Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 February 2022

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2022
Vóta 33 - Turasóireacht, Cultúr, Ealaíon, Gaeltacht, Spórt agus Meán (Athbhreithnithe)

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Maidir leis na ceisteanna seo, dáiltear an t-airgead de réir éilimh. Tá cuid de na ceantair Gaeltachta níos mó ná a chéile agus níos mó éileamh ag teacht uathu dá bharr. Ní aon rud nua é sin. Má bhíonn éileamh ann, tá níos mó airgead ann gach bliain agus tá difríocht an-mhór idir an bhliain seo agus an bhliain seo caite. Má bhíonn an t-éileamh agus na hiarratais ann chun an teanga a fheabhsú i gContae Chiarraí, beimid in ann níos mó airgid a chur ar fáil freisin.

Maidir leis na key performance indicators, KPIs, idir 2020 agus 2021, bhí tionchar ag Covid-19 ar gach rud, gan amhras, agus tá sé sin le sonrú sna KPIs a luadh.

Maidir le fostaíocht i gcomhlachtaí an údaráis, mar a luaigh mé, tá ardú suntasach le tuairisciú. Cabhróidh an t-ardú suntasach le ciste tógála an údaráis agus is ardú is fiú 40% é sin ó 2020.

Tá plean digiteach don Ghaeilge á ullmhú ag an Roinn i gcomhpháirtíocht le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá an plean seo á fhorbairt i gcomhar le saineolaithe idirnáisiúnta a bhíonn ag plé le cúrsaí teicneolaíochta digiteacha agus oideachais. Cuimseofar na príomhréimsí seo a leanas: glór-shintéis, glór-aithint, inneall aistriúcháin, réimse an oideachais ar rochtain agus míchumais, tacaíocht ó chomhlachtaí móra teicneolaíochta, agus na meáin shóisialta. Tá sé ríthábhachtach plean digiteach don Ghaeilge a fhorbairt agus smaoineamh ós rud é go bhfuil baol ann go mbeidh an teanga fágtha taobh thiar ó thaobh na teicneolaíochta de. Is rud é seo a bhfuil aird tarraingthe air sa tuarascáil, ná an Ghaeilge sa ré dhigiteach a chur le chéile ar an ngréasán Eorpach Metanet in 2022. Is obair fhíortheicniúil é seo agus tá an-chuid ama caite ar chúrsaí aistriúcháin toisc gur ábhar casta é seo. Ta gach caibidil scríofa agus aistrithe faoin bpointe seo agus tá Emily Barnes ó Choláiste na Tríonóide chun eagarthóireacht a dhéanamh ar an gcáipéis chuimsitheach seo. Beidh sí ag plé leis na clódóirí chomh maith ó thaobh cúrsaí stíle. Táthar ag súil go bhfoilseofar an plean i lár shamhradh 2022.

Maidir leis an Acht, táthar ag dul i mbun oibre le feidhm a thabhairt d’fhorálacha an Achta leasaithe. Chuige sin, tá an Roinn ag cur plean oibre i dtoll a chéile faoi láthair ina leagfar amach na céimeanna éagsúla a bheidh le tógáil sna míonna amach romhainn. Aithnítear gurbh é an príomhthosaíocht atá ann teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís um Cheapacháin Poiblí, PAS, maidir leis an bpróiseas earcaíochta a bheidh le reáchtáil, de réir alt 18B den Acht, maidir le comhaltas an choiste comhairligh. Tá próiseas earcaíochta deich mí ann chun comhlacht amháin a bheith mar ionadaí do na limistéír pleananna teanga Gaeltachta agus comhalta amháin eile a bheith mar ionadaí do limistéir den Stát nach limistéir pleananna teanga Gaeltachta iad earcaithe don choiste.

Beidh sonraíocht don choiste ullmhaithe ag an Roinn le tabhairt do PAS, agus beidh sé mhí aige leis an gcomórtas a rith, mar go gcaithfear an coiste a bhunú sé mhí tar éis lá bunaithe an Achta agus ceapfar go n-ordófar go luath é. Beifear ag cur moltaí faoi bhráid an Aire Stáit maidir leis na sé chomhalta eile a bheidh ainmnithe ag comhlachtaí poiblí, ach sílfear an tráth seo go mbeidh ionadaithe de dhíth ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ón Garda Síochána, ón Roinn Coimirce Sóisialta, ón Roinn Oideachais, ó Fhoras na Gaeilge agus ón nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil. Mar is eol don Teachta beidh ionadaithe ó PAS, ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus ón Roinn seo ann freisin.

Beifear ag scríobh chuig na páirtithe leasmhara ar mhaithe le dlús a chur le feidhmiú na reachtaíochta nua freisin agus beidh litir á heisiúint ó oifig an Ard-Rúnaí chuig na hArd-Rúnaithe eile ar an ábhar agus, comhthreomhar leis sin, beidh litir ag dul amach chuig na comhlachtaí poiblí.

B’fhéidir go mbeidh seans agam níos mó a rá maidir le cúrsaí Acht na dTeangacha Oifigiúla agus is iad sin na céimeanna atá ar siúl anois.

Maidir le Cúil Raithin, mar Aire Stáit i Roinn atá freagrach as forbairt agus ceannaireacht a ghlacadh as an gclár cuimhneacháin 100 bliain, mholfainn do gach duine labhairt agus plé a dhéanamh go haibí agus go tomhaiste agus ar bhealach a léiríonn meas ar an tréimhse chasta de shiúl na staire. Chuir Gníomhaireacht na hUltaise maoniú ar fáil d’Fhéile Chúil Raithin anuraidh faoi mar a chuireann sí ar fáil d’fhéilte mar is gnách. Chuir sí luach £2,308 ar fáil don fhéile. Tá cur amach ag Gníomhaireacht na hUltaise ar ghrúpa eagraithe na féile. Is é an téama a bhí ag an bhféile ná cuimhneachán 100 bliain Thuaisceart Éireann.

Bhí imeachtaí éagsúla eagraithe do gach aoisghrúpa, ag tabhairt blaiseadh dóibh de theanga, oidhreacht agus cultúr na hUltaise. Níor iarradh aon mhaoiniú i leith an taispeántais seo. Rinne an fhéile i gCúil Rathain é a mhaoiniú as a ciste féin. I measc na réimsí ar chaitheadh maoiniú orthu, bhí ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta agus imeachtaí ceoil, rince, teanga agus filíochta. Is cuid d'obair Ghníomhaireacht na hUltaise é tacú le féilte pobail agus tacú le cur chun cinn feasachta maidir le hUllans agus ceisteanna a bhaineann le cultúr na hUltaise i dTuaisceart na hÉireann agus ar fud an oileáin. Thug mé freagra don Teachta Ó Snodaigh sa Dáil cúpla mí ó shin agus chuir mé ar an eolas é maidir leis an gceist seo an bhliain seo caite.

Bhí ceist ann maidir leis an bhforas. Is é an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a cheadaíonn na buiséid do na forais tras-Teorann uile, an Foras Teanga san áireamh. Tá an Foras Teanga comhdhéanta d'Fhoras na Gaeilge agus Gníomhaireachta na hUltaise. Anuraidh, bhí soláthar de €16.362 milliún i Meastacháin mo Roinne do chomhoibriú tras-Teorann. Chuir mo Roinn maoiniú breise d'os cionn €1.7 milliún ar fáil don chomhoibriú tras-Teorann in earnáil na teanga. Chinntigh an méadú seo an chéad mhaoiniú d'áisíneachtaí ár bhforais teanga ó 2016. Toisc go ritheann bliain airgeadais na Roinne Pobal sa Tuaisceart ó Aibreán go Márta, níorbh fhéidir an méadú ina iomláine a chur i bhfeidhm anuraidh in 2021. Bhí soláthar de €12,072,225 ar fáil ó mo Roinn d'Fhoras na Gaeilge anuraidh. Is ardú é sin de €975,042 don tréimhse ó Aibreán go Nollaig. Bhí €760,324.66 ar fáil do Ghníomhaireacht na hUltaise, ardú de €59,208. Tá tábla agam freisin. B'fhéidir go mbeidh seans ann é a thabhairt don choiste chun maoiniú gach eagraíocht a léiriú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.