Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 February 2022

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2022
Vóta 33 - Turasóireacht, Cultúr, Ealaíon, Gaeltacht, Spórt agus Meán (Athbhreithnithe)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá cúpla ceist eile agam. Níl mé ag iarraidh moill a chur orainn. Aontaím leis an Teachta Ó Cuív ó thaobh ár n-iarraidh cúpla uair ar an Aire sinsearach teacht os ár gcomhair. Ní hé sin chun ísliú a thabhairt don Aire Stáit, mar glacann muid ar fad go bhfuil sé freagrach as an mbuiséad, nuair a shroicheann sé é, ó thaobh an tslí a dhéanann sé leithdháileadha air, agus déileálfaimid leis sin mar atá déanta againn. Táim ag déanamh tagairt don chinneadh féin. Is léir ón pie chart a rinne an tAire Stáit tagairt dó gurb é caiteachas na Gaeltachta an tsuim is lú de chaiteachas iomlán an Roinn. De réir an pie chart a tugadh dúinn, tá 7% caite ar chúrsaí Gaeltachta i gcomparáid le 30% ar na healaíona agus ar an gcultúr, 24% ar na meáin, 24% ar an turasóireacht, agus 15% ar spórt. Tá ceist leanúnachais ann sa mhéid is go bhfuil an bhearna idir an méid a chaitear ar na healaíona agus ar an nGaeltacht ag fás de shíor, in ainneoin an ardú suntasach atá tar éis tarlú. Tá ardú níos suntasaí tagtha ar na healaíona i mbliana agus thar na blianta. Tacaím leis an méid a bhí á lorg ag an Teachta Ó Cuív maidir leis an gcéatadán. Má tá an tAire sinsearach sásta teacht os ár gcomhair, cuirfimid an cheist sin uirthi. Thaispeáin an tAire Stáit an pie chart dúinn inniu. Spreag sin an cheist ón Teachta Ó Cuív, is dócha.

Tagraím don tábla maidir le Foras na Gaeilge a cuireadh ar fáil dúinn. Níl mé go hiontach le figiúirí ach tá méid áirithe airgid in easnamh ann. Ní féidir liom a fháil amach cá bhfuil sé. Ar chairt 2022, nuair a chuirtear an méid €1.6 milliún leis an iomlán eile a luadh - tá sé sin ceart go leor - sroichtear an figiúr. Cad faoi nuair a dhéantar iarracht teacht ar cad as a dtagann an méid €15.462 milliún? I gcás na bliana anuraidh, tá figiúr de €1,334,129 in easnamh. Ba é an méid don bhliain roimhe sin ná €787,626. Ní réitíonn na figiúirí. B'fhéidir go bhfuil breall orm agus go bhfuil siad ann in áit éigin ach níl siad soiléir domsa nuair a chuirtear an dá fhigiúr le chéile.

Ó thaobh an méid a dúirt an tAire Stáit faoi Údarás na Gaeltachta, is iontach an rud é go bhfuil méadú tagtha ar líon na bpost. Ba chóir an sprioc aschuir do 2021 a cheartú san eolas feidhmíochta a cuireadh os ár gcomhair. Tá sé síos fós mar 400 in ionad 825, ar thagair an tAire Stáit dó níos luaithe. Más í 825 an uimhir, tá an sprioc do 2022 beagáinín coimeádach. Ba chóir féachaint air arís chun léiriú go bhfuil sé níos airde. B’fhéidir go bhfuil breall orm arís ó thaobh figiúirí de. Tá na figiúirí ar fad coimeádach.

Ba mhaith liom críochnú ar cheist na hUltaise. B’fhéidir go bhfuil breall orm arís, ach tá an t-airgead ag dul suas agus líon na n-eagraíochtaí atá ag fáil an airgid ag dul síos. Tá an t-airgead don Ultais ag dul in airde - rud maith - ach tá líon na n-eagras atá ag baint tairbhe as chun titim ó 392 go 275. Is titim shuntasach í sin. An bhfuil an t-athbhreithniú céanna á dhéanamh orthu is a dhéantar ar na heagraíochtaí Gaeilge? Tá sé sin faoi chuid a dó, eolas feidhmíochta. Ag an deireadh, luaitear líon na n-eagraíochtaí a thacaíonn Gníomhaíocht na hUltaise leo. Luaitear níos luaithe sa cháipéis go bhfuil an t-airgead ag dul suas ó thaobh na hUltaise de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.