Seanad debates

Wednesday, 25 October 2017

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Ní bheidh mise i bhfad ach oiread. Ba mhaith liom cúpla pointe a ardú. Ar dtús báire, bhí plé agus ionchur iontach fiúntach ó Sheanadóirí inniu. Is mór an trua, mar an gcéanna le roinnt ábhair eile, nach bhfuil muid in ann reachtaíocht nó rún a phlé ó thaobh na Gaeilge de. Tá a fhios agam go bhfuil roinnt ar an gclár oibre os ár gcomhair. Ar aon nós, ba mhaith liom cur leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Ó Clochartaigh ó thaobh Achta ó Thuaidh. Bheadh sé úsáideach agus tábhachtach cluinstin ón Aire Stáit maidir le seasamh an Rialtais ó thaobh an Achta de. Chomh maith leis sin, aontaím leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Ó Clochartaigh. Tá mé cinnte go n-aontaíonn an tAire Stáit féin gur ábhar náire é nár bhuail an Státrúnaí, James Brokenshire, le grúpa Gaeilge ar bith go dtí an pointe seo, cé go bhfuil na grúpaí sin tar éis iarratas i ndiadh iarratais a dhéanamh chun bualadh leis. Tá súil agam go mbeadh an Aire Stáit in ann é sin a ardú le James Brokenshire, tríd a chuid comhgleacaithe nó ar bhonn pearsanta, agus a insint dó, má tá sé chun bac a chur le cur i bhfeidhm Achta, gur cheart dó, ar a laghad, bualadh leis na grúpaí Gaeilge ó Thuaidh atá ag fulaingt mar gheall ar an easpa reachtaíochta agus a cluinstin uathu.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire Stáit ó thaobh tionscadal gur féidir leis an Rialtas glacadh leis. Cé go bhfuil ábhar na hinfheistíochta ardaithe ag Seanadóirí eile agus cé go bhfuil infheistíocht de dhíth agus thar a bheith tábhachtach ó thaobh na Gaeilge de - níl mé a rá a mhalairt - an bhfuil smaointe ar bith ag an Aire Stáit ó thaobh an tionscadail Líofa atá ann sna Sé Contae? B'fhéidir go dtiocfadh leis an Aire Stáit rud éigin mar an gcéanna a dhéanamh anseo ó Dheas a treorfadh daoine chuig an Gaeilge. Níl mórán costais ag baint leis agus ardaíonn sé próifíl na Gaeilge. Déanann sé an Ghaeilge níos feiceálaí ar fud na háite agus osclaíonn se doirsí gan mórán costais don Rialtas. B'fhéidir gur féidir leis rud eile a dhéanamh chun an teanga a roinnt. Tá a fhios agam go bhfuil an Aire Stáit féin sáite i dteagasc na Gaeilge, agus fair play dó as sin. Go n-éirí go geal leis. Tá a fhios agam go n-aithníonn sé agus go dtuigeann sé an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge a roinnt leis an líon is mó daoine agus gur féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.