Seanad debates

Wednesday, 25 October 2017

10:30 am

Photo of Catherine ArdaghCatherine Ardagh (Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte mór ar ais chuig an Seanad roimh an Aire Stáit. Ní bheidh mé ag úsáid mo chuid ama go léir.Tá sé mar chuspóir ag Fianna Fáil ó thráth a bhunaithe an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo i measc na ndaoine agus cearta na ndaoine a labhraíonn an teanga a chosaint. Tá an teanga náisiúnta mar cheann de seoda cultúrtha na tíre seo. Ní féidir cur síos ar an tábhacht chinniúnach atá léi dá réir. Agus níos mó ná 100 bliain caite ó tharla Éirí Amach 1916, is ríghéar an gá borradh agus brí a chur an athuair sna hiarrachtaí úsáid na Gaeilge a bhuanú agus a fhorbairt.

Seasann Fianna Fáil go daingean leis an straitéis 20 bIiain don Ghaeilge, a thug ár bpáirtí chun cinn agus muid sa Riaitas, agus lena chur i bhfeidhm. Thug an páirtí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 isteach chun bonn reachtaíochta a chur don chéad uair faoi na cearta maidir leis an teanga atá mar dhlúthchuid den Bhunreacht. Bhí Fianna Fáil i mbun feachtais ar son maoiniú breise don Ghaeilge roimh an mbuiséad. Dá bhrí sin, cuirimid fáilte roimh an maoiniú breise de €2.5 milliún le haghaidh an straitéis 20 bliain a chur chun cinn a bheidh ar fáil an bhliain seo chugainn. Is díol trua nach raibh aon dhúthracht maidir leis an teanga, nó le cearta teanga a chosaint, ag rith dáiríre leis an Rialtas roimhe seo, a bhí faoi cheannas Fine Gael. Ní mór ceannródaíocht leanúnach agua cistíocht ionas go mbeadh rath ar an straitéis 20 bliain a thabhairt i bhfeidhm. Anuas air sin, leagadh amach mar ghealltanas i gclár an Riaitais sa bhliain 2011 go ndéanfaí smaoineamh ar deireadh a chur leis an nGaeilge éigeantach san ardteistiméireacht. Is léiriú eile é sin ar mheon Fhine Gael.

Mar is eol dúinn, tá polasaí láidir ag Fianna Fáil i leith na Gaeilge. Bhí cur chun cinn na Gaeilge mar bhunaidhm ariamh ag an bpáirtí ó bunaíodh é sa bhliain 1926. Idir 1997 agus 2011 thóg Fianna Fáil céimeanna móra leis an nGaeilge a chur chun cinn. Mar shampla, tógadh isteach Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga, bunaíodh Foras na Gaeilge, cuireadh cearta teanga san áireamh i ndlíthe éagsúla ar nós Achtanna oideachais agus Achtanna pleanála agus bunaíodh Coimisiún na Gaeltachta. Glacadh leis an straitéis 20 bliain agus tháinig forbairt air. Chinntíomar go ndearnadh mórchuid caiteachais ar bhunstruchtúir Gaeltachta agus Gaeilge. Bunaíodh an Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. I rith ár dtréimhse in oifig, tháinig méadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht.

Nuair a d'fhoilsigh Fianna Fáil a manifesto le haghaidh olltoghchán na bliana 2016, shocraíomar ar fheachtasaíocht a dhéanamh ar son spriocanna éagsúla, ina measc go mbeadh Aire sinsearach ann a bheadh an Ghaeltacht agus an Ghaeilge mar phríomhchúraimí air nó uirthi; go gcuirfear coiste Oireachtais ar bun a bheadh freagrach as gnóthaí na Gaeltachta agus na Gaeilge; go dtabharfaí faoi na deacrachtaí cistíochta atá ag Foras na Gaeilge agus ag Údarás na Gaeltachta trí acmhainní breise a chur ar fáil dóibh; agus go gcinnteofar go mbeadh an Ghaeilge i gcónaí mar chroíchuid den churaclam le haghaidh an teastas sóisearach agus an ardteistiméireacht. Cé nach bhfuil Fianna Fáil sa Riaitas, táimíd ag gníomhú go tairbheach ar bhinsí an Fhreasúra ag féachaint leis na haidhmeanna polasaí seo a bhaint amach. Dírítear ar an nGaeilge faoi thrí chinn de théamaí i gclár an Rialtais: an straitéis 20 bliain, cúrsaí teanga agus eacnamaíochta sa Ghaeltacht agus an Ghaeilge mar theanga iomlán oibre de chuid an Aontais Eorpaigh. Coinneoidh Fianna Fáil an Rialtas dílis do na gealltanais dá réir sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.