Seanad debates

Tuesday, 13 May 2003

Official Languages Bill 2002: Report and Final Stages.

 

Government amendment No. 1:

In page 8, line 14, after "THOSE" to insert "PURPOSES, TO PROVIDE FOR THE ESTABLISHMENT".

2:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is leasú teicniúl seo. Tá an leagan Gaeilge ceart ach tá athrú beag le déanamh ar an leagan Béarla agus tá súil agam go bhféadfaí glacadh leis seo gan díospóireacht.

Amendment agreed to.

Government amendment No. 2:

In page 12, lines 1 and 2, to delete "means the Irish language and the English language" and substitute "means the Irish language (being the national language and the first official language) and the English language (being a second official language) as specified in Article 8 of the Constitution".

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar a gheall mé nuair a bhí muid ag plé na ceiste seo le linn na díospóireachta ar Chéim an Choiste, ghlac mé le tuilleadh comhairle faoi seo. Tá áthas orm, de thoradh na comhairle breise atá faighte agam, go bhfuilim abálta anois léiriú mínithe maidir lena teanga oifigiúla a bhí sonraithe sa bhunleagan den Bhille a chur ar ais ann – go bhfuil cur síos a dhéanamh sa mBille ar na teangacha mar atá sa mBunreacht. Tá súil agam arís go bhféadfaí glacadh leis seo gan díospóireacht ó tharla go raibh an Freasúra ag iarraidh go ndéanfainn seo agus mar a gheall mé go n-athbhreithneoinn air seo.

Amendment agreed to.

Government amendment No. 3:

In page 14, line 46, to delete "may use" and substitute "has the right to use".

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Bhí plé fada air seo ar Chéim an Choiste agus dúirt mé ag an am nár thuig mé nach bhféadfaí é seo a dhéanamh ach go raibh comhairle faighte agam. Chuaigh mé ar ais agus plédh an rud arís agus frítheadh tuilleadh comhairle i ngeall air. Tá áthas orm go bhfuil mé in ann géilleadh don mhéid a bhí an Freasúra ag iarraidh nuair a bhí muid ag plé an Bhille agus go bhfuil na focail "Beidh ceart ag" nó "has the right to use" curtha ar ais san mBille mar a bhí ann an chéad uair.

Derek McDowell (Labour)
Link to this: Individually | In context

Tá sé sásúil go bhfuil an ceart anois ag Comhaltaí sa Teach seo agus sa Dáil labhairt as Gaeilge má theastaíonn uathu amhlaidh a dhéanamh. Ba cheart dúinn, freisin, deis a thabhairt dos na Baill é sin a dhéanamh. Is rud amháin é ceart agus cead a bheith againn ach caithfear an deis a bheith againn freisin. De réir mar a fheicim-se, ní pléitear ach ceist na Gaeilge as Gaeilge i dTithe an Oireachtais agus is mór an trua é sin. B'fhéidir gur cheart dúinn féachaint ar na himeachtaí sa Teach seo agus sa Teach eile chun teacht ar dheiseanna breise chun díospóireachtaí breise a dhéanamh, ar an gcóras leighis mar shampla, rud nach dtarlaíonn faoi láthair.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tacaím leis an méid atá ráite ag an Seanadóir. Déanaim féin iarracht déanamh cinnte, nuair a labhrainn faoi ábhar ar bith, go labhrainn Gaeilge chomh maith le Béarla. Mar atá ráite agam go minic, agus mar a fuair muintir Chomhairle Chondae na Gaillimhe amach, bíonn leisce ar dhaoine na cluasáin a úsáid agus is trua é sin. Dá mbeimís ag labhairt Fraincíse d'úsáidfí na cluasáin. Beidh áthas orm teacht ar ais ag am ar bith agus ábhar ar bith de chuid mo Roinne, forbairt tuaithe agus mar sin de, a phlé tré mheán na Gaeilge. Sílim go bhféadfaimid é a dhéanamh go dhá theangach, sa mhéid is go bhfuil na cluasáin ann don dream ar mhaith leo labhairt i mBéarla. Thiocfainn go mór leat.

Is mór an trua nach bhfuil a leithéid de seachtainn san Oireachtas ar TG4 tré Ghaeilge. D'fhéadfa fo-theidil Béarla a úsáid ach tabharfaí tús áite do úsáid, na Gaeilge. Spreagfadh sé sin daoine le Gaeilge a labhairt sa Seanad agus sa Dáil.

Amendment agreed to.

Rory Kiely (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Amendments Nos. 4 to 6, inclusive, are related and will be discussed together by agreement. Is that agreed? Agreed.

Government amendment No. 4:

In page 16, lines 17 to 19, to delete "the proceedings, including any evidence given or taken, from one official language into the other" and substitute "proceedings in court from one official language into the other".

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Leasaithe teicniúla iad seo atá á mholadh ag comhairle Oifig na nDréachtóirí Pairliminte le soiléiriú a dhéanamh ar bhrí na bhforálacha áirid seo. Níl aon athrú mór ar an mbrí ins na leasaithe seo. I gcás leasú Uimh. 5, tá an fhoráil á threisiú. Ba mhaith liom béim a chur air sin mar táimid ag tabhairt amach na forála a bhí ann maidir le fógrá réasúnta a thabhairt. Tá sé sin imithe. Mar sin, má theastaíonn ó pháirtí go n-úsáidfear an Ghaeilge sin a bhéas in úsáid.

Maidir le leasú Uimh. 6, fuair mé comhairle dlí nach bhfuil an focal, "if" sásúil, toisc nach bhfreagraíonn sé an cheist maidir le cé a dhéanfaidh an breithiúnas maidir le roghnú teanga nuair atá cás tógtha ag beirt agus go bhfuil duine amháin ag roghnú Béarla agus an duine eile Gaeilge. Is ag an Stát a bheidh sé an teanga a úsáidfear a roghnú. Caithfear, ar ndóigh, agus beidh sé mar dhualgas ag an Stát cinneadh a dhéanamh ar bhonn réasúnta. Sin, díreach má tá beirt ag tógáil cáis agus iad ar mhalairt tuairime faoin teanga oifigiúil a úsáidfí sa gcás sin.

Derek McDowell (Labour)
Link to this: Individually | In context

Ní raibh mé anseo don díospóireacht ar Chéim an Choiste ach léigh mé tuairisc na díospóireachta, a bhí an-fhada. Mhol an Seanadóir O'Toole go mbeadh sé mar bhun-prionsabal go mbeadh imeachtaí cúirte, go háirithe an Cúirt Dúiche sa Ghaeltacht, tré Ghaeilge. Is trua nach féidir é sin a dhéanamh. Léigh mé an méid a bhí le rá ag an Aire mar gheall ar éagsúlacht taobh istigh den nGaeltacht, sa ghalltacht agus ar uile. Má táimid ag iarraidh spreagadh a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta an Ghaeilge a úsáid gach uile lá, ba cheart go mbeimís in ann seirbhís thábhachtach Stáit, cosúil le seirbhís cúirte, a chur ar fáil tré Ghaeilge, mar bhun prionsabal. Is trua nach féidir é sin a dhéanamh.

Níl mé cinnte faoi leasú Uimh. 5. Deir an tAire nach gá anois le fógra reasúnach. Cad a tharlóidh go praicticiúl muna dtugfar réamhfhógra ar chor ar bith? An mbeidh aturnae nó garda ann agus Gaeilge aige nó an mbeidh teangaire ann a bheidh in ann aistriú idir an bheirt theanga i ngach uile Cúirt Dúiche? Ní dóigh liom go mbeidh. Tá an tAire ag iarraidh na bhforálacha a threisiú – agus tá sin déanta aige – ach an bhfuil seo praicticiúl?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Seo ceann de na fabhanna agus tá áthas orm gur luaigh an Seanadóir é. Caithfidh an Bille a bheith praicticiúl. Bhí imní ar dhaoine go bhféadfadh an Stát a rá nach raibh fógra reasúnta tugtha agus go bhféadfadh sé faighid a bhaint as sin. Go hiondúil roimh cás cúirte, bíonn barúil éigin ón gcomhfhreagras an Gaeilge nó Béarla atá i gceist ag an té atá ag dul isteach sa gcúirt a úsáid. Ní dóigh liom go praicticiúl go n-éireodh an fhadhb chomh mór is a cheapfadh duine a éireodh sí. Má tá duine nó fianaí de chuid an Stáit nach bhfuil Gaeilge aige ann, beidh cead aige aistritheoir a úsáid – chaithfeadh sin bheith inghlactha. Oibreoidh sé.

Maidir le ceist na Gaeltachta, an fhadhb a bhí agamsa ná seo – tá ceart don saoránach sa nGaeltacht Béarla a úsáid má theastaíonn ón saoránach sa nGaeltacht Béarla a úsáid. Sin fadhb. Ar an dtaobh eile den scéal, is féidir glacadh leis go mbeidh orainn a leagan síos sna pleananna go cinnte go gcaithfidh le cléireach na cúirte, agus níos tábhachtaí ná sin, breitheamh cúirte sa nGaeltacht Gaeilge a bheith acu. Is féidir glacadh leis go mbeidh sin sna treoirlínte agus na pleananna agus ní bheidh aon dhul thairis air. Tá súil agam go n-imeoimid ón rud a bhí ann i roinnt de na Gaeltachtaí nach raibh aon Ghaeilge ag an mbreitheamh ach is istigh sa bplean a bheimid in ann sin a leagan síos. Bheadh sé deacair é a leagan síos i mbun Bhille.

Derek McDowell (Labour)
Link to this: Individually | In context

An bhfuil sé ar intinn ag an Aire déanamh cinnte go leagfar sin síos sa bplean?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Beidh sé leagtha síos sa bplean. Deir sé sna forálacha faoina pleananna go gcaithfear sólathar a dhéanamh do na rudaí seo. Níl sé ciallmhar go bhfuil breitheamh ag déanamh breithiúnais i gcúirt Gaeltachta gan tuiscint aige ar theanga an phobail.

Amendment agreed to.

Government amendment No. 5:

In page 16, lines 23 to 26, to delete "parties", unless it is established by the State or, as appropriate, the public body that reasonable notice of the language chosen has not been given" and substitute "party".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 6:

In page 16, to delete lines 27 to 30, and substitute the following:

(b) if two or more persons (other than the State or a public body) are party to the proceedings and they fail to choose or agree on the official language to be used in the proceedings, the State or, as appropriate, the public body shall use in the proceedings such official language as appears to it to be reasonable, having regard to the circumstances".

Amendment agreed to.

Rory Kiely (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

There is a misspelling in the Irish version of amendment No. 7. There should be no fada in "eile". As amendment No. 15 is related to amendment No. 7, it is proposed to discuss both together. Is that agreed? Agreed.

Government amendment No. 7:

In page 18, line 9, to delete "other".

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is leasú teicníula iad seo. I leasú Uimh. 15, tá an leagan Gaeilge ceart agus tá an focal "to" le baint as an Bhéarla. Tá "eile" agus "other" a scriosadh i leasú Uimh. 7 d'alt 9. Tá súil agam gur féidir iad seo a aontú gan díospóireacht mar níl iontu ach rudaí beaga teicniúla.

Amendment agreed to.

Government amendment No. 8:

In page 18, to delete lines 32 to 35, and to substitute the following:

"10.–(1) The Minister may by regulations provide that the headings of stationery used by a public body and the contents or so much of the contents and the lay out of any signage or advertisements placed by it shall, to such extent as may be specified, be in the Irish language or in the English and Irish languages and different provisions may be made in relation to different classes of body, stationery, signage or advertisements.

(2) Where a person communicates in writing or by electronic mail in an official language with a public body, the public body shall reply in the same language.".

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá mír (1) den leasú seo a mholadh agam mar gur tháinig deacrachtaí teicniúla chun cinn sa bhunleagan den fhoráil mar a bhí foilsithe. Faoin leagan sin, bheadh baol ann go mbeadh míthuiscint go mbeadh gá le leagan Béarla d'fhocal atá i gnáthchaint laethiúl na ndaoine, bíodh cónaí ortha taobh istigh den nGaeltacht nó taobh amuigh de, mar shamplá, Arás an Uachtaráin, Garda Síochána, Taoiseach, Tánaiste, le húsáid ar stáiseanóireacht oifigiúl srl. Ní ga dom a rá nach sin a bhí i gceist ann. B'fhearr liom bheith cinnte agus sin a réitiú.

Tá an oiread san pointí sonracha eile maidir le hábhair áirid seo le clúdú, mar shampla: tús áite don nGaeilge i gcásanna áirid; cothramaíocht idir Ghaeilge agus Béarla, agus tá sé sin ag éirí ina fhadhb i bhfad níos mó ar stáiseaneoireacht, mar shampla, nuair atá an Ghaeilge i bhfad níos lú; Gaeilge amháin san nGaeltacht nó in ainmneacha ar nós oifig an Tánaiste nó oifig an Taoisigh agus nach gá Taoiseach nó Tánaiste a scríobh i mBéarla; agus eagraíochtaí ar nós Údarás na Gaeltachta, Meitheal Forbartha na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, TG4 agus mar sin de. Bheadh sé mí-chuí na pointí sonracha seo ar fad a chlúdú sa phríomh reachtaíocht. Mar sin, tá soláthar a dhéanamh gur féidir leis a bheith i nGaeilge nó i mBéarla nó i nGaeilge. Níl aon soláthar ann do Bhéarla amháin. Beidh sé suas don Aire rialachán a ullmhú maidir le toisí agus le húsáid Gaeilge amháin in áiteanna áirid.

Maidir le mír a dó den fhoráil, seo ceann de na sean-cheisteanna gur chóir do chomhlachtaí poiblí aird a thabhairt uirthi agus iad ag ullmhú dréacht-scéimeanna faoi alt 13. Chomh maith leis sin, d'fhéadfaí rialachán a thabhairt isteach faoi alt 4. Le mí-thuiscint a sheachaint faoi céard atá i gceist agam mar Aire agus tar éis comhairle a ghlacadh céard é comhfhreagras, tá mé ag cur an mhír seo leis, sé sin go mbeidh ar dhaoine comhfhreagras a fhreagairt sa teanga ina scríobhtar é. Má scríobhtar ag Roinn Stáit i nGaeilge caithfear freagra a thabhairt i nGaeilge agus má scríobhtar i mBéarla caithfear freagra a thabhairt i mBéarla. Ar fhaitíos na míthuisceana go raibh i gceist agam nach mbeadh sé mar sin nuair a bheadh gach rud curtha i gcrích, tá mé á shonrú go soiléir san mBille anois.

Derek McDowell (Labour)
Link to this: Individually | In context

Nuair a thosaíomar leis an mBille seo is é a bhí á dhéanamh againn ná cearta a leagan síos do dhaoine comhfhreagras a dhéanamh tré mheán na Gaeilge le comhlachtaí Stáit, gnó a dhéanamh tré mheán na Gaeilge os comhair na cúirte agus ar uile. Is léir anois go bhfuil an tAire ag brath go mór ar rialachán agus ar riarachán. Tuigim cén fáth go bhfuil sin á dhéanamh agus na scéimeanna, na pleananna agus na dréachtanna á leagan amach. Dá bhrí sin, táimid ag lagú na cearta atá istigh san mBille agus is trua sin.

Maidir le fo-alt 2, is maith an rud go bhfuil sé soiléir anois go mbeidh sé de cheart ag gach uile dhuine go dteastaíonn sé uaidh nó uaithi comhfhreagras a dhéanamh tré mheán na Gaeilge le comhlachtaí Stáit, i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach, é sin a dhéanamh. Is maith an rud é go bhfuil sé soiléirithe agus go bhuil sé leagtha síos sa reachtaíocht.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá an méid faoin gcomhfhreagras leagtha síos go soiléir. Ba mhaith liom béimiú uair amháin eile maidir le stáiseanóireacht, comharthaíocht agus rudaí mar sin. Níl de rogha ach Gaeilge amháin agus Gaeilge agus Béarla. Ní shin atá ann i láthair na huaire. Cuireann go leor dreamanna comharthaí i mBéarla amháin suas. An rud nach bhfuil mé ag scríobh san Acht, mar bheadh sé ró-chasta, ná céard iad na toisí de Ghaeilge agus Béarla a bheas ann i ngach uile chás. Teastaíonn uaim an saoirse a fhágáil ag an Aire sonraíocht a dhéanamh air sin. Dhéanfadh sé an Bille an-chasta agus an-fhada. Sonraítear go mbeidh comharthaí agus ainmneacha a úsáidtear i nGaeilge go coitianta, ar nós Áras an Uachtaráin agus Garda Síochána, i nGaeilge amháin agus nach mbeidh The Irish Police scríofa faoi Garda Síochana ar chomhartha, mar shampla.

D'féadfainn a shonrú go gcaithfeadh Gaeilge amháin a bheith san nGaeltacht, mar shampla, nó go gcaithfeadh an Ghaeilge a bheith i bhfad chun tosaigh i gcásanna áirid eile agus i gcásanna eile gur ar chomh-mhéid a bheadh an dá theanga. Dá mbeinn mé ag dul ag sonrú gach ocáid go mbeadh gach ceann de na roghanna sin i gceist anseo, bheadh fadhb ann. Mar sin, tá an bun rud leagtha síos agus nuair a thiocfaidh na rialacháin amach cuirfear feoil orthu. Tá rud amháin as an áireamh agus is é sin Béarla amháin.

Amendment agreed to.

Rory Kiely (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Amendments Nos. 9 and 11 to 14, inclusive, are related and will be discussed together by agreement. Is that agreed? Agreed.

Government amendment No. 9:

In page 20, line 29, to delete "13" and substitute "9".

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is leasú teicniúl iad seo a bhaineann le crostagairtí sa Bhille. Tá súil agam gur féidir glacadh leis gan díospóireacht mar níl ann ach uimhreacha.

Amendment agreed to.

Government amendment No. 10:

In page 20, line 43, to delete "any particular linguistic" and substitute "the particular Irish language".

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Bhí mé beagáinín buartha nach raibh an fhoráil maidir leis an nGaeltacht sonrach mar deir sé anseo "any particular lingustic". Theastaigh uaim go dtuigfí gurb í an Ghaeilge a bhí i gceist agus ar an ábhar sin tá mé ag déanamh leasaithe air sin. Má thógtar seo mar aon leis na tagairtí eile do phleananna nó treoirlínte dóibh, go dtuigfear go mbeidh dualgas soiléir ar gach eagraíocht Stáit, bíodh sé taobh istigh den nGaeltacht nó taobh amuigh agus ag freastal ar phobal na Gaeltactha, go mbeidh air seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge do lucht labhartha na Gaeilge san nGaeltacht. Bheadh súil agam go dtuigfeadh daoine nuair a chuireann siad na píosaí ar fad le chéile atá sa mBille, nach mbeidh imeacht ón bprionsabal sin.

Derek McDowell (Labour)
Link to this: Individually | In context

Ní thuigim an bhaint idir an leasú agus an méid atá ráite ag an Aire. Ní thuigim an difir idir an leasú agus an méid a bhí ann cheanna féin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Dúirt sé "any particular linguistic", so ní raibh sé sonrúil gurb é riachtanas sa Ghaeilge a bhí i gceist. Tá "the particular Irish language" an riachtanas Gaeilge sa nGaeltacht atá i gceist anois. Tá sé soiléir le déanamh cinnte nach bhfuil aon áthbhrí i gceist.

Derek McDowell (Labour)
Link to this: Individually | In context

An leagan nua a bheidh ann as Gaeilge ná "a chinntiú go bhfreastalófar ar na riachtanais áirithe teanga" a bhaineann le seirbhísí shólathair i limistéir Gaeltachta.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Deir an leagan nua "a chinntiú go bhreastalófar ar na riachtanais áirithe Gaeilge" a bhaineann le seirbhísí shólalthair i limistéir Gaeltachta.

Amendment agreed to.

Government amendment No. 11:

In page 22, line 2, to delete "section 13(1)" and substitute "subsections (1) and (2) of section 9".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 12:

In page 22, line 26, to delete "13 to 14" and substitute "9, 13 and 14".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 13:

In page 22, line 28, to delete "13" and substitute "9".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 14:

In page 24, line 3, to delete "13" and substitute "9".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 15:

In page 32, line 11, to delete "to".

Amendment agreed to.

An Leas-Chathaoirleach:

Amendments Nos. 16 to 40, inclusive, are related and will be discussed together by agreement. Is that agreed? Agreed.

An Leas-Chathaoirleach:

Government amendment No. 16:

An Leas-Chathaoirleach:

In page 38, to delete line 35, and substitute "a regional assembly".

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl i gceist anseo ach leasuithe teicniúla. Baineann said le comhlachtaí poiblí nua atá bunaithe ó foilsíodh an Bille, comhlachtaí poibli a d'athraigh a n-ainm ó foilsíodh an Bille agus comhlachtaí poiblí a cuireadh as feidhm ó foilsíodh an Bille de bharr meascán den dhá ghné seo. Gabhaim buíochas leis an bhFreasúra mar thug sé ainm chomhlachta amháin chun tosaí ar Chéim an Choiste agus spreag sé sinn le dhul ar ais agus seiceáil uair amháin eile faoin méid dreamanna a bhí tagtha leis agus imithe ón saol ó foilsíodh an Bille anuraidh. Mar a fheictear, tá liosta mór i gceist ach ní ann ach ceartú teicniúl agus iomlán a dhéanamh ar an liosta. Tá súil agam go bhfuil an liosta seo cuimsitheach.

Amendment agreed to.

Government amendment No. 17:

In page 38, line 36, to delete "a health authority" and substitute "the Eastern Regional Health Authority".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 18:

In page 38, between lines 48 and 49, to insert the following:

"An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 19:

In page 40, line 16, after "Bank" to insert "and Financial Services Authority".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 20:

In page 40, between lines 22 and 23, to insert the following:

"Comhar – The National Sustainable Development Partnership

Commission for Aviation Regulation

Commission for Communications Regulation

Commission for Energy Regulation".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 21:

In page 40, between lines 25 and 26, to insert the following:

"Crisis Pregnancy Agency".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 22:

In page 40, between lines 42 and 43, to insert the following:

"Further Education and Training Awards Council".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 23:

In page 40, between lines 52 and 53, to insert the following:

"Higher Education and Training Awards Council

Horse Racing Ireland".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 24:

In page 42, to delete line 2.

Amendment agreed to.

Government amendment No. 25:

In page 42, between lines 3 and 4, to insert the following:

"Irish Financial Services Appeals Tribunal

Irish Financial Services Regulatory Authority".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 26:

In page 42, to delete line 4.

Amendment agreed to.

Government amendment No. 27:

In page 42, between lines 18 and 19, to insert the following:

"Mental Health Commission".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 28:

In page 42, between lines 21 and 22, to insert the following:

"National Centre for Partnership and Performance".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 29:

In page 42, to delete line 25.

Amendment agreed to.

Government amendment No. 30:

In page 42, between lines 25 and 26, to insert the following:

"National Council for Professional Development of Nursing and Midwifery

National Council for Special Education

National Disability Authority".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 31:

In page 42, between lines 32 and 33, to insert the following:

"National Qualifications Authority of Ireland".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 32:

In page 42, between lines 37 and 38, to insert the following:

"National Statistics Board".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 33:

In page 42, between lines 42 and 43, to insert the following:

"Office of the Director of Corporate Enforcement

Office of the Director of Equality Investigations".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 34:

In page 42, to delete line 43.

Amendment agreed to.

Government amendment No. 35:

In page 42, between lines 44 and 45, to insert the following:

"Office of the Refugee Applications Commissioner

Office of Tobacco Control".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 36:

In page 42, between lines 53 and 54, to insert the following:

"Refugee Appeals Tribunal".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 37:

In page 44, between lines 4 and 5, to insert the following:

"Sustainable Energy Ireland".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 38:

In page 44, to delete line 17.

Amendment agreed to.

Government amendment No. 39:

In page 44, between lines 31 and 32, to insert the following:

"the Health Insurance Authority".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 40:

In page 46, between lines 7 and 8, to insert the following:

"the State Examinations Commission".

Amendment agreed to.

Government amendment No. 41:

In page 46, line 35, after "conferred" to insert "or permitted".

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is leasú teicniúl é seo atá a mholadh le soiléiriú a dhéanamh ar bhrí na forála aírithe seo maidir le scóp an Bhille a leathnú amach anseo do chuid earnálacha den gheilleagar seachas an earnáil phoiblí. Foráiltear faoin leasú seo go dtagann cuideachtaí a fheidhmíonn tri cheadúnas ón Stát, cosúil le bainc, gníomhaireachtaí eile a thugann iasachtaíl, cuideachtaí arachais, cuideachtaí teileachumarsáide agus srl, faoin fhoráil seo. Léiríonn sé nach bhfuil aon cheann de na dreamanna seo saor ó bheith clúdaithe faoin mBille.

Amendment agreed to.

Bill reported with amendments and received for final consideration.

Question proposed: "That the Bill do now pass."

Derek McDowell (Labour)
Link to this: Individually | In context

Is dócha an rud is túisce an rud is tábhachtaí. Agus sinn ag breithníu ar an mBille seo i gceann cúpla bliana, tá súil agam go mbeidh sé níos fusa ag saoránach sa Stát glaoch a chur ar Roinn Stáit agus labhairt le seirbhíseach agus freagra a fháil tri Ghaeilge. An mbeidh sé indéanta nó níos fusa dúinne plé le Roinn Stáit, leis an Stát Seirbhís nó leis na comhluchtaí atá soiléirithe agus atá leagtha amach sa reachtaíocht Tá súil agam go mbeidh ach níl mé ró-dóchasach go gcuirfeadh an Roinn Airgeadais, mar shampla, na hacmhainní agus na meoin a bhfuil gá leo ar fáil. Bhí mé ag breathnú ar an mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an mBille agus is cinnte go bhfuil impleachtaí airgeadais ann. Beidh orainn fóirne a thréanáil agus fáil ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu. Cosnóidh sé sin airgead agus tá súil agam go mbeidh an toil pholaitiúil ann, ní hamháin i Roinn an Aire ach sa Roinn Airgeadais chomh maith, chun féachaint chuige go mbeimid in ann forálacha na reachtaíochta a chur i bhfeidhm go praiticiúil. Sin an rud is tábhachtaí i ndeireadh na dála.

Tá mé cinnte go bhfuilimid ag cur go mór leis an uallach oibre a bheidh ag na stát seirbhísigh chun na scéimeanna agus na pleananna seo a chumadh. Mar adúirt an tAire ar Chéim an Choiste, tá a lán scéimeanna agus pleananna againn a bhaineann le hathbheocháin na Gaeilge agus le dátheangachas. Ní cheapaim go bhfuil curtha go mór ag na pleananna sin le dul chun cinn na Gaeilge, lena húsáid nó lena hathbheochana, sa Ghaeltacht agus sa ghalltacht. Tá súil agam go mbeidh níos mó tairbhe le baint as an reachtaíocht seo agus go mbeimid ag breathnú ar ais ar an mBille seo i gcionn deich mbliana mar bhunchloch ar dhul chun cinn na Gaeilge sna todhchaí.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is mian liom tréaslú leis an Aire toisc an Bille seo a chur os ár gcomhair agus, go mórmhór, as na leasaithe a chuir sé os ár gcomhair inniu. Bhí díospóireacht an-fhairsing againn an lá faoi dheireadh agus bhí an tAire ag éisteacht go han-chruinn léi. Tá sin soiléir ins na leasaithe a mhol sé inniu. Leasaithe bunúsacha iad, go mórmhór na cinn a bhain le comhfhreagras tré Ghaeilge. Phlémar é sin go mion an lá faoi dheireadh. Tá súil agam go mbeimid in ann tabhairt faoin obair seo go dearfach mar níl anseo ach an chéad céim.

Tá súil agam go mbeidh comhoibriú ann. Ní hamháin go reachtálfar an Bille ach go mbeidh dea-thoil ann freisin. Níl aon amhras ach go bhfuil an dea-thoil sin soiléir imeasc an phobail. Tá sé soiléir anois go bhfuil an pobal sásta glacadh leis an dúshlán seo. Ní bheidh leithscéal ag aon chomhlacht poiblí gan glacadh leis an mBille seo agus a bhfuil ann.

Tá áthas orm freisin go mbeidh seans ag Tithe an Oireachtais é seo a phlé go rialta agus a mheas cad díreach atá ag tarlú ar an dtalamh. Ní bheidh éinne againn ag súil le leithscéalta anois mar níl aon leithscéalta ann. Beidh sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh cumhacht ag an gcoimisinéir agus go mbeidh seans againn tuarascáil an choimisinéara a phlé. Ón dea-thoil atá le mothú sa Teach seo don nGaeilge tá mé lán-chinnte go mbeidh an-díospóireacht ann. Is páirtnéireacht atá i gceist anseo idir Thithe an Oireachtais, na comhlachtaí poiblí agus an gnáth-phobal. Tá mé cinnte, toisc an t-atmasféar atá amuigh ann anois, go mbeidh sé ar ár gcumas dul chun cinn a dhéanamh.

Tréaslaím, freisin, leis an heagrais deonacha atá tar éis sár-obair a dhéanamh ar an mBille seo. Níl aon amhras ach go bhfuil sár-thaighde déanta acu agus chuireadar an taighde sin ar fáil dúinn uilig. Tá súil agam go mbeidh sé ar chumas an Rialtais cabhair breise a chur ar fáil dos na heagrais sin mar beimid ag brath go mór orthu. Sheasadar an fód go minic nuair a bhí géar gá leis sin. Thugadar an treoir go minic nuair a bhí lag-mhisneach orainn. Anois, tá sé tábhachtach go mbeadh an maoin acu chun an dul chun cinn agus an obair sin a dhéanamh. Glacaim go mbeidh siad mar inneall ag an obair seo agus molaim iad go hard.

Is mian liom gníomhaireacht an Rialtais, go mórmhor dreamanna cosúl le Gaeleagras, a bhful sár obair déanta acu go dtí seo. Mholas, an lá faoi dheireadh, go chóir go mbeadh seans ag Gaeleagras agus ag na heagrais an taithí agus an tuiscint atá acu féin a chur ar fáil dúinn. Ní bheidh sé chomh simplí sin ar chuid des na comhlachtaí poiblí tabhairt faoin obair seo gan cabhair agus gan treoir. Tá súil agam go mbeidh páirt lárnach ag na heagrais go léir ins an obair seo. Ba chóir duinn i gcónaí smaoineamh ar na daoine a sheas an fód i bhfad roimhe seo, go mórmhór dreamanna cosúl le Conradh na Gaeilge agus Cumann Lúthchleas Gael a thug an cabhair nuair a bhí sí ag teastáil.

Molaim an Aire. Bhí sé thar a bheith soiléir go raibh mion-tuisint aige ar cad a bhí ag teastáil. Tagann sé sin leis an taithí agus an fealsúnacht atá aige féin. Tá súil agam go dtosnóimid ar an obair seo láithreach.

Fergal Browne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire. Aontáim leis an méid atá ráite ag an Seanadóir Ó Murchú. Tá súil agam agus ag Fine Gael go mbeidh comhionnanas don Ghaeilge agus don mBéarla mar gheall ar an mBille seo. Tá ceist amháin agaim. An bhfuil a fhios ag an Aire cathain a bheidh an rannóg nua atá sonraithe san mBille bunaithe?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí ar fad a ghlac páirt sa díospoireacht. Díospóireacht bríomhar a bhí ann. Nuair a cuirtear rud os mo chomhair is maith liom plé iomlán a dhéanamh air agus na hargóintí ar fad a thástáil. Mar a gheall mé, chuaigh mé ar ais ansin agus scrúdaigh muid na moltaí agus na tuairimí a bhí curtha ar aghaidh ag lucht an Fhreasúra agus bhí mé in ann teacht ar aghaidh le roinnt leasaithe a tháinig go mór leis an méid a bhí siad ag iarraidh.

Ní minic a tharlaíonn sé ar Chéim na Tuarascála de Bhille a bhfuil os cionn 30 alt ann, go mbíonn comhaontas iomlán measc lucht polaitíochta an Tí seo ach sin a tharla inniu agus is maith é sin. Ach, is maith, ag an am céanna, nach raibh aon tuairim ar fad ann an chéad lá agus gur cíoradh gach uile short agus gur scrúdaíodh gach uile argóint. Ní fhéadfainn é a chur níos fearr ná mar a chuir an Seanadóir McDowell. Ba é an dúshlán i scríobh an Bhille, go mbeadh sé láidir go leor go ndéanfadh sé sé difríocht ach go mbeadh sé ciallmhar agus stuama go leor le go bhféadfaí é a chur i bhfeidhm. Is iomaí plean faoin nGaeilge a cuireadh ar aghaidh ó bunaíodh an Stát seo ach bhíodar ró oll-mhianach ar fad agus theip glan orthu. Bhraith mé an t-am seo go mb'fhearr rud beag níos teoranta ná sin a dhéanamh ach an cur i bfeidhm a bheith láidir, go mórmhór tríd an gcoimisinéar teanga, duine neamhspleách, len é a chur i bhfeidhm, le go mbeadh toradh fónta ar an talamh.

Creidim go gcuirfidh sé seo, go sciobtha, faoi cheathair nó faoi cúig le líon na seirbhíse atá ar fáil go dáiríre tré mheán na Gaeilge ar ard-chaighdeán. Seo an dóchas atá agam, go mbainfidh an pobal Gaeltachta agus an pobal Gaeilge ar fud na tíre – agus cá bhfuil an Ghaeltacht ach i ngach uile áit a bhfuil an lucht na Gaeilge – leas as an mBille seo le teacht ar na seirbhísí. Mar adúirt bainisteoir chondae amháin le gairid, "Ní leor an tseirbhís a chur ar fáil muna bhfuil éileamh ar an tseirbhís". Tá an dá rud ag dul in éineacht.

Is le pobal na tíre uilig an Ghaeilge. Tá súil agam, ag éirí as an mBille seo, go mbeidh an Ghaeilge níos feiceála do phobal iomlán na tíre i gcomharthaíocht, i stáiseaineoireacht agus sa timpeallacht go ginearálta. Tá sé sin tábhachtach ó tharla gurb í an chéad teanga oifigiúil do gach uile dhuine í agus tá sé tábhachtach, nuair a thiocfas cuairteoirí go hÉirinn gur amhlaidh a bhéas.

Le freagra a chur ar cheist an tSeanadóra, tá súil agam anois, agus an rud seo glactha ag an Seanad inniu, go mbeimid in ann bogadh ar aghaidh go sciobtha go dtí an Dáil. Caithfidh mé glacadh le toil na Dála faoi seo ach ba bhreá liom an Bille a achtú i rith shos an tsamhraidh. Thabharfadh sin trí mhí breise dom le dul go dtí an chéad chéim eile, is é sin leagan amach na rialacháin agus treoirlínte na bpleananna agus an rud a chur i bhfeidhm. Má théann sé ar aghaidh go dtí an fómhar beidh mo sceideal tite siar trí mhí. Le cúnamh Dé beimid in ann díospóireacht iomlán a chur ar bun sa Dáil ar lámh amháin de ach ar an lámh eile de, b'fhéidir go n-éireoidh linn é a achtú. Má déantar sin tabharfaidh mé geallúint go ndéanfaidh mé mo mhíle dhícheall a dhéanamh cinnte go bhfeidhmeofar é seo chomh sciobtha in Éirinn agus is féidir.

Gabhaim buíochas le foireann an tSeanaid agus foireann na Roinne as ucht na hoibre a rinne siad ar an mBille. Bíonn go leor obair i gceist le Bille mar seo agus rinne oifigigh na Roinne é sin le slacht agus le héifeacht.

Question put and agreed to.

Sitting suspended at 3.50 p.m. and resumed at 5p.m.