Seanad debates

Tuesday, 13 May 2003

Official Languages Bill 2002: Report and Final Stages.

 

2:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Leasaithe teicniúla iad seo atá á mholadh ag comhairle Oifig na nDréachtóirí Pairliminte le soiléiriú a dhéanamh ar bhrí na bhforálacha áirid seo. Níl aon athrú mór ar an mbrí ins na leasaithe seo. I gcás leasú Uimh. 5, tá an fhoráil á threisiú. Ba mhaith liom béim a chur air sin mar táimid ag tabhairt amach na forála a bhí ann maidir le fógrá réasúnta a thabhairt. Tá sé sin imithe. Mar sin, má theastaíonn ó pháirtí go n-úsáidfear an Ghaeilge sin a bhéas in úsáid.

Maidir le leasú Uimh. 6, fuair mé comhairle dlí nach bhfuil an focal, "if" sásúil, toisc nach bhfreagraíonn sé an cheist maidir le cé a dhéanfaidh an breithiúnas maidir le roghnú teanga nuair atá cás tógtha ag beirt agus go bhfuil duine amháin ag roghnú Béarla agus an duine eile Gaeilge. Is ag an Stát a bheidh sé an teanga a úsáidfear a roghnú. Caithfear, ar ndóigh, agus beidh sé mar dhualgas ag an Stát cinneadh a dhéanamh ar bhonn réasúnta. Sin, díreach má tá beirt ag tógáil cáis agus iad ar mhalairt tuairime faoin teanga oifigiúil a úsáidfí sa gcás sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.