Seanad debates

Wednesday, 25 October 2017

10:30 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Seanad fá choinne an cuireadh seo a thabhairt dom. Mar Aire Stáit le freagracht don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoiléain, fáiltím roimh an deis seo labhairt leis an Seanad faoi chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain agus nithe gaolmhara.

Mar is eol don Teach, foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 i mí na Nollag 2010 tar éis tacaíocht traspháirtí a fháil i dTithe an Oireachtais agus próiseas comhairliúcháin agus taighde. Ón uair gur foilsíodh an straitéis, tá dul chun cinn suntasach déanta ar chur i bhfeidhm na réimsí gnímh éagsúla atá luaite inti. Mar chuid de phlean athnuachana na Státseirbhíse, eagraíodh díospóireacht oscailte ar an bpolasaí faoin straitéis i mí na Nollag 2015 ar mhaithe le breathnú siar ar an méid a bhí déanta go dtí sin maidir lena cur i bhfeidhm, chomh maith le breathnú chun cinn ar na tosaíochtaí ina leith don chúig bliana amach romhainn. Mar chuid den phróiseas sin, reáchtáladh sraith cruinnithe poiblí agus lorgaíodh aighneachtaí scríofa ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara araon. Ceapadh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le tuairisc maidir leis an díospóireacht oscailte agus na príomhthosaíochtaí straitéiseacha don tréimhse amach romhainn a chur i dtoll a chéile. Cuireadh an tuairisc seo faoi bhráid an choiste chomhairligh a bunaíodh chun tacú le cur i bhfeidhm na straitéise. Fuarthas tuairimí agus moltaí an choiste ina leith agus tá plean gníomhaíochta don tréimhse 2017 go 2022, ina bhfuil spriocanna sonracha agus amscálaí ina leith, á chur i dtoll a chéile ag mo Roinn faoi láthair.

Ós rud é go bhfuil freagracht thras-rannach i gceist maidir le cur i bhfeidhm na straitéise, tá plé ar bun ag mo Roinn leis na páirtithe leasmhara éagsúla maidir le spriocanna sonracha agus tráthchlár ina leith a aontú. Is é nádúr na hoibre seo go dtógann sé am le nithe a aontú. Cé go n-aithnítear go bhfuil moill áirithe ar an sprioc ama a bhí luaite roimhe seo, leanfar ag obair i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha i dtreo a bheith in ann an plean a fhoilsiú chomh luath agus is féidir. Táim ar an airdeall chomh maith faoin gá atá ann a chinntiú oiread agus is féidir go bhfuil fiúntas leis an gclár bearta a mbeifear ag súil leis a chur san áireamh mar chuid den phlean críochnúil. Tá gá dá réir a chinntiú go bhfuil téagar agus fiúntas le pé beart a bheidh sa phlean i ndeireadh thiar thall.

Fáiltím roimh an maoiniú breise do mo Roinn i gcáinaisnéis 2018 a fógraíodh coicís ó shin. Ciallaíonn an €2.5 milliún breise atá á chur ar fáil go mbeidh maoiniú breise de níos mó ná €5 mhilliún ar fáil thar dhá bhliain. Tá an Rialtas seo dírithe ar theacht leis an tiomantas dár gcultúr atá le feiceáil i mórán de na heagraíochtaí díograiseacha atá ar fud an Stáit, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. San áireamh sa bhuiséad don bhliain seo chugainn tá €1.4 milliún breise chun tacú leis an phróiseas pleanála teanga faoin straitéis 20 bliain, agus €400,000 de mhaoiniú breise d'Údarás na Gaeltachta chun infheistiú ina chláir caipitil agus chun tacaí a mhéadú do chomharchumainn agus d’eagraíochtaí forbartha pobail na Gaeltachta, rud a fhágann go bhfuil an maoiniú caipitil don údarás méadaithe go €7 milliún. Chomh maith leis sin, tá leithdháileadh breise de €687,000 le cur ar fáil do scéimeanna tacaíochta teanga na Roinne lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá €2.65 milliún á chur ar fáil faoi bhuiséad 2018 do chur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga an bhliain seo chugainn. Is ionann sin agus ardú €1.8 milliún thar an allúntas atá ar fáil don phróiseas sa bhliain reatha. Ina theannta sin, ar ndóigh, tá ardú ar an gcistíocht atá ar fáil do na gnáthchláir reatha ar thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta, a bhfuil dlúthbhaint acu chomh maith le cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain. Leis an allúntas méadaithe atá curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht trí chéile, tá ag éirí le mo Roinn tacú tuilleadh le cur i bhfeidhm na straitéise agus an phróisis pleanála teanga mar a bhaineann sé leis an nGaeltacht, leis na bailte seirbhíse Gaeltachta agus leis na líonraí Gaeilge. Mar is iondúil ag an tráth seo den bhliain, tá an phleanáil chuí idir lámha ag mo Roinn i gcomhar leis an údarás, leis an bhforas agus go deimhin le páirtithe leasmhara eile chun cúram cuí a dhéanamh den chistíocht shuntasach seo sa chaoi is go mbainfear an leas is fearr as ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.Ní call dom a rá go n-aithníonn mo Roinn an ról lárnach atá ag an teaghlach mar a bhaineann sé le cur chun cinn na Gaeilge go bisiúil chuig an chéad ghlúin eile. Sa chomhthéacs sin, ba mhaith liom an deis a thapú chun cúpla focal a rá faoin gclár tacaíochta teaghlaigh. Is í aidhm an chláir seo, a ceapadh mar bheart faoi leith le cúram a dhéanamh de réimsí na Gaeltachta agus an teaghlaigh de chuid na straitéise, tacú ar bhealach ilghnéitheach le treisiú na Gaeilge i dteaghlaigh Gaeltachta. Faoin gclár seo, cuirtear cúnamh ar fáil trí scéimeanna agus tionscnaimh faoi leith de chuid mo Roinn ar leasa theaghlaigh na Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh. Tá mo Roinn i mbun forbartha faoi láthair ar fheachtas nua feasachta i dtaca leis an bpacáiste teanga i gcomhar le haltraí poiblí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus fógrófar tuilleadh eolais faoi sin sna seachtainí atá romhainn.

Mar is eol don Teach, tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail i gceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh faoin Acht mar limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, mar bhailte seirbhíse Gaeltachta nó mar líonraí Gaeilge. Ag an bpointe seo, tá an próiseas chun pleananna teanga a ullmhú ag leibhéal an phobail tosaithe sna limistéir pleanála teanga Ghaeltachta ar fad atá leagtha amach faoin bpróiseas. I mí Aibreáin na bliana seo, d'fhógair mé allúntas suas le €100,000 thar thréimhse 12 mhí i leith gach limistéar pleanála teanga faoi leith ina mbeidh feidhmiú plean teanga aontaithe ag tosú sa bhliain reatha. An mhí seo a chuaigh thart, d'fhógair mé go bhfuil an chéad trí phlean teanga Gaeltachta ceadaithe. Táthar ag dréim go mbeidh pleananna i leith suas le ocht limistéar eile réitithe ag Údarás na Gaeltachta le cur faoi bhráid mo Roinne roimh dheireadh na bliana seo. Beidh an maoiniú breise atá ceadaithe chun tacú leis an phróiseas pleanála teanga in 2018 rí-thábhachtach de réir mar a bheidh breis pleananna teanga á gceadú. Anuas air sin, tá forbairt déanta ag mo Roinn ar an chóras faisnéise geografaí, GIS, chun tacú leis an phobal agus pleananna teanga á n-ullmhú acu. Is forbairt shuntasach, cheannródaíoch atá i gceist leis seo. Den chéad uair riamh, beidh staitisticí agus sonraí faoi leith ar fáil i dtaca le gach limistéar pleanála teanga mar aonaid astu féin. Ní amháin go mbeidh sé níos fusa ag lucht pleanála teanga an córas a úsáid, ach cuirfear an t-eolas i láthair ar bhealach atá tarraingteach don phobal trí chéile.

Ag an bpointe seo, ba mhaith liom an deis a thapú chun tréaslú leis na ceanneagraíochtaí ar fud na Gaeltachta atá i mbun ullmhú agus feidhmiú pleananna teanga. Tá obair mhór déanta agus idir lámha ag na heagraíochtaí sin ar son na Gaeilge, ar son na Gaeltachta agus ar son an phobail ina bhfuil siad ag maireachtáil. Is é an spiorad sin, spiorad na meithle, atá ag croílár an phróisis agus is cóir agus is ceart é sin a aithint.

Ina theannta sin, ar ndóigh, tá obair idir lámha chun an próiseas a bhrú ar aghaidh mar a bhaineann sé leis na bailte seirbhíse Gaeltachta. Chuige sin, tá an t-údarás agus Foras na Gaeilge i mbun oibre le páirtithe leasmhara i Leitir Ceanainn, cathair na Gaillimhe agus Daingean Uí Chúis chun an próiseas pleanála teanga sna bailte sin a bhrú chun cinn. Chomh maith leis sin, tá tús curtha leis an phróiseas pleanála teanga i gCluain Dolcáin, in Inis agus i mBaile Locha Riach i dtreo a bheith in ann aitheantas mar líonraí Gaeilge a bhronnadh ar na ceantair sin. Ní call dom a rá ar ndóigh go leanfaidh mé orm, mar Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as gnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta, le gach iarracht gur féidir agus gur gá a dhéanamh chun an oiread agus is féidir cistíochta a fháil chun tacú leis an phróiseas tábhachtach seo atá, agus a bheidh, ag croílár chlár oibre mo Roinne mar a bhaineann sé leis an Ghaeltacht sna blianta atá romhainn.

Ba mhaith liom anois cúpla focal a rá faoi Údarás na Gaeltachta. Níl aon amhras ach go bhfuil obair thábhachtach déanta ag an údarás anuas tríd na blianta ar mhaithe le saol eacnamaíochta, cultúrtha agus sóisialta phobal na Gaeltachta a chur chun cinn. De thoradh na hoibre atá ar bun ag foireann dhíograiseach an údaráis ar son na Gaeltachta ar bhonn leanúnach, tá deiseanna fostaíochta agus fiontraíochta cothaithe agus cruthaithe i gceantair nach bhfaigheadh na deiseanna sin murach gur ann don eagraíocht. Ní gá a rá go bhfuil an obair atá déanta agus idir lámha ag an eagraíocht thar a bheith tábhachtach chun pobal bisiúil na Gaeltachta a chaomhnú agus a chothú.

Is ábhar sásaimh é mar gur éirigh leis an údarás 559 post a chruthú anuraidh agus gur cuireadh €300,000 breise ar fáil don eagraíocht do 2018. Fágann sé sin gurb é €7 milliún an bunlíne nua caipitil i mbuiséad 2018 don údarás. Ní miste dom a lua freisin go bhfuil allúntas breise de €1.5 milliún in airgead caipitil curtha ar fáil don údarás i mbliana, chomh maith le €2.4 milliún anuraidh. Fágann sé sin go bhfuil €3.9 milliún sa bhreis ar an bhunlíne curtha ar fáil don údarás le dhá bhliain anuas, idir 2016 agus 2017. Táim sásta go dtabharfaidh an t-allúntas breise seo deis don údarás roinnt tograí caipitil tábhachtacha a bhrú chun cinn in 2018 agus tuilleadh fostaíochta a chruthú sa Ghaeltacht dá bharr.

Tuigfidh an Teach gur ar an Roinn Oideachais agus Scileanna a thiteann an fhreagracht an polasaí don oideachas Gaeltachta 2017-2022 a chur i bhfeidhm. D'fhéadfaí á rá gur aisfhreagra suntasach is ea an polasaí seo ar a bhfuil ráite agus molta sa straitéis 20 bliain mar a bhaineann sé le cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht. Mar léiriú breise ar dháiríreacht leanúnach an Rialtais seo chun cúram a dhéanamh do chur i bhfeidhm na straitéise, is díol suntais é go bhfuil aonad pholasaí oideachais Gaeltachta faoi leith bunaithe cheana féin ag mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta Bruton, chun cur i bhfeidhm an pholasaí a bhrú chun cinn. Léiríonn sé seo uile go bhfuil céim thábhachtach eile chun cinn glactha ag an Rialtas ar son na Gaeilge agus cur i bhfeidhm córasach na straitéise.

Foilsíodh torthaí an athbhreithnithe ar Bhille na dteangacha oifigiúla (leasú) 2014 i mí Aibreán 2014. De bharr mhíshástacht le cuid de na leasuithe a bhí molta, níor foilsíodh an Bille agus tógadh cinneadh athbhreithniú eile a dhéanamh ar an mBille ag an am sin. Tar éis tréimhse fada comhairliúcháin, foilsíodh ceannteidil an Bhille úr i mí Meitheamh na bliana seo. Tá iarracht déanta sna ceannteidil seo dul i ngleic le dhá mhórcheist - na scéimeanna teanga agus an earcaíocht sa tseirbhís phoiblí. Mar sin, mar chuid den Bhille nua, tá sé i gceist córas na gcaighdeán a thabhairt isteach in áit na scéimeanna teanga. Faoin gcóras seo, bheadh rangú le déanamh ar chomhlachtaí poiblí, ag baint úsáide as rialacháin chun caighdeáin a leagan síos do na comhlachtaí sin. Ar an mbealach seo, beidh muid in ann a chinntiú go mbeidh na caighdeáin is airde ó thaobh úsáid na Gaeilge de bainteach leis na heagraíochtaí a mbíonn ag soláthar seirbhísí don phobal, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh.

Má tá an chórais nua seo chun a bheith éifeachtach, beidh orainn díriú isteach ar chúrsaí earcaíochta. Is é ceann de na príomhfhadhbanna a chuireann bac ar sheirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge ná nach bhfuil na daoine leis na scileanna cuí fostaithe sna hoifigí cuí. Má tá muid chun feabhas a chur air seo, caithfidh an Stáit líon na bhfostaithe Stáit atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge a mhéadú agus a chinntiú go bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh Stáit atá ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta. Chuige sin, beidh sé mar chuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh na comhlachtaí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Ní tharlóidh sé seo thar oíche. Creidim gurb í an earcaíocht croílár na ceiste, agus táim dóchasach gur féidir tógáíl, ar bhonn chéimiúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge agus, ag eascairt as sin, go mbeimid in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge mar is cóir.

Faoi láthair, tá mo Roinn ag obair i gcomhréir le hOifig an Ard-Aighne chun an Bille a dhréachtú. Ag an am céanna, agus ó foilsíodh na ceannteidil, táthar i mbun comhairliúcháin leis na Ranna Stáit ábhartha, eagrais Gaeilge agus Gaeltachta, an Coimisinéir Teanga, agus páirtithe leasmhara eile le cinntiú go mbeidh an Bille is fearr agus is éifeachtaí agam le tabhairt os comhair an Oireachtais. Tá na ceannteidil curtha faoi bhráid Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán chun scrúdú réamhreachtach a dhéanamh orthu, agus táthar ag súil go mbeidh an Bille réidh le foilsiú sa chéad ráithe de 2018.

Díreoidh mé anois ar an Ghaeilge san Aontas Eorpach. Tá síneadh cúig bliana eile go 31 Nollaig 2021 curtha leis an mhaolú atá i bhfeidhm maidir le húsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Chomhaontaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh ar 3 Nollaig 2015 rialacháin a dhéanamh lena leagtar amach méadú incriminteach ar na catagóirí de reachtaíocht an AE atá le haistriú go Gaeilge agus leanúint lena gcur chuige réamhghníomhach i dtaobh eolas a chuirtear ar fáil i nGaeilge faoi ghníomhaíochtaí an AE a mhéadú. Tá roinnt céimeanna tógtha anseo in Éirinn agus sa Bhruiséil chun tabhairt faoi dheireadh a chur leis an maolú in 2021. Tá ionad náisiúnta barr feabhais bunaithe ag mo Roinn chun oiliúint chuí a chur ar chéimithe le Gaeilge agus chun feidhmiú mar phointe teagmhála d'institiúidí an Aontais Eorpaigh más mian leo daoine a fhostú ar chonarthaí sealadacha.Tá obair ar siúl ag an gCoimisiún Eorpach agus ag institiúidí an Aontais chun a chinntiú go n-earcófar líon dhóthanach pearsanra le Gaeilge chun deireadh céimiúil an mhaolaithe a bhainistiú. Chuige seo, reáchtáil mo Roinn, i gcomhar leis an Aontas Eorpach, comhdháil coicís ó shin i mBaile Átha Cliath a bhí dírithe ar líonra saineolaithe a fhorbairt in Éirinn chun cur le caighdeán oibre na dteangeolaithe agus dlítheangeolaithe sna hinstitiúidí Eorpacha. An tseachtain chéanna, reáchtáil an Roinn, i gcomhar leis an ionad taighde ADAPT, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, seimineár lae ar chomhordú acmhainní na dteangacha Eorpacha in Éirinn. Faoin togra seo, tá an Coimisiún Eorpach ag tacú leis an Roinn agus le ADAPT chun ardán aistriúcháin uathoibreach a fhorbairt don Ghaeilge. Beidh an t-ardán seo tairbheach d'aistritheoirí in institiúidí an Aontais chun dul i ngleic leis an tromualach aistriúcháin.

Ag tús na míosa seo d’eagraigh an Roinn, i gcomhar le Cúirt Bhreithiúnais an Aontas Eorpaigh, seisiún eolais maidir le deiseanna fostaíochta do chéimithe le dlí agus an Ghaeilge i Lucsamburg. Rinne ard-stiúrthóir aistriúcháin an Chúirt Bhreithiúnais san Aontas Eorpach cur i láthair do chéimithe, do mhic léinn, d'abhcóidí agus d'aturnaetha faoi na deiseanna earcaiochta sa chúirt. Tá an Roinn ag obair faoi láthair ar scéim úr socrúcháin oibre a réiteach chun intéirnigh a chur chuig na hinstitiúidí Eorpacha ar feadh tréimhse cúig mhí. Beidh na hintéirnigh seo i mbun obair aistriúcháin le linn na tréimhse seo. Cuideoidh an scéim le hintéirnigh oiliúint a fháil ó na hinstitiúidí. Leis na forbairtí seo uile, táim lán-mhuiníneach go mbeidh ar ár gcumas deireadh a chur leis an maolú in 2021.

Bunaíodh an ciste tríú leibhéal thar lear in 2006 chun teagasc na Gaeilge a chur chun cinn in institiúidí tríú leibhéal i dtíortha eile. Is iad aidhmeanna an chiste dea-thoil i leith na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh i gcoitinne a spreagadh agus a chothú trasna na hEorpa, i Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada agus níos faide i gcéin. Tríd an tionscnamh seo, cruthaítear ardán don Ghaeilge trínar féidir eolas a chur uirthi ar bhonn idirnáisiúnta. Cuireann sé go mór le scoláireacht na Gaeilge i measc an phobail acadúil idirnáisiúnta agus méadaítear stádas na teanga dá réir. Tá ag éirí go han-mhaith leis an tionscnamh seo agus tá méadú leanúnach tagtha ar na hiarratais faoin scéim ó bhliain go bliain. Mar léiriú ar sin, ceadaíodh deontais de €1.8 milliún san iomlán don tréimhse 2016-2017 go 2018-2019 le os cionn 40 ollscoil agus coláistí tríú leibhéal timpeall an domhain. Tugann an cúnamh seo deis chomh maith d'ollscoileanna Eorpacha, don Choimisiún Fulbright agus don Fhondúireacht Ollscoile Éireann Cheanada scoláireachtaí a bhronnadh ar mhic léinn chun cuairt a thabhairt ar Éirinn agus freastal ar chúrsaí Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta i rith an tsamhraidh.

Tá sár-obair ar bun ag na heagraíochtaí taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, ag obair go díograiseach chun úsáid na teanga a chaomhnú agus a fhorbairt ar fud na tíre, agus is deas liom gur tugadh aitheantas dóibh sa bhuiséad. Tá ceannáras nua anois ag Foras na Gaeilge, agus iad anois lonnaithe ar Shráid Amiens i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, agus guím gach rath orthu san ionad nua seo. Bíonn Foras na Gaeilge ag gníomhú ar bhonn leanúnach i gcomhréir leis an sé cheanneagraíocht atá faoina chúram, is iad sin Gaelscoileanna Teoranta, Gael Linn, Glór na nGael, Oireachtas na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Cumann na bhFiann. Tionólfar Oireachtas na Samhna na bliana seo idir 1 Samhain agus 5 Samhain i gCill Airne, agus ba mhaith liom moladh go láidir do Chomhaltaí freastal ar an bhféile seo más féidir. Beidh mise ansin.

Tá Foras na Gaeilge freagrach as oibriú le pobail i mbailte seirbhíse Gaeltachta, de réir mar is cuí, agus i líonraí Gaeilge chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna ceantair sin, agus cuidíonn siad le pobal na Gaeilge agus lucht spéise na Gaeilge ar fud an domhain trí bhéim a chur ar sheirbhísí agus áiseanna ar líne. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil do réimse leathan tionscadal trí scéimeanna éagsúla a chuidíonn leis an aos óg. Tá an scéim Gaelbhratach dírithe ar scoileanna agus ag feidhmiú i 70 scoil. Tá deiseanna foghlamtha á gcur ar fáil chomh maith trí scéim na gcampa samhraidh. Tá scéimeanna agus tionscadail ar fáil ón bhforas chun úsáid na teanga sna healaíona, sna meáin agus sna hilmheáin a chur chun cinn, lena n-áirítear scéim na gcomplachtaí drámaíochta, scéim na bhféilte, scéim na foilsitheoireachta agus scéim na dtionscadal litríochta. Tuigtear an ról an-tábhachtach atá ag gnólachtaí maidir le forbairt agus spreagadh na Gaeilge, go háirithe sna limistéir pleanála teanga. Cuirtear tacaíocht ar fáil ón bhforas d'fhorbairt na Gaeilge san earnáil ghnó tríd an bhfeachtas feasachta Gnó Means Business agus trí scéimeanna ar nós scéim na gcomharthaí dátheangacha.

Is cuid luachmhar dár n-oidhreacht logainmneacha na tíre. Tá forbairt leanúnach á dhéanamh ar an suíomh logainm.ieag an mBrainse Logainmneacha, ar cuid den mo Roinn é, i gcomhar le Fiontar agus Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus le tacaíocht airgid ón Rialtas. Sa bhliain 2017, mar shampla, scrúdaigh agus shocraigh an brainse na leaganacha Gaeilge do 400 logainm i gContae Chill Mhantáin, agus do 200 logainm i gContae Chiarraí. I gcaitheamh na bliana freisin, cuireadh na leaganacha Gaeilge do 1,500 logainm i gContae Laoise os comhair an Choiste Logainmneacha le hiniúchadh. Is coiste Stáit neamhspleách é an Coiste Logainmneacha, ceaptha agamsa, agus a oibríonn ar bhonn deonach agus tá moladh mór ag dul do bhaill an choiste sin as a gcuid oibre. Tá an-éileamh ar an suíomh logainm.ie. I gcaitheamh na míosa seo caite, mar shampla, thug 26,000 cuairteoir uathúil cuairt ar an suíomh agus sa bhliain 2016, tháinig fiosrúcháin tríd an suíomh idirlín céanna faoi isteach is amach le 1,000 logainm.

Creidim go láidir go bhfuil féidearthachtaí móra ann cuidiú le cur chun cinn na Gaeilge tríd an teicneolaíocht. Is cúis sásaimh agus dóchais é an chaoi go bhfuil an Ghaeilge le fáil go forleathan cheana ar na meáin dhigiteacha. Tóg mar shampla na hardáin éagsúla ilmheáin atá forbartha ag RTE, TG4 agus RTE Raidió na Gaeltachta. Tá tábhacht ar leith le nuachtáin agus irisí Gaeilge ar nós tuairisc.ie agus an Irish Independent achan dara Céadaoin. Tá forbairtí mhóra déanta agus á ndéanamh ar chorpas na Gaeilge leis an bhfoclóir nua foclóir.ieagus an suíomh téarma.ie. Chomh maith leis sin, tá tacaíocht á tabhairt ag mo Roinn d'Acadamh Ríoga na hÉireann chun foclóir stairiúil na Gaeilge a chur i gcrích. Bhí mé ar ócáid stairiúil aréir in oifigí Acadamh Ríoga na hÉireann. Anuas ar na forbairtí seo go léir, tá córais ríomhaistriúcháin don Ghaeilge forbartha ag DCU agus TCD agus tá an tionscadal taighde abair.iei gColáiste na Tríonóide ag déanamh tuilleadh forbartha ar shintéiseoir Gaeilge, is é sin, córas inar féidir téacs scríofa a aistriú go caint bheo i gcanúintí éagsúla.

Chun na deiseanna teicneolaíochta seo ar fad a threisiú san am amach romhainn, tá plean digiteach don Ghaeilge á ullmhú faoi láthair le tacaíocht na Roinne agus tá súil agam go mbeidh sé réidh le seoladh gan mhoill. Chomh maith leis seo, tá maoiniú cheithre bliana ceadaithe ag mo Roinn don tionscadail Gaeltech chun tuilleadh taighde agus forbairt a dhéanamh ar theicneolaíocht na Gaeilge maidir le próiseáil teanga nádúrtha na Gaeilge atá á chur i gcrích ag an ionad ADAPT in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Mar atá ráite go minic roimhe seo, ní miste dom a threisiú arís gur dóigh liom go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na hacmhainní nádúrtha is luachmhaire atá againn. Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ag baint le pobal labhartha láidir Gaeilge agus Gaeltachta a chothú chun saibhreas oidhreachta na teanga a choinneáil beo amach anseo agus a thabhairt slán don chéad ghlúin eile. Cé go bhfuil an Rialtas tiomanta gach a dhéanamh laistigh dá chumhacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn, tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar an bpobal. Tá a fhios againn go bhfuil dearcadh dearfach ag tromlach an phobail i leith na teanga. Tá orainn timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach as a gcuid Gaeilge a úsáid, is cuma cén leibhéal cumais atá acu inti. Tá sé riachtanach go leanfar ag baint leas as an teanga mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht agus go gcuirfear an teanga chun cinn ar bhonn níos forleithne taobh amuigh den Ghaeltacht.

Ar deireadh, ba mhaith liomsa tiomantas agus dáiríreacht an Rialtais i leith chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain a threisiú uair amháin eile anseo inniu. Táim sásta go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh maidir le raon leathan gníomhaíochtaí faoin straitéis a chur i bhfeidhm de réir a chéile. Tá mé ag súil go mór leis an díospóreacht a tharlóidh amach anseo sa Seanad inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.