Seanad debates

Wednesday, 25 October 2017

10:30 am

Photo of Pádraig Ó CéidighPádraig Ó Céidigh (Independent) | Oireachtas source

Is ceantar álainn é. Tar éis dom bheith thuas ann ag Comórtas Peile na Gaeltachta cheana, tá a fhios agam go bhfuil muintir an Dúnaibh an-bhródúil as an Aire Stáit. Mar is eol don Aire Stáit go maith, tá na Dúnaibh os cionn ceithre uair an chloig as Baile Átha Cliath. Tá rudaí áirithe ag teastáil ansin ó thaobh cúrsaí gnóthaí de. Caithfimid breathnú ar féidearthachtaí áitiúla. Tá Slí an Atlantaigh Fhiáin an-mhaith, ach cé go gcabhraíonn an méid atá á dhéanamh ag Fáilte Éireann sa chomhthéacs sin, tá níos mó tacaíochta ag teastáil le indigenous industries, mar a deirtear i mBéarla, a chothú agus a neartú. Tá ceantair ar nós na Dúnaibh ag brath go mór ar chúrsaí turasóireachta, ach ní mhaireann séasúr na turasóireachta níos mó ná dhá mhí sa bhliain. Sin an méid. Mar a phléigh mé leis an Aire Stáit roimhe seo, tá an-suim ag pobal na Dúnaibh sa Ghaeilge agus i bhforbairt na Gaeilge. Caithfear níos mó tacaíochta a thabhairt don phobal sin.

Níl na Ranna Stáit ar an leathanach céanna ar chor ar bith, faraoir. Tá silo effect ann ar bhealaí éagsúla. Déanann dream amháin cuid amháin agus déanann dream eile cuid eile. Dúirt an tAire Stáit ina óráid go bhfuil sé ag déanamh iarrachta iad a tharraingt le chéile níos mó. Tá céim láidir chun cinn tógtha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ó thaobh múineadh na Gaeilge agus scrúdúcháin Gaeilge sna Gaeltachtaí, ach tá i bhfad níos mo den chineál sin oibre ag teastáil. Tá leathanbhanda ag teastáil go géar. Mar is eol don Aire Stáit, tá fadhbanna móra sa chóras pleanála. Tá daoine ann nach bhfuil in ann tithe a cheannach agus atá ag iarraidh tithe a thógáil ar na garraithe atá acu. Cuireann siad isteach ar chead pleanála ionas gur féidir leo cónaí i gceantar an Seanadóir Ó Clochartaigh i Ros Muc, i mo cheantar sa Spidéal, sna Dúnaibh, i Ráth Chairn nó thíos sa Daingean, ach bíonn srianta craiceáilte orthu ó thaobh cúrsaí pleanála de. Caithfear an próiseas a oscailt suas. Labhair an tAire Stáit faoi phleanáil teanga sa teaghlach, ach ní bheidh aon teaghlaigh sna ceantair atá luaite agam agus ní bheidh éinne in ann cónaí sna Gaeltachtaí muna bhfuil daoine in ann tithe a thógáil, rud atá fíor-deacair agus atá ag éirí i bhfad níos deacra.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.