Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 February 2022

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2022
Vóta 33 - Turasóireacht, Cultúr, Ealaíon, Gaeltacht, Spórt agus Meán (Athbhreithnithe)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Is iontach go bhfuil an tAire Stáit os ár gcomhair. Tá sé cabhrach agus ceart. Gabhaim buíochas leis. Is dea-scéal amach is amach é. Tá an t-uafás airgid tugtha ag an Roinn. Is dócha nach bhfuil géarchéim i gceist ó thaobh na Gaeilge, beag nó mór. Táim ag magadh i ndáiríre. Gabhaim buíochas as ucht na hoibre atá déanta ag an Roinn. Tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre ag dul ar aghaidh taobh amuigh den seomra seo ach uaireanta tá sé deacair díriú isteach ar rudaí. Bhí ardú ó thaobh airgead de agus molaim an tAire Stáit agus an Roinn as sin, ach ní mór dúinn é a chur i gcomhthéacs i gcónaí.

Tá ceist ann a chuireann mé i gcónaí ar gach Roinn a thagann os ár gcomhair. Tá géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta in ainneoin na n-iarrachtaí uilig atá déanta. Cá bhfuil an t-aitheantas sin le feiceáil sa ráiteas tosaigh nó sna bearta atá luaite? Táim ag smaoineamh, mar shampla, ar an staidéar seo atá luaite go mion minic agam a rinneadh ar son Thuismitheoirí na Gaeltachta. Tá siad ag rá go soiléir go bhfuil géarchéim ann. Bhí sé seo le rá agam an tseachtain seo caite freisin. Cá bhfuil an Roinn ag díriú a haird? Ar dtús, bhí mé chun ceist shonrach a chur maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 ach tá sé curtha ag mo chomhghleacaí anseo agus tá freagra faighte. Tá céimeanna á dtógáil maidir leis sin. B'fhéidir go dtiocfaimid ar ais go dtí sin am éigin eile. Cad mar gheall ar an straitéis 20-bliana agus an plean gníomhaíochta? Cá bhfuil an Roinn maidir leis sin? An bhfuil coiste éigin ann? An bhfuil duine i gceannas? An bhfuiltear ag baint amach na spriocanna? Cad iad na fadhbanna atá ann?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.