Seanad debates

Tuesday, 22 June 2010

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010: Committee and Remaining Stages

 

7:00 am

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Ní dóigh liom go bhfuil aon míthuiscint ann. Níl mé ag iarraidh dallamullóg a chur ar éinne, nó aon rud a chur ar an méar fhada. Caithfimid an straitéis seo a aontú - is é seo an seans is fearr a bhí againn le fada an lá. Bhí comhaontú trasphairtí againn go dtí seo. Tá súil agam go dtiocfaidh an tuarascáil chugam chomh tapaidh agus is féidir. Níl sláinte an teanga Gaeilge go maith faoi láthair. Má leanfaimid ar aghaidh leis an straitéis a chur ar ais chuig coistí éagsúla, beidh níos mó ama á chailliúnt againn. Teastaíonn uaim agus ón Rialtas an straitéis a chur i bhfeidhm chomh tapaidh aguis is féidir. Ní dóigh liom go dteastaíonn ó éinne, anseo nó in aon áit eile, moill a chur ar sin. Bheadh sé an-éasca an toghchán a eagrú sa bhfómhar nó san earrach. Má táimid i ndáiríre mar gheall ar an straitéis, beidh orainn reachtaíocht nua a thabhairt isteach anseo go tapaidh - laistigh de sé mhí, b'fhéidir. Ba mhaith liom go bhféadfaimís bogadh go tapaidh leis an straitéis seo. Is cinnte go mbeidh gá le hathstruchtúr forleathan ar an údarás. Táimid ag déileáil le Foras na Gaeilge faoi láthair agus le hearnáil dheonach na Gaeilge. Beidh sé deacair le gach duine, beidh ceisteanna le freagairt againn go léir ach tá an Rialtas lán-dáiríre chun an tacaíocht is fearr is féidir linn a thabhairt don teanga, don chultúr, do mhuintir na Gaeltachta, do chaomhnú na Gaeilge agus leathnú na teanga san earnáil phoiblí. Ba mhaith liom go mbeidh na pleananna don Ghaeilge ullmhaithe againn go luath agus go gcuirfear i bhfeidhm iad i mBaile Munna, i gContae na Mí, i nGaillimh agus i gCorcaigh. Ba mhaith liom áitimh ar gach duine tacaíocht a thabhairt don Bhille sa dóigh is gur féidir linn an jab práinneach atá romhainn a thosú agus a chur i gcrích chomh tapaidh agus is féidir linn. Mar sin, ní féidir liom glacadh leis na leasú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.