Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 February 2022

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2022
Vóta 33 - Turasóireacht, Cultúr, Ealaíon, Gaeltacht, Spórt agus Meán (Athbhreithnithe)

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Is ag caomhnú agus ag láidriú na Gaeilge mar theanga bheo le cois í a fhágáil mar oidhreacht don chéad ghlúin eile ná príomhchuspóir Údaráis na Gaeltachta. Déanann an t-údarás gach iarracht an cuspóir seo a bhaint amach trí fhorbairt fhiontraíochta agus fostaíocht a chothú agus tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí pobail, cultúrtha agus teanga-bhunaithe. Bhí mé suas i nDún na nGall an bhliain seo caite chun straitéis nua a dhéanamh leo agus tá ciste iomlán de €34.784 milliún curtha ar fáil agam d'Údarás na Gaeltachta don bhliain seo. Cuideoidh seo leis an údarás a chuid spriocanna a bhaint amach faoin straitéis nua a sheol mé an tseachtain seo caite. Leagann an straitéis fís don Ghaeltacht amach do na cúig bliana amach romhainn, straitéis a rachaidh chun tairbhe phobal labhartha Gaeilge, phobal fiontraíochta agus chúrsaí forbartha pobal na Gaeltachta. Déantar rianú sa straitéis ar raon fheidhmeanna agus gníomhartha atá beartaithe ag an údarás a chur i bhfeidhm sa tréimhse cúig bliana atá romhainn faoi scáth pholasaí foriomlán an Rialtais i leith na Gaeltachta agus na Gaeilge, mar atá leagtha amach sa phlean ghníomhaíochta don Ghaeilge agus sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge.

Caithfear féachaint ar an mbuiséad agus an difríocht idir 2020 agus an bhliain seo agus tá difríocht mhór ann. Leithdháileadh 36% den chiste faoi chlár C6 idir 2020 agus 2022 agus ar C7 tá difríocht mhór freisin. Leithdháileadh 42% idir 2020 agus 2022. Táimid ag déanamh an infheistíocht san údarás chun an straitéis seo a chur i bhfeidhm. Táim dóchasach go mbeimid in ann buiséad ní b'fhearr a dhéanamh gach bliain a bheidh an Rialtas seo ann.

Maidir leis na ceisteanna ar chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht agus an obair atá á déanamh ag an údarás, is fiú a nótáil gur tháinig ardú ar an leibhéal fostaíochta i gcliantchuideachtaí Údaráis na Gaeltachta anuraidh. Léiríonn an ráiteas deireadh bliana, a eisíodh le déanaí, gur cruthaíodh 825 post nua i gcomhlachtaí Gaeltachta le linn na bliana. Sin glanmhéadú 446 post, an glanmhéadú bliantúil is airde ó 1996. Léiríonn an difríocht seo an obair an-mhaith a rinne sé anuraidh agus leis an straitéis nua táimid ag iarraidh an fís nua a chur i bhfeidhm agus infheistíocht a dhéanamh i gcomhair na straitéise seo. Fágann sé seo go bhfuil os cionn 7,800 post lánaimseartha agus 485 post páirtaimseartha san iomlán ag deireadh 2021 i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Chomh maith leis sin, bhí an leibhéal is airde fostaíochta riamh i stair na heagraíochta i nGaeltachtaí na Gaillimhe, Chorcaí agus Phort Láirge. Ainneoin dúshlán na paindéime Covid-19 tá seasmhacht léirithe ag comhlachtaí Gaeltachta agus téarnamh áirithe feicthe sa bhfostaíocht atá á thiomáint ag nuálaíocht na gcomhlachtaí agus tá fás suntasach tagtha ar na hearnálacha feistí leighis agus tairgí sláinte sa Ghaeltacht.

Tagraím don gheall sa chlár Rialtais. Is cuimhin liom go raibh an Teachta liom nuair a rinneamar an obair seo agus chuir sé a lán oibre isteach chun an geall seo a chur sa chlár. Bhí sé seo an-tábhachtach do Pháirtí Fhianna Fáil freisin.

Maidir leis an athbhreithniú ar an bpróiseas toghcháin agus roghnúcháin do bhord Údarás na Gaeltachta, rinne an Oifig um Sholáthar Rialtais comórtas a reáchtáil, ar iarratas mo Roinne, don dara huair le gairid i dtreo sainchomhairleoireacht a aimsiú le tabhairt faoin athbhreithniú agus moltaí ina leith a chur faoi bhráid na Roinne. Ós rud é, áfach, nach bhfuarthas aon tairiscint de thoradh ar an dara comórtas seo, tá na chéad chéimeanna eile á mbreithniú ag an Roinn faoi láthair i gcomhair leis an Oifig um Sholáthar Rialtais i dtreo sainchomhairleoireacht atá cáilithe go cuí a aimsiú don chúram. Mar chuid den athbhreithniú sin, tá sé i gceist ag an Roinn próiseas comhairliúcháin phoiblí a eagrú, faoina dtabharfar an deis don phobal tuairimí agus moltaí faoin ábhar a roinnt i scríbhinn leis an Roinn. Tá sé i gceist an próiseas seo a sheoladh go ríghairid, chomh luath agus is féidir. Tá eolas eile agam faoin socrú atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le struchtúr bhord an údaráis. Táimid ag tosú an phróisis comhairliúcháin phoiblí chun na tuairimí a fháil agus táim dóchasach go mbeidh muid in ann an teagmháil leis an Oifig um Sholáthar Rialtais a chríochnú freisin.

Maidir le coláistí samhraidh, chuir mo Roinn roinnt tacaíochta ar fáil ó thús na paindéime chun cabhrú leis an gcóras. Anuraidh, chuir mo Roinn ciste éigeandála ar fáil agus íocadh thart ar €2.7 milliún le húdaráis na gcoláistí chun iad a chur ar a gcumas táillí nó éarlais a aisíoc le tuismitheoirí. Chomh maith le sin, íocadh thart ar €1.6 milliúin leis an tuairim is 700 teaghlach Gaeltachta atá cláraithe faoi scéim na Roinne. Chaith mo Roinn beagnach €4.5 milliún faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge anuraidh.

Bhí súil ag gach aon duine go mbeadh na coláistí ag feidhmiú an samhradh seo caite ach tar éis comhairle le páirtithe leasmhara, idir lucht lóistín, lucht stiúrtha na gcoláistí agus lucht stiúrtha hallaí pobail na Gaeltachta, rinneadh cinneadh i mBealtaine anuraidh nach bhféadfadh na coláistí feidhmiú don dara bliain as a chéile mar gheall ar Covid-19. Agus an cinneadh sin á dhéanamh, tógadh san áireamh an imní shuntasach a bhí le sonrú faoi shláinte phoiblí agus faoi shábháilteacht teaghlaigh Gaeltachta agus pobail áitiúla i dtaca le Covid-19 dá reáchtálfaí cúrsaí samhraidh. Chun teacht i gcabhair ar rudaí arís, bhunaigh mo Roinn trí chiste faoi leith anuraidh ar leas na hearnála ar fiú €4 milliún in iomlán iad. Bhain ceann acu, ar luach €2.2 milliún, le lucht lóistín. Cuireadh ciste ar luach €200,000 ar fáil do na hallaí pobail agus bhí suas le €1.7 milliún ar fáil do na coláistí féin chun cuidiú leo le costais riaracháin, árachas agus mar sin de a chlúdach don bhliain. Níl aon amhras ach gur chabhraigh sé seo leis an earnáil teacht trí na dúshláin arbh éigean don phobal a iompar le beagnach dhá bhliain anuas de bharr na paindéime. Táthar ag súil le filleadh ar an ngnáthshaol i mbliana.

Maidir leis an mbliain seo, is é ár mbunús agus ár dtnúthán go mbeidh na coláistí á oscailt i mbliana. Tá mé féin, an Roinn agus an córas trí chéile ag feidhmiú dá réir sin. Tríd an gcúnamh leanúnach a chuirtear ar fáil faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, beidh muid ag teacht i gcabhair ar an earnáil mar a bhaineann sé le cúrsaí maoinithe i mbliana. Coinneoidh mo Roinn an scéal ar fad faoi bhreithniú i gcomhar le páirtithe leasmhara de réir mar is gá, lena n-áirítear an Roinn Oideachais, na húdaráis sláinte agus scáthghrúpa na coláistí samhraidh, CONCOS. Táimid ag súil go mbeidh athoscailt iomlán i ndán don chóras sa tréimhse atá amach romhainn. Tuigim go raibh feidhmeannaigh na Roinne i dteagmháil le CONCOS le déanaí chun cruinniú a shocrú agus plé a dhéanamh ar chlár oibre na bliana seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.