Seanad debates

Tuesday, 22 June 2010

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010: Committee and Remaining Stages

 

NEW SECTION.

6:00 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

I move amendment No. a1:

In page 6, before section 1, to insert the following new section:

"1.—The Act as initiated shall give power to the relevant Minister to dissolve the Board of Údarás na Gaeltachta no less than one year but no longer than five years and six months after its election.".

Is é an tuigmheáil atá ar chúl an leasú seo ná go rachfaidh an toghchán chun tosaigh mar ba cheart. Tá mé ag iarraidh freisin deis a thabhairt don Aire deireadh a chur leis an mbord, ionas nach mbeidh daoine ag dul san iomaíocht i dtoghchán Údarás na Gaeltachta, ag súil go mbeidh idir ceithre bliana agus cúig bliana go leith de téarma le caitheamh acu, agus seans ann go mbeidh orthu fanacht go dtí go mbeidh an téarma sin thart sula gcuirfear struchtúr úr isteach.

D'éist mé leis an méid a dúirt an Aire. Cé go bhfuil an chumhacht aige chun deireadh a chur leis an mbord i ndiadh bliain amháin, dúirt sé nach mbeadh sé sin ceart do bhaill an bhoird. I ndáiríre, áfach, gan an reachtaíocht seo bheadh toghchán againn maidin amárach, nó roimh 1 Deireadh Fómhair seo chugainn. B'fhéidir go gcaillfeadh daoine a gcuid suíocháin, nó nach gcaillfeadh, ach bheadh a fhios acu go bhfuil struchtúr úr ag teacht.

Níl cúis maith go leor leagtha amach ag an Aire. D'éist mé leis an méid a dúirt sé, go háirithe ó thaobh an straitéis 20 bliain. Níor mhínigh sé maith go leor cén fáth a bhfuil an reachtaíocht seo os ár gcomhair. Ní aontaím leis an Aire go bhfuil sé chomh tábhachtach go mbeadh leanúnachas ann agus muid ag plé le straitéis 20 bliain. Is é an rud atá le déanamh ag an bpobal, ó thaobh bord Údarás na Gaeltachta, ná baill úra le mandate úr a roghnú chun aghaidh a thabhairt ar na mórán fadhbanna atá sa Ghaeltacht.

Ó thaobh leanúnachas de, is é an rud atá le tarlú leis an straitéis 20 bliain ná go gcuirfidh an chomhchoiste a gcuid moltaí os comhair an Aire. Déanfaidh an Rialtas a chinneadh féin ar an ábhar seo. Beidh an straitéis ansin mar straitéis, in áit dréachtstraitéis. Ní bheidh orainn vóta a chaitheamh ar an straitéis sna Tithe seo. Tá a fhios ag an Aire go mbeidh sé in ann an straitéis a thabhairt isteach é féin. Níl ról ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh an straitéis 20 bliain.

Ó thaobh an reachtaíocht, má ghlactar leis an straitéis agus má chuirfimid i bhfeidhm an méid atá molta sa dréachtstraitéis ó thaobh Údarás na Gaeltachta - údarás na Gaeilge a dhéanamh de agus cúraimí breise a thabhairt dó maidir leis an Ghailge a fhorbairt ar fud an Stáit - beidh ar an Aire reachtaíocht a thabhairt isteach agus a leagadh os comhair Tithe an Oireachtais. Is iad na Seanadóirí agus na Teachtaí Dála a chaithfidh vótaí ar sin. Ní bheidh ról ag Údarás na Gaeltachta sa mhéid sin. Ní bheidh ról ar bith ag 20 ball an údaráis nuair atá cinneadh á dhéanamh ar an struchtúr úr.

Mar a dúirt an t-iar Aire, an Teachta Ó Cuív, tá an próiseas comhairliúcháin thart. Rinne an chomhchoiste a phróiseas chomhairliúcháin féin. Bhí Údarás na Gaeltachta mar pháirt don phróiseas chomhairliúcháin sin agus an phróiseas ó thaobh an dréachtstraitéis féin. Iarraim ar an Aire a insint dom má tá mé mícheart. Ní shílim go rachfaidh sé ar ais go dtí Údarás na Gaeltachta chun a dtuairimí a chuardach arís. Níl ról ag baill Údarás na Gaeltachta i todhchaí na straitéise. Is ceist don Aire agus don Rialtas í an straitéis a aontú agus is ceist do na Tithe seo í reachtaíocht a thabhairt isteach chun an struchtúr úr a cheadú.

Ó thaobh an pointe lárnach, tá an Aire ag rá go bhfuil leanúnachas de dhíth. Níl leanúnachas de dhíth. Is féidir leis na 20 baill úr - b'fhéidir gurb iad na 20 baill chéanna a bheidh ann - dul amach os comhair pobal na Gaeltachta. Má thugann pobal na Gaeltachta a chuid vótaí dóibh, beidh siad ar ais san áit céanna arís. Ba cheart don rud sin a tharlú. Le cuidiú Dé, beidh straitéis aontaithe ag an Rialtas a bheidh na páirtithe uilig ábalta tacaíocht a thabhairt dó. Ta súil agam go mbeimid ábalta déileáil le reachtaíocht faoi cúraimí an údaráis agus struchtúr na Gaeltachtaí sa Teach seo go luath. Má tharlaíonn sé sin taobh istigh de bhliain, agus má ghlactar leis an leasú seo, beidh an Aire in ann deireadh a chur leis an mbord. Beidh sé ábalta a rá, "bhí a fhois agaibh nuair a bhí sibh ag dul i mbun toghcháin go raibh an cúram seo agam mar Aire, táimid chun an struchtúr úr atá ceadaithe anois ag Tithe an Oireachtais a chur i bhfeidhm, agus tá deireadh leis an mbord". Is é sin an leasú atá mé ag iarraidh a dhéanamh.

Ba mhaith liom filleadh ar phointe a rinne mé níos luaithe. Dúirt an Aire nach bhfuil sé ábalta a shoiléiriú cén uair a bheidh toghchán Údarás na Gaeltachta ann. Tá a fhois againn ó thaobh an leasú seo gur féidir leis tarlú am ar bith go dtí 1 Aibreán 2012. Níl an Aire in ann a rá linn cén lá ar a bheidh said. Caithfidh cuid mhór rudaí beaga tarlú go dtí go sroichfimid an phointe sin. Mar a dúirt mé, caithfidh an straitéis a bheith aontaithe, an reachtaíocht a bheith pléite os comhair na Tithe agus a bheith ceadaithe, struchtúr úr a bheith bunaithe agus na cúraimí go léir a bheith in áit. B'fhéidir go bhfuil daoine úra le bheith fostaithe mar pháirt don fheidhmeannach sin, mar thoradh ar na cúraimí nua. Is ag an phointe sin a bheidh an Rialtas réidh chun deireadh a chur leis an sean-bhord agus toghchán úr a eagrú, ina mbeidh baill úra tofa go dtí bord úr. Tá go leor rudaí beaga ansin, inar féidir moill a chur ar an bpróiseas.

Sa dóigh chéanna nach bhfuil an Aire ábalta a rá cén uair a bheidh an toghchán ann, níl sé ábalta a rá go soiléir agus go cinnte go mbeidh toghchán ann in aon chor. Beidh sé suas go dtí an Rialtas. Beidh an Rialtas in ann an rud céanna atá á dhéanamh acu anocht a dhéanamh arís - reachtaíocht úr a thabhairt os comhair Tithe an Oireachtais agus a rá "táimid i lár an phróiseas seo - tá an straitéis aontaithe agus an reachtaíocht imithe tríd, ach níl an struchtúr in áit - agus dá bhrí sin táimid chun síneadh eile a dhéanamh". Is é sin an fadhb mór atá agam leis an reachtaíocht seo.

Mar a dúirt mé, níl fáth dá laghad leis an cur chuige seo. Tá argóintí a dhéanamh agam cén fáth nár chóir an daonlathas a chur siar. I ndáiríre, ba cheart dúinn níos mó argóintí a chloisint ón Rialtas cén fáth gur cheart dúinn cosc a chur ar an daonlathas. Níl gá le duine ar bith istigh anseo, mar daoine atá ag obair go daonlathach, freagraí a thabhairt cén fáth nár cheart an daonlathas a chur siar. Tharlaíonn rudaí mar sin i tíortha na hAfraice agus áiteanna eile. Ní cheart go dtarlódh a leithéid anseo. We are in the dock trying to explain why democracy should not be suspended. It is not our role as democrats who have been elected to the Parliament to explain to the Government why democracy should not be suspended or postponed. That is the position at this point. The reasons outlined, which primarily relate to the issue of continuity, do not wash on the grounds I have cited. It is, however, necessary to confer on the Minister powers to dissolve the board of Údarás na Gaeltachta. The board should not be dissolved until we get our act together, pass the new strategy and put in place the new structure and the various elements of infrastructure required to replace it.

Sin an fáth gur chuir mé an leasú os comhair an Tí agus tá súil agam go nglacfaidh an tAire leis. Tá gá leis an reachtaíocht seo cionn is go bhfuil cinneadh Rialtais déanta agus mar pháirt den chinneadh sin, caithfimid an dlí a athrú le tacaíocht a thabhairt don chinneadh sin. Is contráilte an rud é sin.

Dá mbeadh an deis ag an Aire, if he or Taoiseach had the opportunity, I am sure they would produce a great excuse for not holding a general election. The Government has already defeated two motions to hold by-elections in Donegal South-West with the excuse that it is protecting those of us who live in the constitutency from ourselves in that if it were to take its eye off the economic ball, the world would fall in. It offered a similar excuse in the case of the need for a by-election in Waterford and I have no doubt the same excuse will be presented tomorrow when a motion is moved to hold a by-election in Dublin South.

Ní ceart go bhfuilimid ag déileáil leis seo inniu. Tá súil agam ag an phointe mhall seo go n-aontóidh an tAire leis an leasú sa dóigh is go mbeidh próiseas úr ansin.

Photo of Pat CareyPat Carey (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar a dúirt mé ag deireadh na Dara Céime, is é aidhm an Bhille seo síneadh a chur le tréimhse oifige bhord reatha Údarás na Gaeltachta chun a chinntiú go mbeidh leanúnachas ann le linn tréimhse thar a bheith cinniúnach don eagraíocht, nuair a bheidh leasuithe maidir le cumhachtaí, feidhmeanna agus struchtúr á meas.

Sa reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair, tugtar tréimhse ceithre bliana ar a laghad do bhaill tofa an údaráis agus ní cuí go mbeadh an chumhacht ag an Aire sin a laghdú go dtí bliain amháin, mar atá molta ag an Seanadóir Doherty. Sa reachtaíocht, is é cúig bliana go leith an tréimhse is faide idir toghchán don bhord agus dá nglacfaí leis an leasú, bheadh athrú substaintiúil déanta ar an mBille agus chuirfeadh sin ceist ar bhaillíocht na mball a thoghfar tar éis 2 Deireadh Fómhair 2010.

Mar atá soiléir sa straitéis, tá sé i gceist againn Údarás na Gaeltachta a athrú go dtí údarás na Gaeilge. Dá bhrí sin, tá athruithe bunúsacha le déanamh ar mhór-reachtaíocht agus caithfear am cuí a thógáil chun sin a dhéanamh. Ní féidir é a dhéanamh i roinnt míonna.

Tá gné eile i gceist - an ndéanfar athrú ar na teorainneacha Gaeltachta? Beidh reachtaíocht faoi sin freisin. Ní féidir lioim, mar sin, glacadh leis an leasú.

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Níl mé ag dul thar an phointe ó thaobh leanúnachais de. Ní aontaím leis sin ar chor ar bith. Ag deireadh an lae tá móramh ag Fianna Fáil ar bhord Údarás na Gaeltachta. Tá an cinneadh atá an Rialtas ag glacadh inniu le cinntiú gur féidir gach duine acusan, comhairleoirí condae an chuid is mó acu, an Seanadóir Ó Domhnaill ina measc fosta, fanacht san áit ina bhfuil siad gan feidhm orthu cnág a bhualadh ar dhoras amháin sa Ghaeltacht chun vótaí a chuartú agus a rá go bhfuil an Ghaeltacht ag tachtadh orthu mar Rialtas, go bhfuil poist caillte i ngach cearn den cheantar agus daoine ag fágáil na tíre agus go bhfuil líon na scoláirí atá ag dul go dtí na Gaelcholáistí ag titim cionn is go bhfuil an Rialtas ag tarraingt airgid siar ó an coláistí. Tá fearg ar mhuintir na Gaeltachta ach tá cinneadh le déanamh ag an Rialtas go mbeidh sé in ann cinntiú go mbeidh a bhaill in ann fanacht ar fhóram ina bhfuil íocaíocht á déanamh ag cáiníocóirí an Stáit, the taxpayer is paying for this, gan an mandate cuí agus gan tacaíocht an phobail.

Tá toghchán de dhíth ó thaobh dhlíthe na tíre roimh 1 Deireadh Fómhair agus tá Fianna Fáil agus na Glasaigh ag iarraidh cleas polaitiúil a dhéanamh trí shíneadh ama a thabhairt doafa ar an dóigh chéanna go bhfuil an Rialtas ag iarraidh fanacht i gcumhacht go dtí 2012, ag súil go rachaidh cúrsaí eacnamaíochta na tíre chun feabhais agus go mbeidh sé níos fusa aige dul i mbun toghchánaíochta ag an phointe sin. Sin an rud atá ar chúl seo uile.

Tuigim go bhfuil gá le struchtúr úr agus go bhfuil gá Údarás na Gaeltachta a neartú agus a chúraimí a shíneadh taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá fadhbanna móra ann, áfach, idir Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta. Deir an tAire go bhfuil sé soiléir ó thaobh na straitéise de go bhfuil sé de rún ag an Rialtas an t-údarás a athrú go dtí údarás na Gaeilge. An chéad rud a déarfainn ansin ná gur dréachtstraitéis í seo, níl straitéis chinnte ar bith ag an Rialtas faoi láthair. Paipéar a cuireadh amach os comhair an phobail atá ann agus níl sé socraithe ag an Rialtas. Más sin an straitéis ina iomláine, ní thabharfaidh mise tacaíocht di agus, mar atá a fhios againn ón phróiseas chomhairliúchán, ní thabharfaidh muintir na Gaeltachta tacaíocht di. Le cuidiú Dé, beimid in ann pointe a bhaint amach inar féidir linn uile tacaíocht a thabhairt dó.

Is dréachtstraitéis í, níl sé cinntithe dóigh amháin nó dóigh eile cén struchtúr úr a bheidh ann. Is féidir leis an Rialtas maidin amárach no mí amach anseo a rá gur dréachtstraitéis í, agus, i ndiaidh dó éisteacht le tuairimí an phobail, go bhfuil sé chun Údarás na Gaeltachta a fhágáil mar atá sé, ag feidhmiú ar cheantar na Gaeltachta mar go bhfuil athstruchtúr á dhéanamh ar cheantair na Gaeltachta, le rannoga nua ag teacht isteach agus polasaithe nua ag teacht isteach chun na Gaeltachta agus na Gaeilge a neartú agus go bhfuil gá leanúnachas ag an údarás.

Caidé a rinne muid sa Seanad anocht? Ghlac muid le Bille a thug síneadh ama do rud éigin. Dréachtstraitéis atá inti agus is féidir liom straitéisí eile de chuid an Rialtais a lua - Transport 21. Cad faoi sin? Táimid ag fanacht go fóill ar na busanna agus ar na traenacha a gealladh sa straitéis. Cad faoin straitéis a éisíodh in 2001 cúpla seachtain roimh an toghchán chun deireadh a chur le liostaí feithimh do na hospidéil uile taobh istigh de thrí bliana? Ba straitéisí iad siúd a fógraíodh, agus níor dhréachtstraitéisí iad.

Ní ceart don Aire bheith ag teacht isteach ag rá go gcaithfimid dlíthe na tíre a athrú agus daonlathas a chur siar cionn is go dúirt an Rialtas rud éigin i ndréachtstraitéis go bhfuil sé chun cúraimí agus struchtúr Údarás na Gaeltachta a athrú gan sonraí ar bith leagtha síos.

Tá an ceart ag an Seanadóir Ó Domhnaill go bhfuil ceist mhór ó thaobh chúraimí fionntraíochta Údarás na Gaeltachta. An ceart go bhfágfar na cúraimí sin ag an údarás faoin struchtúr úr? Níl dabht ar bith ag duine ar bith sa Ghaeltacht gur ceart ach níl sin ráite sa straitéis fiú. Níl aon rud istigh inti ach an líne sin go bhfuil Údarás na Gaeltachta le hathrú go dtí údarás na Gaeilge agus gur féidir go mbeidh roinnt cúraimí aige nach raibh aige go dtí seo. Ní glacaim leis an fhreagra sin. Tá an tAire in áit dheacair, tuigim sin, ach is rud lárnach é seo ó thaobh daonlathais de. This is far more important than Údarás na Gaeltachta. This boils down to the very essence of democracy. What is being tried here is a Fianna Fáil tactic to ensure its members remain on the board of Údarás na Gaeltachta in order to get their expenses and remuneration because they are afraid to go and knock on doors and explain to the people of the Gaeltacht what they have done to the economy, society and the Gaeltacht since their party took office in 2007. That is the reality regardless of how it is dressed up. Dress it up any other way but sin an fhírinne agus níl mé ag glacadh leis an fhreagra a fuair mé agus tá mé chun an leasú seo a bhrú.

Photo of Pat CareyPat Carey (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl mé ag géilleadh don leasú seo. Is bord reachtúil é Údarás na Gaeltachta. Aithníonn an Rialtas an dea-obair atá ar siúl aige ag cruthú agus ag buanú fostaíochta sa Ghaeltacht. Fógraíodh inniu 40 post nua i gceantar Ghaeltacht an tSeanadóra féin. Sin an obair atá ar siúl aige.

Is léir go bhfuil an Seanadóir sásta an pointe maidir le tábhacht na straitéise a aithint. Luaigh sé na fadhbanna maidir le struchtúr an údaráis agus sin go díreach an méid atá i gceist anseo sa straitéis. Cén chiall a bheadh ann dá mbeadh toghchán ann i mbliana nuair a bheadh orm deireach a chur leis an bhord sin i gceann sé mhí? Níl bheadh aon chiall leis ach mí-úsáid acmhainní an Stáit a bheadh ann. Níl mé ag iarraidh aon rud a dhéanamh i gcoinne dhaonlathas na tíre, tá mé ag iarraidh é a chur ar aghaidh.

Ní féidir liom aontú leis an Seanadóir agus ní féidir liom glacadh leis an leasú.

7:00 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tuigim go maith an tábhacht a bhaineann leis an straiséis 20 bliain, is í ceann de na phríomhcheisteanna atá le plé againn mar pholaiteoirí. Tá sé ráite agam go min-minic istigh anseo agus sinn ag caint ar na bainc agus ar an earnáil tógála gur ceart dúinn bheith ag caint ar thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta. Níor tharla sin, fiú amháin i mbliana i rith sheachtain na Gaeilge, ní raibh díospóireacht againn. Tá rúin agam ar chlár oibre an tSeanaid go mbeadh comhaontú idir na páirtithe uile chun níos mó Gaeilge a úsáid i dTithe an Oireachtais ach níl an Rialtas sásta ceannasaíocht a thaispeáint ar cheisteanna mar sin. Tuigim go maith an tábhacht a bhaineann leis an straitéis 20 bliain agus chuir mé fáilte roimh an méid atá inti. Tá mé ag rá go gcaithfear í a neartú agus sin an obair atá mise ag déanamh i gcomhpháirtíocht le Seanadóirí agus Teachtaí Dála eile ar an chomhchoiste agus ar an fho-choiste.

Níl Bille úr nó struchtúr úr ag dul a bheith bunaithe ag an Stáit taobh istigh de sé mhí. Scoirfear an Dáil i gceann coiscíse agus ní thiocfaidh sí ar ais go dtí deireadh Mheán Fómhair. Ní bheidh Bille úr ag dul tríd na Tithe agus struchtúr úr bunaithe roimh dheireadh na bliana. Ní tharlóidh sin agus sin an fáth go gcaithfidh an toghchán a reáchtáil i mbliana.

Amendment put.

The Dail Divided:

For the motion: 16 (Paul Bradford, Paddy Burke, Jerry Buttimer, Ciarán Cannon, Paudie Coffey, Maurice Cummins, Pearse Doherty, Geraldine Feeney, Fidelma Healy Eames, Michael McCarthy, Nicky McFadden, John Paul Phelan, Phil Prendergast, Feargal Quinn, Brendan Ryan, Alex White)

Against the motion: 23 (Dan Boyle, Martin Brady, Larry Butler, James Carroll, John Carty, Donie Cassidy, Maria Corrigan, Mark Daly, John Ellis, Geraldine Feeney, Camillus Glynn, Marc MacSharry, Paschal Mooney, Niall Ó Brolcháin, Brian Ó Domhnaill, Labhrás Ó Murchú, Denis O'Donovan, Fiona O'Malley, Ned O'Sullivan, Ann Ormonde, Jim Walsh, Mary White, Diarmuid Wilson)

Tellers: Tá, Senators Jerry Buttimer and Pearse Doherty; Níl, Senators Niall Ó Brolcháin and Diarmuid Wilson.

Amendment declared lost

SECTION 1.

Photo of Alex WhiteAlex White (Labour)
Link to this: Individually | In context

I move amendment No. 1:

In page 6, line 7, to delete "Section" and substitute the following:

"In respect of the election due to be held in 2010 only, section".

Ba mhaith liom an méid atá le rá ag an Aire a chloisteáil sula socróidh mé an gcuirfidh mé an leasú seo don vótáil.

Photo of Pat CareyPat Carey (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar a dúirt mé ag deireadh na Dara Céime, cé go dtuigim cén fáth go mbeadh na Seanadóirí ag iarraidh an leasú seo a chur isteach sa Bhille, tá leasuithe maidir le cumhachtaí, feidhmeanna agus struchtúr Údarás na Gaeltachta á meas faoi láthair i gcomhthéacs na moltaí atá sa dréachtstraitéis 20 bliain don Ghaeilge. Nuair a bheidh an próiseas sin críochnaithe, tá i gceist agam Bille eile a chur faoi bhráid na dTithe agus fillfimid ar an gceist.

Maidir leis an tréimhse ama, is féiliúnaí toghchán an údaráis ag an am sin. Is fiú tabhairt faoi deara chomh maith gurbh é seacht mbliana go leith an túsmhéid ama atá molta sa Bhille ach go bhféadfaí i gcónaí na toghcháin seo a reáchtáil tar éis ceithre bliana de thréimhse feidhme bhord an údaráis. Dá bhrí sin, níl i gceist agam glacadh leis an leasú.

Photo of Alex WhiteAlex White (Labour)
Link to this: Individually | In context

Is prionsabal an-tábhachtach é go mbeidh na toghcháin ann. Mar a dúirt an Seanadóir Doherty, caithfidh an tAire cúis a thabhairt don Seanad, ní gá dúinn argóint a chur os comhair an Tí. Tá an Rialtas ag teacht isteach anseo le rá nach mbeidh toghchán ann. That is extremely serious; the Government comes into Parliament to propose that elections not be held. Sin toghchán a bhfuil dáta faoina choinne leagtha síos san Acht agus tá an tAire anseo chun an toghchán sin a chur siar. Caithfidh go bhfuil cúis an-láidir aige leis sin. An chúis atá aige, áfach, ná go bhfuil an dréachtstraitéis seo le plé agus gur féidir go mbeidh údarás nua ann. Tuigim sin. Faoin leasú atá curtha síos ag Páirtí an Lucht Oibre, is féidir leis an Aire dul ar aghaidh leis an phlean ach na focail seo a chur isteach san Acht: "I leith an toghcháin atá le déanamh in 2010 agus ina leith sin amháin, leasaítear". These are supposed to be exceptional circumstances and an exceptional reason is being given to put off the elections. Let us, therefore, incorporate these exceptional circumstances in the Bill. Bheimid i bhfad níos compordaí dá mbeadh na focail seo sa Bhille. It would then be clear that this was being done for a specific reason and could not be repeated. Molaim an leasú seo.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Cheap mé gur thug an Cathaoirleach sainmhíniú dáiríre ar an fáth go bhfuil an Bille seo os ár gcomhair. Baineann sé leis an dréachtstraitéis, gan amhras. Tá sé cinnte ón méid a chualamar i gConamara agus ag na cruinnithe anseo go bhfuil an túdarás lárnach sna smaointí a bhí ag gach éinne maidir leis an straitéis. Tá sé an-shoiléir go ndéanfaí athstruchtúrú de shaghas éigin ar Údarás na Gaeltachta. Má tá sé sin fíor, an mbeadh sé ciallmhar dul ar aghaidh leis an toghchán agus athrú an-tapaidh a dhéanamh cúpla mí ina dhiaidh sin? Má tá an straitéis le bheith praiticiúil, dearfach agus láidir, tuigeann daoine go bhfuil sé tábhachtach go n-oibreodh sé ó thús. Ní dóigh liom gur mhaith linn teacht ar ais anseo le haghaidh díospóireacht eile tar éis toghchán an údaráis. Bheadh gach éinne ag iarraidh cén fáth nár thógamar faoi ndeara go dtarlódh a leithéid.

Dúirt an Aire dhá rud a chuaigh i bhfeidhm orm. Dúirt sé nach bhfuil sé ag iarraidh dallamullóg a chur ar éinne; agus nach bhfuil sé neamhdhaonlathach maidir leis an moladh seo. Ceapaim go raibh sé lán-dáiríre sa mhéid a bhí i gceist aige. B'fhéidir go bhfuil míthuiscint de shaghas ag teacht chun tosaigh anseo. Tá mé lán-sásta go mbeidh fadhbanna againn muna n-éiríonn leis an straitéis ina iomlán. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Dochartaigh, caithfimid díriú ní hamháin ar an straitéis ach ar cur i bhfeidhm na straitéise freisin. Is é an rud is tábhachtaí ná go mbeidh an straitéis láidir. Muna dtarlaíonn sé sin, ní dóigh liom go dtiocfaidh aon rud chun tosaigh le blianta fada eile, má tharlaíonn sé riamh, maidir le forbairt agus cur chun cinn na Gaeilge. Dá bhrí sin, tá mé go láidir ar thaobh na straitéise ionas go gcinnteofar go mbeidh gach rud ceart. Tuigim an argóint atá á dhéanamh maidir leis an daonlathas. Aontaím nach bhfuil sé simplí é a chur ar leathtaobh. Ag an am céanna, tá mé cinnte go bhfuil gá leis sa chás seo. Nuair atá an reachtaíocht seo aontaithe againn, tá súil agam go mbeimid in ann dul ar aghaidh ní hamháin chun an straitéis a dheimhniú ach í a chur i gcrích freisin.

Photo of Fidelma Healy EamesFidelma Healy Eames (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Creidim go bhfuil an Rialtas ag úsáid an straitéis mar leithscéal chun an toghchán a chur siar. Ba mhaith liom tacaíocht a thabhairt don Seanadóir Alex White. Iarraim ar an Aire an leasú seo a ghlacadh. B'fhéidir go bhfuil comhthéacs difriúil i gceist ag an am seo. Ba cheart don Aire tacaíocht a thabhairt don leasú seo.

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Má ghlacann an Seanad an moladh seo, ní rachfaidh an toghchán chun tosaigh le haghaidh dhá bhliain eile. Cé go mbeadh sé seo an t-aon uair ina dtarlódh a leithéid, ní bheinn sásta leis. Fágfaidh mé é sin ar leataobh ag an bpointe seo.

Aontaím leis an méid a dúirt an Seanadóir Ó Murchú. Tá gá ann athstruchtúrú a dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta. Bhí an gá sin ann sula raibh an straitéis 20 bliain againn. Dúirt an Seanadóir Mooney go bhfuil fadhbanna ann ó thaobh na cúraimí atá ag Údarás na Gaeltachta - go bhfuil siad ag cur bac ar féidearthachtaí an údaráis. Cén dochar a dhéanfadh sé glacadh le leasú an Seanadóir Alex White? Tá an Aire ag iarraidh an Acht um Údarás na Gaeltachta 1979 a leasú. Is féidir linn dearmad a dhéanamh ar an straitéis 20 bliaian, nó an bhfuil jab maith nó jab olc á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta - táimid ag caint faoin reachtaíocht atá os ár gcomhair. Níl an Bille ag iarraidh orainn interpretation a chur ar conas atá an túdarás ag dul, nó an bhfuil an straitéis 20 bliain láidir go leor. Moltar sa reachtaíocht gan toghchán lena bhfuilimid ag feitheamh a bheith againn. Má ghlactar leis, beidh síneadh ama - b'fhéidir suas le dhá bhliain - idir anois agus an toghchán.

Aontaím leis an Aire go bhfuil seans iontach maith ann go mbeidh struchtúr úr ann roimh dheireadh an dá bhliain. Cén dochar a dhéanfadh sé glacadh leis an leasú seo? Ní bheadh dochar ar bith i gceist. Níl sé seo maith go leor. Is é sin mo thuairim pearsanta agus tuairim mo phairtí. Tá an Seanadóir Alex White ceart - baineann sé seo le cheist an daonlathas. Dá mbeadh an leasú seo déanta, ar a laghad bheadh a fhios againn laistigh de cé mhéad ama atá an Rialtas ag súil é seo a dhéanamh. Iarraim ar an Aire é sin a mheas.

B'fhéidir go gcreideann go leor daoine go bhfuil Údarás na Gaeltachta bainteach leis an Ghaeltacht amháin. D'fhéadfadh an rud céanna a bheith againn anseo sa Seanad. A draft strategy is being used to postpone elections. The Minister may shake his head but he stated that there is a need for continuity on the board of Údarás na Gaeltachta while the draft strategy and the changes proposed within it are implemented. I do not believe he disputes that fact. There have been 13 reports on Seanad reform. Imagine what would have happened if the Government that was in power when the first of those reports was submitted had stated that on foot of the recommendations it contained, and the all-party agreement in respect of them, that the Seanad elections should be delayed.

Photo of Fidelma Healy EamesFidelma Healy Eames (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Hear, hear.

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Imagine what would have happened if successive Governments had stated this in respect of each of the 13 reports to which I refer. It would be a suspension of democracy and that is what is happening in this instance. The draft strategy is of no more weight and has no more substance than any of the reports on Seanad reform. The most recent report on Seanad reform was far more likely to be implemented because, when it was introduced it was the subject of cross-party approval in the House.

The draft strategy was brought forward by the Government and no other party has yet signed up to it because the process has not been properly completed. If a similar approach were taken in respect of the Seanad, there would be outrage because it would represent a suspension of democracy. The latter is exactly what is happening in respect of Údarás na Gaeltachta.

Photo of Pat CareyPat Carey (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ní dóigh liom go bhfuil aon míthuiscint ann. Níl mé ag iarraidh dallamullóg a chur ar éinne, nó aon rud a chur ar an méar fhada. Caithfimid an straitéis seo a aontú - is é seo an seans is fearr a bhí againn le fada an lá. Bhí comhaontú trasphairtí againn go dtí seo. Tá súil agam go dtiocfaidh an tuarascáil chugam chomh tapaidh agus is féidir. Níl sláinte an teanga Gaeilge go maith faoi láthair. Má leanfaimid ar aghaidh leis an straitéis a chur ar ais chuig coistí éagsúla, beidh níos mó ama á chailliúnt againn. Teastaíonn uaim agus ón Rialtas an straitéis a chur i bhfeidhm chomh tapaidh aguis is féidir. Ní dóigh liom go dteastaíonn ó éinne, anseo nó in aon áit eile, moill a chur ar sin. Bheadh sé an-éasca an toghchán a eagrú sa bhfómhar nó san earrach. Má táimid i ndáiríre mar gheall ar an straitéis, beidh orainn reachtaíocht nua a thabhairt isteach anseo go tapaidh - laistigh de sé mhí, b'fhéidir. Ba mhaith liom go bhféadfaimís bogadh go tapaidh leis an straitéis seo. Is cinnte go mbeidh gá le hathstruchtúr forleathan ar an údarás. Táimid ag déileáil le Foras na Gaeilge faoi láthair agus le hearnáil dheonach na Gaeilge. Beidh sé deacair le gach duine, beidh ceisteanna le freagairt againn go léir ach tá an Rialtas lán-dáiríre chun an tacaíocht is fearr is féidir linn a thabhairt don teanga, don chultúr, do mhuintir na Gaeltachta, do chaomhnú na Gaeilge agus leathnú na teanga san earnáil phoiblí. Ba mhaith liom go mbeidh na pleananna don Ghaeilge ullmhaithe againn go luath agus go gcuirfear i bhfeidhm iad i mBaile Munna, i gContae na Mí, i nGaillimh agus i gCorcaigh. Ba mhaith liom áitimh ar gach duine tacaíocht a thabhairt don Bhille sa dóigh is gur féidir linn an jab práinneach atá romhainn a thosú agus a chur i gcrích chomh tapaidh agus is féidir linn. Mar sin, ní féidir liom glacadh leis na leasú.

Photo of Alex WhiteAlex White (Labour)
Link to this: Individually | In context

Glacaim leis sin ach is féidir go fóill go mbeidh an plean ag an Rialtas. Bhí vóta againn ar an Dára Céim agus anois is léir nach mbeidh toghchán i mí Dheireadh Fómhair. De réir an leasaithe atá curtha síos ag Páirtí an Lucht Oibre, ní tharlóidh seo arís. Mar a dúirt an Seanadóir Doherty, ní dhéanfaidh sin aon dochar. Is féidir a rá nach ndéanfaidh sé aon difríocht mar tá an plean ag dul ar aghaidh ach ní dhéanfaidh aon dochar.

Photo of Fidelma Healy EamesFidelma Healy Eames (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Más rud é nach n-aontaíonn an tAire leis an leasú, as seo amach an bhfuilimid ag rá go mbeidh téarma seacht mbliana idir gach toghchán údaráis? Nach exceptional circumstance é seo? Má tá an tAire ag rá go mbeidh téarma níos faide, seacht mbliana idir gach toghchán sa todhchaí, cá bhfuil an daonlathas?

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Bím amhrasach ó am go chéile faoi straitéisí, tuarascálacha, athbhreithniú agus rudaí den sórt sin ach sa chás seo táim sásta nach bhfuil an scéal amhlaidh. Gach rud a chuala mé on Aire le tamall anuas, táim sásta go bhfuil práinn i gceist aige maidir leis an straitéis.

Cheap mé go raibh argóint an-mhaith ag an Seanadóir Doherty maidir leis an Seanad ach má fheiceann duine ar an dá rud, níl an chosúlacht sin ann. Tá mé cinnte go mbeidh an straitéis ann agus go gcuirfear i gcrích í. Nílim ró-chinnte faoi athstruchtúrú an tSeanaid, sin ceist eile.

Nuair a bheidh an díospóireacht seo thart, táim mé ag súil go leanfar ar aghaidh leis an chomhoibriú thraspháirtí ar an bhunrud. Níl aon rud a thug níos mó dóchais dom ná an comhoibriú sin. Luadh in óráid an Aire é agus tá mé ag súil go mbeimid in ann leanúint ar aghaidh, is cuma cad a tharlóidh leis seo.

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Aontaím go huile agus go hiomlán leis an Seanadóir Ó Murchú go bhfuil an comhoibriú sin de dhíth agus, cé go bhfuilimid ag plé ceist Údarás na Gaeltachta, agus ag plé daonlathais agus toghcháin, ní ceist é seo maidir leis an straitéis 20 bliain. Mura bhfaighimid lán-tacaíocht ó na páirtithe uile, ní bheimid in ann an straitéis, agus na buntáistí atá istigh inti, a bhaint amach. Caithfidh an comhoibriú sin a tharlú.

Dúirt an tAire nach bhfuil sé ag iarraidh an cheist a chur chuig coistí anseo agus ansiúd. Chuala mise an tAire, an Teachta Ó Cuív, ag rá an rud céanna. Nuair a tháinig an straitéis amach, dúirt sé go ndéanfar gach rud taobh istigh de mhí roimh dheireadh mhí Eanáir. Ní raibh próiseas comhairliúchán le bheith ann, agus má tá daoine ag iarraidh tuairimí a nochtadh, gur ceart iad a chur chuig Baill Oireachtais iad. Táim sásta gur ghlac cathaoirleach an chomhchoiste cinneadh próiseas comhairliúchán a chur ar bun, dul chuig an Ghaeltacht le labhairt le grúpaí ar nós TG4 agus Údarás na Gaeltachta agus grúpaí ar fud an oileáin faoin straitéis seo. Dúirt an tAire féin gur maith an rud é sin. Ní hé sin an plean a bhí ag an Aire ag an am sin. Má ghlactar le cuid de na moltaí ar a laghad, beidh plean i bhfad níos fearr ann.

Dúirt an tAire go bhfuil an Rialtas ag iarraidh an plean seo a chur i bhfeidhm. Fadhb sa phlean ná an chéad dá bhliain ann, tá sé beartaithe an plean a dhíol don phobal, to sell the plan and to get people to buy into it. Ní bhaineann sin le hathruithe ar an chóras oideachais nó le hathruithe don Ghaeltacht taobh istigh den am sin, ach tacaíocht a fháil ón phobal. Tá cuid mhór de sin déanta ag an chomhchoiste sa phróiseas chomhairliúchán ach tá cúig bliana ann anois ó bhí toghchán don údará ann. Tá trí bliana ann ó cuireadh an staidéar teangeolaíochta ar úsáid na Gaeilge os comhair an Rialtais agus cheadaigh an Rialtas an staidéar sin cúig bliana ó shin. Tá blianta fada ann go bhfuil a fhios ag an Rialtas go bhfuil gá le hathstructúrú a dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta.

Ní faoi na daoine atá ag cur i gcoinne an Bhille seo nach bhfuil an réamhobair déanta ag an Rialtas le struchtúr úr a thabhairt isteach. Ní raibh gá leis seo a bheith mar pháirt den straitéis 20 bliain. Dá mbeadh an struchtúr úr sin le tabhairt isteach dhá bhliana ó shin, bhí a fhios againn go raibh an gearrthéarma ag teacht aníos agus bhí an tAire ag an am ag insint do na baill go mbeadh toghchán ann i mí Dheireadh Fómhair. Ní ceart don Aire an locht a chur ar an Fhreasúra cionn is nach bhfuilimid sásta tacaíocht a thabhairt do Rialtas atá ag iarraidh daonlathas a chur siar. Bhí go leor ama ag an Rialtas struchtúr úr bhunú agus ní raibh gá go mbeadh an struchtúr sin mar pháirt den straitéis. Seans go bhfuil sé níos fearr anois go bhfuil sé mar pháirt den straitéis mar tá sí ann ach bhí leor ama againn sin a dhéanamh.

Ní dhéanfadh sé dochar ar bith glacadh leis an leasú. Cén dochar a dhéanfadh sé glacadh le leasú an tSeanadóra Whilte?

Photo of Pat CareyPat Carey (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ceist an-phraiticiúil atá anseo: is é an chomhairle atá faighte agam dá nglacfainn leis an leasú sin, bheadh gá le hathdhréachtú ar an Bhille. Is Bille gairid é ach thitfeadh sé chuig deireadh an liosta agus ní fheicfeadh an tOireacthas an Bille nua go dtí an fómhar. Ní theastaíonn uaim aon mhoill a chur ar an phróiseas seo. Dá bhrí sin, tá mé ag aiteamh ar na Seanadóirí gan dul i gcoinne an Bhille agus tacaíocht a thabhairt dó. De bhrí go mbeidh gá le reachtaíocht nua ar aon chuma, ní bheadh aon Rialtas in ann bearna de sheacht mbliain a fhágáil idir thoghcháin. Nuair a thiocfaidh Bille nua os comhair an tSeanaid is féidir téarma an údaráis nua a chur ann agus a fhágaint ann. Mar sin, ba mhaith liom, más féidir é, go nglacfadh an Teach leis an mBille.

Amendment, by leave, withdrawn.

Section 1 agreed to.

Section 2 agreed to.

Title agreed to.

Bill reported without amendment.

Question put: "That the Bill do now pass."

Question put.

The Dail Divided:

For the motion: 23 (Dan Boyle, Martin Brady, Larry Butler, James Carroll, John Carty, Donie Cassidy, Maria Corrigan, Mark Daly, John Ellis, Geraldine Feeney, Camillus Glynn, Marc MacSharry, Paschal Mooney, Niall Ó Brolcháin, Brian Ó Domhnaill, Labhrás Ó Murchú, Denis O'Donovan, Fiona O'Malley, Ned O'Sullivan, Ann Ormonde, Jim Walsh, Mary White, Diarmuid Wilson)

Against the motion: 12 (Paul Bradford, Paddy Burke, Jerry Buttimer, Ciarán Cannon, Paudie Coffey, Maurice Cummins, Pearse Doherty, Frances Fitzgerald, Fidelma Healy Eames, Nicky McFadden, John Paul Phelan, Feargal Quinn)

Tellers: Tá, Senators Niall Ó Brolcháin and Diarmuid Wilson; Níl, Senators Jerry Buttimer and Maurice Cummins.

Question declared carried