Seanad debates

Tuesday, 22 June 2010

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010: Committee and Remaining Stages

 

7:00 am

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Mar a dúirt mé ag deireadh na Dara Céime, cé go dtuigim cén fáth go mbeadh na Seanadóirí ag iarraidh an leasú seo a chur isteach sa Bhille, tá leasuithe maidir le cumhachtaí, feidhmeanna agus struchtúr Údarás na Gaeltachta á meas faoi láthair i gcomhthéacs na moltaí atá sa dréachtstraitéis 20 bliain don Ghaeilge. Nuair a bheidh an próiseas sin críochnaithe, tá i gceist agam Bille eile a chur faoi bhráid na dTithe agus fillfimid ar an gceist.

Maidir leis an tréimhse ama, is féiliúnaí toghchán an údaráis ag an am sin. Is fiú tabhairt faoi deara chomh maith gurbh é seacht mbliana go leith an túsmhéid ama atá molta sa Bhille ach go bhféadfaí i gcónaí na toghcháin seo a reáchtáil tar éis ceithre bliana de thréimhse feidhme bhord an údaráis. Dá bhrí sin, níl i gceist agam glacadh leis an leasú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.