Seanad debates
Tuesday, 22 June 2010
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010: Committee and Remaining Stages
6:00 am
Pat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Níl mé ag géilleadh don leasú seo. Is bord reachtúil é Údarás na Gaeltachta. Aithníonn an Rialtas an dea-obair atá ar siúl aige ag cruthú agus ag buanú fostaíochta sa Ghaeltacht. Fógraíodh inniu 40 post nua i gceantar Ghaeltacht an tSeanadóra féin. Sin an obair atá ar siúl aige.
Is léir go bhfuil an Seanadóir sásta an pointe maidir le tábhacht na straitéise a aithint. Luaigh sé na fadhbanna maidir le struchtúr an údaráis agus sin go díreach an méid atá i gceist anseo sa straitéis. Cén chiall a bheadh ann dá mbeadh toghchán ann i mbliana nuair a bheadh orm deireach a chur leis an bhord sin i gceann sé mhí? Níl bheadh aon chiall leis ach mí-úsáid acmhainní an Stáit a bheadh ann. Níl mé ag iarraidh aon rud a dhéanamh i gcoinne dhaonlathas na tíre, tá mé ag iarraidh é a chur ar aghaidh.
Ní féidir liom aontú leis an Seanadóir agus ní féidir liom glacadh leis an leasú.
No comments