Seanad debates

Wednesday, 25 October 2017

10:30 am

Photo of Pádraig Ó CéidighPádraig Ó Céidigh (Independent) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit chuig an Teach inniu. Tá a fhios agam go bhfuil sé dáiríre faoin Ghaeilge agus faoin chultúr. Thug sé léargas an-iomlán dúinn faoin méid atá ag tarlú faoina cheannaireacht. Tá cúpla rud le rá agam. Agus mé ag breathnú timpeall an Seomra seo, is léir nach bhfuil mórán dúinn i láthair. Cén suim dáiríre atá againn ó thaobh cúrsaí Gaeilge, cultúrtha agus teanga de? Ba chóir go mbeadh i bhfad níos mó Seanadóirí anseo ach, faraoir, níl.

Ba mhaith liom ceithre phointe a dhéanamh san óráid seo. Tá an-suim sa Ghaeilge i measc an phobail. Léirigh torthaí daonáireamh na bliana seo caite gur bhfuil Gaeilge ag breis agus 1.7 milliún duine sa tír seo, nó idir 40% agus 50% de dhaonra na hÉirinn. Is léir go bhfuil suim acu sa teanga. Ba mhaith liom a chur i leith an Aire Stáit go bhfuil an straitéis 20 bliain don Ghaeilge lochtach. Inseoidh mé cúpla fáth go bhfuil lochtanna móra sa phlean. Ba mhaith liom freisin cúpla tuairim nó moltaí pearsanta a chur in iúl don Aire Stáit maidir leis an gcaoi inar féidir an Ghaeilge a fhorbairt. Ar aon leis an Aire Stáit, beidh mé i láthair ag Oireachtas na Samhna. B'fhéidir go mbeidh damhsa sean-nós againn lena chéile.

Is dóigh liom go bhfuil an Ghaeltacht i gcruachás. Ní bheidh aon Ghaeltacht ann faoi deich mbliana eile, faraoir. Tá bearna mór idir sheirbhísí an Stáit agus pobal na Gaeltachta. Tá mé ag caint faoi dhaoine ar nós mise, a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht agus atá fós ina gcónaí ann. Bhí sé mar bhunaidhm ag an bplean 20 bliain go meadofaí lucht labhartha na Gaeilge ó 83,000 go 250,000 roimh 2030. Tá muid beagnach leath bealaigh tríd an tréimhse sin agus, mar is eol don Aire Stáit, táimid ag dul sa threo mícheart. Tá líon na gcainteoirí laghdaithe ó 83,000 go 73,000. Bhí sé mar aidhm freisin go mbeadh méadú de 25% ar líon na cainteoirí dúchais ó 23,000 go dtí 29,000, ach tá an grúpa sin laghdaithe ó 23,000 go dtí 20,600. Tá na fírící ag rá rud difriúil. Faraoir, táimid ag dul an bealach mícheart. Mar gheall ar sin, ceapaim go raibh an plean lochtach ón tús, faraoir. Is dóigh liom go bhfuil cúpla cúis leis seo.

Ó thaobh infheistíochta de, tháinig laghdú de 70% ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta ó 2007 go dtí 2016. Mar chomparáid, tá méadú de 24% tagtha ar bhuiséad IDA Ireland agus tá méadú de 19% tagtha ar bhuiséad Fiontraíocht Éireann. Céard a léiríonn an easpa suime seo do dhaoine atá ag obair sa Ghaeltacht agus in Údarás na Gaeltachta? Cuireann sé gliondar orm go bhfuil an tAire Stáit agus an Roinn ag breathú ar sin agus go bhfuil méadú beag tugtha don údarás le haghaidh 2018, ach tá i bhfad níos mó ag teastáil leis an údarás a chur ar an leibhéal céanna leis na heagrais Stáit atá ag plé le fostaíocht in áiteanna nach ceantracha Gaeltachta iad.

Maidir le cúrsaí oideachais, tá scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge fíorthábhachtach do na Gaeltachtaí agus do dhaoine a chuireann a gcuid gasúir chuig na Gaeltachtaí. Is sa Ghaeltacht a fhaigheann daoine óga an spreagadh ó thaobh na Gaeilge agus cultúir de. Idir 2011 agus 2015, tháinig laghdú de 15% ar thacaíocht na Roinne don scéim sin. Faraoir, tá sé ag dul an treo mícheart. Is fiú €20 milliún don eacnamaíocht áitiúil na colaistí Gaeilge, agus téann thart ar 40 cent as chuile €1 as sin ar ais go dtí an Stát. Dá bhrí sin, dá mbéinn ag plé le infheistíocht, chuirfinn an t-airgead isteach san earnáil seo. Bíonn return on investment de 40% ann chuile bliain.

Mar is eol don Aire Stáit, tugann na gníomhaíochtaí seo deis do mhná tí na Gaeltachta ioncam breise a fháil. Cabhraíonn sé le turasóireacht agus le fostaíocht áitiuil. Ba chóir an gné seo a fhorbairt le tacaíocht a thabhairt do níos mó paistí agus deagóirí theacht chuig na Gaeltachtaí le haghaidh cúrsaí seachtaine agus cúrsaí trí seachtaine. Spreagadh sé sin méadú ar an méid cúrsaí atá ann faoi láthair. Ba cheart freisin go dtabharfaí deiseanna do státseirbhísigh cúrsaí seachtaine nó deireadh seachtaine a dhéanamh i gceantracha Gaeltachta ar nós na Dúnaibh - áit dúchais an Aire Stáit - agus Conamara. Ba chóir é sin a ghríosadh i measc na státseirbhísigh. Bíonn mé ag caint le go leor acu. Ba bhreá leo deis mar seo a fháil. Ní dóigh liom go gcosnódh sé mórán airgid.

Tá 143 bhunscoil agus 41 iarbhunscoil sa Stát atá ag múineadh na hábhair trí mheán na Gaeilge agus iad ag freastal ar níos mó ná 60,000 scoláire. Tá fadhb an-mhór ann maidir le easpa múinteoirí, go háirithe i mBaile Átha Cliath. Baineann sé seo leis an Roinn Oideachais agus Scileanna ar chuid bheag nó cuid mhór. Tá fadhb níos mó arís ag Gaelscoileanna de bharr an easpa múinteoirí atá ábalta na hábhair a mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Níl na scoileanna sin in ann múinteoirí a fháil. Tá daoine atá imithe amach ar phinsean á dtabhairt ar ais le ranganna a mhúineadh anseo is ansiúd. Tá sé seo ag cruthú fadhbanna inniu agus cruthóidh sé i bhfad níos mó fadhbanna faoi cheann cúig nó deich mbliana eile. Tá dhá chúis leis an easpa múinteoirí seo - an pá íseal agus an costas mór maireachtála í mBaile Átha Cliath.

Maidir le cúrsaí gnó, is as ceantar na Dúnaibh an Aire Stáit. B'fhéidir go mbeidh sé ag togáil amach i gComórtas Peile na Gaeltachta 2018, a bheidh ar siúl sna Dúnaibh faoi cheann cúpla mí eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.