Seanad debates

Tuesday, 22 June 2010

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010: Committee and Remaining Stages

 

7:00 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Sinn Fein)

Aontaím go huile agus go hiomlán leis an Seanadóir Ó Murchú go bhfuil an comhoibriú sin de dhíth agus, cé go bhfuilimid ag plé ceist Údarás na Gaeltachta, agus ag plé daonlathais agus toghcháin, ní ceist é seo maidir leis an straitéis 20 bliain. Mura bhfaighimid lán-tacaíocht ó na páirtithe uile, ní bheimid in ann an straitéis, agus na buntáistí atá istigh inti, a bhaint amach. Caithfidh an comhoibriú sin a tharlú.

Dúirt an tAire nach bhfuil sé ag iarraidh an cheist a chur chuig coistí anseo agus ansiúd. Chuala mise an tAire, an Teachta Ó Cuív, ag rá an rud céanna. Nuair a tháinig an straitéis amach, dúirt sé go ndéanfar gach rud taobh istigh de mhí roimh dheireadh mhí Eanáir. Ní raibh próiseas comhairliúchán le bheith ann, agus má tá daoine ag iarraidh tuairimí a nochtadh, gur ceart iad a chur chuig Baill Oireachtais iad. Táim sásta gur ghlac cathaoirleach an chomhchoiste cinneadh próiseas comhairliúchán a chur ar bun, dul chuig an Ghaeltacht le labhairt le grúpaí ar nós TG4 agus Údarás na Gaeltachta agus grúpaí ar fud an oileáin faoin straitéis seo. Dúirt an tAire féin gur maith an rud é sin. Ní hé sin an plean a bhí ag an Aire ag an am sin. Má ghlactar le cuid de na moltaí ar a laghad, beidh plean i bhfad níos fearr ann.

Dúirt an tAire go bhfuil an Rialtas ag iarraidh an plean seo a chur i bhfeidhm. Fadhb sa phlean ná an chéad dá bhliain ann, tá sé beartaithe an plean a dhíol don phobal, to sell the plan and to get people to buy into it. Ní bhaineann sin le hathruithe ar an chóras oideachais nó le hathruithe don Ghaeltacht taobh istigh den am sin, ach tacaíocht a fháil ón phobal. Tá cuid mhór de sin déanta ag an chomhchoiste sa phróiseas chomhairliúchán ach tá cúig bliana ann anois ó bhí toghchán don údará ann. Tá trí bliana ann ó cuireadh an staidéar teangeolaíochta ar úsáid na Gaeilge os comhair an Rialtais agus cheadaigh an Rialtas an staidéar sin cúig bliana ó shin. Tá blianta fada ann go bhfuil a fhios ag an Rialtas go bhfuil gá le hathstructúrú a dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta.

Ní faoi na daoine atá ag cur i gcoinne an Bhille seo nach bhfuil an réamhobair déanta ag an Rialtas le struchtúr úr a thabhairt isteach. Ní raibh gá leis seo a bheith mar pháirt den straitéis 20 bliain. Dá mbeadh an struchtúr úr sin le tabhairt isteach dhá bhliana ó shin, bhí a fhios againn go raibh an gearrthéarma ag teacht aníos agus bhí an tAire ag an am ag insint do na baill go mbeadh toghchán ann i mí Dheireadh Fómhair. Ní ceart don Aire an locht a chur ar an Fhreasúra cionn is nach bhfuilimid sásta tacaíocht a thabhairt do Rialtas atá ag iarraidh daonlathas a chur siar. Bhí go leor ama ag an Rialtas struchtúr úr bhunú agus ní raibh gá go mbeadh an struchtúr sin mar pháirt den straitéis. Seans go bhfuil sé níos fearr anois go bhfuil sé mar pháirt den straitéis mar tá sí ann ach bhí leor ama againn sin a dhéanamh.

Ní dhéanfadh sé dochar ar bith glacadh leis an leasú. Cén dochar a dhéanfadh sé glacadh le leasú an tSeanadóra Whilte?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.