Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 February 2022

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2022
Vóta 33 - Turasóireacht, Cultúr, Ealaíon, Gaeltacht, Spórt agus Meán (Athbhreithnithe)

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá fáilte roimh an Aire Stáit. Bhí alt ar tuairisc.iear maidin mar gheall ar an éagothroime idir an maoiniú a fuair an Ghaeltacht i gCiarraí i gcomparáid leis na Gaeltachtaí eile. Bhí Ciarraí fágtha in áit na leathphingine. Cén fáth nach raibh an briseadh síos san eolas a chur an Roinn ag an gcoiste? An bhfuil aon rud le rá ag an Aire Stáit mar gheall air sin?

Mar gheall ar an tábla agus na príomhspriocanna aschuir, is léir go bhfuil easpa uaillmhéine don bhliain seo maidir lena lán ábhar, le spriocanna ar chomhchéim nó níos ísle ná an t-aschur do 2020 nó 2021. Mar shampla, tá an sprioc do líon na bpost a cruthaíodh sa Ghaeltacht ag titim agus an ceann do líon na bpáistí atá ag freastal ar Chlub an Óige ag titim, agus níl aon ardú molta do líon na naíonraí nó na bpáistí a bheidh ag freastal orthu.Maidir leo sin agus líon na n-eagraíochtaí a thacaigh Gníomhaireacht na hUltaise leo, tá titim shuntasach agus leanúnach le feiceáil, ó 392 in 2020 go dtí 272 i mbliana. An bhfuil aon fhreagra ag an Aire Stáit mar gheall air sin?

Maidir leis an eolas a fuaireamar ón Roinn, bhí cáipéisí straitéise maidir leis na healaíona teanga-bhunaithe agus plean digiteach don Ghaeilge le foilsiú. Bhí na cáipéisí sin le bheith ann do 2020 agus ansin do 2021 cheana féin. Is cosúil mar sin nár foilsíodh aon cháipéisí sna blianta sin. An bhfuil aon dhul chun cinn déanta ag an Roinn maidir leo sin?

Mar gheall ar an maoiniú Thuaidh-Theas, tá €17.1 milliúin beartaithe ag an Rialtas dó. As an ardú tá €700,000 ag dul i mbliana don Fhoras Teanga. Cé mhéad a rachaidh go dtí Foras na Gaeilge ag do Ghníomhaireacht na hUltaise faoi seach, cén briseadh síos a bheidh ann don €15 milliún idir Fhoras na Gaeilge agus an Gníomhaireacht Ultaise, agus cá rachaidh an €1.64 milliún eile? An raibh an tAire Stáit ag labhairt le Rúnaí Stáit Shasana mar gheall air sin?

Táimid ag feitheamh ar Acht na Gaeilge. An mbraitheann an t-airgead sin ar Acht na Gaeilge? An bhfuil aon rud déanta ag an Roinn chun é sin a chinntiú?

Chonaic mé an bhliain seo caite go raibh paráid sheicteach in Coleraine, i gCúil Raithin, agus chonaiceamar an branda nó comhartha na Gníomhaireachta Ultaise ann. An bhfuil aon rud déanta ag an Roinn chun a chinntiú nach bhfeicfimid é sin arís? An raibh aon teagmháil ag an Aire Stáit leis an Rúnaí Stáit faoi sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.