Seanad debates

Tuesday, 13 May 2003

Official Languages Bill 2002: Report and Final Stages.

 

2:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá an méid faoin gcomhfhreagras leagtha síos go soiléir. Ba mhaith liom béimiú uair amháin eile maidir le stáiseanóireacht, comharthaíocht agus rudaí mar sin. Níl de rogha ach Gaeilge amháin agus Gaeilge agus Béarla. Ní shin atá ann i láthair na huaire. Cuireann go leor dreamanna comharthaí i mBéarla amháin suas. An rud nach bhfuil mé ag scríobh san Acht, mar bheadh sé ró-chasta, ná céard iad na toisí de Ghaeilge agus Béarla a bheas ann i ngach uile chás. Teastaíonn uaim an saoirse a fhágáil ag an Aire sonraíocht a dhéanamh air sin. Dhéanfadh sé an Bille an-chasta agus an-fhada. Sonraítear go mbeidh comharthaí agus ainmneacha a úsáidtear i nGaeilge go coitianta, ar nós Áras an Uachtaráin agus Garda Síochána, i nGaeilge amháin agus nach mbeidh The Irish Police scríofa faoi Garda Síochana ar chomhartha, mar shampla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.