Seanad debates

Tuesday, 22 June 2010

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010: Committee and Remaining Stages

 

7:00 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Sinn Fein)

Tuigim go maith an tábhacht a bhaineann leis an straiséis 20 bliain, is í ceann de na phríomhcheisteanna atá le plé againn mar pholaiteoirí. Tá sé ráite agam go min-minic istigh anseo agus sinn ag caint ar na bainc agus ar an earnáil tógála gur ceart dúinn bheith ag caint ar thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta. Níor tharla sin, fiú amháin i mbliana i rith sheachtain na Gaeilge, ní raibh díospóireacht againn. Tá rúin agam ar chlár oibre an tSeanaid go mbeadh comhaontú idir na páirtithe uile chun níos mó Gaeilge a úsáid i dTithe an Oireachtais ach níl an Rialtas sásta ceannasaíocht a thaispeáint ar cheisteanna mar sin. Tuigim go maith an tábhacht a bhaineann leis an straitéis 20 bliain agus chuir mé fáilte roimh an méid atá inti. Tá mé ag rá go gcaithfear í a neartú agus sin an obair atá mise ag déanamh i gcomhpháirtíocht le Seanadóirí agus Teachtaí Dála eile ar an chomhchoiste agus ar an fho-choiste.

Níl Bille úr nó struchtúr úr ag dul a bheith bunaithe ag an Stáit taobh istigh de sé mhí. Scoirfear an Dáil i gceann coiscíse agus ní thiocfaidh sí ar ais go dtí deireadh Mheán Fómhair. Ní bheidh Bille úr ag dul tríd na Tithe agus struchtúr úr bunaithe roimh dheireadh na bliana. Ní tharlóidh sin agus sin an fáth go gcaithfidh an toghchán a reáchtáil i mbliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.