Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Coláistí Samhraidh agus Mná Tí: Plé

Ms Grett O'Connor:

Shroicheamar an foirgneamh seo inniu agus bhí comhrá lán-Ghaeilge againn leis an uiséir ag an doras. Chuir sé ionadh orm mar bhí sé de phribhléid agam a bheith ag obair sa Tigh seo mé féin fadó, idir 1993 agus 1995, agus is beag Gaeilge a bhí le cloisteáil ann an uair sin. Chuir sé iontas orm. Bhíos ag smaoineamh air ina dhiaidh sin. Bhíomar anseo níos luaithe agus ní raibh a fhios againn go raibh sé ag tosú. Tá brón orainn a bheith déanach ach cheapamar go raibh muid ag tosú ag 3.30 p.m. Tá a fhios agam go mbíonn an fáinne á chaitheamh ag daoine ach d’fhéadfaí córas inmheánach a bheith sa Tigh seo chun go n-aithneofá go raibh Gaeilge ag duine éigin. Bheadh sé sin go maith, ionas go bhféadfaimis fios a bheith againn cén daoine a raibh Gaeilge acu. Fiú sa Ghaeltacht féin anois níl a fhios agat an bhfuil fáilte roimh an nGaeilge nó nach bhfuil, nó an bhfuil tú ag cur as do dhuine agus tú ag labhairt Gaeilge leo. Daoine áirithe, níl focal acu agus a lán daoine eile bíonn siad maslaithe má labhraíonn tú Béarla leo agus a mhalairt. Rith sé sin liom inniu. Chun an Ghaeilge a chur chun cinn i dTithe an Oireachtais, nach mbeadh sé go hiontach dá mbeadh córas éigin níos feiceálaí ná an fáinne? Níl a fhios agam conas a dhéanfá é ach córas éigin chun go mbeadh a fhios agat cé hiad na daoine a bheadh sásta Gaeilge a labhairt leat agus na daoine a d’éisteadh leat agus a chabhróidh leat le do Ghaeilge.

D’fhiafraigh an Teachta faoi fhéinmhuinín na ndaoine óga. Tá an-spéis agam sa teangeolaíocht agus sa tslí ina bhfoghlaimíonn muid teangacha. Is breá liom teangacha mé féin agus is féidir liom Béarla, an Fhraincis agus an Ghaeilge a labhairt. Tá easpa féinmhuiníne i measc na ndaoine óga agus bíonn sé sin ag teastáil chun teanga nua a labhairt. Sin ceann de na príomhrudaí atá ag teastáil chun triail a bhaint as. Tá an méid sin brú ar dhaoine óga na linne seo, níos mó ná riamh, mar tá siad chomh feiceálach. Tá siad le feiscint chomh mór ó thaobh na meán agus ar na hardáin shóisialta go léir. Mothaíonn siad faoi spotsolas an t-am ar fad. Tá baint aige sin leis an tslí ina bhfaigheann siad níos deacra é an teanga a fhoghlaim. Sin mo thuairim féin agus sin atá feicthe agamsa.

Ó thaobh conas an Ghaeilge a chur in úsáid ag na daltaí, bhíos féin ar scoil chónaithe sa Daingean agus is cuimhin liom go mbíodh na siúracha fadó - bail ó Dhia orthu, tá an chuid is mó acu imithe ar shlí na fírinne anois - an-díograiseach chun a chinntiú go raibh Gaeilge á labhairt againn idir a chéile an t-am ar fad, gach uair den lá. Ní fheadar an féidir é sin a dhéanamh a thuilleadh. Tá m’iníon ag freastal ar an scoil lán-Ghaelach chéanna sa Daingean anois, agus deir sí liom nach mbíonn siad ag labhairt Gaeilge an t-am ar fad eatarthu féin ach go labhraítear i bhfad níos mó Gaeilge ná mar a bheifear ag súil leis. Tugann sé sin dóchas dom.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.