Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Coláistí Samhraidh agus Mná Tí: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an mbeirt finné. Tá Grett O’Connor ar aithne agam. Tharraing sí mo Ghaeilge amach ag dul siar do gach agallamh so míle buíochas as sin. Lean mé ar aghaidh leis an nGaeilge. Gabhaim buíochas as an gcur i láthair maidir leis na dúshláin agus na féidearthachtaí. Ar 4 a chlog beidh mise ag cruinniú eile, mar a tharlaíonn sé, maidir leis an dúshlán an Ghaeilge a chur chun cinn i dTithe an Oireachtais. Tá sé deacair gan a bheith in ísle brí, in ainneoin chomh tógtha is atá gach Teachta Dála agus Seanadóir leis an nGaeilge. Táimid i mbun tuarascáil a chur le chéile. Sa chomhthéacs sin, an bhfuil féidearthachtaí anseo? Bhí mé i gConamara le déanaí maidir leis an acadamh. Tá siadsan ag caint faoi scoláirí a mhealladh ó thar lear. Cad mar gheall ar na scoláirí atá sna Tithe seo agus na daoine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim? An bhfuil aon smaoineamh ag na finnéithe faoi na féidearthachtaí atá ansin, go háirid ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an céatadán de na hearcaigh nua a bheidh i gceist amach anseo? Maidir leis an tuarascáil atá le cur le chéile againne laistigh den mhí atá le teacht, tá neart deiseanna ansin ó thaobh Teachtaí Dála agus an fhoireann uilig ar an talamh atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn.

Níl aon chur síos air sin, beag ná mór, sa chomhthéacs sin.

Cuireann na dúshláin atá leagtha amach anseo beagáinín iontais orm. Is fadhbanna coitianta atá curtha in iúl ag an dá dhream eile atá os ár gcomhair. Tá dhá rud luaite. An chéad cheann ná easpa féinmhuiníne i measc na hóige. Deirtear, “bíonn drogall orthu iad féin a chur in iúl i mBéarla nó i nGaeilge, ach bíonn an fhadhb níos measa ó thaobh na Gaeilge de.” Cuireann sé sin iontas orm, ní ó thaobh na Gaeilge de ach ó thaobh an Bhéarla. Cheap mé go raibh daoine óga i bhfad níos muiníní ach b’fhéidir go bhfuil mé mícheart. An rud eile ná áiseanna múinteoireachta a bheith ar chomhchéim. Bheinn ag súil go mbeadh siad ar chomhchéim nó níos fearr. Cén fáth nach bhfuil siad mar sin faoi láthair? An bhfuil na mná tí ag rá nach bhfuil ach teach amháin ag feidhmiú? An raibh míthuiscint ansin? Níl an uimhir ag éirí. Tá an t-óstán nó brú suimiúil agus gabhaim comhghairdeas leis na finnéithe as sin. Tá Coláiste na Mumhan ag feidhmiú breis is 100 bliain so tá éacht amach is amach déanta. Is eiseamláir iad. Ní mór dom é sin a rá. An bhfuil fadhbanna faoi leith le córas mar sin, le brú, agus ag cinntiú go bhfuil an Ghaeilge á húsáid ag na daltaí? An bhfuil fadhb ar bith ann?

Ag dul ar ais go dtí na féidearthachtaí atá ann anois ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an fhoireann sna Tithe seo, ceapaim go bhfuil neart deiseanna ann. Bhí smaoineamh ansin ag Diarmuid Ó Dálaigh agus Grett O’Connor maidir le ról nua do na mná tí, go mbeidh siad i bhfad níos baintí leis na coláistí agus go mbeidh poist bhuana acu i rith na bliana. Sin ceann de na réitithe atá thar a bheith tábhachtach, seachas a bheith ag brath ar chúpla pingin agus ar dhea-thoil na mban tí chun an Ghaeilge a chur chun cinn, gan iad a íoc agus gan aon aitheantas a thabhairt do cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh na mná tí bainteach leis na scoileanna agus mar chroílár an rud uilig. Ceapaim gur smaoineamh iontach é sin agus iarraim tuilleadh sonraí faoi.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.