Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 February 2022

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2022
Vóta 33 - Turasóireacht, Cultúr, Ealaíon, Gaeltacht, Spórt agus Meán (Athbhreithnithe)

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

B'fhéidir go mbeidh seans agam an cheist seo a fhreagairt maidir leis an bplean gníomhaíochta agus an coiste. Mar an gcéanna le gach mionteanga eile ar fud an domhain, tá dúshláin leanúnacha ag baint le cás na Gaeilge agus í ag iarraidh maireachtáil taobh le ceann de theangacha móra an domhain, an Béarla. Chun dul i ngleic leis an dúshlán sin, tá plean oibre idir lámha ag an Roinn i gcomhair le 60 páirtithe leasmhara idir-rannach agus forais ábhartha Stáit, chomh maith le heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is ionann an plean oibre sin agus an plean gníomhaíochta don Ghaeilge.

Foilsíodh an dara tuairisc ar fheidhmiú an plean gníomhaíochta don Ghaeilge roimh an Nollaig. Cuimsíodh an tréimhse ó mhí Iúil 2019 go mí na Nollag 2020 sa tuairisc sin. In ainneoin na ndeacrachtaí a chothaigh Covid-19, léiríodh dul chun cinn suntasach maidir leis an mbreis is 180 beart atá sa phlean de thoradh na comhpháirtíochta agus na comhúinéireachta a bhaineann leis seo uile. Is údar sásaimh é dom go bhfuil dul chun cinn suntasach le sonrú sa dara tuairisc. Den 185 gníomh sa phlean, bhí 51 le cur i bhfeidhm idir 2018 agus deireadh 2020. Bhí 57 gníomh curtha i bhfeidhm ag deireadh 2020, agus bhí 16 eile idir lámha. Bhain moill le hocht acu. Tugtar léargas ar staid na mbeart ar fad sa tuairisc féin atá foilsithe. Tá an chomhpháirtíocht chéanna ag croílár an phróisis pleanála teanga, atá ag dul ó neart go neart le cúnamh leanúnach mo Roinne.

Is fiú a lua chomh maith go bhfuil ciste breise ceadaithe le dhá bhliain anuas chun tacú tuilleadh leis an nGaeilge agus le feidhmiú an phlean gníomhaíochta. Nuair a bhreathnaítear ar an gclár tacaíochta pobail agus teanga, mar shampla, tá ardú de 16% curtha ar fáil ó bhí 2020 ann. Tá an scéal mar an gcéanna maidir le scéimeanna tacaíochta lasmuigh den Ghaeltacht, a fuair ardú de 88% thar an tréimhse chéanna. Maidir leis na cistí a bhaineann leis an údarás, bhí ardú de 36% ar chiste C6, ardú de 42% ar chiste C7, agus ardú de 45% ar chiste C8. Bhí ardú de 27% i leith ciste C9, agus bhí ardú de 57% ar chiste C10 a bhaineann le pleanáil teanga.

Tabharfaidh mé spléachadh ar na príomhnithe a baineadh amach thar an tréimhse maidir leis na naoi réimse. Cuireadh pacáiste tacaíochta breise múinteoireachta agus eile ar fáil do scoileanna atá ag glacadh páirte sa scéim aitheantais scoileanna Gaeltachta chun iad a spreagadh. In 2019, chuir Institiúid Oideachais Marino tús le baitsiléir oideachais nua lán-Ghaeilge in oideachas tosaigh do bhunmhúinteoirí. Tugadh an curaclam teanga bunscoile isteach do gach céim i ngach scoil i mí Mheán Fómhair 2019. Ceadaíodh pleananna teanga do sé limistéar pleanála Gaeltachta, do bhaile seirbhíse Gaeltachta amháin agus do trí líonra Gaeilge. Tá go leor eolais eile anseo maidir leis an 19 oifigeach pleanála teanga agus triúr oifigeach cúnta pleanála teanga atá i mbun oibre ag deireadh mí na Nollag i réimse na bpleananna teanga.

Maidir leis an gcoiste, tá coiste stiúrtha ann maidir leis an bplean gníomhaíochta. Maidir leis an taighde ó Thuismitheoirí na Gaeltachta a luaigh an Teachta, leagtar amach sa phlean breis agus 180 beart atá á gcur i bhfeidhm a bhaineann leis na naoi réimse gníomh faoi leith, gnóthaí teaghlaigh ina measc. Mar a bhaineann sé leis an réimse sin, is fiú a lua go ndeachaigh an ciste atá curtha ar fáil do Thuismitheoirí na Gaeltachta ó €20,000 in aghaidh na bliana cúig bliana ó shin go dtí allúntas ar fiú tuairim is €500,000 in aghaidh na bliana anois. Is ardú suntasach é sin atá ag cur ar chumas na heagraíochta a clár oibre a fheidhmiú i gcomhair leis an Roinn ar leas theaghlaigh na Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh.

Tá léargas níos iomláine ar fáil sa tuarascáil agus beidh mé sásta teacht ar ais sa choiste chun é sin a phlé más gá.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.