Seanad debates

Tuesday, 22 June 2010

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010: Committee and Remaining Stages

 

6:00 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Sinn Fein)

I move amendment No. a1:

In page 6, before section 1, to insert the following new section:

"1.—The Act as initiated shall give power to the relevant Minister to dissolve the Board of Údarás na Gaeltachta no less than one year but no longer than five years and six months after its election.".

Is é an tuigmheáil atá ar chúl an leasú seo ná go rachfaidh an toghchán chun tosaigh mar ba cheart. Tá mé ag iarraidh freisin deis a thabhairt don Aire deireadh a chur leis an mbord, ionas nach mbeidh daoine ag dul san iomaíocht i dtoghchán Údarás na Gaeltachta, ag súil go mbeidh idir ceithre bliana agus cúig bliana go leith de téarma le caitheamh acu, agus seans ann go mbeidh orthu fanacht go dtí go mbeidh an téarma sin thart sula gcuirfear struchtúr úr isteach.

D'éist mé leis an méid a dúirt an Aire. Cé go bhfuil an chumhacht aige chun deireadh a chur leis an mbord i ndiadh bliain amháin, dúirt sé nach mbeadh sé sin ceart do bhaill an bhoird. I ndáiríre, áfach, gan an reachtaíocht seo bheadh toghchán againn maidin amárach, nó roimh 1 Deireadh Fómhair seo chugainn. B'fhéidir go gcaillfeadh daoine a gcuid suíocháin, nó nach gcaillfeadh, ach bheadh a fhios acu go bhfuil struchtúr úr ag teacht.

Níl cúis maith go leor leagtha amach ag an Aire. D'éist mé leis an méid a dúirt sé, go háirithe ó thaobh an straitéis 20 bliain. Níor mhínigh sé maith go leor cén fáth a bhfuil an reachtaíocht seo os ár gcomhair. Ní aontaím leis an Aire go bhfuil sé chomh tábhachtach go mbeadh leanúnachas ann agus muid ag plé le straitéis 20 bliain. Is é an rud atá le déanamh ag an bpobal, ó thaobh bord Údarás na Gaeltachta, ná baill úra le mandate úr a roghnú chun aghaidh a thabhairt ar na mórán fadhbanna atá sa Ghaeltacht.

Ó thaobh leanúnachas de, is é an rud atá le tarlú leis an straitéis 20 bliain ná go gcuirfidh an chomhchoiste a gcuid moltaí os comhair an Aire. Déanfaidh an Rialtas a chinneadh féin ar an ábhar seo. Beidh an straitéis ansin mar straitéis, in áit dréachtstraitéis. Ní bheidh orainn vóta a chaitheamh ar an straitéis sna Tithe seo. Tá a fhios ag an Aire go mbeidh sé in ann an straitéis a thabhairt isteach é féin. Níl ról ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh an straitéis 20 bliain.

Ó thaobh an reachtaíocht, má ghlactar leis an straitéis agus má chuirfimid i bhfeidhm an méid atá molta sa dréachtstraitéis ó thaobh Údarás na Gaeltachta - údarás na Gaeilge a dhéanamh de agus cúraimí breise a thabhairt dó maidir leis an Ghailge a fhorbairt ar fud an Stáit - beidh ar an Aire reachtaíocht a thabhairt isteach agus a leagadh os comhair Tithe an Oireachtais. Is iad na Seanadóirí agus na Teachtaí Dála a chaithfidh vótaí ar sin. Ní bheidh ról ag Údarás na Gaeltachta sa mhéid sin. Ní bheidh ról ar bith ag 20 ball an údaráis nuair atá cinneadh á dhéanamh ar an struchtúr úr.

Mar a dúirt an t-iar Aire, an Teachta Ó Cuív, tá an próiseas comhairliúcháin thart. Rinne an chomhchoiste a phróiseas chomhairliúcháin féin. Bhí Údarás na Gaeltachta mar pháirt don phróiseas chomhairliúcháin sin agus an phróiseas ó thaobh an dréachtstraitéis féin. Iarraim ar an Aire a insint dom má tá mé mícheart. Ní shílim go rachfaidh sé ar ais go dtí Údarás na Gaeltachta chun a dtuairimí a chuardach arís. Níl ról ag baill Údarás na Gaeltachta i todhchaí na straitéise. Is ceist don Aire agus don Rialtas í an straitéis a aontú agus is ceist do na Tithe seo í reachtaíocht a thabhairt isteach chun an struchtúr úr a cheadú.

Ó thaobh an pointe lárnach, tá an Aire ag rá go bhfuil leanúnachas de dhíth. Níl leanúnachas de dhíth. Is féidir leis na 20 baill úr - b'fhéidir gurb iad na 20 baill chéanna a bheidh ann - dul amach os comhair pobal na Gaeltachta. Má thugann pobal na Gaeltachta a chuid vótaí dóibh, beidh siad ar ais san áit céanna arís. Ba cheart don rud sin a tharlú. Le cuidiú Dé, beidh straitéis aontaithe ag an Rialtas a bheidh na páirtithe uilig ábalta tacaíocht a thabhairt dó. Ta súil agam go mbeimid ábalta déileáil le reachtaíocht faoi cúraimí an údaráis agus struchtúr na Gaeltachtaí sa Teach seo go luath. Má tharlaíonn sé sin taobh istigh de bhliain, agus má ghlactar leis an leasú seo, beidh an Aire in ann deireadh a chur leis an mbord. Beidh sé ábalta a rá, "bhí a fhois agaibh nuair a bhí sibh ag dul i mbun toghcháin go raibh an cúram seo agam mar Aire, táimid chun an struchtúr úr atá ceadaithe anois ag Tithe an Oireachtais a chur i bhfeidhm, agus tá deireadh leis an mbord". Is é sin an leasú atá mé ag iarraidh a dhéanamh.

Ba mhaith liom filleadh ar phointe a rinne mé níos luaithe. Dúirt an Aire nach bhfuil sé ábalta a shoiléiriú cén uair a bheidh toghchán Údarás na Gaeltachta ann. Tá a fhois againn ó thaobh an leasú seo gur féidir leis tarlú am ar bith go dtí 1 Aibreán 2012. Níl an Aire in ann a rá linn cén lá ar a bheidh said. Caithfidh cuid mhór rudaí beaga tarlú go dtí go sroichfimid an phointe sin. Mar a dúirt mé, caithfidh an straitéis a bheith aontaithe, an reachtaíocht a bheith pléite os comhair na Tithe agus a bheith ceadaithe, struchtúr úr a bheith bunaithe agus na cúraimí go léir a bheith in áit. B'fhéidir go bhfuil daoine úra le bheith fostaithe mar pháirt don fheidhmeannach sin, mar thoradh ar na cúraimí nua. Is ag an phointe sin a bheidh an Rialtas réidh chun deireadh a chur leis an sean-bhord agus toghchán úr a eagrú, ina mbeidh baill úra tofa go dtí bord úr. Tá go leor rudaí beaga ansin, inar féidir moill a chur ar an bpróiseas.

Sa dóigh chéanna nach bhfuil an Aire ábalta a rá cén uair a bheidh an toghchán ann, níl sé ábalta a rá go soiléir agus go cinnte go mbeidh toghchán ann in aon chor. Beidh sé suas go dtí an Rialtas. Beidh an Rialtas in ann an rud céanna atá á dhéanamh acu anocht a dhéanamh arís - reachtaíocht úr a thabhairt os comhair Tithe an Oireachtais agus a rá "táimid i lár an phróiseas seo - tá an straitéis aontaithe agus an reachtaíocht imithe tríd, ach níl an struchtúr in áit - agus dá bhrí sin táimid chun síneadh eile a dhéanamh". Is é sin an fadhb mór atá agam leis an reachtaíocht seo.

Mar a dúirt mé, níl fáth dá laghad leis an cur chuige seo. Tá argóintí a dhéanamh agam cén fáth nár chóir an daonlathas a chur siar. I ndáiríre, ba cheart dúinn níos mó argóintí a chloisint ón Rialtas cén fáth gur cheart dúinn cosc a chur ar an daonlathas. Níl gá le duine ar bith istigh anseo, mar daoine atá ag obair go daonlathach, freagraí a thabhairt cén fáth nár cheart an daonlathas a chur siar. Tharlaíonn rudaí mar sin i tíortha na hAfraice agus áiteanna eile. Ní cheart go dtarlódh a leithéid anseo. We are in the dock trying to explain why democracy should not be suspended. It is not our role as democrats who have been elected to the Parliament to explain to the Government why democracy should not be suspended or postponed. That is the position at this point. The reasons outlined, which primarily relate to the issue of continuity, do not wash on the grounds I have cited. It is, however, necessary to confer on the Minister powers to dissolve the board of Údarás na Gaeltachta. The board should not be dissolved until we get our act together, pass the new strategy and put in place the new structure and the various elements of infrastructure required to replace it.

Sin an fáth gur chuir mé an leasú os comhair an Tí agus tá súil agam go nglacfaidh an tAire leis. Tá gá leis an reachtaíocht seo cionn is go bhfuil cinneadh Rialtais déanta agus mar pháirt den chinneadh sin, caithfimid an dlí a athrú le tacaíocht a thabhairt don chinneadh sin. Is contráilte an rud é sin.

Dá mbeadh an deis ag an Aire, if he or Taoiseach had the opportunity, I am sure they would produce a great excuse for not holding a general election. The Government has already defeated two motions to hold by-elections in Donegal South-West with the excuse that it is protecting those of us who live in the constitutency from ourselves in that if it were to take its eye off the economic ball, the world would fall in. It offered a similar excuse in the case of the need for a by-election in Waterford and I have no doubt the same excuse will be presented tomorrow when a motion is moved to hold a by-election in Dublin South.

Ní ceart go bhfuilimid ag déileáil leis seo inniu. Tá súil agam ag an phointe mhall seo go n-aontóidh an tAire leis an leasú sa dóigh is go mbeidh próiseas úr ansin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.