Seanad debates

Tuesday, 13 May 2003

Official Languages Bill 2002: Report and Final Stages.

 

2:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Seo ceann de na fabhanna agus tá áthas orm gur luaigh an Seanadóir é. Caithfidh an Bille a bheith praicticiúl. Bhí imní ar dhaoine go bhféadfadh an Stát a rá nach raibh fógra reasúnta tugtha agus go bhféadfadh sé faighid a bhaint as sin. Go hiondúil roimh cás cúirte, bíonn barúil éigin ón gcomhfhreagras an Gaeilge nó Béarla atá i gceist ag an té atá ag dul isteach sa gcúirt a úsáid. Ní dóigh liom go praicticiúl go n-éireodh an fhadhb chomh mór is a cheapfadh duine a éireodh sí. Má tá duine nó fianaí de chuid an Stáit nach bhfuil Gaeilge aige ann, beidh cead aige aistritheoir a úsáid – chaithfeadh sin bheith inghlactha. Oibreoidh sé.

Maidir le ceist na Gaeltachta, an fhadhb a bhí agamsa ná seo – tá ceart don saoránach sa nGaeltacht Béarla a úsáid má theastaíonn ón saoránach sa nGaeltacht Béarla a úsáid. Sin fadhb. Ar an dtaobh eile den scéal, is féidir glacadh leis go mbeidh orainn a leagan síos sna pleananna go cinnte go gcaithfidh le cléireach na cúirte, agus níos tábhachtaí ná sin, breitheamh cúirte sa nGaeltacht Gaeilge a bheith acu. Is féidir glacadh leis go mbeidh sin sna treoirlínte agus na pleananna agus ní bheidh aon dhul thairis air. Tá súil agam go n-imeoimid ón rud a bhí ann i roinnt de na Gaeltachtaí nach raibh aon Ghaeilge ag an mbreitheamh ach is istigh sa bplean a bheimid in ann sin a leagan síos. Bheadh sé deacair é a leagan síos i mbun Bhille.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.