Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 February 2022

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2022
Vóta 33 - Turasóireacht, Cultúr, Ealaíon, Gaeltacht, Spórt agus Meán (Athbhreithnithe)

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí an choiste as an gcuireadh a thug siad dom teacht os a gcomhair inniu chun labhairt faoi chistíocht na Gaeilge agus na Gaeltachta. Mar is eol dóibh, tá sé mar chuspóir ag mo Roinn tacú leis an nGaeilge trí chéile agus lena húsáid a chothú mar phríomhtheanga phobal na Gaeltachta. Is tríd cúram a dhéanamh de chur i bhfeidhm leanúnach an phlean gníomhaíochta don Ghaeilge, atá mar thaca d’fhorfheidhmiú na straitéise 20-bliain don Ghaeilge, a ndéantar an cuspóir sin a fhíorú. In éindí le bheith freagrach as comhordú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú an phlean gníomhaíochta ar bhonn trasrialtais, déanann mo Roinn raon leathan de chláir oibre, scéimeanna, tograí agus tionscnaimh a riar ar bhonn díreach ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Comhthreomhar leis an obair sin uile, oibríonn mo Roinn go dlúth i rith an ama le forais eile Stáit, go háirithe Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, chun tacú lena gcuid cláir oibre féin. Mar léiriú ar thiomantas an Rialtais chun tacú leis an obair seo ar fad atá ar bun, ba mhaith liom aird an choiste a dhíriú ar an gcistíocht méadaithe ar fiú €85.6 milliún atá curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht don bhliain reatha. Is ardú de €7 milliún é seo ar chiste na bliana seo caite, 2021. Ina theannta sin, cé nach mbaineann sé le clár C, tá méadú de €4.2 milliún á chur ar mhaoiniú TG4 chun é a thabhairt suas go dtí beagnach €45 milliún. Is é sin an méadú is mó ar mhaoiniú an stáisiúin riamh agus beidh tionchar aige, dár ndóigh, ar rathúlacht na straitéise 20 bliain.

De thoradh an chiste bhreise do chlár C mo Roinne, tá maoiniú breise ar fiú €1.4 milliún curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta. Ciallaíonn sé seo go bhfuil maoiniú iomlán ar fiú os cionn €33 milliún aige i mbliana. Tá €1 milliún breise curtha ar fáil do chlár tacaíochtaí pobail agus teanga mo Roinne. Ciallaíonn sé seo go bhfuil os cionn €11 milliún sa chiste C3 i mbliana. Tá €2.3 milliún breise curtha ar fáil do na scéimeanna tacaíochta Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Fágann sé seo go bhfuil maoiniú iomlán ar fiú beagnach €10 milliún sa chiste i mbliana. Cuireadh €800,000 breise ar fáil don phróiseas pleanála teanga. De thoradh air seo, tá maoiniú iomlán €5.8 milliún ann don phróiseas sa bhliain reatha. Tá cistíocht bhreise de €700,000 ann don Fhoras Teanga. Cabhróidh an ciste breise sin le tuilleadh dlús agus treisiú a chur le feidhmiú an phlean gníomhaíochta agus an raon bearta atá leagtha amach ann mar bhonnlíne gníomhaíochtaí.

Ag croílár na hoibre beidh feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, a thagann faoi scáth réimse gnímh faoi leith sa phlean sin. Leis an obair a dhéanfar le cúram a dhéanamh d’fheidhmiú an Achta, féachfar chuige go mbeidh seirbhísí feabhsaithe go céimiúil á gcur ar fáil do chainteoirí Gaeilge agus deiseanna suntasacha fostaíochta á gcruthú do lucht labhartha na Gaeilge.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, cabhróidh an t-ardú a luaigh mé le cur ar a chumas tuilleadh fiontraíochta a chothú sna réigiúin Ghaeltachta agus a straitéis cúig bliana a chur i bhfeidhm. Cuimsíonn an t-ardú seo €1 milliún breise i leith forbartha pobail agus na hearnála turasóireachta sa Ghaeltacht. Tá an t-ardú de bheagnach €14.5 milliún ar chiste caipitil an údaráis don bhliain 2021 á choinneáil don bhliain 2022. Maidir leis an bhForas Teanga Thuaidh-Theas, tá maoiniú breise d'os cionn €700,000 ar fáil ón Rialtas ó Dheas le cur leis an méadú suntasach a áiríodh sa bhuiséad deireanach.

Bliain dúshlánach a bhí sa bhliain 2021 do gach éinne de thoradh Covid-19. Ar nós gach réimse eile den saol, d’imir an phaindéim tionchar suntasach ar chumas gach eagraíocht Ghaeilge agus Ghaeltachta a gcion a dhéanamh chun a gcláir oibre a choinneáil ag imeacht. Agus é sin ráite, aimsíodh bealaí agus seifteanna nua malartacha chun rudaí a dhéanamh. Níl aon amhras, áfach, ach gur chuidigh an t-ardú breise arbh fhiú beagnach €15 milliún a cuireadh ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gcáinaisnéis 2021 le cobhsú agus téarnamh earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta.

I measc na nithe is suntasaí a baineadh amach anuraidh le linn mo dara bhliain mar Aire Stáit, luafainn roinnt rudaí faoi leith. Foilsíodh an dara tuarascáil ar fheidhmiú an phlean gníomhaíochta don Ghaeilge. Cuimsítear an tréimhse ó mhí Iúil 2019 go mí na Nollag 2020 sa tuarascáil sin agus ainneoin na ndeacrachtaí a chothaigh Covid-19, léiríodh dul chun cinn suntasach leis an mbreis agus 180 beart atá sa phlean. Achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 ag deireadh na bliana. Tháinig deireadh leis an maolú ar úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach ag deireadh na bliana seo caite freisin. Cruthaíodh 825 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí de chuid Údaráis na Gaeltachta i rith 2021, an líon is airde poist a cruthaíodh i mbliain amháin ó bhí 2008 ann. Nuair a thógtar laghdú poist san áireamh, bhí glanmhéadú de 446 sa bhfostaíocht ina iomláine, an glanmhéadú bliantúil is airde le 25 bliain. Leanadh go rathúil le cur i bhfeidhm córasach an phróisis pleanála teanga mar a bhaineann sé leis na ceantair Ghaeltachta, le bailte seirbhíse agus le líonraí Gaeilge. Cuireadh trí chiste faoi leith ar bun chun tacú le córas na gcoláistí Gaeilge de thoradh an chórais sin a bheith dúnta don dara bhliain as a chéile.

Agus muid ag breathnú chun tosaigh, is gá dúinn ar fad a aithint go bhfuil údar suntasach dóchais ann. Cé go raibh dúshláin faoi leith ann le dhá bhliain anuas, tá dóchas romhainn ag bun na spéire. Mar Aire Stáit le freagracht as an nGaeltacht, táim ag súil go mór le bheith in ann leanúint orm ag cur lena bhfuil bainte amach ar leas phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge araon.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.