Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Coláistí Samhraidh agus Mná Tí: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh dhá sheisiún againn inniu toisc go bhfuil moill ar roinnt de na finnéithe muid a shroicheadh. Sa chéad seisiún, beimid ag éisteacht le hionadaithe ó Mhná Tí Thír Chonaill. Thugamar cuireadh do Chomhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS, agus do mhná tí Chiarraí freastal ar an seisiún seo ach ní raibh siad in ann glacadh leis ag an staid seo. Sa dara seisiún, tá súil agam go mbeidh muid ag éisteacht le hionadaithe ó Choláiste na Mumhan agus Comharchumann Ráth Chairn. Thugamar cuireadh do Chomhairle Ceantar na nOileán Teoranta, Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh, Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla agus Comhlucht Forbartha na nDéise ach arís ní raibh siad in ann glacadh leis an gcuireadh ag an staid seo. B'fhéidir go bhfillfidh muid orthu amach anseo. Leanfaidh an cruinniú seo, an dá seisiún san áireamh, ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá. Níl aon leithscéal faighte againn ó aon chomhalta go dtí seo.

Cuirim fearadh na fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhalta eile atá ag freastal ar an gcruinniú, roimh na finnéithe agus roimh ár lucht féachana ar sheirbhís teilifíse an Oireachtais. Cuirim fearadh na fáilte roimh Máire Uí Choilm, bean an tí agus urlabhraí, agus roimh Sally Uí Rabhartaigh. Tá siad anseo mar ionadaithe thar ceann Mná Tí Thír Chonaill. Táimid ag súil go mbeidh Diarmuid Ó Dálaigh, cisteoir agus ball comhaltais, agus Grett O'Connor, ball de bhord comhairliúcháin, linn thar ceann Choláiste na Mumhan. Tá súil againn go mbeidh Úna Ní Fhaircheallaigh, cathaoirleach, agus Brídóg Ní Chonaire, bainisteoir, linn mar ionadaithe thar ceann Chomharchumann Ráth Chairn. Tá an Teachta Aindrias Moynihan tar éis teacht isteach sa seomra chomh maith. Tá na finnéithe ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra choiste 4 laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Tá píosa eile le léamh agam sula dtosaíonn an cruinniú i gceart. Meabhraím do chomhaltaí agus d’fhinnéithe a ngutháin shoghluaiste a mhúchadh le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna sin cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe phoiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é seo. Ba chóir an físeán a bheith ar siúl an t-am ar fad agus go mbeidh an fhuaim múchta nuair nach bhfuil siad ag labhairt.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu.

Ní féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á thabhairt acu ó thaobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad don choiste má eisítear ordú dá leithéid.

Ms M?ire U? Choilm:

Tá mé i mo bhean tí i nDún Luiche i bparóiste Ghaoth Dobhair. Tá mé fosta i m'urlabhraí do Mhná Tí Thír Chonaill. Coláiste an Phiarsaigh is ainm don choláiste atá anseo i nDún Luiche.

Inseoidh mé rud beag don choiste faoi mo shaol mar bhean tí. Tá mo chroí istigh sa teanga agus sa chultúr agus tá mé i mo bhean tí le 30 bliain anuas. Caithfidh mé a rá go bhfaca mé athruithe móra anuas trí na blianta. Ag dul ar ais 30 bliain ó shin, ní raibh an oiread roghanna bia de dhíth agus atá anois. Ní raibh oiread éadaí ag na paistí agus mar sin ní raibh an oiread níochán agus a mhacasamhail le déanamh. Ní raibh ollmhargaí móra thart faoin gceantar agus bhí orainn taisteal amach as baile le dul chuig na hollmhargaí seo. Sa lá inniu, cé go bhfuil sé rud beag níos fusa bia a ullmhú agus a cheannach, bíonn muid ag níochán gach lá, agus na hinnill triomaigh agus níocháin ag dul thart ar an gclog. Tá costas ard leis sin, go háirithe i mbliana. Bíonn paistí an lae inniu ag cuardach Wi-Fi agus teilifís fosta, agus sin costas eile sa bhreis. Bíonn fadhbanna eile ann, ar nós bulaíocht ar líne. Cé go dtógann muid na fóin phóca gach oíche ag a 10 a chlog, caithfidh tú a bheith ar d’airdeall i gcónaí.

I lá i saol mná tí, bíonn tú i do shuí roimh 8 a chlog ar maidin agus an bricfeasta le hullmhú. Nuair a imíonn na scoláirí amach, tá na seomraí agus seomraí folctha le glanadh. Bíonn ort an lón a bheith réidh thart ar 1 a chlog. Nuair a théann siad amach ansin, caithfidh tú siopadóireacht a dhéanamh fá choinne am dinnéir. Téann siad síos an bóthar arís ag céilí nó spóirt thart ar 8 a chlog tráthnóna agus ní thagann siad isteach go dtí a 10 a chlog. Nuair atá an suipéar thart agus na páistí socair, tá sé a 12 nó a 1 a chlog nuair is féidir leat féin socrú síos don oíche.

Nuair a bhristear síos na huaireanta a oibríonn muid sa lá, tá tú ag caint ar 17 nó 18 uair sa lá. Níl muid ag fáil ach €2 san uair do gach scoláire nó páiste a choinníonn muid. Cé go bhfuair muid dhá ardú i mbliana - tugadh 10% ag tús an tsamhraidh agus fógraíodh go raibh 10% eile á thabhairt dúinn anois - níl ansin ach 20%. Shílfeá gur ardú ar dóigh é sin ach fós níl ann ach €2.20. Ní íocfadh sé ar loaf aráin. Tá sé ocht nó naoi mbliana ó fuair muid an t-ardú deireanach. Níl seo maith go leor.

Tá róil eile ag mná tí sa lá inniu. Tá cuid mhór cúramaí breise orainn anois ná mar a bhí roimhe seo. Tá Covid fós amuigh ansin, agus bulaíocht, ailléirgí ar chuid mhór páistí anois, tinnis, imní agus tinneas baile. Má bhíonn páiste tinn agat sa teach bíonn ar bhean an tí fanacht sa teach an t-am iomlán leis nó léi, agus bíonn uirthi brath ar dhuine eile sa teaghlach nó béal dorais leis an tsiopadóireacht uilig a dhéanamh di.

Cé go gcuirimid fáilte roimh an deontas de €6,000 atá ar fáil anois do mhná tí úra atá ag tosú amach, caidé faoi na mná tí atá anseo le blianta fada? Tá athnuachan le déanamh ar chuid mhór rudaí inár dtithe anois, mar na haláraim dhóiteáin a athrú mar go bhfuil siad as dáta. An bhfuil airgead ar bith ar fáil dúinne dó seo? Bhí orainn cuid mhór airgid sa bhreis a chaitheamh i mbliana tar éis trí bliana gan scoláirí. Bhí orainn éadach agus tochtanna nó mattresses úra a cheannach do na leapacha. Bhí ar chuid againn cúpla leaba úr a cheannach. Bhí díghalrú le déanamh agus tharla ardú sa chostas árachais le scoláire a choinneáil. Cé gur iarr muid airgead breise dó seo agus muid ag tosú suas i mbliana, ní bhfuair muid pingin sa bhreis. Sílim gur cheart airgead a chuir ar fáil do na mná tí uilig le hathnuachan a dhéanamh ar a gcuid tithe.

Pointe eile atá iontach tábhachtach ná go gcaithfidh mná tí éirí as nuair atá siad 70 bliain d’aois. Níl seo ceart. Tá go leor mná tí ag tarraingt ar 70 bliain agus tá siad sásta na scoláirí a choinneáil go fóill ach tá an Roinn ag rá nach dtig leo. Má tá an Roinn le seo a dhéanamh, beidh níos lú mná tí ar fáil. I mo thuairimse, ba cheart ceannairí a chur isteach sna tithe le cuidiú leis na mná tí. Thabharfadh sé seo blaiseadh beag do chailíní óga de shaol na mná tí agus b’fhéidir go meallfadh sé iad scoláirí a choinneáil amach anseo. Muna bhfuil an Rialtas sásta cuidiú leis na mná tí, tá eagla orm go gcaillfidh muid tuilleadh tithe. Tá cuid mhór daoine anois inár gceantar ag déanamh Airbnb mar go bhfuil an saol giota maith níos fusa dóibh.

Bhuail an Roinn liomsa agus le cuid de na mná tí ar Zoom cúpla mí ó shin le plé a dhéanamh ar na pointí seo uilig.

Ach sílim go raibh an cinneadh déanta sular bhuail siad linn ar chor ar bith. Arís, caithfidh sibh éisteacht linn.

Bhí fadhb mhór eile sa cheantar as ar tháinig mé. Bhí moill mhór le híocaíocht ón Roinn i mbliana. Cén fáth? Níl a fhios agam. Ní cheart go mbeadh ar dhuine ar bith fanacht ceithre mhí le híocaíocht ón Roinn.

Ba mhaith liomsa buíochas a ghabháil leis an gcoiste as an deis seo a thabhairt dom labhairt mar bhean tí. Tá súil agam go mbeidh muid uilig ábalta obair le chéile leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus an deis a thabhairt do pháistí teacht chun na Gaeltachta sna blianta amach romhainn.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla ceist ag an Seanadóir Kyne agus b'fhéidir go mbeidh Máire Uí Choilm nó Sally Uí Rabhartaigh in ann freagra a thabhairt.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh Mháire Uí Choilm agus Sally Uí Rabhartaigh chuig an gcoiste. Is léir óna gcur i láthair go bhfuil níos mó le déanamh sa ról ná mar a bhíodh agus go bhfuil níos mó dualgas orthu mar mhná tí.

Luadh pointe fíorthábhachtach faoi na haláraim dhóiteáin agus an bhfuil airgead ar fáil dóibh. B'fhéidir go mbeimid in ann é sin a ardú leis an Roinn. Is rud an-tábhachtach é do scoláirí mar go dteastaíonn tithe sábháilte uathu, agus ba cheart go mbeadh deontas ar fáil le haghaidh aláraim dóiteáin.

Dúradh go bhfuil sé ocht nó naoi mbliana ó fuair mná tí ardú. Cheadaigh mise ardú beag nuair a bhí mé mar Aire Stáit. Níl mé cinnte cén bhliain ach bhí ardú beag ann thart ar 2016 nó 2017. B'fhéidir go bhfuil a fhios ag an Teachta McHugh. Bhí ardú beag ann thart ar an am sin.

Tá impleacht mhór ag Covid ar líon na dtithe atá ar fáil. Thart ar cheantar na bhfinnéithe, an bhfuil laghdú mór ar líon na mban tí a chuireann seirbhísí ar fáil?

Ms M?ire U? Choilm:

Tá an t-ádh linn i nDún Lúiche nach bhfuil, ach tá na coláistí eile thart ar Ghaoth Dobhair agus Rann na Feirste ag streachailt. Nuair a d’éirigh daoine as an nós scoláirí a choinneáil i rith Covid, fuair siad amach go raibh saol níos fusa ann ag déanamh Airbnb agus chailleamar go leor mná tí.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios ag Máire Uí Choilm go bhfuil an deontas nua ann agus chuir sí fáilte roimhe. An ndéanfaidh sé sin difríocht mhór chun mná tí a mhealladh isteach san earnáil?

Ms M?ire U? Choilm:

Ní dhéanfaidh. Caithfidh an Roinn dul amach agus bualadh le mná tí sna ceantair agus deis a thabhairt dóibh teacht isteach agus míniú a thabhairt dóibh. Sin é an fáth a bhfuilim ag rá dá mbeimis in ann an t-aos óg a thabhairt isteach inár dtithe mar cheannairí nó le cuidiú, nuair a éiríonn siad níos sine agus má bhíonn a gcuid tithe féin acu anseo, d’fheicfidís an saol deas atá ann mar bhean tí. Táimid ag iarraidh go gcuideoidh an coiste linn tosaíocht a thabhairt do rud mar sin.

Tá a fhios againn uilig gur maith le déagóirí poist páirtaimseartha a bheith acu. Dá bhféadfaimis rud mar sin a dhéanamh agus cúpla euro a thabhairt dóibh ón Roinn, d’fhéadfadh sé sin na déagóirí a mhealladh agus b'fhéidir go gcoinneoidís scoláirí nuair a bheidh siad níos sine. Muna tógadh duine i dteach ina raibh scoláirí, níl tuigbheal millteanach aici ar shaol bean tí. Sin é an fáth go bhfuilimid ag rá go bhfuil sé tábhachtach déagóirí óga a thabhairt isteach ionas go bhfeiceann siad lá nó seachtain i saol bean tí agus b'fhéidir go mbeidh muid ábalta iad a mhealladh ansin.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is smaoineamh maith é sin. Tá ciall leis. Luadh go mbíonn ar mhná tí éirí as a ról nuair a shroicheann siad 70 bliain d’aois. Cén fáth go bhfuil an polasaí sin ann?

Ms M?ire U? Choilm:

Arís, is ceist í sin don Roinn.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén freagra a tugadh nuair a ardaíodh é leis an Roinn?

Ms M?ire U? Choilm:

Nuair a bhuail ionadaithe ón Roinn linn ar Zoom, chuir mé an pointe sin chucu agus ní bhfuair mé soiléireacht ar bith ar ais. Ní raibh uair an chloig ann tar éis dúinn an glaoch Zoom a fhágáil, nuair a tháinig an ríomhphost fríd ag rá an dóigh a raibh rudaí. Ní mar an gcéanna cruinniú ar Zoom agus suí thart ar thábla. Tá mé ag iarraidh orthu súil a choinneáil air sin. Do dhaoine atá 70 bliain d’aois anois, níl sé ach a bheith mar 40. Níl daoine sean níos mó. B’fhéidir nach bhfuil ann ach uimhir. Má bhí bean 70 bliain d’aois thart ar 40 bliain ó shin, bhí sí ina seanbhean. Ní mar sin atá an scéal anois. Caithfear deireadh a chur leis an polasaí seo, nó táimid chun cuid mhór eile de na mná tí sa cheantar a chailleadh.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leis sin. Tá a fhios agam go bhfuil a leithéid de pholasaí ann do thiománaithe bus scoile, ach is rud difriúil é seo. Caithfimid fiosrú cén fáth go bhfuil sé seo ann. Déanann sé ciall sa ghearrthéarma an polasaí a chur ar fionraí. Cé go bhfuil níos mó daoine óga á lorg againn le bogadh isteach san earnáil, tá ciall leis go mbeadh daoine atá níos sine ná 70 ag obair agus ag cur seirbhísí ar fáil freisin. Aontaím leis na pointí a leag Máire Uí Choilm amach. Níl a fhios agam an bpléifimid na pointí seo leis an Roinn sna seachtainí atá romhainn, ach gabhaim buíochas léi as a cur i láthair.

Ms M?ire U? Choilm:

Go raibh maith agat, a Sheanadóir. Tá súil agam go mbeidh an coiste ábalta rud a dhéanamh faoi na pointí sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Sally Uí Rabhartaigh ag iarraidh teacht isteach.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Amanna, sílim nach dtuigeann an Roinn a bhfuil á dhéanamh againn. Tá an polasaí nach gceadaítear do dhaoine 70 bliain d’aois scoláirí a choinneáil amaideach. Mura bhfuil bean tí ábalta scoláirí a choinneáil, níl sí chun iad a choinneáil. Mura bhfuil an tsláinte aici chun é a dhéanamh, níl sí chun é a dhéanamh. Má tá an tsláinte aici agus í ábalta, ní bhíonn mórán difríochta idir 65 agus 70. Tig léi duine eile a chuidiú léi más rud é gur mhaith léi é sin a dhéanamh ar ndóigh.

Tá daoine ann a bhfuil eagla orthu scoláirí a choinneáil. Tá cuid mhór oibre ann agus ní aon mhaith a rá nach bhfuil. Choinnigh mo mháthair scoláirí i Loch an Iúir blianta ó shin agus choinnigh mo mháthair mhór iad freisin. B’fhéidir gurb é sin cuid den fháth go bhfuil muidne á gcoinneáil.

Tá rud eile ann, ach is dóigh liom go bhfuil sé rud beag amaideach. Tá scoláirí ann a mbíonn ag iarraidh teacht ar ais chuig bean tí. Nach mór an trua a rá leis an scoláire nach féidir leis nó léi teacht ar ais chuig an duine a bhí 69 anuraidh agus atá 70 i mbliana agus go gcaithfidh siad dul go dtí comharsa.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ligfidh mé do lucht Ráth Chairn teacht isteach. Iarraim ar na finnéithe fan mar a bhfuil siad agus tiocfaidh na Teachtaí eile isteach chun an dá dhream a cheistiú. Caithfidh mé dul tríd an palaver arís - ní hé an leagan ar fad - go hoifigiúil.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe atá tar éis teacht isteach go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe anseo. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann leis an ábhar seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear díobh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as na ráitis sin láithreach.

Tá Úna Ní Fhaircheallaigh agus Brídóg Ní Chonaire ó Chomharchumann Ráth Chairn ós comhair an choiste. Cuirim fáilte romhaibh leanúint ar aghaidh lena ráiteas tosaigh. Cuirfear na ráitis tosaigh ar an suíomh Idirlín i ndiaidh an chruinnithe.

Ms ?na N? Fhaircheallaigh:

Gabhaim leithscéal as ucht a bheith beagáinín mall. Bhí orainn bheith ag sochraid sular tháinig muid anseo.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl leis an gcoiste as ucht cuireadh a thabhairt dúinn aitheasc a thabhairt maidir leis na dúshláin agus na féidearthachtaí os comhair na gcoláistí samhraidh. Is féidir a rá gurb iad na coláistí samhraidh an tionscnamh is sinne atá sna Gaeltachtaí - seachas an fheirmeoireacht agus an iascaireacht - agus gur chabhraigh siad go mór le geilleagar na Gaeltachta thar na blianta fada ó bhunaíodh i dtosach iad. Tá na coláistí samhraidh lárnach i gcur chun cinn na Gaeilge mar ghnáth-theanga labhartha i measc daoine óige na tíre agus tá freastal ar cheann acu mar dheasghnáth aistrithe saoil ag méid suntasach déagóirí na tíre. Go minic is ag na coláistí samhraidh a chloiseann daoine óige an Ghaeilge á labhairt mar ghnáth-theanga cumarsáide don chéad uair agus meallann sé seo iad chun í a úsáid iad féin mar theanga labhartha. Feictear dúinn go bhfuil sé tábhachtach go gcoinneofaí na coláistí ag feidhmiú.

Bunaíodh Comharchumann Ráth Chairn in 1973 chun saol sóisialta agus eacnamaíochta mhuintir Ghaeltacht Ráth Chairn a chur chun cinn. Tá forbairt chultúrtha, teanga, eacnamaíochta agus sóisialta don Ghaeltacht agus do Ghaeilgeoirí thuaiscirt Chúige Laighin mar phríomhaidhm ag Comharchumann Ráth Cairn. Tar éis idirbheartaíocht ón gcomharchumann, bhunaigh Coláiste na bhFiann coláiste samhraidh i Rath Chairn in 1976 agus tá an coláiste ag feidhmiú go fóill. Fanann daltaí an choláiste i dtithe sa cheantar agus ritear imeachtaí an choláiste i bhfoirgneamh an chomharchumainn. Ina theannta sin, eagraíonn an chomharchumann coláistí samhraidh laethúla a fhreastalaíonn ar daoine óga ó na ceantair mórthimpeall orainn.

An dúshlán is mó atá againn i Ráth Chairn agus atá ag Coláiste na bhFiann ó thaobh coláiste samhraidh cónaithe a rith sa cheantar ná mná tí nua a mhealladh le daltaí a choinneáil ina dtithe. Feictear dúinn go bhfuil cúiseanna éagsúla ann gur amhlaidh an scéal. Go hiondúil bíonn an dá pháirtí i lánúin fostaithe go lánaimseartha taobh amuigh den teach agus ní bhíonn siad ar fáil le seirbhísí a chur ar fáil do daltaí na gcoláistí samhraidh. Tá costais mhóir ag baint le teach a réiteach le daltaí a choinneáil. De dheasca rialacha slándála, in an-chuid cásanna bíonn gá le dorais, fuinneoga agus bealaí éalaithe nua a chur leis an teach. Cé go bhfuil deontas na Roinne Turasóireacht, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin ardaithe i gcomhair mná tí, bíonn costais mhór orthu agus bíonn drogall orthu tabhairt faoin tionscnamh.

Faoi rialacha na Roinne, tá cead ag mná tí 16 dalta a choinneáil ar chúrsa. Íocann na coláistí as gach dalta a bhíonn ag fanacht i dteach. Níl ansin ach ach sciar de na costais, áfach. Íocann an Roinn an sciar eile ach ní íocann siad ach as 12. Bíonn sé deacair ag mná tí cóimheá airgid a bhaint amach faoin gcóras seo agus arís bíonn drogall ar mhná tí nua tabhairt faoin obair dá bharr. Molann an comharchumann go ndéanfadh Roinn athbhreithniú ar an gcóras agus go mbeadh sé mar aidhm aige líon na ndaltaí a choimeádann na mná tí a ardú má tá spás ann, agus sciar a íoc ar son gach dalta a fhanann leis na mna tí.

Feictear dúinn gur mhór an acmhainn iad na mná tí agus pobal na Gaeltachta ó thaobh caomhnú agus forbairt labhairt na Gaeilge sa tír ina iomláin agus gur chóir an tairbhe is mó gur féidir a bhaint as an acmhainn sin. De bharr go bhfuil sé deacair mná tí nua a mhealladh chun daltaí a choinneáil, aontaímid go láidir mar chomharchumann leis an obair atá ar siúl ag Comharchumann Chorca Dhuibhne chun brú nó coláiste cónaithe a thógáil le daltaí a choinneáil sa cheantar. Tugann sé seo deis don choláiste líon daltaí réasúnta a choinneáil agus cóimheá airgid a bhaint amach. Is muintir na háite a bhíonn fostaithe sa bhrú nó coláiste agus tugann sé seo deis do na daltaí taithí a fháil ar Ghaeilge agus ar chultúr na Gaeltachta sa Ghaeltacht féin. Táimid go láidir den tuairim gur fiú a mhacasamhail a dhéanamh sna Gaeltachtaí eile ach go mbeadh infheistíocht ón Stáit ag teastáil chun na tograí seo a thosú agus iad a chur i bhfeidhm. Bheadh deiseanna ann na hionaid seo a úsáid taobh amuigh den ard-séasúr agus mheallfadh sé foghlaimeoirí eile chuig na Gaeltachtaí; mar shampla, scoláirí tríú leibhéal; daoine fásta atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge; fostaithe sa tseirbhís poiblí atá ag cur seirbhísí ar fáil don phobal trí mheán na Gaeilge; tuismitheoirí daltaí i ngaelscoileanna nó i ngaelcholáistí; nó daltaí dara leibhéal atá ag cleachtadh don bhéaltriail.

Tá féidearthachtaí ann freisin cur leis an méid coláistí lae atá ag feidhmiú sna Gaeltachtaí. Bheadh coláistí mar seo an-oiriúnach do cheantair Ghaeltachta atá taobh le ceantair nach ceantair Gaeltachta iad. D’fhéadfadh na coláistí seo freastal ar aoisghrúpa níos óige ná na daltaí a bhfreastalaíonn ar na cúrsaí cónaithe. Bheadh taithí ag na daltaí ar chúrsaí sa Ghaeltacht agus seans go meallfadh sé seo iad le freastal ar na cúrsaí cónaithe agus fanacht sna brúnna nó leis na mná tí.

Gabhaim buíochas le baill an choiste arís as ucht éisteacht linn inniu. Táimid an-bhuíoch as an deis seo a fháil. Cuirfimid fáilte roimh ceist nó soiléiriú ar bith atá uaibh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí lámh an Teachta Uí Muimhneacháin in airde.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an finnéithe as ucht na gcur i láthair agus tá fáilte rompu ar fad. Bhí deis agam cuid den tuairisc a léamh roimh ré. Tá roinnt maith do na pointí, mar gheall ar an teach agus mar sin de, pléite cheana féin.

Teastaíonn uaim an gá atá ann daoine nua a mhealladh, agus an brú óna leithéidí Airbnb agus mar sin de, a phlé. Ar tháinig aon mhná tí nua isteach sa chóras leis an gcoláiste i Ráth Chairn le déanaí? Conas ar mhealladh isteach na daoine sin? An ndeachaigh aon teach a rabhthas ag súil leo i dtreo Airbnb in ionad chuig an gcoláiste? An bhfuil na coláistí lena mbaineann sibh i mbun feachtas i measc an phobail áitiúil chun daoine a mhealladh isteach agus cad go díreach atá ag éirí as sin? An bhfuil constaicí éagsúla curtha in aithne nó an bhfuil seifteanna faoi leith atá ag obair dóibh? An bhféadfadh na finnéithe aon eolas a thabhairt ar sin?

Ms M?ire U? Choilm:

San áit ina bhfuilimidne inár gcónaí i nDún Lúiche, is coláiste beag atá ann: Coláiste an Phiarsaigh. Tá aithne ag achan duine ar a chéile fosta. Le cúpla bliain anuas tháinig mná tí úra isteach ach creidim go dtáinig siad isteach sular tháinig Covid-19. Arís, labhair muid féin le cuid de na mná tí a bhí níos óige agus chuaigh úinéirí na gcoláistí thart ar na tithe ag cur ceist ar dhaoine an mbeadh siad sásta scoláirí a choinneáil. Mar a dúirt achan duine, tá costais mhór ag an tús. Chuidigh muid leo siúd a bhí ag tosú agus bhí muid ábalta leabaí, nuair a bhí dhá cheann sa bhreis againn, a thabhairt dóibh agus creidim go raibh úinéirí an choláiste ábalta greim eile – leapacha agus rudaí – a thabhairt. Chuidigh muid leo siúd sa cheantair, oiread is a bhí muid ábalta. Sin é téama mo phointe nuair a dúirt mé gur shíl mé go gcaithfidh go mbeadh cruinnithe thart ar thábla ann, gur cheart cuireadh isteach a thabhairt do dhaoine óga agus a mhíniú dóibh caide tá sé cosúil leis a bheith i do bhean an tí.

Ms ?na N? Fhaircheallaigh:

Maidir leis an gcéad cheist a chur an Teachta, déarfainn go bhfuil sé deich mbliana ó fuair muid bean an tí nua i Ráth Chairn. Bímid ag labhairt leo go minic, bíonn cruinnithe againn leo agus bíonn cruinnithe ag Coláiste na bhFiann leis na mná tí. Triailimid daoine nua a mhealladh ach tá sé deich mbliana ó bhí bean an tí nua againn. Níl Airbnb i gceist mar ní tharlaíonn sé i Ráth Chairn toisc nach bhfuilimid in áit turasóireachta ach an fhadhb is mó atá againne ná toisc go bhfuilimid buailte le Baile Átha Cliath agus leis an Uaimh ná go mbíonn dhá phost sna tithe. Bíonn bean agus fear an tí ag obair agus tá sé deacair mar gheall air sin mná tí nua a mhealladh isteach sa chóras. Ansin nuair a éiríonn leat dul ag labhairt leo, caithfidh tú míniú dóibh go bhfuil costas uafásach mór i gceist leis na tithe a réiteach chun gur féidir daoine a choinneáil iontu.

Nílimid ag réiteach lena n-aghaidh fós ach amach anseo beimid ag smaoineamh ar bhrú a thógáil nó rud éigin mar sin a dhéanamh. Leis an gcaoi ina bhfuil an saol faoi láthair, is dócha go mbeidh beirt sa teaghlach ag obair.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Sally Uí Rabhartaigh ag iarraidh teacht isteach.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Tá an coiste ar an mbonn ceart leis an gceist atá díreach curtha. Tá mise ceadaithe chun 16 pháiste a choinneáil, ach ní fhaighim íocaíocht ón Roinn ach le haghaidh 12 dóibh. Cad ina thaobh sin? Bhí cead agam 16 a choinneáil go dtí seo. D’athraigh siad go 12 ach ag an am céanna inar thig liom insint dóibh go raibh 16 sa teach. Níl ciall ar bith leis. Fiú amháin, maidir leis an íocaíocht bhreise nó an t-ardú a fuaireamar i mbliana, cén t-am a tháinig an dara euro isteach? Nuair a bhí na scoláirí ag dul abhaile. Baineann sé leis an mbliain seo chugainn. Fuaireamar €1 i mbliana i ndiaidh Covid-19 agus achan rud á láimhseáil againn. Bhí sé náireach go deo. Roimhe seo bhíodh €2 i gceist, ach ní raibh ach €1 i gceist i mbliana cé go raibh costais bhreise againn, agus nuair nach raibh scoláirí againne le tamall. Ní shílim go bhfuil an Roinn ag cuidiú linn ar dhóigh ar bith. I mbliana is moille riamh a n-íocadh an t-airgead againne. Níl a fhios agam gur éisceacht atá ionam. Táim i mo bhean tí le blianta anois agus is maith liom iad a gcoinneáil. Sílim féin go mbeidh difear ann i mbliana ach is maith liom é. Is rud eile ná nach fadhb scoláirí atá ann. I gcás Coláiste an Phiarsaigh le haghaidh 2023, tá cúrsa A lán agus tá cúrsa B beagnach lán agus níl deireadh na bliana againn go fóill.

Tá neamart eitneach á dhéanamh anseo. Is beag fuinnimh atá ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán leis an rud ceart a dhéanamh. Is é an rud atá á dhéanamh ag an Roinn ná go bhfuil sí ag dul thart ag déanamh cigireachta ar na tithe agus shílfí gur tiarnaí talún 50 bliain ó shin atá ag teacht anseo agus táimid scanraithe beagnach aige seo. Bheadh eagla ort go bhfuil duine eile le cailleadh nó go bhfuil rud as riocht. Athraíonn rudaí de réir mar a oireann sé don Roinn. Níl a fhios agamsa, b'fhéidir go bhfuil mé mícheart, nó b'fhéidir go bhfuil mé rud beag caillte i bhfad ón gceist seo.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhi na finnéithe ag díriú isteach ar an mbrú agus ar an óstán ach tá ról an-lárnach ag na mná tí. Tá foireann eile ann chomh maith a bhíonn riachtanach chun an coláiste a reáchtáil. Táim ag labhairt faoi na múinteoirí, na cúntóirí, an lucht a bhíonn ag déanamh cócaireachta sa bhrú agus mar sin de. An bhfuil daoine ar fáil don choláiste chun na poist sin a chomhlíonadh nó an bhfuil éileamh orthu? An bhfuil na coláistí in ann teacht ar dhaoine chun múinteoirí, cócairí, lucht spóirt agus mar sin de, a sholáthar chomh maith?

Ms ?na N? Fhaircheallaigh:

Tá an t-ádh orainn i Rath Cairn go bhfuil. Toisc go rithimid cúrsaí lae, tá cinnirí á bhforbairt againn trí na cúrsaí lae. Is féidir leo dul ar aghaidh ansin go dtí na cúrsaí cónaithe. I mbliana, beidh Coláiste na bhFiann ag baint tairbhe as sin. Bhí dhá bhliain ann nuair nach raibh an coláiste á rith mar gheall ar Covid-19 agus chuir sé sin isteach go mór ar fhorbairt ceannairí. Chuamar ar aghaidh leis na cúrsaí lae. Bhíomar ag forbairt na cinnirí thíos i Ráth Chairn agus beimid in ann cabhrú leo. Tá siad sin ann. Tá cócairí againn. Go minic nuair a bhím ag caint le mo chairde taobh amuigh de Ráth Chairn, deirim gurb í an mhúinteoireacht an local industry i Ráth Chairn. Tá an-chuid múinteoirí i Ráth Chairn agus níl ganntanas díobh againne.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Agus cad faoi------

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Níl an brú sin orainn i dtaobh na múinteoirí agus níl an ganntanas sin againn. Is faoi na tithe atá an ganntanas againne.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad faoin gcuid eile de na coláistí ó thaobh na múinteoirí?

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Tá cuid mhór múinteoirí agus ceannairí againne.

Ms M?ire U? Choilm:

Níl fadhb ar bith againn leo ach an oiread.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Tá cuid mhór rudaí á bplé againn agus is deacair gach rud a scansáil i tamall beag gairid. Mar a dúirt mé, sílim nach dtuigeann an Roinn ár gcás ar an tslí chéanna ba chóir di a thuiscint. Buíochas le Dia táimid iontach sásta le úinéir an choláiste agus leis na daoine atá i mbun an choláiste. Ní dtiocfadh leo bheith níos fearr dúinne agus níos fearr ag obair linn ag cuardach tithe. Mar a dúirt mé, caithfidh nach dtuigeann an Roinn an obair a chuirimid isteach ann. Tá na cúrsaí lán cheana féin agus eagla ar scoláirí nach mbeidh áit dóibh. Níl an chuma ann go dtuigeann siad an daonnacht agus an cultúr. Ní thuigeann siad níos mó ná-----

Ms M?ire U? Choilm:

Na figiúirí.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Is é sin é. Cuireann said béim ar na figiúirí a bhaineann leis an rud. Is é an rud atá caillte ná eitneacht. Níl mé cinnte cén áit go díreach atá sí imithe. Níl mé ag rá nár tugadh aire mhaith do scoláirí na blianta ó shin, ach le blianta beaga anuas tá rudaí athruithe. Tá siad ag lorg uisce te achan bomaite don lá. Tá níocháin le déanamh. Muna bhfuil siad sásta le púdar níocháin áirithe, caithfear dul ar aghaidh go dtí púdar éigin eile. D'fhéadfainn trí inneall níocháin a úsáid. Deireann na páistí nach dtaitníonn rudaí éagsúla leo. Tá cuid mhór ann ach chaithfimid ár ndícheall a dhéanamh chun iad uilig a choinneáil sásta. Ní raibh sé sin ag tarlá sa chaoi céanna roimhe seo.

Ms ?na N? Fhaircheallaigh:

Ba mhaith liom tacú leis an méid atá ráite ag Sally Uí Rabhartaigh. Bhí cruinniú ag na mná tí ar fad sular thángamar anseo inniu. Is é ceann de na rudaí is mó atá cur as dúinn ó thaobh na ndaltaí a choinneáil ná na huimhreacha agus an briseadh even atá ag teastáil. Íocann an Roinn as 12 scoláire, ní as an 16. Tá cead ag na mná tí an 16 a thógáil. Ní bhíonn na coláistí go minic in ann an difríocht a dhéanamh suas agus tá sé an-deacair briseadh even a dhéanamh nuair nach bhfuil ach 12 ag an duine.

Freisin, tá mná tí againne a chóiríonn an teach i gcomhair i bhfad níos mó ná 16. Tá tithe breátha acu atá in ann i bhfad níos mó ná 16 a choinneáil. Ós rud é go bhfuil daoine sa chlann atá in ann cabhrú leis na mná tí, ní bheadh sé ag cur as don tseirbhís a bheadh ar fáil ag na daltaí dá mbeadh níos mó ná 16 i gceist. I ndáiríre, má tá 16 ann, ba chóir go mbeadh an Roinn ag íoc as an 16.

Ms M?ire U? Choilm:

Gan dabht.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Ní chóir go mbeadh orm an méid seo a rá ach sa lá atá inniu ann, tá dualgais orainne maidir le gach páiste atá ag dul isteach i dteach. Caithfimid smaoineamh faoi sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh orainn ceist a chur ar an Aire Stáit.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Cuir ceist mar sin.

Ms M?ire U? Choilm:

Chuir cuid againn ceisteanna air cheana féin

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhaith lenár bhfinnéithe go gcuirfí na ceisteanna sin arís?

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Ní bhfuair muid mórán de fhreagra.

Ms M?ire U? Choilm:

Is í Sally Uí Rabhartaigh an té atá in ann an phointe a dhéanamh trasna an tábla.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Ba chóir dom teacht anseo.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé chun ligean d'Úna Ní Fhaircheallaigh labhairt anois arís.

Ms ?na N? Fhaircheallaigh:

Beidh mé an-tapa. Mar dhuine a d'fhoghlaim a cuid Gaeilge i gcoláiste Gaeltachta, ceapaim go bhfuil siad an-tábhachtach do thodhchaí na Gaeilge agus do chaomhnú na Gaeilge. Tá níos mó ná an tionscnamh i gceist; tá todhchaí na teanga i gceist freisin. Tá sé an-tábhachtach go mbeidh na coláistí ann agus go dtacóidh an Rialtas, an Roinn agus pé duine eile atá i gceannas sa tír leis na coláistí sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glaoim ar an Teachta McHugh chun cúpla ceist a chur anois.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Níl ceist agam ach tá cúpla pointe agam. I dtús báire, fearaim fáilte mhór roimh ár bhfinnéithe go dtí an cruinniú, ní hamháin roimh mhuintir Thír Chonaill ach roimh na daoine ó na háiteanna eile sa tír fosta. Tá suim mhór agamsa san ábhar seo. Nuair a bhí mé i mo shean-ról in 2014, cha raibh an t-airgead ann ag an am. Nuair a tháinig an iarAire Stáit, an Teachta Seán Kyne, isteach, thosaigh an t-athrú maidir leis an airgead ina dhiaidh sin.

Léigh mé na ráitis ó Sally Uí Rabhartaigh agus ó Úna Ní Fhaircheallaigh. Bhí siad ag labhairt faoin todhchaí agus faoin ról lárnach atá ag an teanga, ag an chultúr agus ag an oidhreacht. Sin an teachtaireacht is mó agus gabhaim buíochas leo as sin. Bhí Máire Uí Choilm ag labhairt fosta faoin ról lárnach fá choinne an todhchaí fosta. Is léir sna blianta a d'imigh thart thar Covid go raibh bearna mór ann chun an teanga a choimeád, agus tá an teanga ag streachailt i gcónaí, ach tá ról ag na mná tí agus tá na torthaí as sin á bhaint amach achan bhliain. Inniu táimid ag labhairt faoi bhearna ceithre mhí agus liosta feithimh leis an íocaíocht a fháil ach níl sin ceart.

I ndiaidh an chruinniú seo b'fhéidir go mbeidh seans againn labhairt leis an Aire Stáit, an Teachta Chambers, faoi na cúrsaí seo mar tá bearna ann. Tá imní ormsa faoin todhchaí fosta agus thar na blianta bhí na mná tí ag croílár an teanga a choimeád agus a choinneáil beo. I mo chontae féin, mar a dúirt Máire Uí Choilm agus Sally Uí Rabhartaigh, tá brú ag teacht ó na Airbnbs. Tá na lóistín ar fud an chontae faoi bhrú ar chúiseanna éagsúla agus tá imní ormsa maidir leis an phlean don todhchaí.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe arís fá choinne na sonraí, an eolais agus an tiomantais faoi na cúrsaí seo. Arís, dá mbeadh aon bhealach ann nó aon bhrú go bhféadfaimis a chur ar an Roinn faoi na cúrsaí seo, ba cheart dúinn é sin a dhéanamh mar tá imní ormsa faoin todhchaí maidir leis an easpa tacaíochta faoin phlean a chur le chéile nó rudaí mar sin. Sin an pointe atá ar m'intinn inniu. Gabhaim aitheantas agus mo bhuíochas le achan duine atá ag obair go crua ar an cheist seo. Tá sé iontach tábhachtach fá choinne an teanga a choinneáil beo.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní raibh aon cheist ag an Teachta do na finnéithe ach ceist domsa amháin. Tá sé i gceist againn go mbeidh an tAire Stáit os ár gcomhair ag am éigin faoi réimse ghnéithe agus roinnt de na Meastacháin. Ceann de na Meastacháin atá ann ná an t-ardú a tugadh. Tugann sin deis dúinn dul isteach air go mion ach muna bhfuil na freagraí ag an Aire Stáit lorgóidh mé go dtiocfaidh sé ar ais leo siúd atá sa Roinn ata ag déileáil leis seo. Beidh seisiún againn ag cur na pointí atá curtha sa choiste cheana féin. B'fhéidir go dtiocfaidh an tAire Stáit isteach. Idir an dá linn táimid sásta díriú isteach air sin chun freagraí a fháil. Táthar tar éis freagraí a thabhairt agus leagan amach a dhéanamh ar rudaí praiticiúla gur féidir a dhéanamh a chuideodh leis na finnéithe, leis na coláistí samhraidh, leis an earnáil i gcoitinne agus leis an ngeilleagar áitiúil. Má theipeann ar an ngeilleagar áitiúl, is fearr 17 dalta a bheith sa cheantar ná beirt in Airbnb. Cuidíonn sé sin leis an gceantar agus leis an nGaeilge.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe agus cuirim fáilte rompu. Aontaím go huile is go hiomlán gurb é croílár na ceiste ná an teanga a chaomhnú. An rud is búnúsaí ná go mbeadh mná tí ar an talamh atá íoctha go maith mar is iad atá taobh thiar den togra uilig. Tá cúpla ceist agam agus tosóidh mé le Ráth Chairn mar tá sé beagáinín difriúil mar is athlonnú atá i gceist ansin. Tá fadbhanna coitianta ag an dá dhream chun mná tí a mhealladh. Tiocfaidh mé ar ais go dtí an pointe sin agus tosóimid leis an smaoineamh iontach ó thaobh brúnna a thógáil. De réir mar a thuigim ón méid atá léite agam, tá sin ar siúl i gCorca Dhuibhne. Iarraim ar na finnéithe sonraí a thabhairt dom faoi sin.

Ms ?na N? Fhaircheallaigh:

Níl mórán cur amach agam air. Is iad na mná tí a d'inis dom mar gheall ar an mbrú i gCorca Dhuibhne agus cheap siad gur an-smaoineamh atá ann. Cloisimid faoi ar Raidió na Gaeltachta go minic freisin ach b'fhéidir gur fiú ceist a chur ar Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne teacht agus labhairt leis an gcoiste mar gheall air mar bheadh an t-eolas cruinn aige. Smaoiním siar ar mo mháthair féin, a d'fhreastail ar an nGaeltacht i mBaile Ghib. Brú a bhí i gceist ansin freisin agus bhí sé rite ag mná tí. Bhí sé sin ar ais sna 1940idí. D'éirigh go hiontach leis sin, bhí Gaeilge ag mo mháthair agus thug sí ar aghaidh domsa í agus ansin chuaigh mise go coláiste Gaeilge, Coláiste na bhFiann. Ansin phós mé isteach go Ráth Chairn; mar sin, tá mé ansin anois.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sin deireadh an scéil.

Ms ?na N? Fhaircheallaigh:

Sin é. Tuigim gur éirigh go hiontach leis na brúnna fadó agus d'éireodh leo arís. Dá mbeadh siad ag tabhairt fostaíochta do mhuintir na háite, chabhródh siad go mór le geilleagar na háite mar bheadh muid ag tarraingt daoine isteach go dtí an ceantar, daoine a bheadh suim acu sa Ghaeilge, agus a bheadh ag caitheamh beagáinín airgid thart ar an gceantar freisin in áiteanna nach an brú iad - sna siopaí agus araile. Smaoineamh maith a bheadh ann ach níl cur amach agam ar conas chun tabhairt faoi nó aon rud. Áfach, tá a fhios agam go bhfuil sé ar siúl i gCorca Dhuibhne.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon rud mar sin ar siúl faoi láthair i Ráth Chairn.

Ms ?na N? Fhaircheallaigh:

Níl. Táimid ag smaoineamh air ach beidh sé thíos an bhóthair mar táimid ag díriú ar rudaí eile i Ráth Chairn faoi láthair.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé deacair ráiteas tosaigh na mná tí ó Thír Chonaill a léamh gan trua a bheith agam do na mná tí agus an méid oibre atá i gceist. Tá an sceideal leagtha amach go soiléir ó 8 a.m. ar maidin agus roimhe sin, ón mbricfeasta ar aghaidh go dtí meán oíche. Caitear an lá uilig ag obair agus is amhlaidh atá an scéal don pháirtí, don fhear chéile agus do na gasúir is dócha.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Sin mar atá sé, agus tá sé níos measa má tá duine tinn, mar shampla.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá réimse chúraim i gceist.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Tá réimse mhillteanach ann. Tá tú i do mháthair, do chaomhnóir, do chomhairleoir-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D'altra.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

----- agus do bhanaltra. Achan rud atá ón bpáiste caithfear é a chur ar fáil.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í an fhadhb ná go bhfuil athbhreithniú á lorg ag na mná tí ón Roinn ar an scéim uilig mar níl sé ag feidhmiú i gceart ó thaobh na mban.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Níl.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sin í an chéad fhadhb. Is í an dara fhadhb ná go bhfuil na mná tí in ann níos mó daltaí a choinneáil sa teach, ach níl cead acu go hoifigiúil.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

I dtús báire bhí cead againn uimhir ard a choinneáil. D'fhéadfaí 24, 25 nó 26 duine a choinneáil sa teach. Tá sé síos chuig uasmhéid de 16 anois agus ghlac muid leis sin. Níor cheadaíodh bean an tí ag an am sin ach fá choinne 16 duine. Ní thiocfadh leat níos mó ná 16 a bheith agat. Tá cead agam go fóill 16 a choinneáil ach ní íocfaidh an Roinn mé ach as 12 duine.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sin an uasmhéid anois seachas an íosmhéid.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An uasmhéid.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Tig liom uasmhéid de 16 duine a choinneáil agus íocfaidh an coláiste mé agus ní íocfaidh an Roinn mé ach as 12 duine. Níl a fhios agamsa caidé a tharla do mo theach idir an dá linn. An bhfuil siad ag rá gur leag mé seomra? Mar a dúirt mé, cuid den mhuintir a bhíodh ag déanamh scrúdú ar na tithe, bíonn eagla orm an lá a bhíonn siad ag teacht thart. Má thagann fear thart - nó bean; ní chaithfidh sé a bheith ina fhear - d'fhéadfaimis socrú a dhéanamh é a ghearradh síos go dtí 14 duine, ach fós d'fhéadfainn a rá go raibh sé seo á dhéanamh agam le fada le líon níos mó, agus gan athrú ar bith tagtha ar chúrsaí. B'fhéidir gur níos fearr a d'éirigh rudaí. Áfach, seo rud nach gcreidfeá: is féidir trí leapacha a bheith i seomra, idir leapacha agus buncanna. Sin bunc go leith. An bhfuil ciall leis sin? Dá mbeadh rud thuas an staighre agat, níl mórán céille leis.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cloistear an ceist sin, "An bhfuil ciall leis sin?", go minic anseo agus ní bhíonn freagra air ar bith.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

B'fhéidir nach bhfuil. Tá sé cineál amaideach gearradh síos duine amháin nuair atá bunc a bhí beagnach san áit chéanna scartha.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An cuma cén tomhais atá ar an seomra chomh fada is atá trí leaba ann?

Ms Sally U? Rabhartaigh:

B'fhéidir go bhfuil mé mícheart ach sílim go mbraitheann na tomhais ar cén cigire atá agat. Is é sin an cuma atá air. Beidh daoine a thabharfaidh cead agat ceathrar a bheith agat sa seomra ach is é an chéad rud eile ná go dtiocfaidh cigire úr isteach a déarfaidh nach dtiocfadh leat níos mó ná triúir a bheith sa seomra. B'fhéidir go ndéarfaidh cigire fiú beirt. Dá mbeadh ciall agat, ó thaobh an bunc go leith sin, an gceapann tú go ndéanfadh sé mórán difir dhuit duine eile a bheith thuas os do chionn? Ní shílimse go ndéanfadh. Tá an rud céanna ar siúl ar an taobh thall den seomra.

Ms M?ire U? Choilm:

Sílimse go bhfuil briseadh síos ann sna cainteanna idir muid féin agus an Roinn. Níl duine ar bith sásta roadmap a thabhairt dúinn. Athraíonn an Roinn rialacha ach ní insíonn sí dúinn fá dtaobh de. Is briseadh síos é sin. Ní labhraíonn an Roinn linn. Is é sin go díreach. Is é sin an áit ina bhfuil rudaí á gcur ar siobarnaí. Aontaím le Sally. Nuair atá na cigirí seo ag teacht thart, tá tú ar crith i do theach féin agus tú ag déanamh gach rud 100%. Caithfidh an Roinn amharc air seo. Táimid faoi bhrú go leor ag iarraidh a bheith ag déanamh gach rud do na scoláirí seo inár gcuid tithe, an chócaireacht san áireamh, gan cnag ag teacht ar do dhoras. Ní insíonn na cigirí duit fiú amháin go bhfuil siad ag teacht. Leath an ama, tiocfaidh siad isteach nuair atá tú suas go dtí an dá chluas ag déanamh rudaí. Caithfidh an Roinn suí síos agus amharc ar an dóigh ina bhfuil sí ag reáchtáil rudaí. Táimse ag cur na fadhbanna seo uilig ar ais ag an Roinn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí cruinniú ag na mná tí leis an Roinn le déanaí, nach raibh?

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Bhí cruinniú agam mar tá mé mar urlabhraí ar Mhná Tí Thí Chonaill. I rith na paindéime Covid, is cruinnithe ar Zoom a bhí againn leis an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeltacht agus le beirt ón Roinn. Tá tú ábalta pointí a chur chun tosaigh ach níl siad ag éisteacht ach chun boscaí a thiceáil. Níl siad ag déanamh rud ar bith do na fadhbanna atá againn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar bhain na cruinnithe sin ar Zoom le Covid?

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Bhain siad leis an ardú. Thug muid dóibh na pointí iontach tábhachta uilig atá againn ó thaobh tithe úra a mhealladh agus achan rud ach ní dhearna siad ach na boscaí a thiceáil. Tháinig ríomh-phost amach uair amháin an chloig i ndiaidh an chruinnithe. Níor athraigh sé aon ní.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad é stádas na gcruinnithe sin faoi láthair?

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Ní raibh ceann againn le tamall. D'fhógair an Roinn go mbeadh ceann tar éis sé mhí ach ní raibh cruinniú ar bith againn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann mo cheist dheireanach le coláistí samhraidh. De réir mar a thuigim, níl fadhb ar bith ag na finnéithe le líon na gcoláistí atá in ann freastal ar na riachtanais ach tá na daoine i Ráth Chairn ag caint faoi ionad oideachais nó coláiste lae.

Ms ?na N? Fhaircheallaigh:

Bíonn coláiste lae againn. Tá dhá scoil sa cheantar, bunscoil agus coláiste pobail. Úsáideann an comharchumann an dá fhoirgneamh sin le coláistí lae a reáchtáil i gcomhair na ndaoine atá ina gcónaí mórthimpeall ar Ráth Chairn. Bíonn siad beagáinín níos óige ná an dream ar a bhfreastalaíonn Coláiste na bhFiann. Uaireanta, tagann siad chugainn agus téann siad ar aghaidh chuig Coláiste na bhFiann ansin. Tugann sé deis dúinn cinnirí a fhorbairt i measc ár ndéagóirí. Cabhraíonn siad linn clubanna óige a rith agus le Coláiste na bhFiann i rith an tsamhraidh. Is bealach é le ceannaireacht a chruthú i measc ár ndaoine óga.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil tóir mhór air?

Ms ?na N? Fhaircheallaigh:

Tá. Nuair atá na gasúir óg go maith, is maith le tuismitheoirí iad a fhágáil agus a bhailiú agus nach mbeadh orthu fanacht thar oíche. Nuair a éiríonn siad níos sine, ba bhreá leo go mbeadh siad in ann fanacht thar oíche ach tá fadhbanna againn ó thaobh mná tí a mhealladh. Is dócha go gcaithfidh mé coimhlint leasa a léiriú anseo. Tá mé mar stiúrthóir ar Choláiste na bhFiann freisin. Is ceann de na fadhbanna atá againn ó thaobh na Gaeltachta de ná líon dóthanacha dalta a bheith againn ar na cúrsaí chun íoc as múinteoirí agus na himeachtaí ar fad a ritheann muid. Caithfear méid áirithe daoine a bheith agat le briseadh even. Is eacnamaíocht atá ann. Nuair a laghdaítear an líon daoine gur féidir leis na mná tí a choinneáil, laghdaíonn sé sin an líon gur féidir leis an gcoláiste a thógáil isteach, rud a chiallaíonn go n-éiríonn an eacnamaíocht go dona. Bíonn sé deacair briseadh even nuair atá sé sin i gceist. Mar is eol don choiste, is é an fáth go bhfuil Coláiste na bhFiann ann ná leis an Ghaeilge a chur chun cinn mar ghnáth-theanga labhartha. Mar sin, táimid ag iarraidh go mbeadh ár gcuid daltaí in ann dul ag an nGaeltacht agus leas a bhaint as an acmhainn iontach atá ann sa Ghaeltacht, áit a bhfuil Gaeilge na Gaeltachta ag na mná tí agus ag pobal na Gaeltachta agus inar féidir leis na daltaí an Ghaeilge a chloisteáil á labhairt go laethúil agus go nádúrtha. Feiceann na daltaí gasúir bheaga de dhá bhliain d'aois ag labhairt na Gaeilge agus bíonn ionadh orthu. Tugann sé sin spreagadh do na déagóirí leanúint leis an nGaeilge. Caithfear na mná tí, nó córas éigin eile ina n-áit, a bheith ann. Nuair atáimid ag smaoineamh ar bhrú a fhorbairt, táimid ag smaoineamh ar bhrú chun cur leis na mná tí. Is iad na mná tí agus muintir an tí na daoine is tábhachtaí dúinn mar gheall ar an saibhreas teanga atá acu nach bhfuil ag daoine eile.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad iad na réitigh?

Ms ?na N? Fhaircheallaigh:

Is é an réiteach ná go n-íocfadh an Roinn as an líon gasúr atá sa teach. Má tá 16 sa teach, ba chóir go mbeadh an Roinn ag íoc as 16. B'fhéidir go mbeadh deis ag roinnt mná tí níos mó daltaí a choinneáil i gcásanna áirithe.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá solúbthacht ag teastáil.

Ms ?na N? Fhaircheallaigh:

Is é sin go díreach atá i gceist agam. Táimid ag iarraidh smaoineamh ar bhealaí le mná tí a mhealladh amach anseo freisin ach is féidir an saibhreas eile a chailleadh sa chéad ghlúin eile.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil tuairimí ag na finnéithe conas é sin a dhéanamh?

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Bhí tuairim agam i mo ráiteas ansin. Ba chóir déagóirí a fháil isteach, cosúil leis na ceannairí a théann isteach sna coláistí. Táim ag iarraidh go dtiocfadh siad isteach i dtithe na mban tí go dtí go gcuideoidh siad agus go bhfaighidh siad blaiseadh de shaol na mban tí. Tá a fhios againn uilig gur mhaith le déagóirí poist pháirtaimseartha a bheith acu i rith an tsamhraidh. Dá mbeadh airgead ar fáil leis sin a dhéanamh - b'fhéidir go dtiocfadh cuid ón Roinn agus cuid ó na mná tí - gheobhadh siad cleachtadh ar shaol na mná tí agus, i gceann cúpla bliain, nuair atá siad féin socraithe faoin cheantar, bheadh siad in ann scoláirí a choinneáil.

Ms M?ire U? Choilm:

Sílim go bhfuil rud eile i gceist. Níl cáin le híoc ar airgead na scoláirí. Ba chóir dó sin a bheith ina mealladh maith. B'fhiú do dhaoine scoláirí a choinneáil i rith an ama sin toisc gur féidir leo saoire mhaith a bheith acu as an airgead seo. Tá a gcuid páistí féin ábalta cuidiú leo na scoláirí a choinneáil. Níl cáin le híoc. Tá cuid mhór dóigh inar dtiocfaí daoine a mhealladh chun é sin a dhéanamh. Is é an rud is tábhachtaí ná go ndíolfaidh é sin muid go maith. Tá €1 amháin á thabhairt dúinn le páiste a choinneáil inár dtithe.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá seans go mbeidh orm imeacht go tobann. Tá mé ceaptha a bheith ag labhairt ar an mBille Leasa Shóisialaigh sa Dáil ar ball beag. Le cúnamh Dé, tiocfaidh mé ar ais. Caithfidh mé a rá ag an tús gur choinneáil mo bhean scoláirí ar feadh 41 bliain so tá taithí agam ar scoláirí a bheith sa teach agus mar sin de.

Tuigim go maith an obair. Ceapaim go bhfuil iadsan i dTír Chonaill ag éirí an-deireanach. Bhí muid i gConamara ag éirí ar 7 a.m.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Tá an bricfeasta ag Máire Uí Choilm ar 8 a.m. Tá sí féin ina suí i bhfad roimhe sin. Tá an bricfeasta againn ar 8 a.m.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ach bíonn siad ag éirí ar 7 a.m. Táim ag caint idir shúgradh is dáiríre. Tá an ceart ag na finnéithe. Téann siad ina gcodladh ar 11.30 p.m. nó meán oíche ach bíonn rudaí beaga le déanamh ina dhiaidh sin. Táimid ag caint ar lá an-fhada. Níl aon amhras faoi sin ón gcur síos atá déanta ar an obair. Is obair fíorchrua í. Is é an t-aon bhuntáiste amháin a bhíonn léi ná, cé go bhfuil an teach lán ón gcéad lá go dtí an lá deiridh, nuair a imíonn na daltaí, bíonn siad imithe. Níl sé cosúil le bed and breakfast. B'fhéidir gur fearr é seo. Is é an bua atá ann. Tá sé éirithe i bhfad níos casta. Mar shampla, tá i bhfad níos mó gasúr ina bhfeoilséantóirí nach n-itheann feoil ar bith. Is veigeáin iad cuid acu. Tá an ceart sin acu. Tá an t-uafás acu anois. Ní cuimhin liom é seo a bheith ina chnámh spairne nuair a bhí mé féin ag an gcoláiste Ghaeilge i bhfad ó shin ach tá ailléirgí de chuile chineál ann anois agus caithfidh tú faire amach dóibh sin. Tá dua ollmhór ag baint leo.

Luafaidh mé rud amháin a thugaim faoi deara. Thosaigh an coláiste Ghaeilge i gCorr na Móna in 1977 agus bhí mé leis go dtí gur fhág mé an comharchumann in 1990. D'athraigh muid am éigin sna 1980idí. Tá sé coitianta i gConamara go mbíonn bricfeasta ag na scoláirí, go réitíonn siad lón le bean an tí agus go mbailíonn siad leo go dtí 5 p.m. Bíonn an lá ag bean an tí nó fear an tí nó cibé duine atá á dhéanamh. Is mná is mó atá i gceist. Bíonn an lá acu dóibh féin le dul ag siopadóireacht nó rudaí a dhéanamh. Dá mbeadh orthu rud éigin eile a dhéanamh, tá an deis sin acu. Feictear dom agus chonacthas dom riamh go bhfuil sé míréalaíoch ar fad go dtagann na scoláirí ar ais ag am lóin. Ní túisce go raibh tú ag réiteach béile amháin go raibh siad istigh sa mhullach ort arís le haghaidh an chéad bhéile eile. Déarfaidh mé é sin.

Tagaim go hiomlán leis na finnéithe maidir leis an riail seo faoi 16 duine. Níl aon bhrabach as scoláire mura bhfaightear deontas na Roinne. Íocann an coláiste an méid a íocann sé ach ní chlúdaíonn sé sin ach na barrchostais nuair atá chuile shórt curtha san áireamh. Táim ag caint faoi níochán, glanadh tí, rudaí briste, na rudaí ar fad a tharlaíonn agus beatha. Braitheann sé ar an ngasúr ach itheann go leor acu go leor. Bail orthu; is rud maith é sin. Caithfear é a laghdú go 12 agus níos mó a íoc nó é a fhágáil ag 16 agus íoc as chuile scoláire. Is é an rud a bhí ag tarlú i gcuid de na coláistí, go mórmhór sna ceantair bheaga Ghaeltachta, ná go raibh brú ar na coláistí le bheith inmharthana agus go n-iarradh ar mhná tí 16 a choinneáil fiú mura bhfheileann sé sin di toisc go raibh an coláiste ag iarraidh go mbeadh 100 nó 150 gasúr ar an gcoláiste. Ba cheart deireadh a chur leis sin láithreach.

Tá an ceart ag na mná tí faoin gceist seo faoin mbulaíocht freisin. Tá sé spéisiúil na nósanna éagsúla a chur i gcomparáid. Níl a fhios agam faoi Choláiste na bhFiann ach, i go leor de na coláistí, tógtar na fóin ó na daltaí. Tugtar uimhir an choláiste do na tuismitheoirí agus sin sin. Tá na daltaí saor ó na fóin ar feadh trí seachtaine, nó is é sin an cur síos atá ag na coláistí air sin. Dar liom, cothaíonn sé sin fadhbanna mar tá fadhb na bulaíochta ann sa lá atá inniu ann agus tá na gasúir as baile. Chomh maith leis sin, is rud a fuair muidne amach ná go mbeadh na gasúir ag caoineadh le cumha agus iad ag teacht. Bhí uaigneas orthu. Ansin, bíonn siad ag caoineadh agus iad ag dul abhaile le cumha de chineál eile agus iad ag fágáil slán leis na cairde ar fad atá déanta acu. Bheadh sé spéisiúil na coláistí ar fad a fháil le chéile le comparáid a dhéanamh idir na rialacha agus a fháil amach cé acu is fearr agus cé acu is fearr do mhná tí.

Tá sé spéisiúil go bhfuil na finnéithe ag lua na brúnna. In áiteanna a bhfuil lag ó thaobh daonra de - bheadh an áit ina bhfuil mé féin ar cheann acu - ní bheadh aon todhchaí ann mura mbeidh brúnna móide na mná tí. Nílim ag caint ar bhrúnna gan mhná tí ach ar bhrúnna móide mná tí. Téann na brúnna siar i bhfad. Nuair a chuaigh mise chun na Gaeltachta i mBéal Átha an Ghaorthaidh, d'fhan mé sa bhrú an chéad dhá bhliain agus i dteach sa tríú bhliain. Ceapaim go bhfuil sé athraithe ó shin ach bhí an socrú sin ann ag an am. Is cinnte gur mar sin a thosaigh sé i gColáiste na Rinne. Ceapaim gur rith an coláiste as mná tí ach gur féidir leis tosú le mná tí arís. Beidh sé deacair coinneáil inmhartana sna pócaí beaga Gaeltachtaí, is cuma céard a dhéantar, mura mbeidh brúnna ann. Ba cheart plé oscailte a dhéanamh air sin.

Bheadh mise go mór i bhfabhar ligean do ghasúir ón nGaeltacht fanacht sna tithe agus íocaíocht a fháil mar chinnirí. Tá sé go maith do ghasúir na Gaeltachta mar fheiceann siad go bhfuil rud acu nach bhfuil ag an dream atá ag teacht, is é sin Gaeilge líofa. Táim ag caint faoi dhream a bheadh tar éis an ardteistiméireacht a dhéanamh. Tá fadhb leis sin, áfach, sa dóigh is go gcaithfear seomra faoi leith a thabhairt d'éinne os cionn 18 bliain. Is fadhb é sin ach fadhb dosháraithe ó thaobh cúraim leanaí agus sábháilteachta gasúr.

Ba cheart athruithe láithreach a chur ar an rud. Mar shampla, ó cuireadh deireadh le híocaíocht na Roinne Oideachais, tá brú ar na coláistí níos mó airgid a choinneáil mar tá poll ina bpóca. Ciallaíonn sé sin go bhfuil brú ann maidir le híocaíocht do mhná tí. Thóg mise isteach riail go gcaithfidh an coláiste 1.2 oiread an méid ón Roinn a íoc. An fáth a bhí leis sin ná nár theastaigh uaim go mbeadh airgead na gcoláistí ag dul síos de réir mar a bhí airgead na Roinne ag dul suas ach níl aon amhras ach go gur chuir sé sin brú ar na coláistí. Ba cheart don choiste seo breathnú arís ar bhrú a chur ar an Roinn Oideachas an deontas a chur ar ais.

Táim den tuairim go mba cheart athruithe gearrthéarmacha a dhéanamh, go mórmhór chun é a dhéanamh tarraingteach do mhná tí sa saol nua atá ann. Tá rud luaite anseo atá ábhartha faoi mhná tí atá os cionn 70 bliain d'aois. Ba cheann de na bealaí timpeall air sin ná ainm duine níos óige, b'fhéidir iníon bhean an tí, a chur síos don teach cé go raibh bean an tí ag déanamh na hoibre. Ní raibh aon dochar ansin fad is go raibh baint éigin leis an mbeirt chun go mbeadh an íocaíocht cheart. Ba cheann de na rudaí a bhí ag tarlú ná go raibh cuid den dream óg ag obair agus, fad is a bhí siad amuigh, bhí an duine níos sine ag déanamh cuid mhaith den réiteach agus den obair. D'oibrigh siad amach é eatarthu. Téann chuile rud ar ais ag íocaíocht. Go gearrthéarmach, ba cheart athruithe a chur ar rudaí. Tá rudaí gur chóir iad a dhéanamh comhthreomhar leis sin agus gan chuile shórt a chur ar an méar fhada go ceann bliain nó dhó chun athbhreithniú mór millteach agus athbhreithniú ar an athbhreithniú - tuigtear an rud a tharlaíonn - a bheith agat. Is é an t-athbhreithniú anois an leithscéal is mó sa chóras gan aon rud a dhéanamh. Ba cheart athruithe a dhéanamh láithreach ar na rudaí a bhfuil aontú orthu. Ansin caithfear breathnú go fíorleathan ar cá bhfuil ár dtriail. Tá roinnt rudaí gur mhaith liom a fheiceáil ar an gclár nach bhfuil pléite inniu. Glacann na finnéithe leis gurb ionann coláiste Gaeilge agus gasúir ar an meánscoil den chuid is mo, nó b'fhéidir sa séú rang sa mbunscoil, ag dul chun na Gaeltachta ar feadh trí seachtaine agus lá amháin. Nach hin é?

Ms M?ire U? Choilm:

Is coicís a bhíonn againn don chuid is mó.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is coicís a bhíonn ann i gcoláiste Mháire Uí Choilm ach trí seachtaine agus lá a bhíonn i gceist i gConamara. Ba cheart go mbeidh an íocaíocht ar fáil le haghaidh cúrsaí deireadh seachtaine, cúrsaí seachtaine agus cúrsaí ag aon am den bhliain. Fad is atá cúrsa, caighdeán agus margadh ann, ba cheart go mbeidh an íocaíocht ar fáil.

Is é an dara rud ná go gcreidim gur cheart dúinn breathnú ar ghrúpaí eile. Tá margaí nua ag teacht aníos. Tá margaí ann le haghaidh teaghlaigh, is é sin, athair, máthair, páistí agus mar sin de. B'fhéidir go bhfeilfeadh tithe eile dóibh ach go mbeadh cúnamh le fáil dá mbeadh teaghlaigh á iarraidh, go mór mór le fás na nGaelscoileanna. Bheadh sé sin ina chuidiú mór.

Chomh maith leis sin, níor thosaigh na coláistí Gaeilge le gasúir. Nuair a thosaigh siad, siar sa bhliain 1904, is ábhar oidí amháin a bhí i gceist mar bhí siad ag iarraidh múinteoirí a oiliúint le dul ag múineadh na Gaeilge ag Conradh na Gaeilge. Mar sin, ba cheart go mbeadh níos mó béime á tabhairt ag daoine fásta. D'fhéadfadh na coláistí, mná tí agus ceantair éagsúla a shocrú amach cén margadh a bheadh ann, nó d'fhéadfadh meascadh de mhargaí a bheith ann, agus gan an rud a bheith chomh rinn teannta ach go mbeadh cúnamh Stáit ar fáil le pacáistí leathan de roghanna.

Tá tithe ann lena bhfeileann an córas atá ann faoi láthair ach tá tithe eile ann lena bhfeilfeadh cuid den obair eile. Is bed and breakfast accommodation a bheadh i gceist le daoine fásta nó bed and breakfast accommodation and evening meal. Ní bheadh an cúram céanna i gceist. Go fadtéarmach, caithfimid smaoineamh taobh amuigh den rud atá ann anois. Go gearrthéarmach, caithfimid feabhas a chur ar an rud atá ann anois agus go sciobtha. Ní rud ar bith atá ráite againn nach dtagann leis an taithí a bheadh agam agus thiocfainn leis na finnéithe faoi na rudaí éagsúla atá luaite acu.

Tá caipiteal agus cóiríocht ollmhór i gceist le teacht ar réiteach do Ghaeilgeoirí anois le hais mar a bhí in 1970 nó 1950. Caithfear cúnamh a thabhairt dó sin. Tá ollchostas i gceist mar tá ollchaighdeán idir fhuinneoga, dhoirse agus chórais foláireamh tine agus caighdeán na leapacha agus gach uile shórt. Caithfidh an Stát é sin a aithint agus infheistíocht a dhéanamh sa tionscal. Dá mbeadh factory ag teacht, thabharfaí cúnamh dó; seo é an factory is fearr a tháinig chun na Gaeltachta riamh.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Cheana féin, bíonn ábhar oidí againn ag an Cháisc. I mbliana, d'athraigh cuid acu go mí Lúnasa. Tá Coláiste Phádraig, an coláiste i Marino agus cuid acu sin á ndéanamh. Bíonn cuid acu ag iarraidh teacht i mí Lúnasa seachas i rith saoire na Cásca. Faighter an t-airgead céanna orthu. Tá siad fásta agus ag iarraidh níos mó. Ní dhéanann sé mórán difear. Táimid breá sásta iad a thógáil.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé mhéad acu is féidir leis na mná tí a chur sa seomra? An bhfuil cead acu an oiread céanna a chur sa seomra?

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Tá. Tá sé cosúil leis na páistí ach is dream amháin atá iontu uile. Is é seo atá ceart againn go fóill. Is rud eile é sin: tuigim go gcaithfidh ceannaire atá os coinn a leithéid seo d'aois seomra a bheith aige nó aici. Braitheann sé ar caidé atá agat. Níl difear ar bith sna íocaíochtaí. Is féidir leis nó léi a bheith ina luí thuas staighre. Is é sin mar atá. Cuirimid suas leis.

Ms M?ire U? Choilm:

Rinne mé pointe i mo ráiteas nuair a bhí mé ag caint faoi cheannairí. Bhí mé ag iarraidh a mhíniú go bhféadfadh duine teacht as an gceantar fríd an lá agus dul ar ais go dtí a bhaile féin san oíche. Is é sin an rud a bhí mé ag smaoineamh air, chun blaiseadh don ról seo a thabhairt do na daoine nár tógadh le scoláirí iad. Ní raibh mé ag rá go bhfanfaidís sa teach. Bhí mé ag rá go bhféadfaidís leo teacht isteach fríd an lá agus dul abhaile. Daoine as an gceantar a bhí ar intinn agam.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is an-smaoineamh é. Thiocfaidís isteach i gcomhair bricfeasta agus d'fhanfaidís leis na scoláirí. Gheobhaidís an lón agus an dinnéar leis na gasúir agus d’imídís abhaile tráthnóna.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

B’fhéidir go mbeadh a fhios acu go mbeidís ábalta é a dhéanamh.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bheadh an duine sin imithe leis na scoláirí i rith an lae, nach mbeadh?

Ms M?ire U? Choilm:

D'imeodh an duine an lá ar fad.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D'imeodh sé nó sí leis na scoláirí ag an scoil. Ní fhanfadh sé nó sí le bean an tí.

Ms M?ire U? Choilm:

Is féidir leis nó léi teacht isteach, má bhíonn sé nó sí ag iarraidh é seo a dhéanamh, agus dul abhaile san oíche. Níl i gceist ach feiceáil conas a ullmhaítear na béilte, a nglantar na seomraí agus a déileáiltear leis na scoláirí ionas go bhfaigheann sé nó sí blaiseadh beag den saol.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Thug mé rud amháin faoi deara thar na blianta: taobh amuigh de bhean an tí agus de mhuintir an tí, braitheann sé ar chomhdhéanamh an tí, is é sin, an bhfuil duine, beirt, triúir nó ceathrar sa teach, an bhfuil gasúir sa teach agus mar sin de. Taobh amuigh de sin, is beag baint a bhíonn ag Gaeilgeoirí le pobal na háite agus caithfimid breathnú cén chaoi é sin a athrú. Is smaoineamh iontach atá ag Máire Uí Choilm sa chomhthéacs seo, mar má tá duine óg ag teacht isteach ag an gcoláiste go raibh Gaeilge ó dhúchais aige nó aici, ba mhó an cuidiú a bheadh ann.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Bíonn níos mó teagmhála ag muintir na háite - ag muintir Dhún Luiche - leo de ghnáth; b'fhéidir ag na céilithe. Bíonn aithne acu ar a chéile.

Ms M?ire U? Choilm:

Tógadh le scoláirí mé. Choinnigh mó mham iad ó bhí mé naoi mbliana d'aois.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Is é sin an dóigh a ndearnadh é.

Ms M?ire U? Choilm:

D'fhás muidne aníos ag siúl síos chuig an mbaile mór leis na scoláirí agus ag dul go dtí na céilithe agus an spórt. Tá cuimhnithe ar dóigh againne ag fás aníos agus go fóill. Níl i nDún Luiche ach ceantar beag. Tá mé ag caint ar Choláiste Dhún Luiche, cé go bhfuil mé i m'urlabhraí ar Thír Chonaill. Bíonn comhluadar iontach maith idir muintir na háite agus na scoláirí.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní thiocfainn le Máire Uí Choilm go bhfuil sé chomh simplí leis sin anois, de bharr chúram leanaí. Fiú ag an teach, dá mbeadh gasúir fhásta ag imirt peile sa ghairdín nó ag déanamh rudaí mar sin, tá ceisteanna ann nach mbíodh ann. Ní smaoineoimis ar rudaí mar sin-----

Ms M?ire U? Choilm:

I measc na bpáistí-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í an fhadhb atá le gach rud mar sin ná go gcaithfidh sé a bheith an-eagraithe.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Tá a fhios agam.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é an taithí atá agam ná gur athraigh sé sin ar fad agus nach bhfuil an tsaoirse chéanna ag na teaghlaigh. Bhí faitíos ar na coláistí má bhíodar ag meascadh mar go raibh faitíos orthu roimh an gcúram leanaí.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Tá cuid de sin ann.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é sin an fáth go gcaithfidh gach rud a bheith eagraithe. Is é sin an fáth go bhfuil mé ag rá go bhfuil gá teagmháil le muintir na háite a eagrú ar bhealach go mbeidís ag gáire faoi sna 1970idí, sna 1980idí nó sna 1990idí ach tá sé athraithe inniu.

Ms ?na N? Fhaircheallaigh:

Aontaím leis an Teachta Ó Cuív maidir leis an margadh eile atá ann. Nuair a bhíomar ag caint, thriail mé cuid acu a lua. Tá féidearthachtaí ann ach bheadh sé iontach dá mbeadh cabhair ón Stát i gceist. Tá féidearthachtaí móra ann le teaghlaigh a chuireann a ngasúir ag Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí, agus leis an tseirbhís phoiblí freisin mar tá géarghá le daoine atá in ann freastal ar an bpobal trí mheán na Gaeilge agus níl siad ann. Dá mbeimis, i Ráth Chairn, in ann cabhrú leis sin, tá an margadh sin ann ach bheadh sé deacair é a dhéanamh gan chabhair ón Stát.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an deis againn anois cloisteáil ó ionadaithe ó Chúige Mumhan. Tá beirt linn. Tá Diarmuid Ó Dálaigh anseo atá ina chisteoir agus Grett O’Connor atá ina bhall den bhord comhairliúcháin chomh maith. Caithfidh mé dul trí chúpla mionrud toisc go bhfuil na finnéithe chun fianaise a thabhairt. Tá fáilte rompu.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo. Cuirim ar an eolas iad go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad don choiste má eisítear ordú dá leithéid.

Is é Diarmuid Ó Dálaigh atá chun an ráiteas tosaigh a thabhairt.

Mr. Diarmuid ? D?laigh:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis na comhaltaí as an gcuireadh a thabhairt dúinn bheith anseo inniu ar son Choláiste na Mumhan. Mar is eol do chuid mhaith acu – b’fhéidir go raibh baint ag cuid acu nó a gclann le Coláiste na Mumhan agus Conradh na Gaeilge - is é Coláiste na Mumhan an coláiste samhraidh is sine sa tír. Bhí sé ar an gcéad cheann nuair a bunaíodh é in 1904. Tá traidisiún láidir fada againn. Ní foláir nó go raibh go leor dúshlán le sárú ag na daoine a bhunaigh é fadó; i bhfad níos mó ná mar atá le sárú againne sa lá atá inniu ann agus muid ag caint ach d’éirigh leo mar sin féin.

Tá dúshláin os ár gcomhair fós sa lá atá inniu ann. Mar atá luaite anseo cheanna, tá deacrachtaí ag aimsiú mná tí agus teaghlaigh atá sásta mic léinn a choimeád sa tigh. Tá an Béarla an-láidir i saol na ndaoine agus na ndaoine óga sa lá atá inniu ann agus dá bhrí sin, tá sé níos deacra dúinne an Ghaelainn a chur ina luí orthu nó iad a mhealladh chun na Gaeilge a labhairt. Tá go leor rudaí a chuireann bac leo agus iad ag foghlaim na teanga chomh maith, idir theicneolaíocht agus rudaí eile.

Tá cúrsaí samhraidh Ghaeilge ar fáil in a lán áiteanna timpeall na tíre lasmuigh den Ghaeltacht - sa Ghalltacht - agus bíonn cuid mhaith acu ar chostas níos ísle agus teacht orthu níos fusa ná mar atá againne. Samhlaíonn daoine go minic go bhfuil na cúrsaí sin díreach chomh maith leis an nGaeltacht agus ní thuigeann siad an taithí a fhaigheann siad. Bíonn sé deacair foireann a aimsiú. Thógamar é sin faoi deara anuraidh agus blianta eile. Mar aon le haon chomhlacht nó eagraíocht timpeall na tíre, tá sé an-deacair foireann a earcú. Tá ganntanas múinteoirí timpeall na tíre ach go háirithe iad sin go mbeadh Gaeilge chruinn líofa acu.

Ms Grett O'Connor:

Dar ndóigh, in ainneoin na ndúshlán ar fad atá luaite againn, agus táid ann, tá go leor féidearthachtaí iontacha chomh maith do na coláistí samhraidh. Ina measc sin, is féidir oiliúint níos leithne ná díreach an teanga amháin a chur ar na daoine óga. D’fhéadfaimis scileanna saoil a mhúineadh dóibh - rudaí breise cosúil le cur i láthair a dhéanamh agus conas iad féin a chur in iúl, nó scileanna cumarsáide agus é sin ar fad.

Bheadh éileamh ar ghearrchúrsaí Gaeilge i rith na bliana. Tá sé tosaithe in a lán áiteanna anois go bhfuil daltaí idirbhliana agus daltaí eile ag teacht go dtí na Gaeltachtaí. Is deis mhór é sin.

D’fhéadfaí nasc a dhéanamh le Cumann Lúthchleas Gael chun dianchúrsaí traenála pheile nó iománaíochta a reáchtáil. B’fhéidir go bhfuil sé sin luaite ag na finnéithe cheana. D’fhéadfaí iad a reáchtáil sna coláistí samhraidh d’fhoirne óga agus aosta.

D’fhéadfaí cúrsaí a chur ar fáil do mhic léinn ollscoile ó thíortha eile. D’fhéadfaí blaiseadh de chultúr na hÉireann a thabhairt dóibh agus iad lonnaithe sa Ghaeltacht ar feadh tréimhse ghearr. Tá seans ann go bhfoghlaimeoidís níos mó ansin ná mar a d’fhoghlaimeoidís laistigh den ollscoil riamh.

Is féidearthacht eile a fheicimid ná dianchúrsaí ullmhúcháin a dhéanamh don scrúdú béil ardteistiméireachta mar bíonn go leor daoine scanraithe faoin scrúdú béil. Is dóigh liom go bhfuil deis iontach ansin daoine a thabhairt isteach go díreach chun díriú air sin.

Mr. Diarmuid ? D?laigh:

Is é an rud is tábhachtaí ná go bhféachfaimid le chéile ar cad a oibríonn agus conas go n-oibreoimis le chéile chun todhchaí na gcoláistí samhraidh a chinntiú. Ba cheart dúinn go léir féachaint ní hamháin ar thodhchaí na gcoláistí samhraidh ach freisin ar shaol na Gaeilge agus conas an Ghaeilge agus na coláistí seo a chur ag obair i rith na bliana ar fad ionas go mbeadh tarrac ar na háiteanna seo agus go mbeadh poist ag na mná tí i rith na bliana ar fad agus ní hamháin sa samhradh. D’fhéadfaimis rudaí nuálacha a dhéanamh chun na daoine a mhealladh isteach agus an grá don Ghaeilge a shíleadh trí imeachtaí difriúla a chur ar fáil dóibh.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an tuairisc agus an cur i láthair. Bhí deis agam ar maidin é a léamh agus bhí plé againn níos luaithe mar gheall ar roinnt mhaith de na hábhair chéanna de na coláistí eile. Le fada an lá, tá Coláiste na Mumhan lárnach ó thaobh chúrsaí Gaelainne de i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus i gceantar Mhúscraí. Mar chuid dó sin, tá an t-óstán mar chuid mhór dó seachas mar atá tithe cónaithe na mná tí.

Bhí plé againn níos luaithe ar fhoireann a earcú chuige sin agus na dúshláin a bhaineann leis. An bhféadfaí insint dúinn mar gheall ar fháil na foirne sin? Cén deacrachtaí atá ann daoine a earcú i gcomhair cócaireachta nó i gcomhair spóir? An mbaineann na dúshláin céanna leis na múinteoirí? An bhfuil sé difriúil ó na dúshláin a bhíonn ag na coláistí eile? Tá cúpla teach cónaithe ag Coláiste na Mumhan chomh maith. Cén saghas plean a bheadh ann chun mná tí a mhealladh isteach sa chóras nó an bhfuil sé sin mar chuid den chur chuige? An mbeadh an bhéim ar fad ar an óstán agus na dúshláin atá bainteach leis sin?

Mr. Diarmuid ? D?laigh:

Is breá an rud go luann an Teachta Ó Muimhneacháin an t-óstán. Is brú atá ann i ndáiríre, ar eagla go mbeadh na comhaltaí ag cuimhneamh go mbeadh óstán cúig réalta againn i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Tá stair iontach ag baint leis an áit ach b’fhéidir nach bhfuil sé ar leibhéal cúig réalta go fóill. Fuaireamar é an-deacair anuraidh teacht ar dhaoine a thabharfadh aire maidir leis an lónadóireacht, an chistin agus mar sin de. Leanfaidh sé sin ar aghaidh mar tá siad léirithe go bhfuil daoine imithe thar lear nó go bhfuil jabanna i bhfad níos fearr á fháil acu sna cathracha. Caithfimid féachaint ar phoist lánaimseartha a chruthú amach anseo sa Ghaeltacht chun go mbeadh daoine ag triail ar an áit i rith na bliana ar fad. Bheadh foireann iontach ann i rith na bliana a bheadh taithí agus leanúnachas aici. Tá sé ábhairín difriúil ón mhéid a bhíonn á dhéanamh ag na mná tí. Ina dteach féin, tá taithí acu ar na rudaí a dhéanamh agus caitear scaling-up a dhéanamh sa samhradh i gcomhair breis uimhreacha. Inár gcás, ní bhíonn aon rud ar siúl againn i gcomhair naoi nó deich mí den bhliain.

Bíonn sé deacair gach aon rud a thosú sa samhradh agus coimisiúnú a dhéanamh ar gach aon rud. Caitear na fostaithe a earcú, Garda vetting a dhéanamh orthu agus gach aon chuid a dhéanamh maidir le fostú gach aon bhliain. Táimid dóchasach, ar nós áiteanna eile, toisc go bhfuil an t-óstán againn agus spás le haghaidh nach mór 200 duine ar an gcampas. Tá halla spóirt agus linn snámha againn. Tá áiseanna den scoth - seomraí ranga, seomraí rince, lónadóireacht agus cistin nua-aimseartha - againn. Tá na háiseanna ann ach iad a uasghrádú beagáinín anois don todhchaí agus féachaint ar na féidearthachtaí a bheidh ann don todhchaí.

Ó thaobh na mná tí, bhíodh 600 duine i mBéal Átha an Ghaorthaidh do gach cúrsa uair amháin nuair a bhíodh 20 bean tí ann sna 1960idí, 1970idí agus fiú amháin sna 1980idí, nuair a thosnaíos féin mar cheannaire, agus sna 1990idí, nuair a thosnaíos mar mhúinteoir. Tá sé deacair anois. Níl ach teach amháin dáiríre atá á dtógáil go háitiúil. Tá cúpla ceann eile i Múscraí nach bhfuil ag tógáil daoine a thuilleadh mar nach bhfuil na cúrsaí ann.

De réir mar a thuigim, tá pacáiste curtha ar fáil ag an Roinn le deontas breise €6,000 do gach aon duine. Tá muidne ag féachaint an féidir linne mar choláiste na costais ullmhúcháin a sheasamh do na mná tí, sé sin, na costais a bhaineann le córas tine a chur isteach nó mar sin. Níl sé deimhnithe go fóill againn ach táimid ag féachaint air sin a dhéanamh. Thiocfadh an t-airgead ar ais tar éis ceithre nó cúig de bhlianta agus ní bheadh aon airgead nó aon chostas breise orthu.

Chomh maith leis sin, b’fhéidir gur féidir linn roinnt de na daoine a bhíodh ag obair sa choláiste, na ceannairí nó daoine atá tiomanta don Ghaeilge, a chur ar fáil ag obair nó ag cabhrú leis na mná tí. Tá formhór na ndaoine a bheadh muid ag díriú orthu mar mhná tí ag obair i bpoist lánaimseartha agus ní féidir leo seacht nó ocht seachtaine a thógáil sa samhradh chun aire a thabhairt do scoláirí. Caithfidh muidne féachaint conas gur féidir linn poist a chruthú chun go mbeidh siad mar animator nó ainmneoir amach anseo, mar chuid den chúrsa. Mar a luaigh an Teachta Ó Cuív, ní hamháin go gcaithfidh siad a bheith níos baintí leis an gcoláiste agus leis an nGaeilge a chur chun cinn sa choláiste nó sa dúiche. Mar dhaoine proifisiúnta, bheadh sí níos tarraingtí do dhaoine gan a bheith díreach ag tabhairt aire don bhia agus don lóistín. Ní fheadar an bhfreagraíonn sé sin an cheist ach tá mé sásta féachaint ar na céimeanna. Tá feachtas tosaithe againn chun mná tí a mhealladh isteach sa rannóg don samhradh seo chugainn.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Labhair muid cheana féin mar gheall ar Airbnb agus an tslí go raibh sé in iomaíocht, nó nach raibh, leis na coláistí samhraidh. Toisc nach raibh turasóireacht i gceann de na réigiúin, ní raibh sé mar iomaitheoir. Toisc an tírdhreach, is áit álainn atá i gceantar Mhúscraí-----

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ceantar an Teachta féin atá i gceist so ligfidh mé dó an cheist sin a chur.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil Airbnb mar iomaitheoir?

Mr. Diarmuid ? D?laigh:

Tá, go deimhin. Tá sé i bhfad níos tarraingtí do dhaoine agus i bhfad níos éasca i mórán slite. Caithfimid féachaint conas gur féidir linn dul i ngleic leis agus é a dhéanamh níos tarraingtí, nó chomh tarraingteach leis sin, amach anseo.

Ms Grett O'Connor:

Nílimse bainteach leis an gcoláiste an-fhada. Seans go mbeadh tuairimí an-mhaith ag an Teachta faoi seo agus bheadh spéis againn labhairt leis aon uair chun a mholtaí a chloisteáil. B’fhéidir go bhfuil fiú aithne aige ar dhaoine a bheadh go maith chun scoláirí a choimeád. Is cinnte go bhfuil Airbnb ag déanamh dochar do go leor codanna den tsochaí, ní hamháin na coláistí samhraidh. Tá sé ag cur isteach ar go leor rudaí. Tá ré nua tosaithe le Airbnb agus níos mó rialacháin ag teacht isteach ach cinnte nuair a fhéachaimid siar, beimid ag rá go raibh impleachtaí an-mhór ag Airbnb air seo, chomh maith le gach aon rud eile.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir, ach go mór mór Grett O’Connor, atá ó Chiarraí ó dhúchas, agus Diarmuid Ó Dálaigh chomh maith. Tá suim agam i gColáiste na Mumhan mar is iarscoláire mé. Bhíos ann i rang a sé. Is cuimhin liom a lán den am a chaith mé ann agus na scileanna saoil a fuaireamar ansin. Tá cuid de na ceisteanna a bhí agam freagartha. Labhair na finnéithe mar gheall ar na deacrachtaí daoine a mhealladh go dtí an fhoireann. Tá muidne díreach tagtha ar ais ó Bhéal Feirste agus bhuaileamar le Conradh na Gaeilge ansin ar an Luan agus an Mháirt. Dúirt siad go raibh an-suim ag daoine ó thar lear sa Ghaeilge. I rith Covid, bhí tuairim is trian de na daoine ar na ranganna Zoom ó thíortha eile seachas Éire. Tá a fhios againn go bhfuil an-suim ag daoine ó thíortha eile sa Ghaeilge. Is rud maith é sin. An bhfuil aon rud atáimid in ann a dhéanamh do na finnéithe ón taobh sin de? Chuala mé na tuairimí eile mar gheall ar roghanna a chur ar fáil sa gheimhreadh agus san fhómhar. Cad iad na deacrachtaí is mó? An é nach bhfuil na mná tí nó fir thí ann, nó an bhfuil sé ródhaor dóibh? Mar a dúirt na finnéithe, d’fhéadfaí cuid den chostas chun rudaí a ullmhú a chlúdach chun daoine a chur ar ais go dtí Béal Átha an Ghaorthaidh. Cad iad na príomh-dheacrachtaí?

Mr. Diarmuid ? D?laigh:

I dtaca leis an bplean iomlán atá againne, tá plean straitéiseach á dhéanamh againn faoi láthair le comhlacht comhairleoireachta proifisiúnta. Mar a dúirt mé, tá muidne ag iarraidh a bheith mar lóchrann nó tuar dóchais don Ghaeilge i lár na Gaeltachta, áit a bhfuil an Ghaeilge ag lagú le roinnt blianta anois, i Múscraí. Tá sé in am é sin a chasadh. Tá gach rud ag dul i dtreo taithí nó eispéiris nua a thabhairt do dhaoine óga agus do chuairteoirí. Tá naisc á ndéanamh againn i gcomhpháirtíocht le dreamanna eile, mar Choláiste na hÉireann agus Gaelchultúr, mar shampla. Tá os cionn 2,000 duine ag foghlaim na Gaeilge ar líne acu faoi láthair. Bhí dhá chruinniú againn acu le déanaí. Tá an-chuid daoine ó thar lear, mar a luaigh an Teachta, gur mhaith leo teacht chugainn. Cuirfimid na háiseanna agus cúrsaí ar fáil dóibh ionas go bhfaighidh siad blas níos mó don rud agus go mbeidh spéis acu ann agus é sin a roinnt le daoine óga i gCorcaigh agus i gCúige Mumhan. An dúshlán atá romhainn anois díreach ná airgead a fháil chun uasghrádú a dhéanamh ar na háiseanna. Táimid ag féachaint ar shlite difriúla chun é sin a chur ar fáil. An príomhrud ná go mbeadh an Ghaeilge láidir sa cheantar agus naisc á ndéanamh ansin. Tá sé daor ach tá smacht againn air sin mar go bhfuil ár lóistín féin againn. Cuirimid ar fáil do ghrúpaí timpeall na tíre é. Aon ghrúpa gur mhaith leo Gaeilge a bheith ar siúl acu, is féidir leo teacht agus na háiseanna a úsáid, ag brath ar an gcostas. Is breá linn é a fheiscint. Bhí Coláiste na Mumhan nuálach agus mar cheannródaí agus ba bhreá linn dul ar ais go dtí an pointe sin.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an t-ionad agus na dormitories oscailte?

Mr. Diarmuid ? D?laigh:

Bhíodar ar fad oscailte go dtí Covid. Péinteáiltear iad gach aon bhliain agus coimeádtar suas iad. Níl an-infheistíocht á déanamh. Is carthanacht é an coláiste. Tá sé sin an-tábhachtach é sin a lua. Tá Coláiste Mumhan mar cheann de na t-aon áiteanna atá mar charthanacht. Ní bhainimid aon bhrabús, is ar son na Gaeilge atáimid ag feidhmiú. Bhunaigh Conradh na Gaeilge é. Ní rabhamar ag déanamh mórán airgid mar eagraíocht ach aon phingin a rinneamar, chuireamar ar ais é. Tá gá anois cinntiú go mbeidh airgead ann don athnuachan agus capital refurbishment de réir mar a théann muid ar aghaidh. Chuaigh na praghsanna in airde beagáinín agus táimid ag féachaint air mar phlean gnó chomh maith.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an mbeirt finné. Tá Grett O’Connor ar aithne agam. Tharraing sí mo Ghaeilge amach ag dul siar do gach agallamh so míle buíochas as sin. Lean mé ar aghaidh leis an nGaeilge. Gabhaim buíochas as an gcur i láthair maidir leis na dúshláin agus na féidearthachtaí. Ar 4 a chlog beidh mise ag cruinniú eile, mar a tharlaíonn sé, maidir leis an dúshlán an Ghaeilge a chur chun cinn i dTithe an Oireachtais. Tá sé deacair gan a bheith in ísle brí, in ainneoin chomh tógtha is atá gach Teachta Dála agus Seanadóir leis an nGaeilge. Táimid i mbun tuarascáil a chur le chéile. Sa chomhthéacs sin, an bhfuil féidearthachtaí anseo? Bhí mé i gConamara le déanaí maidir leis an acadamh. Tá siadsan ag caint faoi scoláirí a mhealladh ó thar lear. Cad mar gheall ar na scoláirí atá sna Tithe seo agus na daoine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim? An bhfuil aon smaoineamh ag na finnéithe faoi na féidearthachtaí atá ansin, go háirid ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an céatadán de na hearcaigh nua a bheidh i gceist amach anseo? Maidir leis an tuarascáil atá le cur le chéile againne laistigh den mhí atá le teacht, tá neart deiseanna ansin ó thaobh Teachtaí Dála agus an fhoireann uilig ar an talamh atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn.

Níl aon chur síos air sin, beag ná mór, sa chomhthéacs sin.

Cuireann na dúshláin atá leagtha amach anseo beagáinín iontais orm. Is fadhbanna coitianta atá curtha in iúl ag an dá dhream eile atá os ár gcomhair. Tá dhá rud luaite. An chéad cheann ná easpa féinmhuiníne i measc na hóige. Deirtear, “bíonn drogall orthu iad féin a chur in iúl i mBéarla nó i nGaeilge, ach bíonn an fhadhb níos measa ó thaobh na Gaeilge de.” Cuireann sé sin iontas orm, ní ó thaobh na Gaeilge de ach ó thaobh an Bhéarla. Cheap mé go raibh daoine óga i bhfad níos muiníní ach b’fhéidir go bhfuil mé mícheart. An rud eile ná áiseanna múinteoireachta a bheith ar chomhchéim. Bheinn ag súil go mbeadh siad ar chomhchéim nó níos fearr. Cén fáth nach bhfuil siad mar sin faoi láthair? An bhfuil na mná tí ag rá nach bhfuil ach teach amháin ag feidhmiú? An raibh míthuiscint ansin? Níl an uimhir ag éirí. Tá an t-óstán nó brú suimiúil agus gabhaim comhghairdeas leis na finnéithe as sin. Tá Coláiste na Mumhan ag feidhmiú breis is 100 bliain so tá éacht amach is amach déanta. Is eiseamláir iad. Ní mór dom é sin a rá. An bhfuil fadhbanna faoi leith le córas mar sin, le brú, agus ag cinntiú go bhfuil an Ghaeilge á húsáid ag na daltaí? An bhfuil fadhb ar bith ann?

Ag dul ar ais go dtí na féidearthachtaí atá ann anois ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an fhoireann sna Tithe seo, ceapaim go bhfuil neart deiseanna ann. Bhí smaoineamh ansin ag Diarmuid Ó Dálaigh agus Grett O’Connor maidir le ról nua do na mná tí, go mbeidh siad i bhfad níos baintí leis na coláistí agus go mbeidh poist bhuana acu i rith na bliana. Sin ceann de na réitithe atá thar a bheith tábhachtach, seachas a bheith ag brath ar chúpla pingin agus ar dhea-thoil na mban tí chun an Ghaeilge a chur chun cinn, gan iad a íoc agus gan aon aitheantas a thabhairt do cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh na mná tí bainteach leis na scoileanna agus mar chroílár an rud uilig. Ceapaim gur smaoineamh iontach é sin agus iarraim tuilleadh sonraí faoi.

Ms Grett O'Connor:

Shroicheamar an foirgneamh seo inniu agus bhí comhrá lán-Ghaeilge againn leis an uiséir ag an doras. Chuir sé ionadh orm mar bhí sé de phribhléid agam a bheith ag obair sa Tigh seo mé féin fadó, idir 1993 agus 1995, agus is beag Gaeilge a bhí le cloisteáil ann an uair sin. Chuir sé iontas orm. Bhíos ag smaoineamh air ina dhiaidh sin. Bhíomar anseo níos luaithe agus ní raibh a fhios againn go raibh sé ag tosú. Tá brón orainn a bheith déanach ach cheapamar go raibh muid ag tosú ag 3.30 p.m. Tá a fhios agam go mbíonn an fáinne á chaitheamh ag daoine ach d’fhéadfaí córas inmheánach a bheith sa Tigh seo chun go n-aithneofá go raibh Gaeilge ag duine éigin. Bheadh sé sin go maith, ionas go bhféadfaimis fios a bheith againn cén daoine a raibh Gaeilge acu. Fiú sa Ghaeltacht féin anois níl a fhios agat an bhfuil fáilte roimh an nGaeilge nó nach bhfuil, nó an bhfuil tú ag cur as do dhuine agus tú ag labhairt Gaeilge leo. Daoine áirithe, níl focal acu agus a lán daoine eile bíonn siad maslaithe má labhraíonn tú Béarla leo agus a mhalairt. Rith sé sin liom inniu. Chun an Ghaeilge a chur chun cinn i dTithe an Oireachtais, nach mbeadh sé go hiontach dá mbeadh córas éigin níos feiceálaí ná an fáinne? Níl a fhios agam conas a dhéanfá é ach córas éigin chun go mbeadh a fhios agat cé hiad na daoine a bheadh sásta Gaeilge a labhairt leat agus na daoine a d’éisteadh leat agus a chabhróidh leat le do Ghaeilge.

D’fhiafraigh an Teachta faoi fhéinmhuinín na ndaoine óga. Tá an-spéis agam sa teangeolaíocht agus sa tslí ina bhfoghlaimíonn muid teangacha. Is breá liom teangacha mé féin agus is féidir liom Béarla, an Fhraincis agus an Ghaeilge a labhairt. Tá easpa féinmhuiníne i measc na ndaoine óga agus bíonn sé sin ag teastáil chun teanga nua a labhairt. Sin ceann de na príomhrudaí atá ag teastáil chun triail a bhaint as. Tá an méid sin brú ar dhaoine óga na linne seo, níos mó ná riamh, mar tá siad chomh feiceálach. Tá siad le feiscint chomh mór ó thaobh na meán agus ar na hardáin shóisialta go léir. Mothaíonn siad faoi spotsolas an t-am ar fad. Tá baint aige sin leis an tslí ina bhfaigheann siad níos deacra é an teanga a fhoghlaim. Sin mo thuairim féin agus sin atá feicthe agamsa.

Ó thaobh conas an Ghaeilge a chur in úsáid ag na daltaí, bhíos féin ar scoil chónaithe sa Daingean agus is cuimhin liom go mbíodh na siúracha fadó - bail ó Dhia orthu, tá an chuid is mó acu imithe ar shlí na fírinne anois - an-díograiseach chun a chinntiú go raibh Gaeilge á labhairt againn idir a chéile an t-am ar fad, gach uair den lá. Ní fheadar an féidir é sin a dhéanamh a thuilleadh. Tá m’iníon ag freastal ar an scoil lán-Ghaelach chéanna sa Daingean anois, agus deir sí liom nach mbíonn siad ag labhairt Gaeilge an t-am ar fad eatarthu féin ach go labhraítear i bhfad níos mó Gaeilge ná mar a bheifear ag súil leis. Tugann sé sin dóchas dom.

Mr. Diarmuid ? D?laigh:

Bheadh muid an-oscailte cabhrú le Tithe an Oireachtais agus rudaí a thriail amach. Tiocfaidh mé ar ais chuig an Teachta faoi sin amach anseo. Bheadh muid an-oscailte oibriú le haon ghrúpa gur mhaith leo an Ghaeilge a fhoghlaim, a chleachtadh nó a chur chun cinn.

Ó thaobh áiseanna teagaisc, is breá liom dul go Gaoth Dobhair gach aon samhradh i gcomhair trí seachtaine nó mar sin agus éisteacht leis an nGaeilge. Bhíos páirteach i gcúrsaí ann le linn na mblianta agus tá aithne mhaith agam ar Chonamara chomh maith. Ní bhíonn na háiseanna teagaisc chomh maith is atá siad sna scoileanna ag na coláistí samhraidh ach amháin i gcorr áit. Ba cheart dúinn infheistiú a dhéanamh ansin mar, mar a luaigh Grett O’Connor ansin, tá taithí ag daoine óga ar theicneolaíocht atá d’ardchaighdeán agus ar an spota. Caithfimid féachaint air sin sa todhchaí chun go mbeadh saotharlann teanga nó language lab d’ardchaighdeán ar fáil dóibh chun go mbeadh sé an-phroifisiúnta.

I dtaca le brú nó óstán a bheith againn i gcomparáid le mná tí, bíonn sé níos deacra an Ghaelainn a chur chun cinn an t-am ar fad ach tá na múinteoirí ar fad timpeall na háite agus tá roinnt mhaith ceannairí timpeall na háite ag cabhrú leo. Ar shlí amháin, cé go bhfuil sé beagáinín níos deacra, tá sé an-sábháilte. Tá feitheoireacht an-mhaith ann an t-am ar fad. Tá buntáistí ann. Is breá le daoine óga áirithe a bheith mar chuid de ghrúpa mór agus na déagóirí óga go háirithe a bheith mar chuid den pack, mar a déarfá. Tá áiseanna spóirt den scoth againne ar an gcampas so tá gach rud lárnach, cosúil le scoil chónaithe. Bhíos féin ar scoil i mBaile Bhúirne, i gColáiste Íosagáin, fadó agus is ann a fuair mise síol an ghrá don Ghaeilge agus inar osclaíodh mo shúile go raibh saíocht, saibhreas agus seodra sa teanga. Tá sé sin tar éis mo shaol a athrú. Anois tá cúigear páistí á dtógáil agam le Gaeilge toisc gur chuir duine éigin an síol sin fadó agus gur casadh daoine iontacha orm ar m’aistear. Sin an rud gur cheart a bheith i lár aon choláiste samhraidh. Tá sé go smior ag na mná tí. Sin go díreach an rud a dúirt an Teachta. Más féidir leo bheith níos baintí leis, bheadh gach duine ag imeacht le breis fuinnimh agus bheadh na súile oscailte don síol sin. Má thosaítear sin táim cinnte go dtiocfaidh siad ar ais nuair a chífidh siad an stair agus an seanchas, ar shlí atá oiriúnach dóibh - ní chun iad a mharú leis. Is deis iontach é seo inniu chun na rudaí sin a plé.

Ó thaobh na samhla nó an model atá againn don bhrú don todhchaí, bheadh seisear nó seachtar in aon seomra nó árasán beag. B’fhéidir go mbeadh cillíní beaga ann. D’fheidhmeodh sé mar chill bheag na Gaeilge agus bheadh ceannaire leo ansin. Tá sé cosúil le bean tí agus muirear páistí mórthimpeall uirthi; is an rud ceannann céanna atá muidne ag iarraidh a bheith ann don todhchaí. Tá an model sin á dréachtú againn. Tá súil againn nuair a bheidh tithe nua á dtógáil againn go mbeidh saghas árasáin, ar nós árasáin ollscoile, ann. Bheadh siad mar residences ar ardchaighdeán go bhféadfadh daoine fásta nó daoine óga dul isteach ann, le cúigear nó seisear in aon áit.

D’fhéadfadh ceannaire nó múinteoir a chinntiú go mbeadh an Ghaeilge ar siúil. Bheadh sé sin i bhfad níos fearr ná fadó nuair a bhíodh 40 duine i seomra mór fada. B'fhéidir go bhfuil cuimhne ag an Teachta Ó Dálaigh air.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Féach cad a tharla.

Mr. Diarmuid ? D?laigh:

Tá an Ghaeilge á labhairt aige go fóill, bail ó Dhia air.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil éinne eile ag iarraidh teacht isteach ar na pointí seo?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Luaigh an Teachta Daly go rabhamar i mBéal Feirste, in áis darb ainm An Droichead. Áis iontach ar gach leibhéal atá ann. Dúradh linn go dtagann 60% de na hacmhainní a fhaigheann an áis ó fhoinsí príobháideacha agus tagann 40% ón stát. Chuir mé ceist mar bhean shoineanta an raibh an cúnamh sin ag dul sa treo ceart. Bhí mé ag súil go dtiocfadh níos mó airgid ón earnáil phoiblí. Dúradh liom go raibh sé agus go raibh siad ag súil go mbeadh sé roinnte 80:20, nó rud mar sin, le 80% ón earnáil phríobháideach. Ní ón earnáil phríobháideach, ach chun an t-airgead a bhailiú. Sin é an neamhspleáchas a léiríodh dúinn. Baineadh stangadh asam ar a lán leibhéil. Bhí an spiorad iontach ann.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agus b’fhéidir cúpla ráiteas agam féin. Tá ceist amháin agam agus measaim go bhfuil an freagra agam uirthi cheana féin ach iarraim í ionas go mbeidh sé soiléir dóibh siúd atá ag éisteacht agus nuair a bheidh an tuarascáil á cur le chéile againn. Den chuid is mó, an mbíonn na seomraí, a úsáideann na mic léinn samhraidh, folamh lasmuigh den séasúr?

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Bíonn.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é an fáth go bhfuil mé ag cur na ceiste seo, mar atá sé luaite ag comhaltaí, ná go bhfuil sé mar chuid den jab atá ann ná cinnte a dhéanamh go bhfuil poist lánaimseartha ann. Ní bheidh siad lánaimseartha ach amháin má líonann an Stát na hionaid le mic léinn. Bhí mé i dteagmháil le Coláiste Chamuis mar gheall ar an gcúrsa trí lá atá acu i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair. Bíonn daltaí scoile sa choláiste sa tréimhse sin. Ní oibríonn sé sin do gach duine. Mar a luaigh an Teachta Connolly, tá jab mór ag an Stát na státseirbhísigh a athrú chun an 20% a bhaint amach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chun iad a Ghaelú.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chun iad a Ghaelú. Tá 20% leagtha síos mar sprioc. Ní éireoidh leis an Stát é sin a bhaint amach go díreach trí earcaíocht. Caithfear iad siúd atá sa chóras cheana féin a Ghaelú. Chun é sin a dhéanamh, ní leor freastal ar chruinnithe ar Zoom nó ar ranganna i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, nó in aon áit eile. Níl mé ag caitheamh anuas ar dhaoine a fhreastalaíonn ar na ranganna sin. Mar a chonaic muid i mBéal Feirste, tá a lán ranganna ar siúl agus na mílte daoine timpeall na tíre ag foghlaim Gaeilge trí chúrsaí. Ach leis an mblas iomlán agus an tairbhe a fháil, caithfear dul go dtí an Ghaeltacht agus, más féidir, a bheith le clann atá ag obair trí Ghaeilge agus taithí ar na dúshláin ar fad a bheith acu.

B’fhéidir gurbh fhiú dul ar ais go dtí an tréimhse a bhí ann nuair a bhí mise óg i nGael Linn. Chaith mic léinn trí mhí sa Ghaeltacht nuair a bhí siad deich mbliana d’aois. Ní dhearna sé aon dochar domsa ná do na mílte dalta eile a d’fhreastail ar scoil. Chaith mé dhá thréimhse trí mhí sa Ghaeltacht nuair a bhí mé naoi mbliana d’aois. Níl a fhios agam cad a rinne mé ar mo thuismitheoirí agus iad ag iarraidh fáil réidh liom. No, ní mar sin a bhí sé. Bhí an tuiscint sin ann i measc an-chuid Gaeil i mBaile Átha Cliath, ina measc na ndaoine a raibh mé cairdiúil leo, agus a bhfuilim fós, a d’fhreastail ar na cúrsaí sin liom. Bhí mé ar chúrsa samhraidh ina dhiaidh sin i Machaire Rabhartaigh chomh maith. Chuidigh sé liom, mar a dúirt an Teachta Daly, na ceachtanna saoil a fhoghlaim agus cairde a dhéanamh. D’fhreastail mé ar scoileanna Gaeilge i mBaile Átha Cliath, ach thug sé sin deis dom an Ghaeilge a úsáid lasmuigh den scoil nuair a chríochnaigh mé ar 2 p.m. Tógadh i mBaile Átha Cliath mé. Ní raibh an Béarla agam i gceart go dtí go raibh mé seacht mbliana d’aois in ainneoin gach duine timpeall orm ag labhairt Béarla. Casann an-chuid daoine ar an mBéarla a luaithe agus a fhágann siad an scoil. Nuair a bhíomar i mBéal Feirste, thugamar cuairt ar an ionad spreagúil, Glór na Móna, atá dírithe go hiomlán ar conas na páistí a choinneáil ag úsáid na Gaeilge lasmuigh de mheánscoileanna agus de bhunscoileanna an cheantair. Measaim gur trí na cúrsaí samhraidh agus a leithéidí a dhéanfar sin.

Ardaíodh ceist an scrúdú béil leis an gcoiste le déanaí. Fuarthas réidh leis ag leibhéal an teastais shóisearaigh - pé teideal nua atá air - mar ní fhaightear teastas a thuilleadh. Ceann de na rudaí is mó atá á rá ag daoine ná gur chóir go mbeadh scrúdú béil ag an leibhéal seo, mar atá ag leibhéal na hardteistiméireachta. Chun an Ghaeilge a fhoghlaim i gceart, caithfear an tumoideachas a fhaightear i gcoláiste samhraidh a fháil. Caithfidh an Stát é a dhéanamh. Níl an dualgas ar na coláistí ná ar mhná tí. Ní mór don Stát straitéis a dhéanamh chun cuidiú leis na grúpaí ar na bealaí a luaigh siad chun cabhrú leis na seomraí folamh. Bhíomar ag an acadamh, mar a dúirt an Teachta Connolly. Tá siadsan ag smaoineamh ar an gceist seo. Tá na finnéithe ag smaoineamh uirthi. Tá cuma ar an scéal go bhfuil gach duine ag smaoineamh uirthi seachas an Roinn. Ní fiú smaoineamh uirthi muna bhfuil infheistíocht curtha ar fáil. Ba chóir go dtabharfaí an t-airgead cuí as an soláthar agus as an gcúnamh atá á thabhairt don Stát chun a aidhm a bhaint amach. Go minic, ní leor "ar son na cúise".

D'fhógair an tAire Stáit €6 milliún chun daoine nua a mhealladh isteach san earnáil. Níl a fhios agam an bhfuil an t-airgead sin ar fáil dóibh siúd atá ann cheana féin nó chun seomraí nua a chur ar fáil. Maidir leis an deontas tosaithe aon-uaire de €6,000, dúirt an tAire Stáit go raibh costais measúnú sábháilteacht dóiteáin, earraí maolaithe baol dóiteáin agus leapacha nua san áireamh. Luadh an pointe seo níos luaithe, ach go bhfios dom níl sé ar fáil dóibh siúd atá ann cheana féin.

Mr. Diarmuid ? D?laigh:

Níl na mionsonraí feicthe againn go fóill ach táimid ag úsáid na gceannteideal agus an uimhir mhór chun daoine a mhealladh isteach agus chun a rá leo go bhfuil a leithéid ann. B'fhéidir go mbeadh eolas ag na mná tí an bhfuil an deontas ar fáil dóibh.

Ms M?ire U? Choilm:

Níl sé. Chuir muidne ceist fá choinne chuidiú nuair a thosaigh muid ar ais tar éis Covid. Cé go raibh orainn rudaí úra a cheannach, ní bhfuair muid cuidiú ar bith.

Mr. Diarmuid ? D?laigh:

B'fhéidir go bhfuil slí chun é sin a chur ar fáil do na daoine atá ag teacht ar ais tar éis na paindéime, chomh maith le mná tí nua a mhealladh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba chóir go mbeadh sé ann má tá athchóiriú á dhéanamh ar na seanfhoirgnimh nó aon rud dá leithéid. B'fhéidir gurb é sin ceann de na moltaí a bheidh againn nuair a bhuailfimid leis an Aire Stáit nó leis na státseirbhísigh atá ag déileáil leis seo. Tá sé i gceist againn iarraidh ar an Aire Stáit nó ar na státseirbhísigh teacht os comhair an choiste chun ár n-éilimh a chur orthu agus na fadhbanna a ardú go díreach leo. An bhfuil aon cheist, fhreagra, nó ráitis deiridh ag na finnéithe?

Ms M?ire U? Choilm:

Dúirt an Seanadóir Kyne go rachadh sé ar ais chun cuidiú a fháil do mhná tí fá choinne athruithe a dhéanamh ar a dtithe, go háirithe maidir le haláraim dhóiteáin.

Tá siad uilig le híoc againn anois má tá siad deich mbliana d’aois. Caithfidh mná tí rudaí úra a thabhairt isteach ina dtithe. Dúirt an Seanadóir go bhfeicfeadh sé an bhféadfadh sé cuidiú linn fá choinne sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá tagairt dó sa ráiteas a d’fhoilsíodh ach is don dream nua amháin é. D’fhéadfaimis brú a chur ar an Roinn é sin a leathnú amach.

Ms M?ire U? Choilm:

Pointe mór eile ná go gcaithfidh an Roinn labhairt leis na mná tí agus go gcaithfidh níos mó soiléireachta a bheith eatarthu. Ábhar mór tábhachtach dár dtaobh tíre ná an polasaí fá dtaobh de mná tí a bheith 70 bliain d’aois. Caithfear siúl a dhéanamh leis sin. Luaigh an Teachta Ó Cuív go bhféadfadh duine eile a bheith ann ar nós iníon nó mac. Tá mná tí ann nach bhfuil duine ar bith eile sa bhaile acu. Sin pointe iontach tábhachtach eile a chaithfidh an Roinn dul ar ais agus smaoineamh arís air.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceann de na pointí eile a ardaíodh ná an riail maidir le líon na ndaltaí a athrú ó 16 go dtí 12.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Gan dabht

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dá mba mhaith leis na mná tí go n-ardóimis aon ghné eile, iarraim orthu nóta a scríobh chugamsa nó chuig cléireach an choiste agus scaipfimid ar gach ball den choiste é. Beidh muid in ann é a ardú ní hamháin leis an gcoiste seo ach uaireanta bíonn deis againn na ceisteanna seo a chur sa Dáil.

Mr. Diarmuid ? D?laigh:

Go raibh míle maith agaibh as an deis labhartha ar na fadhbanna agus na féidearthachtaí. Ní dóigh liom go bhfuil sé ann, ach ag teacht leis an bplean straitéiseach atá ann cheana féin, an bhféadfadh plean fadtéarmach a chur san áireamh ar earnáil na gcoláistí samhraidh nó ar labhairt na Gaeilge i measc daoine óga? An bhféadfaí grúpa a thabhairt le chéile a d’fhéachfadh ní hamháin ar na pointí gearrthéarmacha tar éis na paindéime ach ar feadh 20 bliain amach? Tá aois nua romhainn le daoine óga. Aois dhigiteach atá ann. Caithfimid féachaint go fadtéarmach air seo. Ba cheart dúinn féachaint ar phoist lánaimseartha bhuana a chruthú sa Ghaeltacht ar nós mná tí nó beochantóirí. Chuirfimis fáilte roimh sin agus bheadh Coláiste na Mumhan an-sásta cabhrú in aon slí is féidir.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bheadh sé sin loighciúil. Níl a fhios agam an mbeidh tuairisc i gceist againn féin nó ag an Aire Stáit amháin, ach is féidir linn an cheist sin a ardú.

Ms ?na N? Fhaircheallaigh:

Tacaím leis an méid atá díreach ráite agus an méid a dúirt an Teachta Uí Chonghaile maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus le seirbhísí poiblí. Tá féidearthachtaí móra ansin agus, mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, tá margadh mór ansin don Ghaeltacht. Tá an oiread sin státseirbhísigh agus seirbhísigh poiblí ann a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus gur bhreá leo seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge ach níl an líofacht acu chun é a dhéanamh, agus tá féidearthachtaí ann dúinne. Mar iar-státseirbhísigh, tá a fhios againn go bhfuil sé sin fíor agus go bhfuil an fhéidearthacht mhór sin ann. Iarraim nach ndéantar dearmad air nuair atá an coiste ag labhairt leis an Roinn.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá spás idir mí Mheán Fómhair agus mí an Mhárta, nuair a bhíonn cúrsaí Cásca ag roinnt coláistí, agus spás eile go dtí mí an Mheithimh. Tá go leor spás ansin do gach uile státseirbhíseach sa tír thréimhse a chaitheamh le mná tí thar thréimhse blianta agus ansin beidh meon na státseirbhíse i bhfad níos fearr ó thaobh na Gaeilge de.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Má tá státseirbhísigh ag fanacht i dteach, mar shampla, tá siad ag iarraidh cóiríochta atá thar a bheith difriúil, mar sin beidh íocaíochtaí éagsúla i gceist. Caithfidh na deontais ón Roinn é sin a aithint. Níl aon mhaith foirm amháin a bheith ann agus a rá “Is cuma cad a tharlaíonn; is é sin é ó thús go deireadh.” Caithfimid dul ar ais ag an Aire Stáit agus a rá go bhfuil athruithe láithreacha ag teastáil. Má théitear síos bealach an athbhreithnithe, beifear leis go brách, agus faoi cheann trí bliana, beidh daoine fós ag gearán faoin athbhreithniú. Caithfimid rud éigin a dhéanamh go fadtéarmach. Caithfimid athbhreithniú a dhéanamh láithreach agus níor cheart go mothódh aon Aire go bhfuil cosc air nó uirthi athrú a dhéanamh amárach má tá rud le déanamh. Sin laincis aisteach atá tagtha isteach sa chóras. Táimid róchríochnúil le chuile shórt agus ní tharlaíonn tada riamh, in ionad a rá go bhfuil rud an-soiléir le déanamh agus go ndéanfaimid anois é. Tógfaimid air sin de réir a chéile agus beidh athbhreithniú mór ann. É sin ráite, mura mbreathnaímid air níos leithne, beidh teip orainn sa deireadh.

Ba i gColáiste na Mumhan a thosaigh mise ag foghlaim na Gaeilge siar sna laethanta. Chaith mé trí bliana ann ag dul go dtí an Ghaeltacht, mar sin tá eolas an-mhaith agam ar Choláiste na Mumhan.

Mr. Diarmuid ? D?laigh:

Bhí an-bhaint ag muintir an Teachta - Brian Ó Cuív, srl. - le stair Choláiste na Mumhan chomh maith.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí, agus an-fhada siar. Lá amháin, chas mé le bean as Conamara agus d’athraigh sé sin chuile shórt ar ndóigh. Chas mé leis an Ollamh Tomás de Bhaldraithe agus dúirt sé gur iontach an rud é duine de mhuintir Uí Chuív a chloisteáil ag labhairt Gaeilge Chonamara.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirfidh mé deireadh leis an gcuid sin den chruinniú. Ar mhaith le Sally Uí Rabhartaigh a theacht isteach?

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Ó thaobh na n-íocaíochtaí i mbliana agus an mhoill fhada leo, tá an teicneolaíocht agus gach rud anois i bhfad níos gasta ach tá an Roinn na Gaeltachta ag dul ar gcúl.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ag an am céanna, mura n-íocann na coláistí, fágfaidh na scoláirí.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Sin é. Tá na liostaí agus na hainmneacha go léir ag an Roinn, ach tá sé ag éirí níos moille agus níos moille.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Páipéarachas, agus níl aon pháipéar ann.

Ms M?ire U? Choilm:

Ceithre mhí-----

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Fiú má chuirtear scairt ar an Roinn, deirtear leat nach bhfuil an t-oifigeach san oifig, go bhfuil sí ag obair ón mbaile nó ag obair in áit eile. Ní féidir teacht ar dhuine chun caint leis nó léi.

Ms M?ire U? Choilm:

Níl tú ábalta labhairt le duine.

Mr. Diarmuid ? D?laigh:

Ós rud é go bhfuil cúrsaí airgid luaite, tá ceist deiridh agam. Ag tús an chúlaithe eacnamaíochta, íslíodh an méid airgid a fhaigheann na coláistí cónaithe, cosúil le Coláiste na Mumhan. Ní fhaighimid ach leath den mhéid a bhíodh againn roimhe sin, agus níos lú ná ceathrú den mhéid a fhaigheann na mná tí, chun daoine a choinneáil sa choláiste. Bhí sé an-deacair athnuachan a dhéanamh. Tá sé tábhachtach go bhfuil sé seo ag athrú anois. Scríobhamar chuig an Aire roinnt babhtaí mar gheall air, ach ba bhreá linn dá gcabhróidh an coiste linn.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé mhéad a fhaightear in aghaidh na hoíche? An bhfaigheann na mná tí €10? Cé mhéad a bheidh á fháil acu an bhliain seo chugainn?

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Beimid ag fáil €12.20.

Mr. Diarmuid ? D?laigh:

Agus tugann an coláiste €12, mar sin faigheann siad €24 agus ní fhaigheann muid ach €6.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní hea. An rud atá i gceist agam ná an méid a fhaigheann an coláiste, tá sé ag an gcoláiste. Is faoin gcoláiste féin é a chur isteach sa lóistín. Is é an difríocht ná go bhfaighidh an coláiste €6 agus go bhfaighidh na mná tí €12 an bhliain seo chugainn. An é €12 an méid?

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Dhá euro déag agus fiche cent.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Muise.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I mí Dheireadh Fómhair mar a dúradh.

Ms M?ire U? Choilm:

Chuaigh an íocaíocht suas le 10%, sin €11, agus ardaíodh 10% arís í. Sílim gur sin €12.20.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

€12.10 a bheidh ann.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba í €10.50 an íocaíocht in 2008 agus mar sin níl an t-ardú chomh mór sin.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Níl ar chor ar bith. Tá sé níos mease.

Ms M?ire U? Choilm:

Is é sin atáimid ag iarraidh a rá.

Ms Sally U? Rabhartaigh:

Go háirithe ó thaobh Covid de.

Ms M?ire U? Choilm:

Scannalach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Iarraim ar Choláiste na Mumhan litir a chur ar aghaidh chugainn. D’aithin muid é nuair a bhí Covid ar siúl agus ardaíodh an cheist sin chomh maith. Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad - Diarmuid Ó Dálaigh, Grett O'Connor, Sally Uí Rabhartaigh, Máire Uí Choilm, Úna Ní Fhaircheallaigh agus Brídóg Ní Chonaire - as a bheith anseo.