Ghaeltacht i gcruachás. Ní bheidh aon Ghaeltacht ann faoi deich mbliana eile, faraoir. Tá bearna mór idir sheirbhísí an Stáit agus pobal na Gaeltachta. Tá mé ag caint faoi dhaoine ar nós mise, a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht agus atá fós ina gcónaí ann. Bhí sé mar bhunaidhm ag an bplean 20 bliain go meadofaí lucht labhartha na Gaeilge ó 83,000 go 250,000 roimh 2030. Tá muid beagnach leath bealaigh tríd an tréimhse sin agus, mar is eol don Aire Stáit, táimid ag dul sa threo mícheart. Tá líon na gcainteoirí laghdaithe ó 83,000 go 73,000. Bhí sé mar aidhm freisin go mbeadh méadú de 25% ar líon na cainteoirí dúchais ó 23,000 go dtí 29,000, ach tá an grúpa sin laghdaithe ó 23,000 go dtí 20,600. Tá na fírící ag rá rud difriúil. Faraoir, táimid ag dul an bealach mícheart. Mar gheall ar sin, ceapaim go raibh an plean lochtach ón tús, faraoir. Is dóigh liom go bhfuil cúpla cúis leis seo.

Ó thaobh infheistíochta de, tháinig laghdú de 70% ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta ó 2007 go dtí 2016. Mar chomparáid, tá méadú de 24% tagtha ar bhuiséad IDA Ireland agus tá méadú de 19% tagtha ar bhuiséad Fiontraíocht Éireann. Céard a léiríonn an easpa suime seo do dhaoine atá ag obair sa Ghaeltacht agus in Údarás na Gaeltachta? Cuireann sé gliondar orm go bhfuil an tAire Stáit agus an Roinn ag breathú ar sin agus go bhfuil méadú beag tugtha don údarás le haghaidh 2018, ach tá i bhfad níos mó ag teastáil leis an údarás a chur ar an leibhéal céanna leis na heagrais Stáit atá ag plé le fostaíocht in áiteanna nach ceantracha Gaeltachta iad.

Maidir le cúrsaí oideachais, tá scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge fíorthábhachtach do na Gaeltachtaí agus do dhaoine a chuireann a gcuid gasúir chuig na Gaeltachtaí. Is sa Ghaeltacht a fhaigheann daoine óga an spreagadh ó thaobh na Gaeilge agus cultúir de. Idir 2011 agus 2015, tháinig laghdú de 15% ar thacaíocht na Roinne don scéim sin. Faraoir, tá sé ag dul an treo mícheart. Is fiú €20 milliún don eacnamaíocht áitiúil na colaistí Gaeilge, agus téann thart ar 40 cent as chuile €1 as sin ar ais go dtí an Stát. Dá bhrí sin, dá mbéinn ag plé le infheistíocht, chuirfinn an t-airgead isteach san earnáil seo. Bíonn return on investment de 40% ann chuile bliain.

Mar is eol don Aire Stáit, tugann na gníomhaíochtaí seo deis do mhná tí na Gaeltachta ioncam breise a fháil. Cabhraíonn sé le turasóireacht agus le fostaíocht áitiuil. Ba chóir an gné seo a fhorbairt le tacaíocht a thabhairt do níos mó paistí agus deagóirí theacht chuig na Gaeltachtaí le haghaidh cúrsaí seachtaine agus cúrsaí trí seachtaine. Spreagadh sé sin méadú ar an méid cúrsaí atá ann faoi láthair. Ba cheart freisin go dtabharfaí deiseanna do státseirbhísigh cúrsaí seachtaine nó deireadh seachtaine a dhéanamh i gceantracha Gaeltachta ar nós na Dúnaibh - áit dúchais an Aire Stáit - agus Conamara. Ba chóir é sin a ghríosadh i measc na státseirbhísigh. Bíonn mé ag caint le go leor acu. Ba bhreá leo deis mar seo a fháil. Ní dóigh liom go gcosnódh sé mórán airgid.

Tá 143 bhunscoil agus 41 iarbhunscoil sa Stát atá ag múineadh na hábhair trí mheán na Gaeilge agus iad ag freastal ar níos mó ná 60,000 scoláire. Tá fadhb an-mhór ann maidir le easpa múinteoirí, go háirithe i mBaile Átha Cliath. Baineann sé seo leis an Roinn Oideachais agus Scileanna ar chuid bheag nó cuid mhór. Tá fadhb níos mó arís ag Gaelscoileanna de bharr an easpa múinteoirí atá ábalta na hábhair a mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Níl na scoileanna sin in ann múinteoirí a fháil. Tá daoine atá imithe amach ar phinsean á dtabhairt ar ais le ranganna a mhúineadh anseo is ansiúd. Tá sé seo ag cruthú fadhbanna inniu agus cruthóidh sé i bhfad níos mó fadhbanna faoi cheann cúig nó deich mbliana eile. Tá dhá chúis leis an easpa múinteoirí seo - an pá íseal agus an costas mór maireachtála í mBaile Átha Cliath.

Maidir le cúrsaí gnó, is as ceantar na Dúnaibh an Aire Stáit. B'fhéidir go mbeidh sé ag togáil amach i gComórtas Peile na Gaeltachta 2018, a bheidh ar siúl sna Dúnaibh faoi cheann cúpla mí eile.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cinnte.

Photo of Pádraig Ó CéidighPádraig Ó Céidigh (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ceantar álainn é. Tar éis dom bheith thuas ann ag Comórtas Peile na Gaeltachta cheana, tá a fhios agam go bhfuil muintir an Dúnaibh an-bhródúil as an Aire Stáit. Mar is eol don Aire Stáit go maith, tá na Dúnaibh os cionn ceithre uair an chloig as Baile Átha Cliath. Tá rudaí áirithe ag teastáil ansin ó thaobh cúrsaí gnóthaí de. Caithfimid breathnú ar féidearthachtaí áitiúla. Tá Slí an Atlantaigh Fhiáin an-mhaith, ach cé go gcabhraíonn an méid atá á dhéanamh ag Fáilte Éireann sa chomhthéacs sin, tá níos mó tacaíochta ag teastáil le indigenous industries, mar a deirtear i mBéarla, a chothú agus a neartú. Tá ceantair ar nós na Dúnaibh ag brath go mór ar chúrsaí turasóireachta, ach ní mhaireann séasúr na turasóireachta níos mó ná dhá mhí sa bhliain. Sin an méid. Mar a phléigh mé leis an Aire Stáit roimhe seo, tá an-suim ag pobal na Dúnaibh sa Ghaeilge agus i bhforbairt na Gaeilge. Caithfear níos mó tacaíochta a thabhairt don phobal sin.

Níl na Ranna Stáit ar an leathanach céanna ar chor ar bith, faraoir. Tá silo effect ann ar bhealaí éagsúla. Déanann dream amháin cuid amháin agus déanann dream eile cuid eile. Dúirt an tAire Stáit ina óráid go bhfuil sé ag déanamh iarrachta iad a tharraingt le chéile níos mó. Tá céim láidir chun cinn tógtha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ó thaobh múineadh na Gaeilge agus scrúdúcháin Gaeilge sna Gaeltachtaí, ach tá i bhfad níos mo den chineál sin oibre ag teastáil. Tá leathanbhanda ag teastáil go géar. Mar is eol don Aire Stáit, tá fadhbanna móra sa chóras pleanála. Tá daoine ann nach bhfuil in ann tithe a cheannach agus atá ag iarraidh tithe a thógáil ar na garraithe atá acu. Cuireann siad isteach ar chead pleanála ionas gur féidir leo cónaí i gceantar an Seanadóir Ó Clochartaigh i Ros Muc, i mo cheantar sa Spidéal, sna Dúnaibh, i Ráth Chairn nó thíos sa Daingean, ach bíonn srianta craiceáilte orthu ó thaobh cúrsaí pleanála de. Caithfear an próiseas a oscailt suas. Labhair an tAire Stáit faoi phleanáil teanga sa teaghlach, ach ní bheidh aon teaghlaigh sna ceantair atá luaite agam agus ní bheidh éinne in ann cónaí sna Gaeltachtaí muna bhfuil daoine in ann tithe a thógáil, rud atá fíor-deacair agus atá ag éirí i bhfad níos deacra.

Photo of Paul CoghlanPaul Coghlan (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá nóiméad amháin eile fágtha ag an Seanadóir.

Photo of Pádraig Ó CéidighPádraig Ó Céidigh (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá go leor eile le rá agam, ach críochnóidh mé i gceann nóiméad nó dhó. Is fiú aird a tharraingt ar an méid a dúirt an tIar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, le comhchoiste Oireachtais go gairid sular éirigh sé as oifig maidir le cur i bhfeidhm na straitéise don teanga. Labhair mé leis an Uasal Ó Cuirreáin ina dhiaidh sin. Dúirt sé, mar gheall nach ndéantar aon iniúchadh nó athbhreithniú neamhspleách ar chur i bhfeidhim na straitéise 20 bliain don teanga, níl aon shoiléireacht againn ar cé chomh éifeachtach is atá sé. Ní gá ach Google a úsáid le breathnú ar thorthaí an daonáirimh ó 2011 agus 2016 le foghlaim go bhfuilimid ag dul an treo mícheart, faraoir. Creidim san Aire Stáit. I believe in the Minister of State. Tá a fhios agam go ndéanfaidh sé chuile iarracht. Is minic a rinne mé botún. Tá go leor daoine a dhéanann botúin. Má tá rud éigin mícheart - nílim ag rá go bhfuil botúin á ndéanamh ag an Aire Stáit - is é an rud is fearr le déanamh ná tosú arís. Mholfainn go láidir don Aire Stáit athbhreithniú a dhéanamh ar an méid atá ar siúl faoi láthair agus tosú arís le straitéis nua ó thaobh na Gaeilge de.

Photo of Maura HopkinsMaura Hopkins (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit, an Teachta McHugh. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta as a dtiomantas d'fhorbairt na Gaeilge. Bíonn roinnt deiseanna againn an Ghaeilge agus todhchaí na teanga a phlé sa Teach seo. Cuirim fáilte roimh na deiseanna sin. It is unfortunate that many people, including me, are not líofa sa Ghaeilge. This presents us with significant challenges with regard to the future development of the language. It is crucial that we work to make Irish more visible in our society. I welcome the work of the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht and the Minister of State, Deputy McHugh, on the implementation of the 20 year strategy for the Irish language.

The results of last year's census with regard to the Irish language, which were published recently, show that the trends continue to remain challenging. At the 2016 census, 39.8% of people said they were able to speak Irish, compared with 41.4% in the 2011 census. The number of people in Gaeltacht areas who speak Irish on a daily basis decreased by over 2,500 between 2011 and 2016. This is why the 20 year national strategy for the Irish language, which was launched in 2010, is so vital. This strategy provides us with an essential plan to make the use of Irish more visible in society, both as a spoken language and within areas like signage, literature and arts. Tá sé riachtanach anois go dtugann an plean seo buntáistí fíora do dhaoine. An bhliain seo caite, chuir an comóradh 100 bliain fócas athnua ar ár n-oidhreacht. Ní mór dúinn úsáid a bhaint as an bhfócas seo chun an teanga a chur chun cinn. It is important that there is an increase in the number of families throughout the country who use Irish as their daily means of communication.

Molaim an tAire Stáit as na hiarrachtaí atá déanta aige maoiniú méadaithe a chinntiú don teanga agus don Ghaeltacht i mbuiséad na bliana seo chugainn. The provision of an additional €2.5 million in budget 2018 builds on the additional €2.5 million provided in budget 2017. The total budget for this year will be more than €62 million. This funding is needed to begin to reverse the trend in the decline of the Irish language. The additional €1.4 million provided for language planning is very welcome to support the 20 year strategy. I am pleased that the language plans which were approved by the Minister of State, Deputy McHugh, last month can now go forward for implementation. I welcome the provision of €687,000 for the Department's support schemes outside the Gaeltacht.

Irish is much more than a language of the people. It is part of who we are as Irish people. It is a key thread in the fabric of Irish society. Mar shampla, bíonn campaí samhraidh ar siúl gach bliain i mBealach an Doirín. Tá go leor suime sa bhaile. It is important that we continue to encourage people outside the Gaeltacht areas to engage with the Irish language. I have spoken previously in the House about the work of Údarás na Gaeltachta. It is very positive that it received an increased funding allocation in the recent budget. Údarás na Gaeltachta has been creating employment and has introduced valuable initiatives to support the linguistic, economic, cultural and social development of the Gaeltacht. This increased investment in the organisation will give it the capacity to build on its work to date in a meaningful manner. Tá a lán deacrachtaí os comhair na Gaeilge, ach tá a lán deiseanna freisin. Ba chóir dúinn an meath a stopadh. Ní mór dúinn tacaíocht a thabhairt don straitéis 20 bliain ar mhaithe le forbairt na teanga.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Agus muid ag caint faoi chursaí Gaeilge agus Gaeltachta, ba cheart go gcuimhneodh muid ar fhear a d'imigh uainn an tseachtain seo caite, Feargal Ó Cuilinn, a bhí ag obair le Glór na nGael agus le Comhluadar roimhe sin. Gael mór le rá agus fear iontach cneasta ab ea é. Rinne sé an-obair. Tá sé inár gcuimhní ag an bpointe seo.

Bheadh fiúntas níos mó ag baint le ráitis eile ar an nGaeilge sa Seanad dá mbeimid in ann a dhearbhú go cinnte go raibh dul chun cinn bainte amach againn ó mhí Feabhra seo caite. Idir an mhí sin agus an lá atá inniu ann, tháinig titim €850,000 ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta, nuair a thógtar na ceisteanna ar fad san áireamh. Ba mhór an trua é sin, go háirithe i gcomhthéacs an laghdú de 89% a tháinig ar bhuiséad na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán idir 2008 agus 2014. Baineadh 9% den bhuiséad iomlán an bhliain seo caite. I ndáiríre, lig Fianna Fáil síos go dona muid nuair a bhí deis acu brú a chur ar an Rialtas tuilleadh airgid a chur ar fáil, mar a bhí luaite ag pobal na Gaeilge. Níor sheas an Rialtas leis an moladh a bhí sa phlean €18 milliún a chur ar fáil thar cúig bliana.

Foilsíodh roinnt de na pleananna teanga ó bhíomar anseo an uair deiridh le haghaidh ráitis ar an nGaeilge. I ndáiríre, tá éigeandáil sa phróiseas pleanála teanga. Tá sé ar fad ina chíor thuathail. Ní thuigim cén chaoi ina raibh an tAire Stáit ábalta dul ar aghaidh agus an maoiniú a fhógairt do na pleananna teanga gan dul ar ais chuig na dreamanna lena raibh sé ag plé. Chuala muid ar Raidió na Gaeltachta maidin inné go bhfuil diúltaithe ag ceann de na heagraíochtaí pobail atá ag plé leis an bpleanáil teanga i gCois Fharraige leis an tairiscint de €100,000 ar an mbunús nach raibh an plean a d'iarr an Roinn orthu a réiteach bunaithe ar an bhfigiúr sin. D'iarr an Roinn orthu plean níos uaillmhianaí a réiteach. Tá eagraíochtaí i gceantair eile sa chruachás céanna. Cén plean atá ag an Aire Stáit ó thaobh na pleananna teanga? Cén fáth ar athraigh an Roinn na postaí i lár an chluiche? Caithfidh an tAire Stáit soiléiriú a thabhairt dúinn maidir leis an gcaoi inar tháinig an Roinn ar an bhfigiúr de €100,000.Cén chaoi ar tháinig an Roinn ar an bhfigiúr sin do chuile eagraíocht agus chuile ceantar ar fud na Gaeltachta? Cé na cúinsí a úsáideadh? Cén fáth ar cuireadh dhá bhliain go leith d'obair amú ar na daoine sa bpobal a rinne an obair sin? Rinne siad é go deonach agus ní raibh treoir cheart tugtha dóibh ón tús. Nuair a bhí an iar-Aire Stáit, Dinny Mc Ginley, anseo agus é ag fógairt Acht na Gaeltachta 2012, feictear domsa gur tugadh le fios dúinn nach mbeadh deacracht le hacmhainní dá ndéanfadh an pobal na pleananna. Is léir anois go bhfuil fadhb ann.

Tá mé féin agus an Teachta Peadar Tóibín i mbun roinnt cuairteanna ar na ceantair Gaeltachta faoi láthair agus tá cuid mhaith ceisteanna ag teacht chun cinn. Fáiltím roimh an méid atá ráite ag an Aire Stáit maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. B'fheidir go bhfuil míthuiscint idir an Roinn agus an Comhchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus na nOileán ó thaobh brú ar aghaidh agus plé a dhéanamh ar sin ag an gcomhchoiste, mar tá na ceannteidil foilsithe ag an Aire Stáit. Is ceist é sin idir an Aire Stáit agus Cathaoirleach an choiste. Brúifimid ar aghaidh leis sin. Fáiltím leis an méid atá ráite i ráiteas an Aire Stáit agus go bhfuil sé ag cloí leis an rud a bhí leagtha síos ó thaobh earcaíochta. Beidh 20% de daoine nua ag teacht isteach sa Státseirbhís inniúil ar an nGaeilge. Is rud iontach tábhachtach é sin. Caithfimid brú ar aghaidh leis sin.

Ó thaobh na gceantar Gaeltachta, tá dhá rud le feiceáil go soiléir dar liomsa. Is léir go bhfuil an bánú daonra ag cur as do na daoine sna ceantair san iarthar, Tír Chonaill, Maigh Eo, Ciarraí agus araile; go bhfuil easpa fostaíochta ann; agus go bhfuil daoine san aoisghrúpa idir 20 agus 40 imithe as. Dá bhrí sin, tá gá le níos mó infheistíocht caipitil san údarás le tuilleadh fostaíocht a chruthú sna ceantair sin. Níor thagair an Aire Stáit ar chor ar bith don dul amú i leith cúrsaí iompair. Bhí ceisteanna ann ó thaobh an seirbhís aeir go hÁrainn, mar shampla. Tá conradh nua curtha i bhfeidhm ansin a chuireann srian ó thaobh eitiltí breise agus tá sé sin ag cruthú cuid mhaith deacrachtaí. De réir mar a thuigim, tá idirbheartaíocht maidir leis an seirbhís lastais agus an tseirbhís paisinéara amach go hÁrainn. B'fhéidir go mbeadh an Aire Stáit in ann soiléiriú a thabhairt dúinn ar sheasamh an cháis sin.

Ceist eile atá ag teacht chun cinn i ngach ceantar Gaeltachta i láthair na huaire ná drochstaid na mbóithre. Deirtear linn go raibh airgead curtha i leataobh ó thaobh bóithre de ag an Teachta Seán Kyne sular cuireadh amach as an Roinn é. Tagraím ach go háirithe do bhóthar ar an gCeathrú Rua ina bhfuil géarchéim ann i láthair na huaire. Is cás éigeándála é. Bhí súil go dtiocfadh roinnt airgid ón Roinn le tacú leis sin ach creidim nach mbeadh pingin ar fáil ó Roinn an Aire Stáit ó thaobh bhóithre áise agus mar sin de. An bhfuil sé i gceist an scéim sin a thabhairt ar ais? I go leor de na ceantair Gaeltachta tá fadhbanna ollmhóra agus tá gá le tacaíocht den chineál sin.

An rud eile atá ag teacht chun cinn go láidir, agus thagair an Seanadóir Ó Céidigh do seo, ná cúrsaí oideachais agus an géarchéim damanta atá ann ó thaobh múinteoirí atá inniúil ar an nGaeilge. Ag leibhéal na bhunscoile tá sé an-deacair teacht ar mhúinteoirí le Gaeilge. I gceantar amháin Gaeltachta ina raibh mise ag caint le príomhoide, bhí folúntas ann agus bhí 70 le cur faoi agallamh ón bpainéal. Ní raibh oiread agus duine amháin ón bpainéal sin tar éis a rá go raibh sé nó sí inniúil go leor sa Ghaeilge le dul ag múineadh i scoil Gaeltachta. Fuair muintir na scoile sin duine ar deireadh thiar ach b'éigean dóibh obair go crua leis sin a dhéanamh. Tá fadhb an-mhór ansin ó thaobh earcú múinteoirí le Gaeilge.

Tá fadhbanna níos mó ag an dara leibhéal ó thaobh múinteoirí a fháil, is cuma má bhíonn Gaeilge nó Béarla i gceist, in ábhair éagsúla. Nuair a chuirtear an Ghaeilge san áireamh, bíonn sé fíor-dheacair teacht ar mhúinteoirí le haghaidh ábhair faoi leith ar nós na hábhair eolaíochta, ealaíon, ceol agus mar sin de. Is léir go gcaithfear brú ar aghaidh i bhfad níos tapúla ó thaobh múinteoirí a oiliúint. Bhí plean ann sa staidéar cuimsitheach teangeolaíochta go mbunófaí coláiste oiliúna trí mheán na Gaeilge do mhúinteoirí scoile. An bhfuil se i gceist ag an Aire Stáit athbhreithniú a dhéanamh ar sin agus é a bhrú ar aghaidh?

Molaim an scéim atá ann ó thaobh an Ghaeilge a mhúineadh thar lear. Bhí mé ag caint le bean as Tiobraid Árann, Majella O'Meara, atá ag múineadh sa tSlóvaic faoi láthair. Tá sí imithe isteach sa dara bhliain ag múineadh Gaeilge do mhuintir na Slóvaice, creid é nó ná chreid. Níl Gaeilge ar bith ina measc agus tá ag éirí thar barr léi. Tá a fhios agam go bhfuil sé sin ag tarlú in áiteanna go leor. Is scéim mhaith é sin agus tugann sé daoine ar ais go dtí na Gaeltachta chomh maith céanna. Tá moladh mór ag dul do sin.

I ndairíre, maidir leis an straitéis 20 bliain, tá sé deacair creidiúint go bhfuil sé ag dul ar aghaidh i gceart. Nuair a bhí an Aire Stáit os comhair an chomhchoiste - nó b'fhéidir go raibh an Teachta Kyne os ár gcomhair - dúradh linn go dtabharfaí suas go dáta muid agus go mbeadh cáipéis le fáil maidir leis na spriocanna ar fad a bhí sa straitéis agus cé mar a bhí siad sin á mbaint amach. Ní bhfuaireamar an uasdátú sin go fóill cé go raibh muid ag súil leis díreach tar éis an tsamhradh. Tá ámhras orm go bhfuil muid siar i bhfad leis an straitéis 20 bliain. Dar liom, tá sé thar am athbhreithniú iomlán a dhéanamh air. An cheist is mó a thagann chun cinn i gcónaí ná ceist na n-acmhainní. Is cuma an bhfuil muid ag caint faoin straitéis 20 bliain nó Acht na dTeangacha Oifigiúla, bíonn na dreamanna ar fad a bhíonn ag caint linn ag rá nach bhfuil an Rialtas chun na hacmhainní a bhí súil leo a chur ar fáil mar is gá. Is léir ag leibhéal bhord an Rialtais go bhfuil an Aire Stáit ag tochailt timpeall le pinginí beaga suaracha anseo agus ansiúd. Caithfear i bhfad níos mó airgead a bheith curtha ar fáil ag an an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe don Roinn.

Beidh muid ag coinneáil brú ar an Aire Stáit maidir leis na ceisteanna seo. An ceist eile ná, ó thaobh an Dá Chontae is Tríocha agus na cainteanna atá ar siúl ó Thuaidh, léirigh an tAire, an Teachta Coveney, go raibh sé fábhrach ó thaobh Acht na Gaeilge ó Thuaidh. Tá sé mar bhunaidhm go gcuirfear é sin ar bun. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann ráiteas a dhéanamh ag dearbhú go bhfuil sé féin ar son acht féinsheasmhach Gaeilge sna Sé Chontae agus go gcuirfidh sé brú an James Brokenshire bualadh le pobal na Gaeilge mar níor bhuail sé leo go fóill, cé gur bhuail sé leis an Ord Oráisteach agus dreamanna eile. B'fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann ráiteas a dhéanamh ina leith sin.

Photo of Aodhán Ó RíordáinAodhán Ó Ríordáin (Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Um thráthnóna ba mhaith liom i dtús báire tacú leis an méid atá ráite leis an Seanadóir Ó Céidigh mar gheall ar bhás na Gaeltachtaí. Bhí cruinniú agam le baill de Chonradh na Gaeilge le gairid agus bhí an tuairim céanna acu. Bhí siad ag rá ní hamhain go bhfuil fadhb ann sna Gaeltachtaí, ach go bhfuil siad i mbaol báis. Caithfimid bheith níos réabhlóidí má táimid ag iarraidh na Gaeltachtaí a choinneáil agus a shábháil. Tá Páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh straitéis nua a chur le chéile, ionas go mbeimid i bhfad níos réabhlóidí ó thaobh ár bpolasaí Gaeilge de.

Ó thaobh oideachas de, theip go mór orainn mar thír. Is féidir pointí a scóráil ó thaobh páirtí polaitiúla de, ach mar thír agus mar Stát, theip orainn ó thaobh múineadh na Gaeilge agus foghlaim na Gaeilge ó bhunú an Stáit go dtí an lá inniu. Ní dóigh liom gur féidir linn ár méaracha a shíneadh i dtreo aon áit eile ar fud an domhain agus tír a aimsiú ina gcaitheann páistí níos mó na deich mbliana ag foghlaim teanga agus nach bhfuil siad in ann an teanga sin a labhairt go flúirseach nó go líofa. Tá sé dochreidte. Tá a fhios agam go bhfuil an-chuid anailíse déanta ar an gceist seo. Cén fáth nach bhfuil páistí in ann an teanga seo a úsáid? An easpa spéise atá i gceist? An bhfuil fadhb ann le heaspa suime ag tuismitheoirí? Tá sé deacair a rá cén fáth go bhfuil sé mar sin ach tá sé mar sin. Is iar-bhunmhúinteoir mé féin.

Ó thaobh chúrsaí oideachais de, b'fhéidir gur chóir dúinn rud éigin i bhfad níos réabhlóidí a dhéanamh inár mbunscoileanna. B'fhéidir gur chóir dúinn, in achan bunscoile atá againn sa tír, bliain amháin nó dhá bhliain a mhúineadh go huile agus go hiomlán trí Ghaeilge. Ní bheadh an Ghaeilge againn mar ábhar inár scoileanna, ach mar teanga. Ní féidir, i mo thuairimse, Gaeilge a mhúineadh mar ábhar. Ní raibh Gaeilge ar bith agamsa go dtí gur fhreastal mé ar Ghaelscoil sa séú rang. Bhí an meon céanna agam mar ghasúr nuair a bhí mé 12 bliain d'aois. Bhí grá agam don teanga ach ní raibh focal dá laghad agam. Bhí mé tar éis deich mbliana á gcaitheamh ag foghlaim na teanga, ach go dtí go raibh an Ghaeilge á úsáid agam sa rang, sa chlós, le mo chairde agus sna hábhair eile go léir, níor fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge. Ní dóigh liom gur féidir an Ghaeilge a mhúineadh mar ábhar. Caithfear an Ghaeilge a mhúineadh mar teanga. Tar éis deich mbliana ní chainteoir dúchais mé féin ar chor ar bith, ach sílim, ag an staid seo, go bhfuil orainn bheith réabhlóideadh faoin rud seo agus - ní mhaith liom an téarma iachall a úsáid - ach go mbeadh ar gach aon páiste bunscoile bliain amháin a chaitheamh sa bhunscoil céanna ag foghlaim chuile rud trí Ghaeilge.Ar a laghad, bheadh cumas i bhfad níos fearr acu sa teanga ná mar atá acu anois. B'fhéidir go b'fhéadfaimis staidéar a dhéanamh ar sin.

I also wish to go beyond the Irish language community in respect of the training of teachers. I think the Irish language has, unfortunately, become a barrier to many people who wish to pursue a career in primary school teaching. There is evidence to suggest that people from disadvantaged areas, the Traveller community, and migrants view the Irish language as being an unreasonable barrier to their entry into the training colleges. Nobody is suggesting that the Irish language requirement for teaching should be lessened. The standard of Irish one has when leaving a teaching college should be excellent. The suggestion that applicants should have a high standard of Irish on entering teacher training, however, should be challenged.

In my own constituency on the northside, myself, the Northside Partnership and the Marino Institute of Education are providing Irish language tuition for students who are attending second level DEIS schools in which higher level Irish is not available. These students cannot even get the qualification because of the school they attend. We are losing out on generations of excellent primary school teachers, who would be fantastic role models, because of the communities they come from, because of their ethnic backgrounds or because they come from the Traveller community. We need to examine that. The standard of Irish one has on leaving teacher training is more important than the standard of Irish one has on entering. I suggest to the Minister of State that he come to the Marino Institute of Education and see those young people and what they are trying to do. They are trying to get extra tuition in the Irish language to get into teacher training. The Irish language is a barrier for them and is not something they are necessarily positive towards because it is seen to be an unreasonable expectation of them at this stage, even though they would obviously love to be in a position to teach it to a high standard if and when they become primary school teachers.

Mar fhocal scoir, cuireann sé sórt leadráin orm nuair a chloisim polaiteoirí ó pháirtithe éagsúla ag cáineadh a chéile mar gheall ar an méid a rinne siad nó an méid íseal airgid a chuir siad ar fáil don Ghaeilge. Theip orainn mar sochaí, mar Stát agus mar mhórphobal ó thaobh na Gaeilge de. Ní féidir linn a rá go bhfuil an milleáin ar aon pháirtí nó Rialtas faoi leith. B'fhéidir go gcaithfimid teacht le chéile agus a aontú go bhfuil an teanga níos tábhachtaí ná cúrsaí polaitíochta. Sílim féin go bhfuil. B'fhéidir go bhfuil sé thar am dúinn bheith i bhfad níos réabhlóidí faoi na leigheasanna atá de dhíth i láthair na huaire.

Photo of Gabrielle McFaddenGabrielle McFadden (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I would like to share time with Senator O'Reilly.

Photo of Gerry HorkanGerry Horkan (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is that agreed? Agreed.

Photo of Gabrielle McFaddenGabrielle McFadden (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Aidan Matthews in his short poem, "The Death of Irish", captures graphically the cultural impoverishment we suffer if our language goes into terminal decline. It goes:

The tide gone out for good,

Thirty-one words for seaweed

Whiten on the foreshore.

Most of us here would support the Irish language and see it as an integral part of our culture. Most of us would like to see it stronger and more vibrant. Many of us would be willing, as today, to stand up and speak of the need to revive our native tongue. Unfortunately, not all of us feel comfortable standing up and making that speech as Gaeilge. While I commend those lucky enough to be able to do so, I do not in any way criticise those who cannot. It is not their fault. Rather, I am asking the obvious question. Why, after 14 years in school, can most people not speak Irish? It is not that Irish is necessarily a difficult language. Small children can pick it up very easily. Children from English-speaking homes who attend a naíonra for just one year have a better grasp of Irish than many who have spent 14 years supposedly studying the language. Why is it that many of us learned more in three weeks in the Gaeltacht than we did in the entirety of our secondary education? I have a first-hand example of this. My own daughter went to Coláiste Spleodar on Leitir Mealláin. She was picked up on the bus in Baile Átha Luain and there was no ceol as Béarla, no leabhair as Béarla and no caint as Béarla for three weeks. She is now fluent in Irish.

It seems abundantly clear that the greater the degree of immersion in a language, the better we understand it and the more we use it. Molaim an tAire Stáit for what he did last year. The earlier that this immersion begins, the better the outcomes are in terms of language fluency. If we truly want to do more than just pay lip service to the revival of the Irish language, what do we need to do in practical terms? First, we need to support the development of Gaelscoileanna wherever possible. The potential growth market for the Irish language is not in the Gaeltacht, but right across the country, and we can see this working. Second, we should be more creative in making our remaining schools more bilingual or in offering choices to children who do not necessarily have access to a Gaelscoil. If there are two classes for one year in a primary school, could one of them not be offered as Gaeilge? Could we not introduce bilingual teaching, for example, with Irish in the morning and English in the afternoon? Páistí would discuss stair, matamaitic, tíreolaíocht, sometimes as Béarla and sometimes as Gaeilge. Children do not seem to have a problem with this but adults do.

The focus throughout primary school should be on oral competence first, with literacy taking a lower priority. I have a lot more to say but I want to share my time with Senator O'Reilly. I would say that I believe that if we really do have a grá for the language and we really do want it to thrive, the one thing we must not do is nothing. Language decline typically goes through a number of stages. The longer we leave it before we react and engage, the more work we will have to do. We must act before the tide goes out.

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach agus an Seandadóir McFadden. I dtús báire, ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit. Tá sé soiléir go bhfuil sé an-díograiseach agus an-éifeachtach sa Roinn. Tá ár n-oidhreacht, ár stair, béadoideas ár dtír, ár scéalaíocht, ár ndramaíocht agus achan rud eile measctha sa teanga. Is máthair don chultúr í. Is í bunaidhm straitéis na Gaeilge ná go mbeadh méadú ar líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge de ghnáth agus go laethúil. Tá fíanaise sa daonáireamh go bhfuil líon na ndaoine a labhraíonn í go laethúil iontach beag - 21% sa Ghaeltacht. Ba chóir go mbeadh forbairt eacnamaíochta ag an nGaeltacht ach, chomh maith leis sin, ba chóir go bhforbrófar plean teanga labhartha don Ghaeltacht. Táim sásta go bhfuil níos mó airgid sa bhuiséad don Ghaeltacht agus don Ghaeilge. Tá cúpla rud tábhachtach dar liomsa. Aontaím leis an Senadóir Ó Céidigh mar gheall ar daltaí ó achan aicme agus achan ceantar a thabhairt go dtí an Gaeltacht. Ba chóir go mbeadh seans ag gach dalta, seachas daltaí ó teaghlaigh lan-Ghaelacha amháin, agus ag níos mó daltaí dul go dtí an Gaeltacht. Níl aon rud níos éifeachtaí ná sin i mo thuairim. Táim go hiomlán i bhfabhar an beart sin. Táim cinnte faoi mar thuismitheoir agus mar mhúinteoir. Tá sé sin riachtanach.

Chomh maith leis sin tá sé riachtanach níos mó tacaíocht a thabhairt do na daoine taobh amuigh den Ghaeltacht, agus taobh istigh di, atá ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt. Ba chóir go mbeadh ciorcail teanga agus saol sóisialta as Gaeilge acusan agus go mbeadh eachtraí ar siúl inar féidir leo an Ghaeilge a úsáid go rialta. Ba mhaith liom níos mó a rá ach tá an t-am istigh. Táim sásta seans a fháil cúpla rud a rá ach an príomhphointe gur mhaith liom a dhéanamh go láidir ná go bhfuilim go hiomlán i bhfabhar níos mó dáltaí ón ngalltacht a chur go dtí an Ghaeltacht. Cabhródh sé sin do díreach. Tá níos mó maoinithe againn anois agus ba chóir é sin a dhéanamh. Tá sé iontach riachtanach.

Photo of Gerry HorkanGerry Horkan (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúig nóiméad fágtha ag na Seanadóirí agus tá na Seanadóirí Ó Domhnaill, Ó Donnghaile agus Mulherin ag iarraidh cainte. Is é an Seanadóir Ó Domhnaill an chéad chainteoir eile, ansin beidh deis ag an Seanadóir Ó Donnghaile. Má tá aon am fágtha beidh deis ag an Seanadóir Mulherin. Beidh cúig nóiméad ag an Aire Stáit freagra a thabhairt.

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gan óráid a dhéanamh, b'fhédir go gcuirfidh mé cúpla ceisteanna ar an Aire Stáit. Muna bhfuil na freagraí aige inniu, b'fhéidir gur dtig leis teacht ar ais chugam. Cén fáth nach bhfuil athbhreithniú déanta ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge? Is é sin bunchloch mhúnla pholasaí an Stáit i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge idir seo agus 2030. Táimid thart faoin triú chuid den am istigh sa pholasaí sin agus, go bhfios domsa, níl aon athbhreithniú déanta. An bhfuil sé ag obair nó nach bhfuil? Ó na sonraí a luaigh an Seanadóir Ó Céidigh inniu, is cinnte go bhfuil comhartha ceiste ann maidir leis an straitéis agus a chur i bhfeidhm. B'fhiú athbhreithniú a dhéanamh. B'fhéidir gur féidir leis an Aire Stáit an chúis nach bhfuil sé déanta go dtí seo a chur in iúl dom.

Tá an múnla i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge in Acht na Gaeltachta 2012 bunaithe ar na pleananna teanga. In other words, tá an obair go léir fágtha ag na coistí pobail na straitéisí a chur i bhfeidhm. Tá mise ag fáil eolais ó choistí pobail agus, go bhfios dom, níl go leor airgid acu leis na pleananna seo a chur i bhfeidhm. Tá brú orthu na pleananna a chur i bhfeidhm. Tá coistí eile agus tá go leor maoinithe ar fáil dóibh, ach tá coistí ann atá ag cur iarratas isteach ar an Roinn agus níl go leor maoiniú ar fáil. Tá comhartha ceiste ansin. Níl a fhios agam an bhfuil aon fhreagra ag an Aire Stáit i dtaca leis sin.

I dtaca le maoiniú na Roinne don chlár caipitil, cuir i gcás i nGaeltacht na Gaillimhe agus Gaeltacht Dhún na nGall, bhí lúcháir ormsa agus thug mé tacaíocht agus buíochas don Aire Stáit nuair a bhí sé anseo an lá deireanach i dtaca leis na deontais atá ceadaithe aige. I dtaca leis na deontais caiptil go léir atá ceadaithe ag Roinn an Aire Stáit do gach comhairle contae ar a bhfuil remit Gaeltachta, an bhfuil litreacha tairisceana curtha chuig na comhairlí contae i dtaca le gach deontas a fógraíodh? An féidir an tAire Stáit é sin a shoiléiriú?

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní bheidh mise i bhfad ach oiread. Ba mhaith liom cúpla pointe a ardú. Ar dtús báire, bhí plé agus ionchur iontach fiúntach ó Sheanadóirí inniu. Is mór an trua, mar an gcéanna le roinnt ábhair eile, nach bhfuil muid in ann reachtaíocht nó rún a phlé ó thaobh na Gaeilge de. Tá a fhios agam go bhfuil roinnt ar an gclár oibre os ár gcomhair. Ar aon nós, ba mhaith liom cur leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Ó Clochartaigh ó thaobh Achta ó Thuaidh. Bheadh sé úsáideach agus tábhachtach cluinstin ón Aire Stáit maidir le seasamh an Rialtais ó thaobh an Achta de. Chomh maith leis sin, aontaím leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Ó Clochartaigh. Tá mé cinnte go n-aontaíonn an tAire Stáit féin gur ábhar náire é nár bhuail an Státrúnaí, James Brokenshire, le grúpa Gaeilge ar bith go dtí an pointe seo, cé go bhfuil na grúpaí sin tar éis iarratas i ndiadh iarratais a dhéanamh chun bualadh leis. Tá súil agam go mbeadh an Aire Stáit in ann é sin a ardú le James Brokenshire, tríd a chuid comhgleacaithe nó ar bhonn pearsanta, agus a insint dó, má tá sé chun bac a chur le cur i bhfeidhm Achta, gur cheart dó, ar a laghad, bualadh leis na grúpaí Gaeilge ó Thuaidh atá ag fulaingt mar gheall ar an easpa reachtaíochta agus a cluinstin uathu.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire Stáit ó thaobh tionscadal gur féidir leis an Rialtas glacadh leis. Cé go bhfuil ábhar na hinfheistíochta ardaithe ag Seanadóirí eile agus cé go bhfuil infheistíocht de dhíth agus thar a bheith tábhachtach ó thaobh na Gaeilge de - níl mé a rá a mhalairt - an bhfuil smaointe ar bith ag an Aire Stáit ó thaobh an tionscadail Líofa atá ann sna Sé Contae? B'fhéidir go dtiocfadh leis an Aire Stáit rud éigin mar an gcéanna a dhéanamh anseo ó Dheas a treorfadh daoine chuig an Gaeilge. Níl mórán costais ag baint leis agus ardaíonn sé próifíl na Gaeilge. Déanann sé an Ghaeilge níos feiceálaí ar fud na háite agus osclaíonn se doirsí gan mórán costais don Rialtas. B'fhéidir gur féidir leis rud eile a dhéanamh chun an teanga a roinnt. Tá a fhios agam go bhfuil an Aire Stáit féin sáite i dteagasc na Gaeilge, agus fair play dó as sin. Go n-éirí go geal leis. Tá a fhios agam go n-aithníonn sé agus go dtuigeann sé an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge a roinnt leis an líon is mó daoine agus gur féidir.

Photo of Michelle MulherinMichelle Mulherin (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I just want to speak in support of our native language and all the people who put in so much work and effort in communities scattered around this country, particularly Gaeltacht areas, but of course in cities also. It is the Gaeltacht areas, however, that keep the language going for us. Our own native Irish language is an essential part of our national identity. We know that in this global village it is our national identity that makes us strong. We all like to know where we are from. The key and the secret to that is in our language.

I was happy to attend a recent event organised by Údarás na Gaeltachta in Belmullet. It was about digital hubs and the need to bring broadband into remote areas in order that businesses can operate. I commend the údarás on the work it does. Clearly, these are areas of fine natural beauty. There are great communities there but they cannot live on fresh air. The young people cannot live on fresh air so broadband is imperative. I commend efforts in that regard and the funding provided to the údarás.

I have two questions, both of which were raised by Conradh na Gaeilge in the run-up to the budget. First, Conradh na Gaeilge suggests that there is a disparity between the funding of community organisations in English-speaking areas and in Gaeltacht areas. Basically, Gaeltacht community development groups and co-operatives get less funding for their staff than similar organisations in English speaking areas.

There was also a suggestion that local organisations are not getting enough funding to roll out the plans made under the pleanáil teanga. I welcome the funding which the Minister of State provided in the budget. On the issue of speaking Irish-----

Photo of Gerry HorkanGerry Horkan (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl ach trí nóiméad fágtha ag an Aire Stáit chun a fhreagra a thabhairt.

Photo of Michelle MulherinMichelle Mulherin (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an-bhrón orm ach-----

Photo of Gerry HorkanGerry Horkan (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Seanadóir thar am anois.

Photo of Michelle MulherinMichelle Mulherin (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá rud beag ach an-tábhachtach le rá agam. In respect of speaking Irish, we all admit that we went to school and learnt Irish. I loved Irish and here I am speaking English today. I signed up to do an Irish class in the Oireachtas and, believe it or not, the only opportunity to do so was on a Thursday evening. Try as I might, I have so many engagements, as I am sure other Members do, that Thursday is not suitable. I question how much consideration has been given to Members. I ask that the Minister of State look at this issue because I am sure there are Members who would like to improve their Irish. The opportunity is available to take classes from beginner level right through to advanced. Thursday evening is really not suitable.

Photo of Gerry HorkanGerry Horkan (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir. Tá brón orm ach níl ach dhá nóiméad fágtha ag an Aire Stáit chun a fhreagra a thabhairt.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní bheidh mé ábalta freagra a thabhairt do gach Seanadóir ach, go gasta, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na Seanadóirí faoi choinne an deis labhartha inniu. D'ardaigh an Seanadóir Ardagh ceist faoi choinne aitheantas d'Fhianna Fáil faoi choinne an bhuiséid. Ba mhaith liom m'aitheantas a ghabháil dó faoi choinne an bhrú ach, i mo thuairim, rinne an tAire, an Teachta Paschal Donohoe, an cinneadh maidir leis an bhuiséad. Gabhaim buíochas faoi choinne an bhrú in aon chor. Bhí sí ag caint fadúda Aire sinsearach. Bím timpeall an bhord Rialtais agus tá an Ghaeilge an cloch is mó ar mo phaidrín nuair atáim ann.

Beidh cúpla lá de dhíth faoi choinne na díospóireachta ar thagair an Seanadóir Ó Céidigh di a leanúint ar aghaidh. Cloisim a thuairimí, agus dá mbeadh aon bhealach iad a chur i bhfeidhm nó rudaí eile ar intinn ag an Seanadóir, táim sásta iad a dhéanamh. Tá sé fíor gur tháinig laghdú ar an bhuiséad. Bhí sé suas le €26 milliún in 2007. Tá laghdú ollmhór ann. Bhí suas le 80 duine ag obair in Údarás na Gaeltachta. Bhí siad thar a bheith éifeachtach agus proifisiúnta. Tá toradh le feiceáil maidir leis an 500 duine breise a bheidh ag obair an bhliain seo chugainn fosta. Beidh deiseanna trí Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Bhí an Seanadóir ag caint faoi mo cheantar féin, na Dúnaibh.Tá a fhios aige faoi Chomórtas Peile na Gaeltachta. Beidh mé ag déanamh infheistíocht fadúda sin. Cúpla mí ó shin bhí dea-scéal sna Dúnaibh fadúda comhlacht úr. Beidh 18 duine ag obair i bpostanna úr leis.

Bhí na daoine uilig, an Seanadóir Maura Hopkins san áireamh, ag labhairt fadúda an buiséad agus an dea-scéal fadúda an champa samhraidh. Aontaím leis sin. Chomh maith leis sin, bhí Seanadóir Ó Clochartaigh ag caint faoi phleanáil teanga. Tá comhrá ag dul ar aghaidh idir Údarás na Gaeltachta agus dóibh atá freagrach as pleanáil teanga. Tá tús de dhíth fadúda an próiseas pleanála teanga. Tá an tús sin tosaithe agus beidh comhrá idir m'oifig, an údarás agus na daoine uilig atá freagrach as pleanáil teanga. Tá sin de dhíth. Dá mbeadh aon chuidiú de dhíth nó dá mbeadh aon bac ar an obair, níor mhaith liom go mbeadh trioblóid leis an phleanáil teanga. Tá na daoine uilig ar an talamh ag obair go deonach. Chuir siad iarracht mór isteach thar na blianta atá thart.

Maidir le heaspa fostaíochta i gceantair Gaeltacha, beidh Údarás na Gaeltachta ag leanúint ar aghaidh fadúda sin. Tá dea-scéal i nGaillimh fadúda HID Global. Bíonn rudaí mar sin ar súil i nDún na nGall agus Ráth Chairn fosta. Tá dea-scéal ann timpeall an domhain. Chuala mé an scéal faoin Slóvaic. D'ardaigh na Seanadóirí Ó Clochartaigh agus Ó Donnghaile polasaí an Rialtais i leith Acht na Gaeilge ó Thuaidh. Níl an tiomantas ann i leith an Achta sa Tuaisceart. Tá sin tábhachtach. Thug an Seanadóir Ó Ríordáin cuireadh domsa dul go dtí Marino Institute of Education. Táim sásta é sin a dhéanamh.

Chuala mé na Seanadóirí McFadden agus Mulherin fadúda an teanga agus an náire a bhíonn ar dhaoine. Nuair a tháinig mé isteach sa phost seo trí bhliain ó shin, ní raibh mé ábalta Gaeilge a labhairt. Déarfaidh mé cúpla focal go sciobtha trí Bhéarla. I did not rely on language classes. The language is all around us in this country. There are former teachers and there are people in the Senator's parish and neighbourhood who have Irish. If she personally wants to learn the language and improve the Irish she has, she must get the message out and let these people know. That is where I got my inspiration and my help. A former teacher in Ballybofey sent me her class notes from 40 years ago. A gentleman named John Woolson living in Australia, 80 bliain d'aois, kept emailing me to tell me that he began to learn Irish at 70 years of age. He is 80 or 81 now. He went back at 79 years of age. Níl sé riamh ró-mhall. It is never too late. That is the message we also have to get out. Even though we have all had different experiences, taithí diúltach san áireamh, it is never too late.

Sin é. D'fhág mé cúpla duine amach. Níl an am agam ach táim fíorbhuíoch as an seans inniu. Níl na páirtithe polaitiúla freagrach as an teanga. Tá na daoine uilig sa tír seo freagra aisti - Tuaisceart agus Deisceart. Dá mbeadh aon fhadhb ar intinn na Seanadóirí a bheinn in ann réiteach, bheinn ina dtaobh. D'ardaigh an Seanadóir Ó Domhnaill athbhreithniú ar an straitéis. Thosaigh mé ar athbhreithniú cúpla bliain ó shin. Beidh an plean cúig bhliain le cur i gcrích ag deireadh na bliana. B'fhéidir go mbeadh seans ann ag an phointe seo athbhreithniú a dhéanamh. Ar an pleanáil teanga, chlois mé faoi na fadhbanna atá ann faoi láthair. Ar an chlár caipitil, chuir an Seanadóir ceist orm faoi choinne eolais i leith an maoinithe atá ag dul go dtí na comhairlí contae éagsúla. Táim sásta an t-eolas sin a thabhairt dó.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

On a point of order, there were a quite a lot of questions asked. Perhaps the Minister of State and his officials could respond to us in writing with the answers to some of those questions.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon fhadhb leis sin.

Photo of Gerry HorkanGerry Horkan (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar son an tSeanad, gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as bheith anseo inniu.