Seanad debates

Tuesday, 22 June 2010

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010: Committee and Remaining Stages

 

6:00 am

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Mar a dúirt mé ag deireadh na Dara Céime, is é aidhm an Bhille seo síneadh a chur le tréimhse oifige bhord reatha Údarás na Gaeltachta chun a chinntiú go mbeidh leanúnachas ann le linn tréimhse thar a bheith cinniúnach don eagraíocht, nuair a bheidh leasuithe maidir le cumhachtaí, feidhmeanna agus struchtúr á meas.

Sa reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair, tugtar tréimhse ceithre bliana ar a laghad do bhaill tofa an údaráis agus ní cuí go mbeadh an chumhacht ag an Aire sin a laghdú go dtí bliain amháin, mar atá molta ag an Seanadóir Doherty. Sa reachtaíocht, is é cúig bliana go leith an tréimhse is faide idir toghchán don bhord agus dá nglacfaí leis an leasú, bheadh athrú substaintiúil déanta ar an mBille agus chuirfeadh sin ceist ar bhaillíocht na mball a thoghfar tar éis 2 Deireadh Fómhair 2010.

Mar atá soiléir sa straitéis, tá sé i gceist againn Údarás na Gaeltachta a athrú go dtí údarás na Gaeilge. Dá bhrí sin, tá athruithe bunúsacha le déanamh ar mhór-reachtaíocht agus caithfear am cuí a thógáil chun sin a dhéanamh. Ní féidir é a dhéanamh i roinnt míonna.

Tá gné eile i gceist - an ndéanfar athrú ar na teorainneacha Gaeltachta? Beidh reachtaíocht faoi sin freisin. Ní féidir lioim, mar sin, glacadh leis an leasú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.