Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 February 2022

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2022
Vóta 33 - Turasóireacht, Cultúr, Ealaíon, Gaeltacht, Spórt agus Meán (Athbhreithnithe)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit as ucht Achta na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Is céim chun cinn é ach tiocfaidh mé ar ais aige sin ar ball. Táimid ag plé ceist na Gaeltachtaí anseo ach táimid beagáinín i bhfolús. Tuigim cén fáth nach bhfuilimid ag breathnú ar Mheastacháin agus ar bhuiséad na Roinne ar fad. An bhféadfadh an tAire Stáit a rá liom cén céatadán den mhéadú a tháinig ar bhuiséad na Roinne, go hiomlán is go huile, ó 2019 go 2021? Is é sin an t-ardú ó 2019 go 2020 agus an t-ardú ó 2020 go 2021. Cén céatadán den ardú a tháinig ar airgead do na Gaeltachtaí? Cén suim ó mhír C de na Meastacháin iomláine a bhí ansin? Is ansin a fheicfimid cén chothromas atá á thabhairt don Ghaeltacht taobh istigh den Roinn san iomlán. Caithfidh mé a rá go gcuireann sé díomá orm nach bhfuil an tAire in éineacht leis an Aire Stáit mar, ag deireadh an lae, is í an tAire le freagracht as an nGaeltacht í agus is ise atá i gceannas ar an gcionroinnt ar an bpictiúr mór. Taobh istigh de sin, caithfidh an tAire Stáit troid le haghaidh a chuid.

Bhí geall i gclár an Rialtais go ndéanfaí athbhreithniú ar rialachas agus ar eagrú Údaráis na Gaeltachta, chomh maith le breathnú ar struchtúr an bhoird. An bhfuil i gceist ag an Aire Stáit fanacht go dtí go mbeidh an t-athbhreithniú iomlán sin déanta sula dtiocfaidh sé ar aghaidh le reachtaíocht faoi bhord an údaráis? Tá teagmháil caillte ag an údarás leis an bpobal ó athraíodh an bord. Mar dhuine atá ag cónaí agus ag obair sa Ghaeltacht, níl an teagmháil céanna idir bhord an údaráis agus an pobal agus a bhíodh nuair a bhí daoine tofa ar an mbord. Mar sin, tá práinn thar na bearta ag baint leis an gceist sin.

Tagraím d'Fhoras na Gaeilge. An bhféadfadh an tAire Stáit a dheimhniú gurb é an chaoi go leagtar amach buiséad don fhoras ná go bhfuil €3 ó thaobh Forais na Gaeilge ag teacht ón Roinn do chuile €1 a thagann ón Tuaisceart agus go droim ar ais a bhíonn sé ó thaobh an Ulster-Scots Agency? Mar sin, arb é an laincis atá ar an bhforas ná an teip ghlan ar na húdaráis ó Thuaidh méadú a chur ar a gcuid den bhuiséad agus an tionchar agus srian a chuireann sé sin ar an Roinn breis airgid a chur ar fáil don fhoras? Tá mé ag caint go sonrach faoi airgead an fhorais. Tá geall i gclár an Rialtais maidir le lárionad Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre. Le dhá bhliain anuas, cén dul chun cinn atá déanta ar an gceist sin?

Tá trí ceisteanna beaga eile agam agus beidh mé an-sciobtha. I gclár an Rialtais maítear: "Adopt a whole-of-government approach to the protection and promotion of the Irish language". Le tamall beag anuas chuir mé ceisteanna ar Airí eile faoin "whole-of-government approach" agus ba léir nach bhfuil tada ar bith déanta ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe air, an Roinn atá i gceannas ar earcaíocht sa tseirbhís phoiblí, ainneoin go bhfuil an tAcht achtaithe. Níor bhac sé leis go dtí go raibh a fhios aige go raibh sé le n-achtú agus tá sé ag fanacht ar bhunú an choiste le rud ar bith a dhéanamh.

Chuir mé ceist ar an Aire atá freagrach as ardoideachas céard a bhí seisean le déanamh chun cinntiú go mbeadh na daoine ann le dul ag obair sna jabanna seo ar fad sa tseirbhís phoiblí, ag tógáil an Achta nua teanga san áireamh. Ó tharla gur ceist bhéil a bhí ann agus nach bhfuil aon Ghaeilge ag an Aire, chuir mé an cheist i mBéarla. Ní léifidh mé amach an freagra iomlán ach tá sé spéisiúil codanna a phiocadh amach. Dúirt sé, “There is already a broad range of courses available in Irish in higher education institutions that will meet future demand.” Ansin chuaigh sé ar aghaidh agus dúirt sé, “there were 67 courses in Higher Education delivering Irish language tuition or delivered through the medium of Irish, a total of 1,674 students”. Clúdaíonn sé sin chuile mhúinteoir atá faoi oiliúint do bhunscoileanna na tíre. Má bhaintear iadsan as, tá fíorbheagán fágtha le haghaidh poist sa chuid eile den tseirbhís phoiblí. Thar sin, deir an freagra ón Aire go bhfuil 1,000 scoláire cláraithe atá ag tógáil Gaeilge mar ábhar. Ní raibh an tAire sásta an cheist a cuireadh air, sé sin, cé mhéad cúrsa atá rite trí Ghaeilge agus cé mhéad scoláire atá ann, a fhreagairt. Dúirt sé go bhfuil na hinstitiúidí ardoideachais neamhspleách agus gurb iad siúd, ní an Rialtas, a shocraíonn cé mhéad cúrsa trí Ghaeilge a chuirtear ar fáil.

Breathnaíonn sé domsa go bhfuil an tAire, an Teachta Harris, ag tabhairt an dá mhéar don Aire Stáit agus go bhfuil sé ag rá “bíodh an diabhal ag an Acht”. Deir sé nach bhfuil sé féin mar Aire in ann iachall a chur ar na forais ardoideachais é seo a dhéanamh, rud nach gcreidim ar chor ar bith, dála an scéil. Tá sé in ann a rá leo, má theastaíonn a chuid airgid uathu, go gcaithfidh siad an rud a deir sé leo a dhéanamh. Tá an tAire seo, atá ceaptha bheith mar chuid den chur chuige uile-Rialtais, ag rá nach bhfuil sé in ann tada a dhéanamh agus nach bhfuil sé chun tada a dhéanamh. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin ag teacht le spiorad chláir an Rialtais.

Cé mhéad creis Ghaeilge atá á mhaoiniú ag an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ar fud na tíre? Níl mé ag caint faoi naíonraí atá fáil airgid ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, ach creiseanna. Tosaíonn gasúir ag caint i bhfad sula dtéann siad ag an réamhscoil. Tosaíonn gasúir ag foghlaim cainte nuair a bheirtear iad. Arís, níl gíog ná míog as an Roinn agus níl sí ag déanamh tada. Tá brón orm bheith chomh dian seo ach nuair a thugtar geallúint ba cheart seasamh leis. Níl mé ag cur an mhilleáin go pearsanta ar an Aire Stáit ach ar an teip ghlan ón Rialtas ina hiomlán seasamh lena gheallúintí i dtaobh na Gaeilge.

Is céim chun cúil uafásach a bhí ann nuair a baineadh cúram na n-oileán ó Roinn na Gaeltachta. Tá i bhfad os cionn dhá thrian de phobal na n-oileán ar oileáin Ghaeltachta agus cuireadh isteach iad i Roinn atá rite go hiomlán trí Bhéarla. Seachas na feidhmeannaigh atá ag plé leis na hoileáin, níl Gaeilge ar bith sa Roinn sin. Bhí sé i bhfad níos feiliúnaí agus níos éifeachtaí nuair a bhí siad in éineacht leis an gcúram Gaeltachta. Tá Toraigh, Árainn Mhór, na hOileáin Árann agus Oileán Chléire ar fad sa Ghaeltacht. Tá leath de dhaonra na n-oileán sa trí oileán Árainn. An t-oileán leis an daonra is mó ina dhiaidh sin ná Árainn Mhór i nDún na nGall. An bhfuil aon phlé ar bun faoin bpolasaí sin a athrú agus rannóg na n-oileán a chur ar ais faoi chúram Roinn na Gaeltachta?

Ní raibh mé ag éisteacht go cúramach mar bhí mé ag scríobh nuair a freagraíodh ceist na gcoláistí samhraidh. Ag glacadh leis go mbeidh scoláirí sna tithe i mbliana, an mbeidh laghdú i líon na scoláirí a bheidh ceadaithe i chuile theach? Má tá, an mbeidh méadú ar an deontas in aghaidh an scoláire do na mná tí mar chúiteamh air sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.