Seanad debates

Wednesday, 25 October 2017

10:30 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Agus muid ag caint faoi chursaí Gaeilge agus Gaeltachta, ba cheart go gcuimhneodh muid ar fhear a d'imigh uainn an tseachtain seo caite, Feargal Ó Cuilinn, a bhí ag obair le Glór na nGael agus le Comhluadar roimhe sin. Gael mór le rá agus fear iontach cneasta ab ea é. Rinne sé an-obair. Tá sé inár gcuimhní ag an bpointe seo.

Bheadh fiúntas níos mó ag baint le ráitis eile ar an nGaeilge sa Seanad dá mbeimid in ann a dhearbhú go cinnte go raibh dul chun cinn bainte amach againn ó mhí Feabhra seo caite. Idir an mhí sin agus an lá atá inniu ann, tháinig titim €850,000 ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta, nuair a thógtar na ceisteanna ar fad san áireamh. Ba mhór an trua é sin, go háirithe i gcomhthéacs an laghdú de 89% a tháinig ar bhuiséad na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán idir 2008 agus 2014. Baineadh 9% den bhuiséad iomlán an bhliain seo caite. I ndáiríre, lig Fianna Fáil síos go dona muid nuair a bhí deis acu brú a chur ar an Rialtas tuilleadh airgid a chur ar fáil, mar a bhí luaite ag pobal na Gaeilge. Níor sheas an Rialtas leis an moladh a bhí sa phlean €18 milliún a chur ar fáil thar cúig bliana.

Foilsíodh roinnt de na pleananna teanga ó bhíomar anseo an uair deiridh le haghaidh ráitis ar an nGaeilge. I ndáiríre, tá éigeandáil sa phróiseas pleanála teanga. Tá sé ar fad ina chíor thuathail. Ní thuigim cén chaoi ina raibh an tAire Stáit ábalta dul ar aghaidh agus an maoiniú a fhógairt do na pleananna teanga gan dul ar ais chuig na dreamanna lena raibh sé ag plé. Chuala muid ar Raidió na Gaeltachta maidin inné go bhfuil diúltaithe ag ceann de na heagraíochtaí pobail atá ag plé leis an bpleanáil teanga i gCois Fharraige leis an tairiscint de €100,000 ar an mbunús nach raibh an plean a d'iarr an Roinn orthu a réiteach bunaithe ar an bhfigiúr sin. D'iarr an Roinn orthu plean níos uaillmhianaí a réiteach. Tá eagraíochtaí i gceantair eile sa chruachás céanna. Cén plean atá ag an Aire Stáit ó thaobh na pleananna teanga? Cén fáth ar athraigh an Roinn na postaí i lár an chluiche? Caithfidh an tAire Stáit soiléiriú a thabhairt dúinn maidir leis an gcaoi inar tháinig an Roinn ar an bhfigiúr de €100,000.Cén chaoi ar tháinig an Roinn ar an bhfigiúr sin do chuile eagraíocht agus chuile ceantar ar fud na Gaeltachta? Cé na cúinsí a úsáideadh? Cén fáth ar cuireadh dhá bhliain go leith d'obair amú ar na daoine sa bpobal a rinne an obair sin? Rinne siad é go deonach agus ní raibh treoir cheart tugtha dóibh ón tús. Nuair a bhí an iar-Aire Stáit, Dinny Mc Ginley, anseo agus é ag fógairt Acht na Gaeltachta 2012, feictear domsa gur tugadh le fios dúinn nach mbeadh deacracht le hacmhainní dá ndéanfadh an pobal na pleananna. Is léir anois go bhfuil fadhb ann.

Tá mé féin agus an Teachta Peadar Tóibín i mbun roinnt cuairteanna ar na ceantair Gaeltachta faoi láthair agus tá cuid mhaith ceisteanna ag teacht chun cinn. Fáiltím roimh an méid atá ráite ag an Aire Stáit maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. B'fheidir go bhfuil míthuiscint idir an Roinn agus an Comhchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus na nOileán ó thaobh brú ar aghaidh agus plé a dhéanamh ar sin ag an gcomhchoiste, mar tá na ceannteidil foilsithe ag an Aire Stáit. Is ceist é sin idir an Aire Stáit agus Cathaoirleach an choiste. Brúifimid ar aghaidh leis sin. Fáiltím leis an méid atá ráite i ráiteas an Aire Stáit agus go bhfuil sé ag cloí leis an rud a bhí leagtha síos ó thaobh earcaíochta. Beidh 20% de daoine nua ag teacht isteach sa Státseirbhís inniúil ar an nGaeilge. Is rud iontach tábhachtach é sin. Caithfimid brú ar aghaidh leis sin.

Ó thaobh na gceantar Gaeltachta, tá dhá rud le feiceáil go soiléir dar liomsa. Is léir go bhfuil an bánú daonra ag cur as do na daoine sna ceantair san iarthar, Tír Chonaill, Maigh Eo, Ciarraí agus araile; go bhfuil easpa fostaíochta ann; agus go bhfuil daoine san aoisghrúpa idir 20 agus 40 imithe as. Dá bhrí sin, tá gá le níos mó infheistíocht caipitil san údarás le tuilleadh fostaíocht a chruthú sna ceantair sin. Níor thagair an Aire Stáit ar chor ar bith don dul amú i leith cúrsaí iompair. Bhí ceisteanna ann ó thaobh an seirbhís aeir go hÁrainn, mar shampla. Tá conradh nua curtha i bhfeidhm ansin a chuireann srian ó thaobh eitiltí breise agus tá sé sin ag cruthú cuid mhaith deacrachtaí. De réir mar a thuigim, tá idirbheartaíocht maidir leis an seirbhís lastais agus an tseirbhís paisinéara amach go hÁrainn. B'fhéidir go mbeadh an Aire Stáit in ann soiléiriú a thabhairt dúinn ar sheasamh an cháis sin.

Ceist eile atá ag teacht chun cinn i ngach ceantar Gaeltachta i láthair na huaire ná drochstaid na mbóithre. Deirtear linn go raibh airgead curtha i leataobh ó thaobh bóithre de ag an Teachta Seán Kyne sular cuireadh amach as an Roinn é. Tagraím ach go háirithe do bhóthar ar an gCeathrú Rua ina bhfuil géarchéim ann i láthair na huaire. Is cás éigeándála é. Bhí súil go dtiocfadh roinnt airgid ón Roinn le tacú leis sin ach creidim nach mbeadh pingin ar fáil ó Roinn an Aire Stáit ó thaobh bhóithre áise agus mar sin de. An bhfuil sé i gceist an scéim sin a thabhairt ar ais? I go leor de na ceantair Gaeltachta tá fadhbanna ollmhóra agus tá gá le tacaíocht den chineál sin.

An rud eile atá ag teacht chun cinn go láidir, agus thagair an Seanadóir Ó Céidigh do seo, ná cúrsaí oideachais agus an géarchéim damanta atá ann ó thaobh múinteoirí atá inniúil ar an nGaeilge. Ag leibhéal na bhunscoile tá sé an-deacair teacht ar mhúinteoirí le Gaeilge. I gceantar amháin Gaeltachta ina raibh mise ag caint le príomhoide, bhí folúntas ann agus bhí 70 le cur faoi agallamh ón bpainéal. Ní raibh oiread agus duine amháin ón bpainéal sin tar éis a rá go raibh sé nó sí inniúil go leor sa Ghaeilge le dul ag múineadh i scoil Gaeltachta. Fuair muintir na scoile sin duine ar deireadh thiar ach b'éigean dóibh obair go crua leis sin a dhéanamh. Tá fadhb an-mhór ansin ó thaobh earcú múinteoirí le Gaeilge.

Tá fadhbanna níos mó ag an dara leibhéal ó thaobh múinteoirí a fháil, is cuma má bhíonn Gaeilge nó Béarla i gceist, in ábhair éagsúla. Nuair a chuirtear an Ghaeilge san áireamh, bíonn sé fíor-dheacair teacht ar mhúinteoirí le haghaidh ábhair faoi leith ar nós na hábhair eolaíochta, ealaíon, ceol agus mar sin de. Is léir go gcaithfear brú ar aghaidh i bhfad níos tapúla ó thaobh múinteoirí a oiliúint. Bhí plean ann sa staidéar cuimsitheach teangeolaíochta go mbunófaí coláiste oiliúna trí mheán na Gaeilge do mhúinteoirí scoile. An bhfuil se i gceist ag an Aire Stáit athbhreithniú a dhéanamh ar sin agus é a bhrú ar aghaidh?

Molaim an scéim atá ann ó thaobh an Ghaeilge a mhúineadh thar lear. Bhí mé ag caint le bean as Tiobraid Árann, Majella O'Meara, atá ag múineadh sa tSlóvaic faoi láthair. Tá sí imithe isteach sa dara bhliain ag múineadh Gaeilge do mhuintir na Slóvaice, creid é nó ná chreid. Níl Gaeilge ar bith ina measc agus tá ag éirí thar barr léi. Tá a fhios agam go bhfuil sé sin ag tarlú in áiteanna go leor. Is scéim mhaith é sin agus tugann sé daoine ar ais go dtí na Gaeltachta chomh maith céanna. Tá moladh mór ag dul do sin.

I ndairíre, maidir leis an straitéis 20 bliain, tá sé deacair creidiúint go bhfuil sé ag dul ar aghaidh i gceart. Nuair a bhí an Aire Stáit os comhair an chomhchoiste - nó b'fhéidir go raibh an Teachta Kyne os ár gcomhair - dúradh linn go dtabharfaí suas go dáta muid agus go mbeadh cáipéis le fáil maidir leis na spriocanna ar fad a bhí sa straitéis agus cé mar a bhí siad sin á mbaint amach. Ní bhfuaireamar an uasdátú sin go fóill cé go raibh muid ag súil leis díreach tar éis an tsamhradh. Tá ámhras orm go bhfuil muid siar i bhfad leis an straitéis 20 bliain. Dar liom, tá sé thar am athbhreithniú iomlán a dhéanamh air. An cheist is mó a thagann chun cinn i gcónaí ná ceist na n-acmhainní. Is cuma an bhfuil muid ag caint faoin straitéis 20 bliain nó Acht na dTeangacha Oifigiúla, bíonn na dreamanna ar fad a bhíonn ag caint linn ag rá nach bhfuil an Rialtas chun na hacmhainní a bhí súil leo a chur ar fáil mar is gá. Is léir ag leibhéal bhord an Rialtais go bhfuil an Aire Stáit ag tochailt timpeall le pinginí beaga suaracha anseo agus ansiúd. Caithfear i bhfad níos mó airgead a bheith curtha ar fáil ag an an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe don Roinn.

Beidh muid ag coinneáil brú ar an Aire Stáit maidir leis na ceisteanna seo. An ceist eile ná, ó thaobh an Dá Chontae is Tríocha agus na cainteanna atá ar siúl ó Thuaidh, léirigh an tAire, an Teachta Coveney, go raibh sé fábhrach ó thaobh Acht na Gaeilge ó Thuaidh. Tá sé mar bhunaidhm go gcuirfear é sin ar bun. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann ráiteas a dhéanamh ag dearbhú go bhfuil sé féin ar son acht féinsheasmhach Gaeilge sna Sé Chontae agus go gcuirfidh sé brú an James Brokenshire bualadh le pobal na Gaeilge mar níor bhuail sé leo go fóill, cé gur bhuail sé leis an Ord Oráisteach agus dreamanna eile. B'fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann ráiteas a dhéanamh ina leith sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.