Seanad debates

Tuesday, 13 May 2003

Official Languages Bill 2002: Report and Final Stages.

 

Maidir le mír a dó den fhoráil, seo ceann de na sean-cheisteanna gur chóir do chomhlachtaí poiblí aird a thabhairt uirthi agus iad ag ullmhú dréacht-scéimeanna faoi alt 13. Chomh maith leis sin, d'fhéadfaí rialachán a thabhairt isteach faoi alt 4. Le mí-thuiscint a sheachaint faoi céard atá i gceist agam mar Aire agus tar éis comhairle a ghlacadh céard é comhfhreagras, tá mé ag cur an mhír seo leis, sé sin go mbeidh ar dhaoine comhfhreagras a fhreagairt sa teanga ina scríobhtar é. Má scríobhtar ag Roinn Stáit i nGaeilge caithfear freagra a thabhairt i nGaeilge agus má scríobhtar i mBéarla caithfear freagra a thabhairt i mBéarla. Ar fhaitíos na míthuisceana go raibh i gceist agam nach mbeadh sé mar sin nuair a bheadh gach rud curtha i gcrích, tá mé á shonrú go soiléir san mBille anois.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.