Seanad debates

Tuesday, 22 June 2010

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010: Committee and Remaining Stages

 

6:00 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Sinn Fein)

Níl mé ag dul thar an phointe ó thaobh leanúnachais de. Ní aontaím leis sin ar chor ar bith. Ag deireadh an lae tá móramh ag Fianna Fáil ar bhord Údarás na Gaeltachta. Tá an cinneadh atá an Rialtas ag glacadh inniu le cinntiú gur féidir gach duine acusan, comhairleoirí condae an chuid is mó acu, an Seanadóir Ó Domhnaill ina measc fosta, fanacht san áit ina bhfuil siad gan feidhm orthu cnág a bhualadh ar dhoras amháin sa Ghaeltacht chun vótaí a chuartú agus a rá go bhfuil an Ghaeltacht ag tachtadh orthu mar Rialtas, go bhfuil poist caillte i ngach cearn den cheantar agus daoine ag fágáil na tíre agus go bhfuil líon na scoláirí atá ag dul go dtí na Gaelcholáistí ag titim cionn is go bhfuil an Rialtas ag tarraingt airgid siar ó an coláistí. Tá fearg ar mhuintir na Gaeltachta ach tá cinneadh le déanamh ag an Rialtas go mbeidh sé in ann cinntiú go mbeidh a bhaill in ann fanacht ar fhóram ina bhfuil íocaíocht á déanamh ag cáiníocóirí an Stáit, the taxpayer is paying for this, gan an mandate cuí agus gan tacaíocht an phobail.

Tá toghchán de dhíth ó thaobh dhlíthe na tíre roimh 1 Deireadh Fómhair agus tá Fianna Fáil agus na Glasaigh ag iarraidh cleas polaitiúil a dhéanamh trí shíneadh ama a thabhairt doafa ar an dóigh chéanna go bhfuil an Rialtas ag iarraidh fanacht i gcumhacht go dtí 2012, ag súil go rachaidh cúrsaí eacnamaíochta na tíre chun feabhais agus go mbeidh sé níos fusa aige dul i mbun toghchánaíochta ag an phointe sin. Sin an rud atá ar chúl seo uile.

Tuigim go bhfuil gá le struchtúr úr agus go bhfuil gá Údarás na Gaeltachta a neartú agus a chúraimí a shíneadh taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá fadhbanna móra ann, áfach, idir Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta. Deir an tAire go bhfuil sé soiléir ó thaobh na straitéise de go bhfuil sé de rún ag an Rialtas an t-údarás a athrú go dtí údarás na Gaeilge. An chéad rud a déarfainn ansin ná gur dréachtstraitéis í seo, níl straitéis chinnte ar bith ag an Rialtas faoi láthair. Paipéar a cuireadh amach os comhair an phobail atá ann agus níl sé socraithe ag an Rialtas. Más sin an straitéis ina iomláine, ní thabharfaidh mise tacaíocht di agus, mar atá a fhios againn ón phróiseas chomhairliúchán, ní thabharfaidh muintir na Gaeltachta tacaíocht di. Le cuidiú Dé, beimid in ann pointe a bhaint amach inar féidir linn uile tacaíocht a thabhairt dó.

Is dréachtstraitéis í, níl sé cinntithe dóigh amháin nó dóigh eile cén struchtúr úr a bheidh ann. Is féidir leis an Rialtas maidin amárach no mí amach anseo a rá gur dréachtstraitéis í, agus, i ndiaidh dó éisteacht le tuairimí an phobail, go bhfuil sé chun Údarás na Gaeltachta a fhágáil mar atá sé, ag feidhmiú ar cheantar na Gaeltachta mar go bhfuil athstruchtúr á dhéanamh ar cheantair na Gaeltachta, le rannoga nua ag teacht isteach agus polasaithe nua ag teacht isteach chun na Gaeltachta agus na Gaeilge a neartú agus go bhfuil gá leanúnachas ag an údarás.

Caidé a rinne muid sa Seanad anocht? Ghlac muid le Bille a thug síneadh ama do rud éigin. Dréachtstraitéis atá inti agus is féidir liom straitéisí eile de chuid an Rialtais a lua - Transport 21. Cad faoi sin? Táimid ag fanacht go fóill ar na busanna agus ar na traenacha a gealladh sa straitéis. Cad faoin straitéis a éisíodh in 2001 cúpla seachtain roimh an toghchán chun deireadh a chur le liostaí feithimh do na hospidéil uile taobh istigh de thrí bliana? Ba straitéisí iad siúd a fógraíodh, agus níor dhréachtstraitéisí iad.

Ní ceart don Aire bheith ag teacht isteach ag rá go gcaithfimid dlíthe na tíre a athrú agus daonlathas a chur siar cionn is go dúirt an Rialtas rud éigin i ndréachtstraitéis go bhfuil sé chun cúraimí agus struchtúr Údarás na Gaeltachta a athrú gan sonraí ar bith leagtha síos.

Tá an ceart ag an Seanadóir Ó Domhnaill go bhfuil ceist mhór ó thaobh chúraimí fionntraíochta Údarás na Gaeltachta. An ceart go bhfágfar na cúraimí sin ag an údarás faoin struchtúr úr? Níl dabht ar bith ag duine ar bith sa Ghaeltacht gur ceart ach níl sin ráite sa straitéis fiú. Níl aon rud istigh inti ach an líne sin go bhfuil Údarás na Gaeltachta le hathrú go dtí údarás na Gaeilge agus gur féidir go mbeidh roinnt cúraimí aige nach raibh aige go dtí seo. Ní glacaim leis an fhreagra sin. Tá an tAire in áit dheacair, tuigim sin, ach is rud lárnach é seo ó thaobh daonlathais de. This is far more important than Údarás na Gaeltachta. This boils down to the very essence of democracy. What is being tried here is a Fianna Fáil tactic to ensure its members remain on the board of Údarás na Gaeltachta in order to get their expenses and remuneration because they are afraid to go and knock on doors and explain to the people of the Gaeltacht what they have done to the economy, society and the Gaeltacht since their party took office in 2007. That is the reality regardless of how it is dressed up. Dress it up any other way but sin an fhírinne agus níl mé ag glacadh leis an fhreagra a fuair mé agus tá mé chun an leasú seo a bhrú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.