Seanad debates

Tuesday, 13 May 2003

Official Languages Bill 2002: Report and Final Stages.

 

2:30 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)

Is mian liom tréaslú leis an Aire toisc an Bille seo a chur os ár gcomhair agus, go mórmhór, as na leasaithe a chuir sé os ár gcomhair inniu. Bhí díospóireacht an-fhairsing againn an lá faoi dheireadh agus bhí an tAire ag éisteacht go han-chruinn léi. Tá sin soiléir ins na leasaithe a mhol sé inniu. Leasaithe bunúsacha iad, go mórmhór na cinn a bhain le comhfhreagras tré Ghaeilge. Phlémar é sin go mion an lá faoi dheireadh. Tá súil agam go mbeimid in ann tabhairt faoin obair seo go dearfach mar níl anseo ach an chéad céim.

Tá súil agam go mbeidh comhoibriú ann. Ní hamháin go reachtálfar an Bille ach go mbeidh dea-thoil ann freisin. Níl aon amhras ach go bhfuil an dea-thoil sin soiléir imeasc an phobail. Tá sé soiléir anois go bhfuil an pobal sásta glacadh leis an dúshlán seo. Ní bheidh leithscéal ag aon chomhlacht poiblí gan glacadh leis an mBille seo agus a bhfuil ann.

Tá áthas orm freisin go mbeidh seans ag Tithe an Oireachtais é seo a phlé go rialta agus a mheas cad díreach atá ag tarlú ar an dtalamh. Ní bheidh éinne againn ag súil le leithscéalta anois mar níl aon leithscéalta ann. Beidh sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh cumhacht ag an gcoimisinéir agus go mbeidh seans againn tuarascáil an choimisinéara a phlé. Ón dea-thoil atá le mothú sa Teach seo don nGaeilge tá mé lán-chinnte go mbeidh an-díospóireacht ann. Is páirtnéireacht atá i gceist anseo idir Thithe an Oireachtais, na comhlachtaí poiblí agus an gnáth-phobal. Tá mé cinnte, toisc an t-atmasféar atá amuigh ann anois, go mbeidh sé ar ár gcumas dul chun cinn a dhéanamh.

Tréaslaím, freisin, leis an heagrais deonacha atá tar éis sár-obair a dhéanamh ar an mBille seo. Níl aon amhras ach go bhfuil sár-thaighde déanta acu agus chuireadar an taighde sin ar fáil dúinn uilig. Tá súil agam go mbeidh sé ar chumas an Rialtais cabhair breise a chur ar fáil dos na heagrais sin mar beimid ag brath go mór orthu. Sheasadar an fód go minic nuair a bhí géar gá leis sin. Thugadar an treoir go minic nuair a bhí lag-mhisneach orainn. Anois, tá sé tábhachtach go mbeadh an maoin acu chun an dul chun cinn agus an obair sin a dhéanamh. Glacaim go mbeidh siad mar inneall ag an obair seo agus molaim iad go hard.

Is mian liom gníomhaireacht an Rialtais, go mórmhor dreamanna cosúl le Gaeleagras, a bhful sár obair déanta acu go dtí seo. Mholas, an lá faoi dheireadh, go chóir go mbeadh seans ag Gaeleagras agus ag na heagrais an taithí agus an tuiscint atá acu féin a chur ar fáil dúinn. Ní bheidh sé chomh simplí sin ar chuid des na comhlachtaí poiblí tabhairt faoin obair seo gan cabhair agus gan treoir. Tá súil agam go mbeidh páirt lárnach ag na heagrais go léir ins an obair seo. Ba chóir duinn i gcónaí smaoineamh ar na daoine a sheas an fód i bhfad roimhe seo, go mórmhór dreamanna cosúl le Conradh na Gaeilge agus Cumann Lúthchleas Gael a thug an cabhair nuair a bhí sí ag teastáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.