Seanad debates

Tuesday, 13 May 2003

Official Languages Bill 2002: Report and Final Stages.

 

2:30 pm

Derek McDowell (Labour)

Is dócha an rud is túisce an rud is tábhachtaí. Agus sinn ag breithníu ar an mBille seo i gceann cúpla bliana, tá súil agam go mbeidh sé níos fusa ag saoránach sa Stát glaoch a chur ar Roinn Stáit agus labhairt le seirbhíseach agus freagra a fháil tri Ghaeilge. An mbeidh sé indéanta nó níos fusa dúinne plé le Roinn Stáit, leis an Stát Seirbhís nó leis na comhluchtaí atá soiléirithe agus atá leagtha amach sa reachtaíocht Tá súil agam go mbeidh ach níl mé ró-dóchasach go gcuirfeadh an Roinn Airgeadais, mar shampla, na hacmhainní agus na meoin a bhfuil gá leo ar fáil. Bhí mé ag breathnú ar an mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an mBille agus is cinnte go bhfuil impleachtaí airgeadais ann. Beidh orainn fóirne a thréanáil agus fáil ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu. Cosnóidh sé sin airgead agus tá súil agam go mbeidh an toil pholaitiúil ann, ní hamháin i Roinn an Aire ach sa Roinn Airgeadais chomh maith, chun féachaint chuige go mbeimid in ann forálacha na reachtaíochta a chur i bhfeidhm go praiticiúil. Sin an rud is tábhachtaí i ndeireadh na dála.

Tá mé cinnte go bhfuilimid ag cur go mór leis an uallach oibre a bheidh ag na stát seirbhísigh chun na scéimeanna agus na pleananna seo a chumadh. Mar adúirt an tAire ar Chéim an Choiste, tá a lán scéimeanna agus pleananna againn a bhaineann le hathbheocháin na Gaeilge agus le dátheangachas. Ní cheapaim go bhfuil curtha go mór ag na pleananna sin le dul chun cinn na Gaeilge, lena húsáid nó lena hathbheochana, sa Ghaeltacht agus sa ghalltacht. Tá súil agam go mbeidh níos mó tairbhe le baint as an reachtaíocht seo agus go mbeimid ag breathnú ar ais ar an mBille seo i gcionn deich mbliana mar bhunchloch ar dhul chun cinn na Gaeilge sna todhchaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.