Seanad debates

Tuesday, 22 June 2010

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010: Committee and Remaining Stages

 

7:00 am

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)

Cheap mé gur thug an Cathaoirleach sainmhíniú dáiríre ar an fáth go bhfuil an Bille seo os ár gcomhair. Baineann sé leis an dréachtstraitéis, gan amhras. Tá sé cinnte ón méid a chualamar i gConamara agus ag na cruinnithe anseo go bhfuil an túdarás lárnach sna smaointí a bhí ag gach éinne maidir leis an straitéis. Tá sé an-shoiléir go ndéanfaí athstruchtúrú de shaghas éigin ar Údarás na Gaeltachta. Má tá sé sin fíor, an mbeadh sé ciallmhar dul ar aghaidh leis an toghchán agus athrú an-tapaidh a dhéanamh cúpla mí ina dhiaidh sin? Má tá an straitéis le bheith praiticiúil, dearfach agus láidir, tuigeann daoine go bhfuil sé tábhachtach go n-oibreodh sé ó thús. Ní dóigh liom gur mhaith linn teacht ar ais anseo le haghaidh díospóireacht eile tar éis toghchán an údaráis. Bheadh gach éinne ag iarraidh cén fáth nár thógamar faoi ndeara go dtarlódh a leithéid.

Dúirt an Aire dhá rud a chuaigh i bhfeidhm orm. Dúirt sé nach bhfuil sé ag iarraidh dallamullóg a chur ar éinne; agus nach bhfuil sé neamhdhaonlathach maidir leis an moladh seo. Ceapaim go raibh sé lán-dáiríre sa mhéid a bhí i gceist aige. B'fhéidir go bhfuil míthuiscint de shaghas ag teacht chun tosaigh anseo. Tá mé lán-sásta go mbeidh fadhbanna againn muna n-éiríonn leis an straitéis ina iomlán. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Dochartaigh, caithfimid díriú ní hamháin ar an straitéis ach ar cur i bhfeidhm na straitéise freisin. Is é an rud is tábhachtaí ná go mbeidh an straitéis láidir. Muna dtarlaíonn sé sin, ní dóigh liom go dtiocfaidh aon rud chun tosaigh le blianta fada eile, má tharlaíonn sé riamh, maidir le forbairt agus cur chun cinn na Gaeilge. Dá bhrí sin, tá mé go láidir ar thaobh na straitéise ionas go gcinnteofar go mbeidh gach rud ceart. Tuigim an argóint atá á dhéanamh maidir leis an daonlathas. Aontaím nach bhfuil sé simplí é a chur ar leathtaobh. Ag an am céanna, tá mé cinnte go bhfuil gá leis sa chás seo. Nuair atá an reachtaíocht seo aontaithe againn, tá súil agam go mbeimid in ann dul ar aghaidh ní hamháin chun an straitéis a dheimhniú ach í a chur i gcrích freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.