Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 February 2022

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2022
Vóta 33 - Turasóireacht, Cultúr, Ealaíon, Gaeltacht, Spórt agus Meán (Athbhreithnithe)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá leithscéal faighte againn ón Teachta Ó Cathasaigh. Tionóladh an cruinniú seo chun ár mbreithniú a dhéanamh ar na Meastacháin Athbhreithnithe le haghaidh seirbhísí poiblí 2022, Vóta 33 - Turasóireacht, Cultúr, Ealaíon, Gaeltacht, Spórt agus Meán, go háirithe clár C dó, a bhaineann leis an nGaeltacht. Leanfaidh an seisiúin seo den chruinniú ar aghaidh go dtí 8.30 p.m., más gá. Cuirfear ar fionraí é ag an am sin nó pé am a chríochnaímid. Cuirim fáilte roimh Phríomh-Aoire an Rialtais, an tAire Stáit a bhfuil freagracht as an nGaeltacht, spórt agus cosaint aige, an Teachta Chambers, agus roimh a oifigigh: Katherine Licken, Ard-Rúnaí na Roinne; Aodhán Mac Cormaic, stiúrthóir na Gaeilge; Joe Healy, oifigeach airgeadais; agus Seán Mac Eoin, príomhoifigeach i rannán Gaeltachta na Roinne. Is comhalta ex officioden roghchoiste an tAire Stáit agus, mar sin, cuirfear san áireamh é i gcomhair an chóraim agus an liosta vótála. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith i láthair. Meabhraím dóibh a maisc a chaitheamh nuair nach bhfuil siad ag caint. Chomh maith leis sin, bheinn buíoch díobh as a ngutháin soghluaiste a mhúchadh. Tá na Teachtaí Calleary agus Ó Muimhneacháin linn ar fhíseán. Iarrfaidh mé anois ar an Aire Stáit a ráiteas oscailte a chur faoi bhráid an roghchoiste.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí an choiste as an gcuireadh a thug siad dom teacht os a gcomhair inniu chun labhairt faoi chistíocht na Gaeilge agus na Gaeltachta. Mar is eol dóibh, tá sé mar chuspóir ag mo Roinn tacú leis an nGaeilge trí chéile agus lena húsáid a chothú mar phríomhtheanga phobal na Gaeltachta. Is tríd cúram a dhéanamh de chur i bhfeidhm leanúnach an phlean gníomhaíochta don Ghaeilge, atá mar thaca d’fhorfheidhmiú na straitéise 20-bliain don Ghaeilge, a ndéantar an cuspóir sin a fhíorú. In éindí le bheith freagrach as comhordú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú an phlean gníomhaíochta ar bhonn trasrialtais, déanann mo Roinn raon leathan de chláir oibre, scéimeanna, tograí agus tionscnaimh a riar ar bhonn díreach ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Comhthreomhar leis an obair sin uile, oibríonn mo Roinn go dlúth i rith an ama le forais eile Stáit, go háirithe Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, chun tacú lena gcuid cláir oibre féin. Mar léiriú ar thiomantas an Rialtais chun tacú leis an obair seo ar fad atá ar bun, ba mhaith liom aird an choiste a dhíriú ar an gcistíocht méadaithe ar fiú €85.6 milliún atá curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht don bhliain reatha. Is ardú de €7 milliún é seo ar chiste na bliana seo caite, 2021. Ina theannta sin, cé nach mbaineann sé le clár C, tá méadú de €4.2 milliún á chur ar mhaoiniú TG4 chun é a thabhairt suas go dtí beagnach €45 milliún. Is é sin an méadú is mó ar mhaoiniú an stáisiúin riamh agus beidh tionchar aige, dár ndóigh, ar rathúlacht na straitéise 20 bliain.

De thoradh an chiste bhreise do chlár C mo Roinne, tá maoiniú breise ar fiú €1.4 milliún curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta. Ciallaíonn sé seo go bhfuil maoiniú iomlán ar fiú os cionn €33 milliún aige i mbliana. Tá €1 milliún breise curtha ar fáil do chlár tacaíochtaí pobail agus teanga mo Roinne. Ciallaíonn sé seo go bhfuil os cionn €11 milliún sa chiste C3 i mbliana. Tá €2.3 milliún breise curtha ar fáil do na scéimeanna tacaíochta Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Fágann sé seo go bhfuil maoiniú iomlán ar fiú beagnach €10 milliún sa chiste i mbliana. Cuireadh €800,000 breise ar fáil don phróiseas pleanála teanga. De thoradh air seo, tá maoiniú iomlán €5.8 milliún ann don phróiseas sa bhliain reatha. Tá cistíocht bhreise de €700,000 ann don Fhoras Teanga. Cabhróidh an ciste breise sin le tuilleadh dlús agus treisiú a chur le feidhmiú an phlean gníomhaíochta agus an raon bearta atá leagtha amach ann mar bhonnlíne gníomhaíochtaí.

Ag croílár na hoibre beidh feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, a thagann faoi scáth réimse gnímh faoi leith sa phlean sin. Leis an obair a dhéanfar le cúram a dhéanamh d’fheidhmiú an Achta, féachfar chuige go mbeidh seirbhísí feabhsaithe go céimiúil á gcur ar fáil do chainteoirí Gaeilge agus deiseanna suntasacha fostaíochta á gcruthú do lucht labhartha na Gaeilge.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, cabhróidh an t-ardú a luaigh mé le cur ar a chumas tuilleadh fiontraíochta a chothú sna réigiúin Ghaeltachta agus a straitéis cúig bliana a chur i bhfeidhm. Cuimsíonn an t-ardú seo €1 milliún breise i leith forbartha pobail agus na hearnála turasóireachta sa Ghaeltacht. Tá an t-ardú de bheagnach €14.5 milliún ar chiste caipitil an údaráis don bhliain 2021 á choinneáil don bhliain 2022. Maidir leis an bhForas Teanga Thuaidh-Theas, tá maoiniú breise d'os cionn €700,000 ar fáil ón Rialtas ó Dheas le cur leis an méadú suntasach a áiríodh sa bhuiséad deireanach.

Bliain dúshlánach a bhí sa bhliain 2021 do gach éinne de thoradh Covid-19. Ar nós gach réimse eile den saol, d’imir an phaindéim tionchar suntasach ar chumas gach eagraíocht Ghaeilge agus Ghaeltachta a gcion a dhéanamh chun a gcláir oibre a choinneáil ag imeacht. Agus é sin ráite, aimsíodh bealaí agus seifteanna nua malartacha chun rudaí a dhéanamh. Níl aon amhras, áfach, ach gur chuidigh an t-ardú breise arbh fhiú beagnach €15 milliún a cuireadh ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gcáinaisnéis 2021 le cobhsú agus téarnamh earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta.

I measc na nithe is suntasaí a baineadh amach anuraidh le linn mo dara bhliain mar Aire Stáit, luafainn roinnt rudaí faoi leith. Foilsíodh an dara tuarascáil ar fheidhmiú an phlean gníomhaíochta don Ghaeilge. Cuimsítear an tréimhse ó mhí Iúil 2019 go mí na Nollag 2020 sa tuarascáil sin agus ainneoin na ndeacrachtaí a chothaigh Covid-19, léiríodh dul chun cinn suntasach leis an mbreis agus 180 beart atá sa phlean. Achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 ag deireadh na bliana. Tháinig deireadh leis an maolú ar úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach ag deireadh na bliana seo caite freisin. Cruthaíodh 825 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí de chuid Údaráis na Gaeltachta i rith 2021, an líon is airde poist a cruthaíodh i mbliain amháin ó bhí 2008 ann. Nuair a thógtar laghdú poist san áireamh, bhí glanmhéadú de 446 sa bhfostaíocht ina iomláine, an glanmhéadú bliantúil is airde le 25 bliain. Leanadh go rathúil le cur i bhfeidhm córasach an phróisis pleanála teanga mar a bhaineann sé leis na ceantair Ghaeltachta, le bailte seirbhíse agus le líonraí Gaeilge. Cuireadh trí chiste faoi leith ar bun chun tacú le córas na gcoláistí Gaeilge de thoradh an chórais sin a bheith dúnta don dara bhliain as a chéile.

Agus muid ag breathnú chun tosaigh, is gá dúinn ar fad a aithint go bhfuil údar suntasach dóchais ann. Cé go raibh dúshláin faoi leith ann le dhá bhliain anuas, tá dóchas romhainn ag bun na spéire. Mar Aire Stáit le freagracht as an nGaeltacht, táim ag súil go mór le bheith in ann leanúint orm ag cur lena bhfuil bainte amach ar leas phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge araon.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus roimh na hoifigigh go dtí an cruinniú. Déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit agus na hoifigigh mar gheall ar an obair a rinneadh an bhliain seo caite. Bliain stairiúil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a bhí ann mar gheall ar an Acht agus mar gheall ar an mbealach a rinneadh na dúshláin éagsúla a bhí ann mar gheall ar chúrsaí Covid-19 agus mar gheall ar ghnáthchúrsaí a bhainistiú. Tá an obair sin déanta agus tá obair mhór le déanamh fós. Mar sin, tá cúpla ceist agam faoi sin.

Fáiltím roimh an airgead le haghaidh Údarás na Gaeltachta. Bhí sé sin tábhachtach ach b’fhéidir 15 bliain ó shin bhí i bhfad níos mó airgid ag an údarás. An bhfuil aon phlean chun filleadh ar na leibhéil airgid a bhí ann i lár na noughties? Cá sheasann na pleananna agus an geall atá sa chlár Rialtais le haghaidh toghcháin díreacha go bord an údaráis? Tá sé sin an-tábhachtach agus tá sé tábhachtach go leanann an Rialtas ar aghaidh, go háirithe sa chomhthéacs go bhfuilimid ag dul ar aghaidh le próiseas le haghaidh toghchán do mhéara i Luimneach agus go bhfuil Citizens' Assembly bunaithe chun méara tofa a thabhairt isteach i mBaile Átha Cliath. Cá sheasann obair an Aire Stáit air sin? An bhfuil aon obair déanta chun comparáid a dhéanamh leis an obair atá á déanamh ag na forais eile ar nós Enterprise Ireland agus IDA Ireland agus an budget atá acu chun jabanna nua a spreagadh? An bhfuil an t-údarás ag déanamh i bhfad níos mó oibre leis an airgead atá aige nó an gcaithfimid rudaí a athrú leis an údarás? Fáiltím roimh leithéidí Gteic agus rudaí mar sin ach an bhfuil aon obair sa bhreis go gcaithimid a dhéanamh nó an bhfuil aon athruithe ann gur cheart dúinn a dhéanamh i gcomhthéacs oibre fhiontrach an údaráis chun poist nua a chruthú do ghnóthaí beaga go háirithe?

Cuirim fáilte mhór roimh an airgid a chuir an tAire Stáit ar fáil do na coláistí samhraidh. Cá sheasann siad anois? B’fhéidir go mbeidh an t-eolas seo ag na hoifigigh ón Roinn. Seo an t-am den bhliain a bhíonn daoine ag pleanáil dul go dtí na coláistí samhradh le haghaidh an tsamhraidh. An bhfuil siad oscailte le haghaidh bookings? An bhfuil siad sa tóir ar ghnó? Cad atá ar eolas ag an Roinn faoi staid na gcoláistí samhradh agus na gcoláistí Gaeilge?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Is ag caomhnú agus ag láidriú na Gaeilge mar theanga bheo le cois í a fhágáil mar oidhreacht don chéad ghlúin eile ná príomhchuspóir Údaráis na Gaeltachta. Déanann an t-údarás gach iarracht an cuspóir seo a bhaint amach trí fhorbairt fhiontraíochta agus fostaíocht a chothú agus tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí pobail, cultúrtha agus teanga-bhunaithe. Bhí mé suas i nDún na nGall an bhliain seo caite chun straitéis nua a dhéanamh leo agus tá ciste iomlán de €34.784 milliún curtha ar fáil agam d'Údarás na Gaeltachta don bhliain seo. Cuideoidh seo leis an údarás a chuid spriocanna a bhaint amach faoin straitéis nua a sheol mé an tseachtain seo caite. Leagann an straitéis fís don Ghaeltacht amach do na cúig bliana amach romhainn, straitéis a rachaidh chun tairbhe phobal labhartha Gaeilge, phobal fiontraíochta agus chúrsaí forbartha pobal na Gaeltachta. Déantar rianú sa straitéis ar raon fheidhmeanna agus gníomhartha atá beartaithe ag an údarás a chur i bhfeidhm sa tréimhse cúig bliana atá romhainn faoi scáth pholasaí foriomlán an Rialtais i leith na Gaeltachta agus na Gaeilge, mar atá leagtha amach sa phlean ghníomhaíochta don Ghaeilge agus sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge.

Caithfear féachaint ar an mbuiséad agus an difríocht idir 2020 agus an bhliain seo agus tá difríocht mhór ann. Leithdháileadh 36% den chiste faoi chlár C6 idir 2020 agus 2022 agus ar C7 tá difríocht mhór freisin. Leithdháileadh 42% idir 2020 agus 2022. Táimid ag déanamh an infheistíocht san údarás chun an straitéis seo a chur i bhfeidhm. Táim dóchasach go mbeimid in ann buiséad ní b'fhearr a dhéanamh gach bliain a bheidh an Rialtas seo ann.

Maidir leis na ceisteanna ar chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht agus an obair atá á déanamh ag an údarás, is fiú a nótáil gur tháinig ardú ar an leibhéal fostaíochta i gcliantchuideachtaí Údaráis na Gaeltachta anuraidh. Léiríonn an ráiteas deireadh bliana, a eisíodh le déanaí, gur cruthaíodh 825 post nua i gcomhlachtaí Gaeltachta le linn na bliana. Sin glanmhéadú 446 post, an glanmhéadú bliantúil is airde ó 1996. Léiríonn an difríocht seo an obair an-mhaith a rinne sé anuraidh agus leis an straitéis nua táimid ag iarraidh an fís nua a chur i bhfeidhm agus infheistíocht a dhéanamh i gcomhair na straitéise seo. Fágann sé seo go bhfuil os cionn 7,800 post lánaimseartha agus 485 post páirtaimseartha san iomlán ag deireadh 2021 i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Chomh maith leis sin, bhí an leibhéal is airde fostaíochta riamh i stair na heagraíochta i nGaeltachtaí na Gaillimhe, Chorcaí agus Phort Láirge. Ainneoin dúshlán na paindéime Covid-19 tá seasmhacht léirithe ag comhlachtaí Gaeltachta agus téarnamh áirithe feicthe sa bhfostaíocht atá á thiomáint ag nuálaíocht na gcomhlachtaí agus tá fás suntasach tagtha ar na hearnálacha feistí leighis agus tairgí sláinte sa Ghaeltacht.

Tagraím don gheall sa chlár Rialtais. Is cuimhin liom go raibh an Teachta liom nuair a rinneamar an obair seo agus chuir sé a lán oibre isteach chun an geall seo a chur sa chlár. Bhí sé seo an-tábhachtach do Pháirtí Fhianna Fáil freisin.

Maidir leis an athbhreithniú ar an bpróiseas toghcháin agus roghnúcháin do bhord Údarás na Gaeltachta, rinne an Oifig um Sholáthar Rialtais comórtas a reáchtáil, ar iarratas mo Roinne, don dara huair le gairid i dtreo sainchomhairleoireacht a aimsiú le tabhairt faoin athbhreithniú agus moltaí ina leith a chur faoi bhráid na Roinne. Ós rud é, áfach, nach bhfuarthas aon tairiscint de thoradh ar an dara comórtas seo, tá na chéad chéimeanna eile á mbreithniú ag an Roinn faoi láthair i gcomhair leis an Oifig um Sholáthar Rialtais i dtreo sainchomhairleoireacht atá cáilithe go cuí a aimsiú don chúram. Mar chuid den athbhreithniú sin, tá sé i gceist ag an Roinn próiseas comhairliúcháin phoiblí a eagrú, faoina dtabharfar an deis don phobal tuairimí agus moltaí faoin ábhar a roinnt i scríbhinn leis an Roinn. Tá sé i gceist an próiseas seo a sheoladh go ríghairid, chomh luath agus is féidir. Tá eolas eile agam faoin socrú atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le struchtúr bhord an údaráis. Táimid ag tosú an phróisis comhairliúcháin phoiblí chun na tuairimí a fháil agus táim dóchasach go mbeidh muid in ann an teagmháil leis an Oifig um Sholáthar Rialtais a chríochnú freisin.

Maidir le coláistí samhraidh, chuir mo Roinn roinnt tacaíochta ar fáil ó thús na paindéime chun cabhrú leis an gcóras. Anuraidh, chuir mo Roinn ciste éigeandála ar fáil agus íocadh thart ar €2.7 milliún le húdaráis na gcoláistí chun iad a chur ar a gcumas táillí nó éarlais a aisíoc le tuismitheoirí. Chomh maith le sin, íocadh thart ar €1.6 milliúin leis an tuairim is 700 teaghlach Gaeltachta atá cláraithe faoi scéim na Roinne. Chaith mo Roinn beagnach €4.5 milliún faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge anuraidh.

Bhí súil ag gach aon duine go mbeadh na coláistí ag feidhmiú an samhradh seo caite ach tar éis comhairle le páirtithe leasmhara, idir lucht lóistín, lucht stiúrtha na gcoláistí agus lucht stiúrtha hallaí pobail na Gaeltachta, rinneadh cinneadh i mBealtaine anuraidh nach bhféadfadh na coláistí feidhmiú don dara bliain as a chéile mar gheall ar Covid-19. Agus an cinneadh sin á dhéanamh, tógadh san áireamh an imní shuntasach a bhí le sonrú faoi shláinte phoiblí agus faoi shábháilteacht teaghlaigh Gaeltachta agus pobail áitiúla i dtaca le Covid-19 dá reáchtálfaí cúrsaí samhraidh. Chun teacht i gcabhair ar rudaí arís, bhunaigh mo Roinn trí chiste faoi leith anuraidh ar leas na hearnála ar fiú €4 milliún in iomlán iad. Bhain ceann acu, ar luach €2.2 milliún, le lucht lóistín. Cuireadh ciste ar luach €200,000 ar fáil do na hallaí pobail agus bhí suas le €1.7 milliún ar fáil do na coláistí féin chun cuidiú leo le costais riaracháin, árachas agus mar sin de a chlúdach don bhliain. Níl aon amhras ach gur chabhraigh sé seo leis an earnáil teacht trí na dúshláin arbh éigean don phobal a iompar le beagnach dhá bhliain anuas de bharr na paindéime. Táthar ag súil le filleadh ar an ngnáthshaol i mbliana.

Maidir leis an mbliain seo, is é ár mbunús agus ár dtnúthán go mbeidh na coláistí á oscailt i mbliana. Tá mé féin, an Roinn agus an córas trí chéile ag feidhmiú dá réir sin. Tríd an gcúnamh leanúnach a chuirtear ar fáil faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, beidh muid ag teacht i gcabhair ar an earnáil mar a bhaineann sé le cúrsaí maoinithe i mbliana. Coinneoidh mo Roinn an scéal ar fad faoi bhreithniú i gcomhar le páirtithe leasmhara de réir mar is gá, lena n-áirítear an Roinn Oideachais, na húdaráis sláinte agus scáthghrúpa na coláistí samhraidh, CONCOS. Táimid ag súil go mbeidh athoscailt iomlán i ndán don chóras sa tréimhse atá amach romhainn. Tuigim go raibh feidhmeannaigh na Roinne i dteagmháil le CONCOS le déanaí chun cruinniú a shocrú agus plé a dhéanamh ar chlár oibre na bliana seo.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as a chur i láthair. Tá na ceisteanna a bhí agam saghas freagartha aige le cúpla nóiméad. Bhain siad leis an athbhreithniú ar struchtúir an údaráis. An bhféadfadh an tAire Stáit soiléiriú a thabhairt maidir leis an toghchán atá i gceist? Leis an gcóras atá ann faoi láthair, tá pobail na Mí, Corcaigh agus Port Láirge ag roinnt suíocháin ar an mbord sin eatarthu. Ar feadh cúpla bliain ní raibh aon ionadaíocht áitiúil ag na contaetha sin agus dá mba rud é go raibh toghchán ann, bheinn ag súil go mbeadh ionadaíocht áitiúil ag na pobail sin. Iarraim soiléiriú ar an toghchán sin agus aon eolas breise atá ag an Aire Stáit mar gheall ar an athbhreithniú ar struchtúir an údaráis chomh maith.

Ceann de na buaicphointí ó anuraidh ná an tslí gur aontaíodh na pleananna teanga i gcomhair na gceantar is déanaí. Tuigim faoin tráth seo go bhfuil na pleananna éagsúla go léir sna limistéir phleanála teanga aontaithe sna Gaeltachtaí. Tá roinnt acu aontaithe agus ag feidhmiú le roinnt blianta agus, mar sin, shamhlófá go mbeadh torthaí nó dul chun cinn le brath uathu. Conas a dhéanfar measúnú ar an dul chun cinn anseo? An bhfuil plé leis na grúpaí áitiúla éagsúla mar gheall air sin? An bhfuil aon eolas nó aon tuairim ag an Aire Stáit faoi conas a dhéanfar measúnú air sin?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Teastaíonn uaim go mbeidh ionadaíocht ag gach contae ar an mbord ach beidh rath ar thuairimí an phobail agus moltaí na gcomhairleoirí sula ndéanfar cinneadh. Mar a dúirt mé leis an Teachta Calleary, beidh muid ag tosú an phróisis comhairliúcháin phoiblí chun tuairimí an phobail a chloisteáil. Nuair a bheidh an próiseas seo críochnaithe, beidh muid in ann an struchtúr don bhord nua a aontú agus idir an roghnúchán agus toghchán beidh muid in ann na tuairimí a chur tríd an bpróiseas.

Beidh an t-athbhreithniú ar phleananna teanga ag tosú i mbliana. An raibh ceist eile ag an Teachta?

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní raibh. Tá Port Láirge, Corcaigh agus an Mhí ag roinnt an tsuíocháin sin. Tá sé dearfach go mbeidh ionadaíocht ag gach contae. Ba mhaith liom soiléiriú mar gheall ar an tslat tomhais atá in úsáid nó conas a dhéanfar measúnú ar an dul chun cinn leis na pleananna teanga. Tá cuid acu, ar nós Oileán Chléire, díreach tosaithe agus tá cinn eile ag feidhmiú le roinnt blianta. An bhfuil aon eolas ag an Aire Stáit air sin nó ar an bpróiseas a luadh ansin? Bheadh an-suim agam ann.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá fáilte roimh an Aire Stáit. Bhí alt ar tuairisc.iear maidin mar gheall ar an éagothroime idir an maoiniú a fuair an Ghaeltacht i gCiarraí i gcomparáid leis na Gaeltachtaí eile. Bhí Ciarraí fágtha in áit na leathphingine. Cén fáth nach raibh an briseadh síos san eolas a chur an Roinn ag an gcoiste? An bhfuil aon rud le rá ag an Aire Stáit mar gheall air sin?

Mar gheall ar an tábla agus na príomhspriocanna aschuir, is léir go bhfuil easpa uaillmhéine don bhliain seo maidir lena lán ábhar, le spriocanna ar chomhchéim nó níos ísle ná an t-aschur do 2020 nó 2021. Mar shampla, tá an sprioc do líon na bpost a cruthaíodh sa Ghaeltacht ag titim agus an ceann do líon na bpáistí atá ag freastal ar Chlub an Óige ag titim, agus níl aon ardú molta do líon na naíonraí nó na bpáistí a bheidh ag freastal orthu.Maidir leo sin agus líon na n-eagraíochtaí a thacaigh Gníomhaireacht na hUltaise leo, tá titim shuntasach agus leanúnach le feiceáil, ó 392 in 2020 go dtí 272 i mbliana. An bhfuil aon fhreagra ag an Aire Stáit mar gheall air sin?

Maidir leis an eolas a fuaireamar ón Roinn, bhí cáipéisí straitéise maidir leis na healaíona teanga-bhunaithe agus plean digiteach don Ghaeilge le foilsiú. Bhí na cáipéisí sin le bheith ann do 2020 agus ansin do 2021 cheana féin. Is cosúil mar sin nár foilsíodh aon cháipéisí sna blianta sin. An bhfuil aon dhul chun cinn déanta ag an Roinn maidir leo sin?

Mar gheall ar an maoiniú Thuaidh-Theas, tá €17.1 milliúin beartaithe ag an Rialtas dó. As an ardú tá €700,000 ag dul i mbliana don Fhoras Teanga. Cé mhéad a rachaidh go dtí Foras na Gaeilge ag do Ghníomhaireacht na hUltaise faoi seach, cén briseadh síos a bheidh ann don €15 milliún idir Fhoras na Gaeilge agus an Gníomhaireacht Ultaise, agus cá rachaidh an €1.64 milliún eile? An raibh an tAire Stáit ag labhairt le Rúnaí Stáit Shasana mar gheall air sin?

Táimid ag feitheamh ar Acht na Gaeilge. An mbraitheann an t-airgead sin ar Acht na Gaeilge? An bhfuil aon rud déanta ag an Roinn chun é sin a chinntiú?

Chonaic mé an bhliain seo caite go raibh paráid sheicteach in Coleraine, i gCúil Raithin, agus chonaiceamar an branda nó comhartha na Gníomhaireachta Ultaise ann. An bhfuil aon rud déanta ag an Roinn chun a chinntiú nach bhfeicfimid é sin arís? An raibh aon teagmháil ag an Aire Stáit leis an Rúnaí Stáit faoi sin?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta as na ceisteanna agus tá go leor ceisteanna ann, is dóigh liom.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim ag feitheamh ar na freagraí ón Roinn freisin mar gheall ar na comharthaí bóthair agus ón Roinn Iompair.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is dócha gurbh é an scéim a bhí ann nuair a bhí an Teachta Ó Cuív ina Aire.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé siar níos faide ná sin. Ní cheapfá go mbeinnse ag feitheamh mar b’fhéidir gur comharthaí do bhóithre fada atá ann. An mbeadh é sin i gceist nó go dtógfar chun na cúirte mé?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Toisc, b’fhéidir, mar gur labhair an Teachta.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis na ceisteanna seo, dáiltear an t-airgead de réir éilimh. Tá cuid de na ceantair Gaeltachta níos mó ná a chéile agus níos mó éileamh ag teacht uathu dá bharr. Ní aon rud nua é sin. Má bhíonn éileamh ann, tá níos mó airgead ann gach bliain agus tá difríocht an-mhór idir an bhliain seo agus an bhliain seo caite. Má bhíonn an t-éileamh agus na hiarratais ann chun an teanga a fheabhsú i gContae Chiarraí, beimid in ann níos mó airgid a chur ar fáil freisin.

Maidir leis na key performance indicators, KPIs, idir 2020 agus 2021, bhí tionchar ag Covid-19 ar gach rud, gan amhras, agus tá sé sin le sonrú sna KPIs a luadh.

Maidir le fostaíocht i gcomhlachtaí an údaráis, mar a luaigh mé, tá ardú suntasach le tuairisciú. Cabhróidh an t-ardú suntasach le ciste tógála an údaráis agus is ardú is fiú 40% é sin ó 2020.

Tá plean digiteach don Ghaeilge á ullmhú ag an Roinn i gcomhpháirtíocht le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá an plean seo á fhorbairt i gcomhar le saineolaithe idirnáisiúnta a bhíonn ag plé le cúrsaí teicneolaíochta digiteacha agus oideachais. Cuimseofar na príomhréimsí seo a leanas: glór-shintéis, glór-aithint, inneall aistriúcháin, réimse an oideachais ar rochtain agus míchumais, tacaíocht ó chomhlachtaí móra teicneolaíochta, agus na meáin shóisialta. Tá sé ríthábhachtach plean digiteach don Ghaeilge a fhorbairt agus smaoineamh ós rud é go bhfuil baol ann go mbeidh an teanga fágtha taobh thiar ó thaobh na teicneolaíochta de. Is rud é seo a bhfuil aird tarraingthe air sa tuarascáil, ná an Ghaeilge sa ré dhigiteach a chur le chéile ar an ngréasán Eorpach Metanet in 2022. Is obair fhíortheicniúil é seo agus tá an-chuid ama caite ar chúrsaí aistriúcháin toisc gur ábhar casta é seo. Ta gach caibidil scríofa agus aistrithe faoin bpointe seo agus tá Emily Barnes ó Choláiste na Tríonóide chun eagarthóireacht a dhéanamh ar an gcáipéis chuimsitheach seo. Beidh sí ag plé leis na clódóirí chomh maith ó thaobh cúrsaí stíle. Táthar ag súil go bhfoilseofar an plean i lár shamhradh 2022.

Maidir leis an Acht, táthar ag dul i mbun oibre le feidhm a thabhairt d’fhorálacha an Achta leasaithe. Chuige sin, tá an Roinn ag cur plean oibre i dtoll a chéile faoi láthair ina leagfar amach na céimeanna éagsúla a bheidh le tógáil sna míonna amach romhainn. Aithnítear gurbh é an príomhthosaíocht atá ann teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís um Cheapacháin Poiblí, PAS, maidir leis an bpróiseas earcaíochta a bheidh le reáchtáil, de réir alt 18B den Acht, maidir le comhaltas an choiste comhairligh. Tá próiseas earcaíochta deich mí ann chun comhlacht amháin a bheith mar ionadaí do na limistéír pleananna teanga Gaeltachta agus comhalta amháin eile a bheith mar ionadaí do limistéir den Stát nach limistéir pleananna teanga Gaeltachta iad earcaithe don choiste.

Beidh sonraíocht don choiste ullmhaithe ag an Roinn le tabhairt do PAS, agus beidh sé mhí aige leis an gcomórtas a rith, mar go gcaithfear an coiste a bhunú sé mhí tar éis lá bunaithe an Achta agus ceapfar go n-ordófar go luath é. Beifear ag cur moltaí faoi bhráid an Aire Stáit maidir leis na sé chomhalta eile a bheidh ainmnithe ag comhlachtaí poiblí, ach sílfear an tráth seo go mbeidh ionadaithe de dhíth ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ón Garda Síochána, ón Roinn Coimirce Sóisialta, ón Roinn Oideachais, ó Fhoras na Gaeilge agus ón nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil. Mar is eol don Teachta beidh ionadaithe ó PAS, ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus ón Roinn seo ann freisin.

Beifear ag scríobh chuig na páirtithe leasmhara ar mhaithe le dlús a chur le feidhmiú na reachtaíochta nua freisin agus beidh litir á heisiúint ó oifig an Ard-Rúnaí chuig na hArd-Rúnaithe eile ar an ábhar agus, comhthreomhar leis sin, beidh litir ag dul amach chuig na comhlachtaí poiblí.

B’fhéidir go mbeidh seans agam níos mó a rá maidir le cúrsaí Acht na dTeangacha Oifigiúla agus is iad sin na céimeanna atá ar siúl anois.

Maidir le Cúil Raithin, mar Aire Stáit i Roinn atá freagrach as forbairt agus ceannaireacht a ghlacadh as an gclár cuimhneacháin 100 bliain, mholfainn do gach duine labhairt agus plé a dhéanamh go haibí agus go tomhaiste agus ar bhealach a léiríonn meas ar an tréimhse chasta de shiúl na staire. Chuir Gníomhaireacht na hUltaise maoniú ar fáil d’Fhéile Chúil Raithin anuraidh faoi mar a chuireann sí ar fáil d’fhéilte mar is gnách. Chuir sí luach £2,308 ar fáil don fhéile. Tá cur amach ag Gníomhaireacht na hUltaise ar ghrúpa eagraithe na féile. Is é an téama a bhí ag an bhféile ná cuimhneachán 100 bliain Thuaisceart Éireann.

Bhí imeachtaí éagsúla eagraithe do gach aoisghrúpa, ag tabhairt blaiseadh dóibh de theanga, oidhreacht agus cultúr na hUltaise. Níor iarradh aon mhaoiniú i leith an taispeántais seo. Rinne an fhéile i gCúil Rathain é a mhaoiniú as a ciste féin. I measc na réimsí ar chaitheadh maoiniú orthu, bhí ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta agus imeachtaí ceoil, rince, teanga agus filíochta. Is cuid d'obair Ghníomhaireacht na hUltaise é tacú le féilte pobail agus tacú le cur chun cinn feasachta maidir le hUllans agus ceisteanna a bhaineann le cultúr na hUltaise i dTuaisceart na hÉireann agus ar fud an oileáin. Thug mé freagra don Teachta Ó Snodaigh sa Dáil cúpla mí ó shin agus chuir mé ar an eolas é maidir leis an gceist seo an bhliain seo caite.

Bhí ceist ann maidir leis an bhforas. Is é an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a cheadaíonn na buiséid do na forais tras-Teorann uile, an Foras Teanga san áireamh. Tá an Foras Teanga comhdhéanta d'Fhoras na Gaeilge agus Gníomhaireachta na hUltaise. Anuraidh, bhí soláthar de €16.362 milliún i Meastacháin mo Roinne do chomhoibriú tras-Teorann. Chuir mo Roinn maoiniú breise d'os cionn €1.7 milliún ar fáil don chomhoibriú tras-Teorann in earnáil na teanga. Chinntigh an méadú seo an chéad mhaoiniú d'áisíneachtaí ár bhforais teanga ó 2016. Toisc go ritheann bliain airgeadais na Roinne Pobal sa Tuaisceart ó Aibreán go Márta, níorbh fhéidir an méadú ina iomláine a chur i bhfeidhm anuraidh in 2021. Bhí soláthar de €12,072,225 ar fáil ó mo Roinn d'Fhoras na Gaeilge anuraidh. Is ardú é sin de €975,042 don tréimhse ó Aibreán go Nollaig. Bhí €760,324.66 ar fáil do Ghníomhaireacht na hUltaise, ardú de €59,208. Tá tábla agam freisin. B'fhéidir go mbeidh seans ann é a thabhairt don choiste chun maoiniú gach eagraíocht a léiriú.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuideodh sé sin.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim sásta é a thabhairt don chléireach.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad é an tábla sin?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann sé le rudaí Thuaidh-Theas, an Foras Teanga agus na heagraíochtaí.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is iontach go bhfuil an tAire Stáit os ár gcomhair. Tá sé cabhrach agus ceart. Gabhaim buíochas leis. Is dea-scéal amach is amach é. Tá an t-uafás airgid tugtha ag an Roinn. Is dócha nach bhfuil géarchéim i gceist ó thaobh na Gaeilge, beag nó mór. Táim ag magadh i ndáiríre. Gabhaim buíochas as ucht na hoibre atá déanta ag an Roinn. Tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre ag dul ar aghaidh taobh amuigh den seomra seo ach uaireanta tá sé deacair díriú isteach ar rudaí. Bhí ardú ó thaobh airgead de agus molaim an tAire Stáit agus an Roinn as sin, ach ní mór dúinn é a chur i gcomhthéacs i gcónaí.

Tá ceist ann a chuireann mé i gcónaí ar gach Roinn a thagann os ár gcomhair. Tá géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta in ainneoin na n-iarrachtaí uilig atá déanta. Cá bhfuil an t-aitheantas sin le feiceáil sa ráiteas tosaigh nó sna bearta atá luaite? Táim ag smaoineamh, mar shampla, ar an staidéar seo atá luaite go mion minic agam a rinneadh ar son Thuismitheoirí na Gaeltachta. Tá siad ag rá go soiléir go bhfuil géarchéim ann. Bhí sé seo le rá agam an tseachtain seo caite freisin. Cá bhfuil an Roinn ag díriú a haird? Ar dtús, bhí mé chun ceist shonrach a chur maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 ach tá sé curtha ag mo chomhghleacaí anseo agus tá freagra faighte. Tá céimeanna á dtógáil maidir leis sin. B'fhéidir go dtiocfaimid ar ais go dtí sin am éigin eile. Cad mar gheall ar an straitéis 20-bliana agus an plean gníomhaíochta? Cá bhfuil an Roinn maidir leis sin? An bhfuil coiste éigin ann? An bhfuil duine i gceannas? An bhfuiltear ag baint amach na spriocanna? Cad iad na fadhbanna atá ann?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir go mbeidh seans agam an cheist seo a fhreagairt maidir leis an bplean gníomhaíochta agus an coiste. Mar an gcéanna le gach mionteanga eile ar fud an domhain, tá dúshláin leanúnacha ag baint le cás na Gaeilge agus í ag iarraidh maireachtáil taobh le ceann de theangacha móra an domhain, an Béarla. Chun dul i ngleic leis an dúshlán sin, tá plean oibre idir lámha ag an Roinn i gcomhair le 60 páirtithe leasmhara idir-rannach agus forais ábhartha Stáit, chomh maith le heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is ionann an plean oibre sin agus an plean gníomhaíochta don Ghaeilge.

Foilsíodh an dara tuairisc ar fheidhmiú an plean gníomhaíochta don Ghaeilge roimh an Nollaig. Cuimsíodh an tréimhse ó mhí Iúil 2019 go mí na Nollag 2020 sa tuairisc sin. In ainneoin na ndeacrachtaí a chothaigh Covid-19, léiríodh dul chun cinn suntasach maidir leis an mbreis is 180 beart atá sa phlean de thoradh na comhpháirtíochta agus na comhúinéireachta a bhaineann leis seo uile. Is údar sásaimh é dom go bhfuil dul chun cinn suntasach le sonrú sa dara tuairisc. Den 185 gníomh sa phlean, bhí 51 le cur i bhfeidhm idir 2018 agus deireadh 2020. Bhí 57 gníomh curtha i bhfeidhm ag deireadh 2020, agus bhí 16 eile idir lámha. Bhain moill le hocht acu. Tugtar léargas ar staid na mbeart ar fad sa tuairisc féin atá foilsithe. Tá an chomhpháirtíocht chéanna ag croílár an phróisis pleanála teanga, atá ag dul ó neart go neart le cúnamh leanúnach mo Roinne.

Is fiú a lua chomh maith go bhfuil ciste breise ceadaithe le dhá bhliain anuas chun tacú tuilleadh leis an nGaeilge agus le feidhmiú an phlean gníomhaíochta. Nuair a bhreathnaítear ar an gclár tacaíochta pobail agus teanga, mar shampla, tá ardú de 16% curtha ar fáil ó bhí 2020 ann. Tá an scéal mar an gcéanna maidir le scéimeanna tacaíochta lasmuigh den Ghaeltacht, a fuair ardú de 88% thar an tréimhse chéanna. Maidir leis na cistí a bhaineann leis an údarás, bhí ardú de 36% ar chiste C6, ardú de 42% ar chiste C7, agus ardú de 45% ar chiste C8. Bhí ardú de 27% i leith ciste C9, agus bhí ardú de 57% ar chiste C10 a bhaineann le pleanáil teanga.

Tabharfaidh mé spléachadh ar na príomhnithe a baineadh amach thar an tréimhse maidir leis na naoi réimse. Cuireadh pacáiste tacaíochta breise múinteoireachta agus eile ar fáil do scoileanna atá ag glacadh páirte sa scéim aitheantais scoileanna Gaeltachta chun iad a spreagadh. In 2019, chuir Institiúid Oideachais Marino tús le baitsiléir oideachais nua lán-Ghaeilge in oideachas tosaigh do bhunmhúinteoirí. Tugadh an curaclam teanga bunscoile isteach do gach céim i ngach scoil i mí Mheán Fómhair 2019. Ceadaíodh pleananna teanga do sé limistéar pleanála Gaeltachta, do bhaile seirbhíse Gaeltachta amháin agus do trí líonra Gaeilge. Tá go leor eolais eile anseo maidir leis an 19 oifigeach pleanála teanga agus triúr oifigeach cúnta pleanála teanga atá i mbun oibre ag deireadh mí na Nollag i réimse na bpleananna teanga.

Maidir leis an gcoiste, tá coiste stiúrtha ann maidir leis an bplean gníomhaíochta. Maidir leis an taighde ó Thuismitheoirí na Gaeltachta a luaigh an Teachta, leagtar amach sa phlean breis agus 180 beart atá á gcur i bhfeidhm a bhaineann leis na naoi réimse gníomh faoi leith, gnóthaí teaghlaigh ina measc. Mar a bhaineann sé leis an réimse sin, is fiú a lua go ndeachaigh an ciste atá curtha ar fáil do Thuismitheoirí na Gaeltachta ó €20,000 in aghaidh na bliana cúig bliana ó shin go dtí allúntas ar fiú tuairim is €500,000 in aghaidh na bliana anois. Is ardú suntasach é sin atá ag cur ar chumas na heagraíochta a clár oibre a fheidhmiú i gcomhair leis an Roinn ar leas theaghlaigh na Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh.

Tá léargas níos iomláine ar fáil sa tuarascáil agus beidh mé sásta teacht ar ais sa choiste chun é sin a phlé más gá.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an bua ag an Aire Stáit. Níl focal fágtha agam. Cuirfidh mé ceist shonrach. Cé mhéad pleananna teanga atá faofa, críochnaithe agus i bhfeidhm? An bhfuil siad go léir?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go dáta, tá 32 plean teanga ceadaithe, agus tá 25 de 26 sna limistéir pleanála teanga. Tá ceithre cinn as 16 sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus tá trí i líonraí Gaeilge.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé mhéad pleananna teanga nach bhfuil críochnaithe, faofa nó ag feidhmiú?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceann amháin sa Ghaeltacht.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cá bhfuil sin?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Na hOileáin Árann.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil na cinn eile críochnaithe, faofa agus ag feidhmiú?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sa Ghaeltacht tá.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Má tá, sin iontach. Tá siad go léir críochnaithe, faofa ag feidhmiú agus maoinithe.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá siad. Tá cúpla plean ag iarraidh daoine a fhostú anois ach tá maoiniú ann chun iad a fhostú.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Críochnóidh mé mar tá orm dul áit éigin eile. Tagraím d'Údarás na Gaeltachta atá ardaithe agam go mion minic agus bím ag moladh Údarás na Gaeltachta. Is rud amháin é fostaíocht a thabhairt isteach agus tá sin thar a bheith tábhachtach. Tá fostaíocht agus cúrsaí tithíochta fite fuaite leis an teanga ach seo Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, mar sin táim ag díriú isteach ar an nGaeilge. Cén sórt monatóireachta atá ag an Roinn maidir leis an údarás? Bhí sé soiléir nach raibh monatóireacht i gceist leis an údarás ó thaobh dul chun cinn na Gaeilge. B'fhéidir go bhfuil mé mícheart ach le déanaí tá sé ag caint faoi mhonatóireacht agus faoi phlean. Cén tuairim atá ag an Roinn nó cén staidéar nó anailís atá déanta ag an Roinn ó thaobh an tionchair atá ag fostaíocht agus ag Béarla ar an nGaeilge sna Gaeltachtaí uilig?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá go leor cruinnithe idir an Roinn agus Údarás na Gaeltachta chun monatóireacht a dhéanamh agus chun na tosaíochtaí don teanga a chur i bhfeidhm. Tá sin an-tábhachtach agus nuair a raibh an straitéis foilsithe an bhliain seo caite, bhí an maoiniú ceangailte idir an straitéis agus an maoiniú a táimid ag cur isteach don údarás. Tagraím don teanga. Chuir an comhlacht comhairliúcháin mass media ar siúl don údarás in earrach 2021 chun breathnú ar an gcur chuige agus na córais riaracháin a bhí i bhfeidhm ag an údarás. Tá an chéad chuid den taighde seo críochnaithe agus beimid ag tógáil céime leis na moltaí a rinneadh sa taighde sin a chur i bhfeidhm. Tá comhlacht taighde fostaithe ag an údarás le tabhairt faoi thaighde a gcliantchomhlachtaí féin le heolas agus tuairimí a bhailiú uathu chun a bheith mar bhunús do chlár tacaíochta nua a fhorbairt. Beidh an clár seo dírithe ar na cliaint a bheidh á mhealladh agus á spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn ina ngnólachtaí. Tuigim go raibh ceist ag an Teachta an bhliain seo caite maidir le Randox agus tá sé an-tábhachtach go bhfuil an Ghaeilge faoi bhláth trí na cliantchomhlachtaí. Aontaím leis an Teachta go bhfuil sé sin ceangailte le cúrsaí tithíochta freisin.

Díríonn an taighde ar eolas, aischothú agus moltaí a bhailiú trí agallamh díreach a dhéanamh le hionadaithe as 15 cliantchomhlacht agus trí shuirbhé ar líne a dhéanamh le 100 cliantchomhlacht eile. Tá an t-údarás ag súil go mbeidh an taighde seo críochnaithe faoi dheireadh Mhárta agus go gcuirfear tuarascáil faoi bhráid i mí Aibreán 2022. Déanfar na moltaí a thiocfaidh chun cinn as an taighde sin a thabhairt san áireamh mar chuid den athbhreithniú atá á dhéanamh ag an údarás ar na tacaíochtaí atá ar fáil dá gcliantchomhlachtaí i leith chur chun cinn na Gaeilge ina ngnólachtaí.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá tuilleadh ceisteanna agam ach tá orm a bheith áit éigin eile. Gabh mo leithscéal agus gabhaim buíochas leis an Aire Stáit.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit as ucht Achta na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Is céim chun cinn é ach tiocfaidh mé ar ais aige sin ar ball. Táimid ag plé ceist na Gaeltachtaí anseo ach táimid beagáinín i bhfolús. Tuigim cén fáth nach bhfuilimid ag breathnú ar Mheastacháin agus ar bhuiséad na Roinne ar fad. An bhféadfadh an tAire Stáit a rá liom cén céatadán den mhéadú a tháinig ar bhuiséad na Roinne, go hiomlán is go huile, ó 2019 go 2021? Is é sin an t-ardú ó 2019 go 2020 agus an t-ardú ó 2020 go 2021. Cén céatadán den ardú a tháinig ar airgead do na Gaeltachtaí? Cén suim ó mhír C de na Meastacháin iomláine a bhí ansin? Is ansin a fheicfimid cén chothromas atá á thabhairt don Ghaeltacht taobh istigh den Roinn san iomlán. Caithfidh mé a rá go gcuireann sé díomá orm nach bhfuil an tAire in éineacht leis an Aire Stáit mar, ag deireadh an lae, is í an tAire le freagracht as an nGaeltacht í agus is ise atá i gceannas ar an gcionroinnt ar an bpictiúr mór. Taobh istigh de sin, caithfidh an tAire Stáit troid le haghaidh a chuid.

Bhí geall i gclár an Rialtais go ndéanfaí athbhreithniú ar rialachas agus ar eagrú Údaráis na Gaeltachta, chomh maith le breathnú ar struchtúr an bhoird. An bhfuil i gceist ag an Aire Stáit fanacht go dtí go mbeidh an t-athbhreithniú iomlán sin déanta sula dtiocfaidh sé ar aghaidh le reachtaíocht faoi bhord an údaráis? Tá teagmháil caillte ag an údarás leis an bpobal ó athraíodh an bord. Mar dhuine atá ag cónaí agus ag obair sa Ghaeltacht, níl an teagmháil céanna idir bhord an údaráis agus an pobal agus a bhíodh nuair a bhí daoine tofa ar an mbord. Mar sin, tá práinn thar na bearta ag baint leis an gceist sin.

Tagraím d'Fhoras na Gaeilge. An bhféadfadh an tAire Stáit a dheimhniú gurb é an chaoi go leagtar amach buiséad don fhoras ná go bhfuil €3 ó thaobh Forais na Gaeilge ag teacht ón Roinn do chuile €1 a thagann ón Tuaisceart agus go droim ar ais a bhíonn sé ó thaobh an Ulster-Scots Agency? Mar sin, arb é an laincis atá ar an bhforas ná an teip ghlan ar na húdaráis ó Thuaidh méadú a chur ar a gcuid den bhuiséad agus an tionchar agus srian a chuireann sé sin ar an Roinn breis airgid a chur ar fáil don fhoras? Tá mé ag caint go sonrach faoi airgead an fhorais. Tá geall i gclár an Rialtais maidir le lárionad Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre. Le dhá bhliain anuas, cén dul chun cinn atá déanta ar an gceist sin?

Tá trí ceisteanna beaga eile agam agus beidh mé an-sciobtha. I gclár an Rialtais maítear: "Adopt a whole-of-government approach to the protection and promotion of the Irish language". Le tamall beag anuas chuir mé ceisteanna ar Airí eile faoin "whole-of-government approach" agus ba léir nach bhfuil tada ar bith déanta ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe air, an Roinn atá i gceannas ar earcaíocht sa tseirbhís phoiblí, ainneoin go bhfuil an tAcht achtaithe. Níor bhac sé leis go dtí go raibh a fhios aige go raibh sé le n-achtú agus tá sé ag fanacht ar bhunú an choiste le rud ar bith a dhéanamh.

Chuir mé ceist ar an Aire atá freagrach as ardoideachas céard a bhí seisean le déanamh chun cinntiú go mbeadh na daoine ann le dul ag obair sna jabanna seo ar fad sa tseirbhís phoiblí, ag tógáil an Achta nua teanga san áireamh. Ó tharla gur ceist bhéil a bhí ann agus nach bhfuil aon Ghaeilge ag an Aire, chuir mé an cheist i mBéarla. Ní léifidh mé amach an freagra iomlán ach tá sé spéisiúil codanna a phiocadh amach. Dúirt sé, “There is already a broad range of courses available in Irish in higher education institutions that will meet future demand.” Ansin chuaigh sé ar aghaidh agus dúirt sé, “there were 67 courses in Higher Education delivering Irish language tuition or delivered through the medium of Irish, a total of 1,674 students”. Clúdaíonn sé sin chuile mhúinteoir atá faoi oiliúint do bhunscoileanna na tíre. Má bhaintear iadsan as, tá fíorbheagán fágtha le haghaidh poist sa chuid eile den tseirbhís phoiblí. Thar sin, deir an freagra ón Aire go bhfuil 1,000 scoláire cláraithe atá ag tógáil Gaeilge mar ábhar. Ní raibh an tAire sásta an cheist a cuireadh air, sé sin, cé mhéad cúrsa atá rite trí Ghaeilge agus cé mhéad scoláire atá ann, a fhreagairt. Dúirt sé go bhfuil na hinstitiúidí ardoideachais neamhspleách agus gurb iad siúd, ní an Rialtas, a shocraíonn cé mhéad cúrsa trí Ghaeilge a chuirtear ar fáil.

Breathnaíonn sé domsa go bhfuil an tAire, an Teachta Harris, ag tabhairt an dá mhéar don Aire Stáit agus go bhfuil sé ag rá “bíodh an diabhal ag an Acht”. Deir sé nach bhfuil sé féin mar Aire in ann iachall a chur ar na forais ardoideachais é seo a dhéanamh, rud nach gcreidim ar chor ar bith, dála an scéil. Tá sé in ann a rá leo, má theastaíonn a chuid airgid uathu, go gcaithfidh siad an rud a deir sé leo a dhéanamh. Tá an tAire seo, atá ceaptha bheith mar chuid den chur chuige uile-Rialtais, ag rá nach bhfuil sé in ann tada a dhéanamh agus nach bhfuil sé chun tada a dhéanamh. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin ag teacht le spiorad chláir an Rialtais.

Cé mhéad creis Ghaeilge atá á mhaoiniú ag an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ar fud na tíre? Níl mé ag caint faoi naíonraí atá fáil airgid ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, ach creiseanna. Tosaíonn gasúir ag caint i bhfad sula dtéann siad ag an réamhscoil. Tosaíonn gasúir ag foghlaim cainte nuair a bheirtear iad. Arís, níl gíog ná míog as an Roinn agus níl sí ag déanamh tada. Tá brón orm bheith chomh dian seo ach nuair a thugtar geallúint ba cheart seasamh leis. Níl mé ag cur an mhilleáin go pearsanta ar an Aire Stáit ach ar an teip ghlan ón Rialtas ina hiomlán seasamh lena gheallúintí i dtaobh na Gaeilge.

Is céim chun cúil uafásach a bhí ann nuair a baineadh cúram na n-oileán ó Roinn na Gaeltachta. Tá i bhfad os cionn dhá thrian de phobal na n-oileán ar oileáin Ghaeltachta agus cuireadh isteach iad i Roinn atá rite go hiomlán trí Bhéarla. Seachas na feidhmeannaigh atá ag plé leis na hoileáin, níl Gaeilge ar bith sa Roinn sin. Bhí sé i bhfad níos feiliúnaí agus níos éifeachtaí nuair a bhí siad in éineacht leis an gcúram Gaeltachta. Tá Toraigh, Árainn Mhór, na hOileáin Árann agus Oileán Chléire ar fad sa Ghaeltacht. Tá leath de dhaonra na n-oileán sa trí oileán Árainn. An t-oileán leis an daonra is mó ina dhiaidh sin ná Árainn Mhór i nDún na nGall. An bhfuil aon phlé ar bun faoin bpolasaí sin a athrú agus rannóg na n-oileán a chur ar ais faoi chúram Roinn na Gaeltachta?

Ní raibh mé ag éisteacht go cúramach mar bhí mé ag scríobh nuair a freagraíodh ceist na gcoláistí samhraidh. Ag glacadh leis go mbeidh scoláirí sna tithe i mbliana, an mbeidh laghdú i líon na scoláirí a bheidh ceadaithe i chuile theach? Má tá, an mbeidh méadú ar an deontas in aghaidh an scoláire do na mná tí mar chúiteamh air sin?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí go leor ceisteanna ag an Teachta. Maidir leis an Roinn, ní dóigh liom go bhfuil aon scéal ann seachas ceann dearfach ag an tráth seo faoi dháileadh airgid na Roinne. Mar shampla, ag breathnú ar an gclár tacaíochta pobal agus teanga-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An féidir linn na figiúirí a fháil? Mura bhfuil siad ag an Aire Stáit inniu, an gcuirfidh sé agam iad? Ní gá aon fhreagra thar sin.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sin é-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam an rud atá scríofa sa mheamram ach táim ag iarraidh a fháil amach faoin ardú a tháinig don chuid eile den Roinn.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ardú 42% tagtha ar chlár C sa bhuiséad idir 2019 agus 2022. Sin an difríocht i gclár C.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén t-ardú a tháinig ar na cláir eile sa Roinn?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl na figiúirí-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An féidir iad a chur agam?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim anseo chun ceisteanna a fhreagairt maidir le clár C.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé ag iarraidh comparáid a dhéanamh.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh siad foilsithe.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B’fhéidir go gcuirfeadh an tAire Stáit agam iad. Bhí mé ag súil go mbeadh siad aige. Ba chóir go mbeadh an tAire sinsearach anseo, an tAire ar a bhfuil cúram na Gaeltachta agus a roinneann an t-airgead taobh istigh den Roinn. Táim ag iarraidh a fháil amach an bhfuil an tAire ag roinnt an airgid go cothrom idir Ghaeltacht agus neamh-Ghaeltacht. B’fhéidir go gcuirfidh an Roinn na figiúirí ar aghaidh. Ní bhacfaimid leis-----

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh na figiúirí sin foilsithe agus beidh gach duine in ann iad a fheiceáil chun an chomparáid a dhéanamh.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bheadh siad sin áisiúil agus muid ag dul ar aghaidh. Bíonn Meastacháin forlíonta agus rudaí ann.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé anseo maidir leis na figiúirí do chlár C agus chun-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam ach is cuid de-----

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an scéal an-mhaith nuair a fhéachann tú ar an difríocht idir chúpla bliain ó shin agus an bhliain seo.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Foilseoidh mise na figiúirí mura bhfuil an tAire Stáit sásta iad a fhoilsiú.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a dúirt mé leis na Teachtaí eile, tá tús áite tugtha don ghné den ghealltanas a bhaineann leis an mbord. Teastóidh athrú reachtaíochta agus beidh muid ag tosú an phróisis comhairliúcháin phoiblí chomh luath agus is féidir go gairid chun é seo a dhéanamh. Bhí fadhbanna, mar a dúirt mé, leis an Oifig um Sholáthar Rialtais agus ní raibh aon chomhlacht ann chun an obair agus an t-athbhreithniú a dhéanamh, ach táim dóchasach go mbeidh muid in ann an rud seo a thosú.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén uair a bheidh an reachtaíocht ann?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh an t-athbhreithniú agus an comhairliúchán poiblí ag tosú an mhí seo chugainn. Níl dáta ann chun an t-athbhreithniú a thosú ach tá mé dóchasach go mbeidh muid in ann an próiseas seo leis an Oifig um Sholáthar Rialtais a chríochnú chun é a thosú.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An mbeidh reachtaíocht ann i mbliana?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An í an reachtaíocht don údarás atá i gceist?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sea.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Críochnóimid an próiseas athbhreithnithe agus cloisfimid na tuairimí. Ina dhiaidh sin, de réir an chláir Rialtais, rachaimid tríd an bpróiseas nuair atá an t-athbhreithniú agus an próiseas comhairliúcháin phoiblí críochnaithe.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuilimid ag caint ar reachtaíocht an bhliain seo chugainn nó i mbliana?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl dáta agam. Ba mhaith liom an próiseas athbhreithnithe a chríochnú agus an próiseas comhairliúcháin phoiblí a chríochnú. Mar Phríomh-Aoire an Rialtais, táim i dteagmháil leis an Ard-Aighne agus na dréachtóirí tríd an bpróiseas. Nuair a bheidh an próiseas seo críochnaithe, beidh níos mó eolais agam chun dáta a chur amach maidir leis an gceist seo.

Maidir le rannóg na n-oileán, is ceist don Taoiseach na hAireachtaí a dháileadh amach agus na Ranna a shocrú. Ritheann foireann na Roinne an rannóg ar son na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus tá seirbhís iomlán trí mheán na Gaeilge ar fáil i mo Roinn suas go leibhéal PO.

Tá Gaeilge líofa ag rúnaí cúnta atá freagrach as an Roinn chéanna. Thagair an Teachta do na Ranna eile. Táim ag déanamh teagmhála an t-am ar fad-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a thagair mé, níl aon Ghaeilge aici. Is bean bhreá í an tAire ach níl aon Ghaeilge aici.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é sin an freagra. Maidir leis an Roinn Oideachais, táimid ag déanamh teagmhála leo chun an teanga a fheabhsú tríd an gcóras oideachais. Bhí an tAire, an Teachta O’Brien, anseo an tseachtain seo caite agus tá m’oifigigh ag obair ar an struchtúr seo chun na cúrsaí pleanála a fheabhsú ann.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ea. Anois, níor luaigh mé an Roinn Oideachais. Tá a cuid á déanamh. Chuir mé ceist ar an Aire Oideachais an tseachtain seo caite agus tá rudaí ag bogadh ansin maidir le polasaí do scoileanna lánGhaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.

Tá an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Teachta O'Brien, ag déanamh a chion féin, go dílis, díograiseach agus thar cionn, ach níor chlúdaigh mé é i do réimse.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tríd an Acht nua, beidh an fhreagracht ar gach Roinn na polasaithe agus an córas a fheabhsú mar táimid tiomanta chun na seirbhísí poiblí a fheabhsú tríd an nGaeltacht agus chun deiseanna nua a thabhairt do dhaoine lasmuigh den Ghaeltacht maidir leis an teanga. Táimid ag déanamh go leor oibre leis an Acht nua chun an struchtúr nua a chur isteach tríd an státchóras. Tá an tAcht nua rite anois agus beidh struchtúr nua ann mar is eol don Teachta. Maidir le-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Foras na Gaeilge.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I mbliana tá soláthar de €17.1 milliún ag Meastachán mo Roinne do chomhoibriú tras-Teorann, lena n-áirítear leithdháileadh méadaithe de €15.46 milliún chun tacú le hobair an Fhorais Teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné den saol ar fud an oileáin, chun feasacht agus úsáid níos leithne na hUltaise agus chun cultúr na hUltaise agus a chur chun cinn, chomh maith le maoiniú chun gealltanais Ghaeilge a chomhlíonadh faoi chomhaontú New Decade, New Approach. Is é sin ardú de €700,000 ar chomhoibrú tras-Teorann don bhliain seo, 2022. Leis an leithdháileadh den mhaoiniú táscach seo atá faoi réir plé breise leis an Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann, cuirfear cumas an dá áisíneacht de chuid an Fhorais Teanga cur lena gclár teanga i leith réimsí nua agus le maoiniú a mhéadú mar is cuí do ghrúpa teanga reatha. Mar atá ráite agam, tá plé fós ar siúl leis an Roinn Pobal maidir leis an allúntas breise seo don 2022. Go dtí go mbeidh aontú faighte ón Roinn Pobal maidir le buiséad 2022, is é €12,387,239 soláthar mo Roinne d’Fhoras na Gaeilge nó 75% d’ollbhuiséad na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas, CATT. Is é sin ardú iomlán 2021 ó mo Roinn dar luach €1.3 milliún.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An é an srian atá air seo ar fad ná an easpa cumais atá ar an Roinn ó Thuaidh teacht aníos lena cuid féin? Is é sin le rá dá dtiocfadh an Roinn ó Thuaidh á rá go gcuirfeadh sí milliún eile ar fáil, an gcuirfeadh an Roinn anseo €3 milliún eile ar fáil? Cé atá ag tarraingt an rud seo siar: muidne nó dream ó Thuaidh? Táim cinnte go bhfuil an-spéis ag an Teachta Ó Snodaigh sa rud seo.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, tá difríocht idir an na dátaí anseo agus an-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim é sin, ach go ginearálta, dá dtiocfadh an Roinn ó Thuaidh ar aghaidh le €1 milliún breise, an gcuirfeadh an Roinn anseo €3 milliún breise ar fáil? Is í an fhadhb a bhí ann an t-am ar fad ná nach raibh an Roinn ó Thuaidh sásta an t-airgead a chur ar fáil.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is muidne a rinne an tairiscint seo don Tuaisceart agus tá difríocht idir phróiseas na mbuiséad ó Thuaidh agus ó Dheas.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fós féin, cá bhfuil an srian air seo? Abair go ndúirt an tAire Stáit go gcuirfeadh sé €20 milliún ar fáil, and gceapann sé go mbeadh an Roinn ó Thuaidh in ann teacht aníos leis an gceathrú cuid de sin?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ceist hypothetical í sin maidir le-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní hea.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an próiseas Thuaidh-Theas ann chun an buiséad a chomhaontú, mar is eol don Teachta.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is cuimhin liom a bheith ag plé leis seo agus déarfainn leis an Ultais, cibé rud theastaigh uathu a chur suas, chuirfinn mó chuid ar fáil. Bhíodh muid ag rá an rud céanna maidir leis an nGaeilge. Ní raibh aon srian ann. Dá mbeadh an Roinn sin sásta a buiséad siúd a mhéadú, bheimis sásta ár gcuid a dhéanamh.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní raibh aon srian anuraidh-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar thaobh Roinn an Aire de.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní raibh.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ach tá srian ar an taobh ó Thuaidh, nach bhfuil?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirimid an t-airgead ar an mbord agus-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam é sin ach níl an dream ó Thuaidh in ann breis airgid a chur ar an mbord. Cén fáth go bhfuil an foras ag fás níos moille-----

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mheaitseáil siad an t-airgead anuraidh.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

De bharr nár chuir an Roinn aon bhrú uirthi. Fág é sin, ach is é an pointe atá agamsa ná go bhfuil an foras tar éis fás i bhfad níos moille ná go leor eagraíochtaí eile sa tír i gcaitheamh an ama. Is é an tuiscint atá agamsa air seo ná gurb í an fhadhb ná nach bhfuil ar chumas na Roinne ó Thuaidh a cuid den airgead a chur ar fáil dá mbeadh an maoiniú breise ar fáil ón Stát seo don Ghaeilge.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An iad sin ceisteanna ar fad atá ag an Teachta?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist agam maidir le híocaíochtaí.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Braitheann sé freisin mar go bhfuil próiseas sa Roinn seo chun buiséad a aontú. Anuraidh, mar shampla, mheaitseáil siad an t-allúntas a chuireamar ar an mbord.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Céard faoi chás na mná tí? Toisc go bhfuil laghdú ar líon na scoláirí atá ceadaithe, an mbeidh ardú ar an ráta íocaíochta a bheidh ag dul do na mná tí?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beimid ag tosú leis an bpróiseas arís, cosúil leis an bpróiseas a bhí ann don bhliain roimh Covid-19. Níl sé i gceist laghdú ar an líon sna tithe.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Má tá bean tí cáilithe le hochtar a choinneáil, coinneoidh sí ochtar.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Coinneoidh sí.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní bheidh aon athrú. Níl an rud a bheartaigh an Roinn anuraidh le cur i bhfeidhm. Tá sé sin caite i dtraipisí go hiomlán do 2022.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh an t-allúntas céanna ann is ionann é agus an bhliain roimh Covid-19.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá moltaí na bliana seo caite i dtraipisí go hiomlán is go huile.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist agam féin ag leanúint ón gceist dheireanach ansin. Tá caiteachas breise ann do mhná tí toisc nach raibh coláistí samhraidh ann le dhá bhliain. Beidh caiteachas breise ann, mar shampla, mar gur ghá do mhná tí tochtanna nua a fháil toisc go raibh siad ina suí ansin ag éirí taise, nó rud éigin, ar feadh dhá bhliain agus gan aon úsáid á baint astu. An bhfuil airgead breise ann ina bhféadfadh mná tí a thithe a chur in oiriúint toisc Covid-19 a bheith thart agus go mbeidh siad ag obair mar mhná tí arís an bhliain seo atá romhainn? Tá costais bhreise ann, b’fhéidir costas aon uaire seachas costas leanúnach, ó thaobh na mná tí de.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar atá ráite agam roimhe seo, is tríd an gcúnamh leanúnach a chuirtear ar fáil faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a bheimid ag teacht i gcabhair ar an earnáil go príomha, mar a bhaineann sé le cúrsaí maoinithe i mbliana.

Mar bheart breise le cabhrú tuilleadh leis an earnáil teacht chuige féin, cuireadh in iúl do choláistí i bhfómhar 2021 go mbeifear sásta, mar eisceacht, gearrchúrsaí seachtaine a aithint faoin scéim i gcás go mbeadh coláistí ag iarraidh a leithéid a eagrú chun freastal a dhéanamh orthu siúd a chaill amach ar an deis cúrsaí trí seachtaine a dhéanamh de dheasca Covid-19.

Bhunaigh mo Roinn cistí ar leith arbh fhiú os cionn €7 milliún iad le dhá bhliain anuas chun teacht i gcabhair ar an earnáil le linn Covid-19. Níl aon amhras orm ach gur chabhraigh sé seo uile leis an earnáil teacht trí na dúshláin arbh éigin dúinn uile mar phobal a iompar le beagnach dhá bhliain anuas de bharr na paindéime. Beag beann ar na gnóthaí Covid, tá feidhmeannaigh mo Roinne ag breathnú go gníomhach faoi láthair ar fheidhmiú roinnt beart breise ar leas an chórais agus ar leas an iarratais chun breathnú ar féidir deiseanna a chur ar fáil do ghasúir nach bhfaigheadh an deis sa ghnáthbhealach chun freastal ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht. Is fiú a nótáil chomh maith go bhfuil sé mar bheart ar leith sa phlean gníomhach cúig bliana don Ghaeilge go ndéanfar CONCAS agus Údarás na Gaeltachta forbairt ar na turais chultúir agus teanga bunaithe chun tuilleadh daoine a mhealladh i dtreo saoire trí Ghaeilge a chaitheamh sa Ghaeltacht. Ar ndóigh, beidh súil le tuilleadh éileamh ar chúrsaí do dhaoine fásta anois de thoradh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus spriocanna a théann le líon na bhfostaithe le Gaeilge sa státchóras.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aithním é sin agus an méid atá déanta le dhá bhliain anuas maidir le mná tí agus na coláistí samhraidh. Tá na coláistí samhraidh slán, agus i gcás na mná tí, measaim gur chuidigh an t-airgead a bhí ar fáil do roinnt acu iad a choimeád dírithe ar an obair thábhachtach ó thaobh a bheith ina mná tí. Mar sin féin, bheifí ar an eolas, dá labhrófaí le cuid de na coláistí samhraidh, agus dúirt an tAire Stáit go labhródh sé leis CONCAS amach anseo, go bhfuil éileamh ann anois ó thaobh na mná tí de ionas gur féidir leo fanacht leis, agus go mb’fhéidir go bhfuil gá le hairgead breise ionas gur féidir leo oibriú mar mhná tí, i mbliana agus amach anseo. B'fhéidir go bhfuil gá le méadú ar an méid a fhaigheann siad, ní hamháin ó thaobh na ndaltaí de ach, seachas sin, le haghaidh costais bhreise a bheadh i gceist toisc nach raibh siad ag obair le dhá bhliain anuas, mar shampla, le haghaidh infheistíocht i dtrealamh atá imithe ó mhaith nó atá sean nó, mar a tharlaíonn le tochtanna nó giúrléidí da leithéid, atá tar éis éirí tais nó a leithéid san idirlinn.

Tá dainséar ann, agus tá a fhios againn ar fad cé chomh deacair is atá sé, go minic le linn shéasúr an tsamhraidh ach go háirithe, áit a fháil chun fanacht i gceantair Ghaeltachta. Caithfidh an tAire Stáit déanamh cinnte de dá réir nach gcasann mná tí go Airbnb nó a leithéid agus go bhfanfann siad leis an earnáil atá tábhachtach, ní hamháin do na coláistí samhraidh faoi láthair ach do choláistí samhraidh a bheidh ann amach anseo nó fiú coláistí geimhridh nó earraigh nó a leithéidí. Tá an tAire Stáit ag iarraidh go bhfanfaidh siad leis sin seachas bogadh chuig earnáil eile sa turasóireacht mar gheall ar an chleachtaidh a bhí acu thar na blianta agus an gaol a bhí acu leis na coláistí agus na gasúir a tháinig chucu thar na blianta.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

[Easpa fuiame] i gcomhthéacs an airgid atá ar fáil le dhá bhliain anuas do na coláistí agus do mhná tí freisin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla ceist eile agam. Níl mé ag iarraidh moill a chur orainn. Aontaím leis an Teachta Ó Cuív ó thaobh ár n-iarraidh cúpla uair ar an Aire sinsearach teacht os ár gcomhair. Ní hé sin chun ísliú a thabhairt don Aire Stáit, mar glacann muid ar fad go bhfuil sé freagrach as an mbuiséad, nuair a shroicheann sé é, ó thaobh an tslí a dhéanann sé leithdháileadha air, agus déileálfaimid leis sin mar atá déanta againn. Táim ag déanamh tagairt don chinneadh féin. Is léir ón pie chart a rinne an tAire Stáit tagairt dó gurb é caiteachas na Gaeltachta an tsuim is lú de chaiteachas iomlán an Roinn. De réir an pie chart a tugadh dúinn, tá 7% caite ar chúrsaí Gaeltachta i gcomparáid le 30% ar na healaíona agus ar an gcultúr, 24% ar na meáin, 24% ar an turasóireacht, agus 15% ar spórt. Tá ceist leanúnachais ann sa mhéid is go bhfuil an bhearna idir an méid a chaitear ar na healaíona agus ar an nGaeltacht ag fás de shíor, in ainneoin an ardú suntasach atá tar éis tarlú. Tá ardú níos suntasaí tagtha ar na healaíona i mbliana agus thar na blianta. Tacaím leis an méid a bhí á lorg ag an Teachta Ó Cuív maidir leis an gcéatadán. Má tá an tAire sinsearach sásta teacht os ár gcomhair, cuirfimid an cheist sin uirthi. Thaispeáin an tAire Stáit an pie chart dúinn inniu. Spreag sin an cheist ón Teachta Ó Cuív, is dócha.

Tagraím don tábla maidir le Foras na Gaeilge a cuireadh ar fáil dúinn. Níl mé go hiontach le figiúirí ach tá méid áirithe airgid in easnamh ann. Ní féidir liom a fháil amach cá bhfuil sé. Ar chairt 2022, nuair a chuirtear an méid €1.6 milliún leis an iomlán eile a luadh - tá sé sin ceart go leor - sroichtear an figiúr. Cad faoi nuair a dhéantar iarracht teacht ar cad as a dtagann an méid €15.462 milliún? I gcás na bliana anuraidh, tá figiúr de €1,334,129 in easnamh. Ba é an méid don bhliain roimhe sin ná €787,626. Ní réitíonn na figiúirí. B'fhéidir go bhfuil breall orm agus go bhfuil siad ann in áit éigin ach níl siad soiléir domsa nuair a chuirtear an dá fhigiúr le chéile.

Ó thaobh an méid a dúirt an tAire Stáit faoi Údarás na Gaeltachta, is iontach an rud é go bhfuil méadú tagtha ar líon na bpost. Ba chóir an sprioc aschuir do 2021 a cheartú san eolas feidhmíochta a cuireadh os ár gcomhair. Tá sé síos fós mar 400 in ionad 825, ar thagair an tAire Stáit dó níos luaithe. Más í 825 an uimhir, tá an sprioc do 2022 beagáinín coimeádach. Ba chóir féachaint air arís chun léiriú go bhfuil sé níos airde. B’fhéidir go bhfuil breall orm arís ó thaobh figiúirí de. Tá na figiúirí ar fad coimeádach.

Ba mhaith liom críochnú ar cheist na hUltaise. B’fhéidir go bhfuil breall orm arís, ach tá an t-airgead ag dul suas agus líon na n-eagraíochtaí atá ag fáil an airgid ag dul síos. Tá an t-airgead don Ultais ag dul in airde - rud maith - ach tá líon na n-eagras atá ag baint tairbhe as chun titim ó 392 go 275. Is titim shuntasach í sin. An bhfuil an t-athbhreithniú céanna á dhéanamh orthu is a dhéantar ar na heagraíochtaí Gaeilge? Tá sé sin faoi chuid a dó, eolas feidhmíochta. Ag an deireadh, luaitear líon na n-eagraíochtaí a thacaíonn Gníomhaíocht na hUltaise leo. Luaitear níos luaithe sa cháipéis go bhfuil an t-airgead ag dul suas ó thaobh na hUltaise de.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh mé níos mó eolais a fháil chun na figiúirí sin a sheiceáil. Déanfaimid seiceáil ar na figiúirí sin agus tiocfaimid ar ais chuig an gcoiste leis an eolas.

Tá ardú 8% tagtha as buiséad na Roinne idir 2021 agus 2022. Ó thaobh cúrsaí teanga de, tá ardú 9% tagtha ar an mbuiséad. Caithfidh mé a rá go bhfuil ardú suntasach tagtha ar mhaoiniú TG4 freisin.

Tá ardú suntasach tagtha ar bhuiséad na Gaeltachta, mar a luaigh mé. Ní dóigh liom ach gur rud dearfach é dáileadh airgead na Roinne. Nuair a théitear trí gach cuid de chlár C - C3, C4, C6, C7, C8, C9, C10 - tá difríocht mhór idir an bhliain 2020 agus 2022. Tá an Roinn agus an Rialtas ag iarraidh infheistíocht mhór a thabhairt don Ghaeltacht agus chun an tAcht nua a chur i bhfeidhm. Tá an t-ardú suntasach le feiceáil tríd an mbuiséad seo. Maidir le ceisteanna eile faoi chúrsaí na Roinne, beidh coiste na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán in ann staidéar a dhéanamh orthu siúd. Táim anseo inniu chun na ceisteanna a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta agus clár C a fhreagairt. Tiocfaidh mé ar ais leis na figiúirí agus seolfaidh mé litir chuig an gcoiste maidir leis na ceisteanna faoi na cúrsaí seo.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar cheist na hUltais; is ait í. Léimeann sí amach orm agus is fiú fiosrú a dhéanamh fúithi. B’fhéidir go bhfuil níos lú iarratais ann agus go rabhthas ag súil le níos mó iarratais. Is fíorannamh go mbítear níos lú iarratais á thuar ón mbliain roimhe. B'fhéidir go bhfuil rud éigin ag tarlú nach bhfuil a fhios againn faoi.

Don chuid is mó de chlár C, tá roinnt athruithe suntasacha ann agus molaimid na hathruithe sin. Tá roinnt eile beagnach mar an gcéanna le trí bliana anuas, ar nós na haschuir, agus fanfaidh siad mar sin. Aithníonn muid é sin. Ó thaobh spriocanna á leagan síos, tá a lán de chlár C a luaigh an tAire Stáit coimeádach. Mar shampla, luaitear 18, 18, 18 i gcás C4; 12,13,12 i gcás C4.1; agus 81, 84, 88 i gcás eile. Níl mórán athraithe idir na dreamanna atá á maoiniú ag an Roinn. Ní bheinn ag súil le hathrú suntasach ansin, ach ó thaobh na spriocanna san eolas feidhmíochta, ba chóir go mbeadh an Roinn ag cur leis an uimhir sa chás sin. Sin mar atá sé, áfach. Níl mé ag déanamh ionsaí ansin.

An raibh an ceart agam maidir le líon na bpost a cruthaíodh in Údarás na Gaeltachta sa mhéid is go bhfuil an fhigiúir mícheart agus go mba cheart go mbeadh 825 seachas 400 ann?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nuair a fhéachtar ar chlár C4, clár TechSpace agus TechFéile, tá difríocht mhór ann idir an bhliain seo caite agus an bhliain seo. Bhí tionchar ag Covid-19 ar na figiúirí seo. Ba é sin an sprioc don bhliain seo caite agus sin an fáth go bhfuil siad mar an gcéanna.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim gurbh é sin an sprioc a bhí á lorg agus go raibh tionchar ag Covid, ach tá an sprioc don bhliain seo mar an gcéanna in a lán acu seo. Sa doiciméad atá agam-----

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl siad. Nuair a fhéachtar ar an difríocht atá ann i C4, i gcás amháin tá 195 in 2021 agus 287 in 2022. I gcás eile tá 500 in 2021 agus 900 in 2022. Tá difríochtaí ann. Maidir le fostaíocht in Údarás na Gaeltachta, bhí sé 7,300 in 2020, 7,800 in 2021, agus 8,000 in 2022.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glacaim leis sin. Mar sin féin, mar shampla, bheadh tionchar ag Covid ar líon na bpáistí a fhreastalaíonn ar naíonraí. I mbliana tá an figiúr ceannann céanna luaite agus a bhí in 2020 agus 2021. Ní sprioc dhúshlánach é seo. Níl mé ag caitheamh anuas ar seo. An bhfuil sé seo coimeádach ó thaobh na bhfigiúirí de? Má tá, ní chóir go mbeadh muid ag maíomh nuair ata na spriocanna sin ar fad sáraithe againn ag deireadh na bliana.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá difríocht an-mhór ann. Táimid ag cur níos mó airgid isteach chun na seirbhísí a fheabhsú do na daoine atá ann agus atá ag iarraidh na seirbhísí seo a úsáid. Táim tiomanta chun na figiúirí seo a fheabhsú fad a bheidh an Rialtas seo in oifig. Nuair a bheidh an buiséad níos fearr sna blianta amach romhainn, beimid in ann na figiúirí sin a fheabhsú trí na blianta. Ó thaobh na figiúirí i C4 agus C8 maidir le fostaíocht sa Ghaeltacht de, táimid ag iarraidh go mbeadh níos mó daoine inti. Ba mhaith liom na figiúirí eile a fheabhsú freisin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sin an méid. Tá áthas orm a rá go bhfuilimid críochnaithe ag déanamh ár mbreithniú ar na Meastacháin Athbhreithnithe. Is mian linn ár mbuíochas a ghabháil leis an Aire Stáit agus leis na hoifigigh as a bheith anseo agus cúnamh a thbhairt dúinn agus na Meastacháin Athbhreithnithe á bplé againn.