Seanad debates

Tuesday, 13 May 2003

Official Languages Bill 2002: Report and Final Stages.

 

2:30 pm

Derek McDowell (Labour)

Nuair a thosaíomar leis an mBille seo is é a bhí á dhéanamh againn ná cearta a leagan síos do dhaoine comhfhreagras a dhéanamh tré mheán na Gaeilge le comhlachtaí Stáit, gnó a dhéanamh tré mheán na Gaeilge os comhair na cúirte agus ar uile. Is léir anois go bhfuil an tAire ag brath go mór ar rialachán agus ar riarachán. Tuigim cén fáth go bhfuil sin á dhéanamh agus na scéimeanna, na pleananna agus na dréachtanna á leagan amach. Dá bhrí sin, táimid ag lagú na cearta atá istigh san mBille agus is trua sin.

Maidir le fo-alt 2, is maith an rud go bhfuil sé soiléir anois go mbeidh sé de cheart ag gach uile dhuine go dteastaíonn sé uaidh nó uaithi comhfhreagras a dhéanamh tré mheán na Gaeilge le comhlachtaí Stáit, i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach, é sin a dhéanamh. Is maith an rud é go bhfuil sé soiléirithe agus go bhuil sé leagtha síos sa reachtaíocht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.