Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 February 2022

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2022
Vóta 33 - Turasóireacht, Cultúr, Ealaíon, Gaeltacht, Spórt agus Meán (Athbhreithnithe)

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Mar atá ráite agam roimhe seo, is tríd an gcúnamh leanúnach a chuirtear ar fáil faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a bheimid ag teacht i gcabhair ar an earnáil go príomha, mar a bhaineann sé le cúrsaí maoinithe i mbliana.

Mar bheart breise le cabhrú tuilleadh leis an earnáil teacht chuige féin, cuireadh in iúl do choláistí i bhfómhar 2021 go mbeifear sásta, mar eisceacht, gearrchúrsaí seachtaine a aithint faoin scéim i gcás go mbeadh coláistí ag iarraidh a leithéid a eagrú chun freastal a dhéanamh orthu siúd a chaill amach ar an deis cúrsaí trí seachtaine a dhéanamh de dheasca Covid-19.

Bhunaigh mo Roinn cistí ar leith arbh fhiú os cionn €7 milliún iad le dhá bhliain anuas chun teacht i gcabhair ar an earnáil le linn Covid-19. Níl aon amhras orm ach gur chabhraigh sé seo uile leis an earnáil teacht trí na dúshláin arbh éigin dúinn uile mar phobal a iompar le beagnach dhá bhliain anuas de bharr na paindéime. Beag beann ar na gnóthaí Covid, tá feidhmeannaigh mo Roinne ag breathnú go gníomhach faoi láthair ar fheidhmiú roinnt beart breise ar leas an chórais agus ar leas an iarratais chun breathnú ar féidir deiseanna a chur ar fáil do ghasúir nach bhfaigheadh an deis sa ghnáthbhealach chun freastal ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht. Is fiú a nótáil chomh maith go bhfuil sé mar bheart ar leith sa phlean gníomhach cúig bliana don Ghaeilge go ndéanfar CONCAS agus Údarás na Gaeltachta forbairt ar na turais chultúir agus teanga bunaithe chun tuilleadh daoine a mhealladh i dtreo saoire trí Ghaeilge a chaitheamh sa Ghaeltacht. Ar ndóigh, beidh súil le tuilleadh éileamh ar chúrsaí do dhaoine fásta anois de thoradh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus spriocanna a théann le líon na bhfostaithe le Gaeilge sa státchóras.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.