Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 February 2022

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2022
Vóta 33 - Turasóireacht, Cultúr, Ealaíon, Gaeltacht, Spórt agus Meán (Athbhreithnithe)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Aithním é sin agus an méid atá déanta le dhá bhliain anuas maidir le mná tí agus na coláistí samhraidh. Tá na coláistí samhraidh slán, agus i gcás na mná tí, measaim gur chuidigh an t-airgead a bhí ar fáil do roinnt acu iad a choimeád dírithe ar an obair thábhachtach ó thaobh a bheith ina mná tí. Mar sin féin, bheifí ar an eolas, dá labhrófaí le cuid de na coláistí samhraidh, agus dúirt an tAire Stáit go labhródh sé leis CONCAS amach anseo, go bhfuil éileamh ann anois ó thaobh na mná tí de ionas gur féidir leo fanacht leis, agus go mb’fhéidir go bhfuil gá le hairgead breise ionas gur féidir leo oibriú mar mhná tí, i mbliana agus amach anseo. B'fhéidir go bhfuil gá le méadú ar an méid a fhaigheann siad, ní hamháin ó thaobh na ndaltaí de ach, seachas sin, le haghaidh costais bhreise a bheadh i gceist toisc nach raibh siad ag obair le dhá bhliain anuas, mar shampla, le haghaidh infheistíocht i dtrealamh atá imithe ó mhaith nó atá sean nó, mar a tharlaíonn le tochtanna nó giúrléidí da leithéid, atá tar éis éirí tais nó a leithéid san idirlinn.

Tá dainséar ann, agus tá a fhios againn ar fad cé chomh deacair is atá sé, go minic le linn shéasúr an tsamhraidh ach go háirithe, áit a fháil chun fanacht i gceantair Ghaeltachta. Caithfidh an tAire Stáit déanamh cinnte de dá réir nach gcasann mná tí go Airbnb nó a leithéid agus go bhfanfann siad leis an earnáil atá tábhachtach, ní hamháin do na coláistí samhraidh faoi láthair ach do choláistí samhraidh a bheidh ann amach anseo nó fiú coláistí geimhridh nó earraigh nó a leithéidí. Tá an tAire Stáit ag iarraidh go bhfanfaidh siad leis sin seachas bogadh chuig earnáil eile sa turasóireacht mar gheall ar an chleachtaidh a bhí acu thar na blianta agus an gaol a bhí acu leis na coláistí agus na gasúir a tháinig chucu thar na blianta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.