Seanad debates

Tuesday, 13 May 2003

Official Languages Bill 2002: Report and Final Stages.

 

2:30 pm

Derek McDowell (Labour)

Ní raibh mé anseo don díospóireacht ar Chéim an Choiste ach léigh mé tuairisc na díospóireachta, a bhí an-fhada. Mhol an Seanadóir O'Toole go mbeadh sé mar bhun-prionsabal go mbeadh imeachtaí cúirte, go háirithe an Cúirt Dúiche sa Ghaeltacht, tré Ghaeilge. Is trua nach féidir é sin a dhéanamh. Léigh mé an méid a bhí le rá ag an Aire mar gheall ar éagsúlacht taobh istigh den nGaeltacht, sa ghalltacht agus ar uile. Má táimid ag iarraidh spreagadh a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta an Ghaeilge a úsáid gach uile lá, ba cheart go mbeimís in ann seirbhís thábhachtach Stáit, cosúil le seirbhís cúirte, a chur ar fáil tré Ghaeilge, mar bhun prionsabal. Is trua nach féidir é sin a dhéanamh.

Níl mé cinnte faoi leasú Uimh. 5. Deir an tAire nach gá anois le fógra reasúnach. Cad a tharlóidh go praicticiúl muna dtugfar réamhfhógra ar chor ar bith? An mbeidh aturnae nó garda ann agus Gaeilge aige nó an mbeidh teangaire ann a bheidh in ann aistriú idir an bheirt theanga i ngach uile Cúirt Dúiche? Ní dóigh liom go mbeidh. Tá an tAire ag iarraidh na bhforálacha a threisiú – agus tá sin déanta aige – ach an bhfuil seo praicticiúl?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.