Seanad debates

Tuesday, 13 May 2003

Official Languages Bill 2002: Report and Final Stages.

 

Tá an oiread san pointí sonracha eile maidir le hábhair áirid seo le clúdú, mar shampla: tús áite don nGaeilge i gcásanna áirid; cothramaíocht idir Ghaeilge agus Béarla, agus tá sé sin ag éirí ina fhadhb i bhfad níos mó ar stáiseaneoireacht, mar shampla, nuair atá an Ghaeilge i bhfad níos lú; Gaeilge amháin san nGaeltacht nó in ainmneacha ar nós oifig an Tánaiste nó oifig an Taoisigh agus nach gá Taoiseach nó Tánaiste a scríobh i mBéarla; agus eagraíochtaí ar nós Údarás na Gaeltachta, Meitheal Forbartha na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, TG4 agus mar sin de. Bheadh sé mí-chuí na pointí sonracha seo ar fad a chlúdú sa phríomh reachtaíocht. Mar sin, tá soláthar a dhéanamh gur féidir leis a bheith i nGaeilge nó i mBéarla nó i nGaeilge. Níl aon soláthar ann do Bhéarla amháin. Beidh sé suas don Aire rialachán a ullmhú maidir le toisí agus le húsáid Gaeilge amháin in áiteanna áirid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.