Seanad debates

Tuesday, 13 May 2003

Official Languages Bill 2002: Report and Final Stages.

 

2:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí ar fad a ghlac páirt sa díospoireacht. Díospóireacht bríomhar a bhí ann. Nuair a cuirtear rud os mo chomhair is maith liom plé iomlán a dhéanamh air agus na hargóintí ar fad a thástáil. Mar a gheall mé, chuaigh mé ar ais ansin agus scrúdaigh muid na moltaí agus na tuairimí a bhí curtha ar aghaidh ag lucht an Fhreasúra agus bhí mé in ann teacht ar aghaidh le roinnt leasaithe a tháinig go mór leis an méid a bhí siad ag iarraidh.

Ní minic a tharlaíonn sé ar Chéim na Tuarascála de Bhille a bhfuil os cionn 30 alt ann, go mbíonn comhaontas iomlán measc lucht polaitíochta an Tí seo ach sin a tharla inniu agus is maith é sin. Ach, is maith, ag an am céanna, nach raibh aon tuairim ar fad ann an chéad lá agus gur cíoradh gach uile short agus gur scrúdaíodh gach uile argóint. Ní fhéadfainn é a chur níos fearr ná mar a chuir an Seanadóir McDowell. Ba é an dúshlán i scríobh an Bhille, go mbeadh sé láidir go leor go ndéanfadh sé sé difríocht ach go mbeadh sé ciallmhar agus stuama go leor le go bhféadfaí é a chur i bhfeidhm. Is iomaí plean faoin nGaeilge a cuireadh ar aghaidh ó bunaíodh an Stát seo ach bhíodar ró oll-mhianach ar fad agus theip glan orthu. Bhraith mé an t-am seo go mb'fhearr rud beag níos teoranta ná sin a dhéanamh ach an cur i bfeidhm a bheith láidir, go mórmhór tríd an gcoimisinéar teanga, duine neamhspleách, len é a chur i bhfeidhm, le go mbeadh toradh fónta ar an talamh.

Creidim go gcuirfidh sé seo, go sciobtha, faoi cheathair nó faoi cúig le líon na seirbhíse atá ar fáil go dáiríre tré mheán na Gaeilge ar ard-chaighdeán. Seo an dóchas atá agam, go mbainfidh an pobal Gaeltachta agus an pobal Gaeilge ar fud na tíre – agus cá bhfuil an Ghaeltacht ach i ngach uile áit a bhfuil an lucht na Gaeilge – leas as an mBille seo le teacht ar na seirbhísí. Mar adúirt bainisteoir chondae amháin le gairid, "Ní leor an tseirbhís a chur ar fáil muna bhfuil éileamh ar an tseirbhís". Tá an dá rud ag dul in éineacht.

Is le pobal na tíre uilig an Ghaeilge. Tá súil agam, ag éirí as an mBille seo, go mbeidh an Ghaeilge níos feiceála do phobal iomlán na tíre i gcomharthaíocht, i stáiseaineoireacht agus sa timpeallacht go ginearálta. Tá sé sin tábhachtach ó tharla gurb í an chéad teanga oifigiúil do gach uile dhuine í agus tá sé tábhachtach, nuair a thiocfas cuairteoirí go hÉirinn gur amhlaidh a bhéas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.